Sinn Féin - On Your Side

Fáiltíonn Ní Thoirealaigh roimh chruinniú leis an Chomisinéir Teanga

9 April, 2015 - by Rosie McCorley


Chuir an CTR Róise Ní Thoirealaigh fáilte roimh chruinniú inniu idir an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín agus an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill. 

Dúirt an CTR Sinn Féineach as Béal Feirste Thiar:

“Is céim eile chun tosaigh an cruinniú idir an tAire Ní Chuilín agus an Comisinéir Teanga Ó Domhnaill i dtreo Acht Gaeilge don Tuaisceart.   

“Is é ceann de na moltaí d’Acht Gaeilge ó thuaidh ná ceapachán Choimisinéir Teanga do na Sé Chontae. 

“Tá sé tábhachtach go mbeidh an tAire ar an eolas ar thaithí an choimisinéara ó dheas agus ar an tionchar a bhíonn ag a phost ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge. 

“Tá an comhairliúchán ar Acht Gaeilge oscailte go dtí an 5ú lá de Mhí Bealtaine, pleananna do Choimisinéir Teanga san áireamh.

“Ba cheart don oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh sa phróiseas sin.”

Connect with Sinn Féin