Sinn Féin - On Your Side

Méadú leanúnach ar an spéis sa Ghaeilge – Ní Chuilín

28 February, 2015 - by Carál Ní Chuilín


Seo óráid a thug an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín ar maidin agus í ag seoladh Seachtain na Gaeilge ar maidin i mBéal Feirste.  

“Maidin mhaith achan duine, agus go raibh maith agat a Shinéad

I mbliana an chéad bhliain riamh a seoladh Seachtain na Gaeilge sa tuaisceart agus is deas é a fheiceáil, go háirithe anseo sa Chultúrlann, i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta.

Bhí mé ag amharc siar ar chlár na n-imeachtaí atá beartaithe agus, mar is gnách, is clár thar a bheith gnoitheach atá ann. Tá, ar ndóigh, obair chrua taobh thiar de gach imeacht agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann Sheachtain na Gaeilge, le gach duine a raibh baint acu le heagrú na n-imeachtaí (ar bhonn deonach den chuid is mó) le linn Sheachtain na Gaeilge agus ó cheann ceann na bliana. 

Gach aon imeacht acu sin, pé acu rang Gaeilge áitiúil nó oíche cheiliúrtha, tá sé tábhachtach sa mhéid a chuireann sé le rathúlacht Sheachtain na Gaeilge.

Is cúis áthais domh fosta i mbliana, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, go bhfuil an chéad Chlub Leabhar Gaeilge dá chuid á sheoladh ag Líofa. Thig libh labhairt le hoifigigh Líofa anseo inniu le níos mó eolais a fháil ar an dóigh a n-oibríonn na clubanna Leabhar agus ar na háiteanna ina reáchtálfar iad.

Tá a fhios againn uilig gur ócáid lárnach í Seachtain na Gaeilge i bhféilire na nGael agus gur deis iontach atá ann do Ghaeilgeoirí, ní amháin le húsáid agus tairbhe a bhaint as an Ghaeilge trí réimse leathan d'imeachtaí, ach fosta le níos mó daoine a mhealladh i dtreo na teanga. Is é sin an phríomhaidhm atá ag Líofa – spéis daoine a mhúscailt sa Ghaeilge agus iad a spreagadh le tabhairt faoi fhoghlaim na teanga agus le hiad a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus i dtreo phobal na Gaeilge.

Nuair a sheol mise feachtas Líofa ar an chúigiú lá de mhí Mheán Fómhair, dhá mhíle agus a haon déag, is é an sprioc a bhí againn go dtabharfadh míle duine gealltanas go bhfoghlaimeodh siad Gaeilge nó go gcuirfeadh siad lena líofacht sa teanga faoin bhliain 2015. 

Níor shamhlaigh mé riamh go n-éireodh linn an sprioc sin a shárú, ach d'éirigh. Agus ó shin i leith, tá muid i ndiaidh an sprioc sin a athrú go dtí deich míle duine, agus tá lúcháir orm a fhógairt libh inniu go bhfuil an sprioc úr seo sáraithe againn arís agus deich míle seacht gcéad duine cláraithe le Líofa go dtí seo.

Ba mhaith liom a fhógairt inniu chomh maith go bhfuil sé de rún agam leanúint leis an fheachtas Líofa. Ní hé amháin go mbaineann an feachtas le líon na nGaeilgeoirí a mhéadú, ach táthar ag iarraidh, chomh maith, go mbeidh teacht níos fearr ag daoine de gach cúlra agus gach pobal ar an Ghaeilge agus tá sé tábhachtach go leanfaí den obair sin.

Tá méadú ag teacht i rith an ama ar an spéis atá ag daoine sa Ghaeilge agus mar atá a fhios ag cuid agaibh, rinne mise doiciméad comhairliúcháin a sheoladh ar na mallaibh i dtaca le tograí fá choinne Bille Gaeilge. Creidimse go daingean go bhfuil gá le hAcht Gaeilge le cearta Gaeilgeoirí a chosaint agus creidim gur gá na cearta seo a chosaint faoin dlí.

Tá gné eile ag baint leis an chomhairliúchán seo, mar atá, a léiriú don mhuintir sin atá in éadan Acht na Gaeilge gur linne uilig an Ghaeilge agus nach bagairt í do dhuine ar bith.

Tá súil agam go dtabharfaidh gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge faoin chomhairliúchán seo agus go gcuirfidh siad leis le go dtig linn a chur ina luí ar an Fheidhmeannas, ar an Tionól agus ar an phobal ar fad, na buntáistí atá le gnóthú as Acht Gaeilge a bheith againn.

Tá luach le gach dearcadh agus le gach barúil agus mholfainn do dhuine ar bith ar spéis leo an Ghaeilge, a chinntiú go gcluinfear do ghuth.

 Mar fhocal scoir, agus sula gcuirfidh mé ar ais chuig Sinéad sibh, tá súil agam go mbainfidh gach aon duine agaibh spraoi as an lá teaghlaigh seo. Go raibh maith agaibh.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin