Sinn Féin - On Your Side

Deis ag Gaeilgeoirí Acht Gaeilge a mhúnlú – Ní Thoirealaigh

10 February, 2015 - by Rosie McCorley


Dúirt an CTR Róise Ní Thoirealaigh gur deis é do Ghaeilgeoirí an comhairliúchán a sheol an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín, chun Acht Gaeilge a mhúnlú.

Dúirt Róise Ní Thoirealaigh 

“Is deis é do dhaoine an comhairliúchán atá seolta ag an Aire Ní Chuilín inniu, le hAcht Gaeilge a mhúnlú.

“Is teanga bheo í an Ghaeilge. Bíonn líon mór daoine ag déanamh cumarsáide trí mheán na Gaeilge achan lá.

“Ba cheart dóibh  bheith ábalta a ngnó uilig a dhéanamh trí mheán na teanga.

“Tá Acht Gaeilge ina ghealltanas de chuid rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn.

“Thabharfadh sé cothrom na Féinne, cearta dlíthiúla san áireamh, dóibh siúd uilig a úsáideann an teanga ar bhonn laethúil.

“Ní  bagairt ar bith í an Ghaeilge do dhuine ar bith. Ba cheart do dhaoine glacadh leis an éagsúlacht agus dul i ngleic leis an chomhairliúchán ,a mhairfidh dhá sheachtain déag.”

Connect with Sinn Féin