Sinn Féin - On Your Side

Fáilte roimh chomhairliúchán Acht na Gaeilge – Trevor Ó Clochartaigh

10 February, 2015


 Chuir urlabhraí Shinn Féin don Ghaeilge, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, fáilte roimh an chomhairliúchán d’Acht na Gaeilge a sheol an tAire sa Roinn Cultúir, Ealaíon & Fóillíochta sa tuaisceart,Carál Ní Chuilín, inniu.

 Deir an Seanadóir Ó Clochartaigh:

 “Is teanga don oileán ar fad í an Ghaeilge. Is í Sinn Féin an páirtí is mó sa tír agus táimid tiománta chun cheist na Gaeilge a chur chun cinn ar fud an oileán.

 “Tugann an chomhairliúchán deis do gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a gcuid tuairimí a nochtadh.

 “Fáiltímid fógra an tAire Ní Chuilín agus táimid ag iarradh ar an rialtas ó dheas tacaíocht iomlán a thabhairt dó freisin.

 “Gealladh Acht na Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá ról lárnach ag rialtas Bhaile Átha Cliath maidir le comhlíonadh an dualgas sin ina iomláine agus go luath.

 “Má tá forás le bheith i ndán don Ghaeilge tá sé riachtanach bunús reachtúil a chuir fúithi agus an chosaint dlí a gealladh a thabhairt di”.

 CRIOCH

Connect with Sinn Féin