Sinn Féin - On Your Side

Aitheantas agus Tacaíocht Idirnáisiúnta Faighte ag Liadh Ní Riada don Stailc Teanga

13 March, 2015 - by Liadh Ní Riada MEP


Tá sé ráite ag FPE de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada go bhfuil sí tiomanta leanúint ar aghaidh lena chuid oibre chun deireadh a chuir leis an maolú teanga agus gur chuir sé gliondar croí uirthi an méid tacaíocht idirnáisiúnta atá faighte aici ó thosaigh an stailc.

Agus í ag labhairt inniu dúirt Liadh

"Ní amháin ach go bhfuair mé tacaíocht iontach don stailc sa bhaile ó soláthraí nuachta cosúil le tuairsc.ie, ach bhí sé iontach le fheiceáil go raibh suim ag soláthraí eile cosúil le Aljazeera ann. Bhí siadsan thar a bheith tábhachtach chun aitheantas idirnáisiúnta a thabhairt don stailc agus an streachailt a bhfuil againn i láthair na huaire maidir le ardú an maolú."

"Inné chuaigh Josep-Maria Terricabras, FPE de chuid Esquerra Republicana i dteagmháil liom chun a dhlúthpháirtíocht a léiriú don feachtas."

"Léirigh Josep-Maria an slí ina bhfuil muintir na Catalóine ag obair go dian chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach don Chatalóinis ar feadh na blianta fada anuas. Mar sin, tuigeann siad go díreach an tionchar atá ag an idirdhealú teanga laistigh de h-institiúidí Eorpacha."

"Níl dabht ar bith ann ach go mothaíonn ár gcomhghleacaithe ón Chatalóin an frustrachas céanna a mhothaím sa slí nach bhfuil muid ábalta ár dteanga dúchais a úsáid agus muid i mbun ár gcuid oibre. Measaim féin go léiríonn sé easpa meas agus go go mbaineann sé an bonn d´ár gcearta cultúrtha."

"Níl le déanamh ag rialtas na hÉireann ach a iarraidh go foirmeálta ar Chomhairle na nAirí go gcuirfí deireadh leis an maolú sealadadh, atá i bhfeidhm le 10 mbliana. Muna ndéantar anois é ní bheidh deis ann arís go dtí 2020. I mo bharúil tá sin do-ghlactha. "

"Tá achainí agam ag iarraidh ar Enda Kenny é sin a dhéanamh agus is féidir leat d’ainm a chuir leis an n-achainí ag

https://www.change.org/p/taoiseach-enda-kenny-td-taoiseach-cuir-deireadh-le-maolú-na-gaeilge-san-eorap

"Tá seans maith ann gur deis atá sa stailc seo obair in aonacht lenár gcomhghleacaithe ón Chatalóin, Tír na mBascach agus ón Ghailís de bharr go bhfuil muid go léir ag troid i gcomhair ár gcearta teanga. Bhéinn thar a bheith sásta obair leo san am atá romhainn. Beir bua."

Liadh Ní Riada Language Strike Receives International Recognition and Support

Sinn Féin MEP Liadh Ní Riada, who is currently on Language strike in the EU in protest to the derogation of the Irish language, said that she remains resolute in her action and has been emboldened by the level of International support and solidarity she is receiving from those sympathetic to her cause.

Speaking today, Liadh, who represents the Ireland South constituency, said –

“Not only have publications at home such as Tuairisc, demonstrated fantastic support for my strike, outlets such as Aljazeera, have been instrumental in generating international recognition for my struggle to have the derogation on the Irish language lifted”

“Just yesterday I received correspondence from Josep-Maria Terricabras MEP for Esquerra Republicana, who wished to express his solidarity with those campaigning against the exclusion of the Irish language within the EU institutions.”

“As Josep-Maria points out, Catalans have been striving for the official recognition of their language in the European Institutions for years, without success. Thus, they unfortunately know very well, the impact of language discrimination within the EU institutions”

“I have no doubt that Catalans are as saddened as I, that as public representatives they cannot use their own language as they go about their work. I personally feel that it shows a lack of respect and that it undermines theirs, and our, cultural rights.” 

“ In our own case, it is up to the Irish government to apply to the Council of Ministers to put an end to the derogation and if it is not applied for by the end of this year, this government get to put it on the long finger again until 2020. This in my view is unacceptable.”

“I have an online petition asking Taoiseach Enda Kenny to lift this derogation before it is too late, and another piece of our cultural heritage is degraded for another 5 years”

https://www.change.org/p/taoiseach-enda-kenny-td-taoiseach-cuir-deireadh-le-maolú-na-gaeilge-san-eorap

“This strike may well lead to the Irish, Catalonian’s, Basque’s and Galician’s finding a common platform from which to fight for our language rights, with one voice.  I for one would welcome such a union. Beir bua”

Connect with Sinn Féin