Sinn Féin - On Your Side

Fáilte roimh chomhairliúchán ar Acht Gaeilge – Ní Thoirealaigh

13 January, 2015 - by Rosie McCorley


Tá an CTR Sinn Féineach Róise Ní Thoirealaigh ag cur fáilte roimh an scéala go bhfuil an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín chun comhairliúchán a thionscnamh ar Acht Gaeilge ar an mhí seo chugainn.

Dúirt an CTR d’Iarthar Bhéal Feirste:

“Cuirim fáilte roimh an phróiseas comhairliúcháin a d’fhógair an tAire Ní Chuilín inniu ar dréacht d’Acht Gaeilge.   

“Tá diúltaithe ag Rialtas na Breataine coimitmint a thug siad ag Cainteanna Naomh Aindriú d’Acht Gaeilge a chomhlíonadh go fóíll.

“Cuirfidh Gaeilgeoirí fáilte roimh fhógra an aire ar dhul chun cinn ar an cheist thábhachtach seo.

“Is gá cearta Gaeilgeoirí a chosaint i reachtaíocht oifigiúil.

“Is seans é an comhairliúchán seo ag daoine chun Acht Gaeilge a scrúdú. Feicfidh siad nach bhfuil an Acht ina bhagairt ag duine ar bith agus gur leis an phobal iomlán an Ghaeilge. 

“Tugtar cosaint dlí cheana féin, i bhfoirm achtanna teanga, do lucht labhartha na Gaeilge in Alban, sa Bhreatain Bheag agus ó dheas.  

“Tá muid ag iarraidh na cearta céanna agus an chosaint chéanna do Ghaeilgeoirí ó thuaidh.

“Tá mé ag súil go mór leis an phróiseas comhairliúcháin agus ba cheart do gach duine le suim sa Ghaeilge páirt a ghlacadh ann.” 

Connect with Sinn Féin