Sinn Féin - On Your Side

Éileamh ag méadú d’Acht Gaeilge – Ní Thoirealaigh

8 December, 2014 - by Rosie McCorley


Dúirt an CTR Róise Ní Thoirealaigh go bhfuil sé tábhachtach go gcluintear
guth phobal na Gaeilge ag Cnoc an Anfa agus iad ag éileamh Acht Gaeilge.

Ag labhairt léi roimh agóid ag Cnoc an Anfa Dé Céadaoin seo, dúirt Róise Ní
Thoirealaigh.

“Bhí reachtaíocht chun cearta agus teidlíochtaí Gaeilgeoirí a chosaint ina
choimitmint tábhachtach de Chomhaontú Aoine an Cheasta, ach ní raibh sí
curtha i bhfeidhm.

“Bíonn rialtas na Breataine agus na páirtithe aontachtacha ag cur in éadan
an éilimh d’acht na Gaeilge ar bhonn leanúnach.

“Tá an DUP i ndiaidh dul níos faide ná sin arís lena gcuid ionsaithe
náireacha agus dímheasúla ar an Ghaeilge.

“Tá sé tábhachtach go dtugtar éisteacht ag Cnoc an Anfa d’éileamh phobal na
Gaeilge d’acht teanga.

“Leanfaidh Sinn Féin linn ag tacú leis an éileamh d’Acht Gaeilge agus beidhmé páirteach san agóid Dé Céadaoin ar son na reachtaíochta.”

Connect with Sinn Féin