Sinn Féin - On Your Side

Rialtas na hÉireann ag Obair i gCoinne Fís 1916

29 May, 2015 - by Liadh Ní Riada MEP


Tá sé tagtha chun cinn i dtuairisc a  d´fhoilsigh Údarás na Gaeltachta ar maidin  go bhfuil úsáid sóisialta an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag laghdú níos tapúla ná a raibh measta acu i dtuairsc a tháinig uathu i 2007. Ceann de na rudaí atá aimsithe acu ná nach bhfuil ach 21 pobail ina labhraítear Gaeilge go laethúil ag 67% den daonra. Deirtear gurb é 67% an ´tipping point´ i gcomhair maireachtáil teanga.

Agus í ag tabhairt a tuairim ar an tuairisc inniu, dúirt Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach de chuid Sinn Féin gur ´damnú é seo de na stráitéisí atá curtha i ngníomh ag rialtais leantacha, go háirthe an rialtas atá againn faoi láthair de bharr nach bhfuil suim ar bith taispeánta acu i maireachtáil an Ghaeilge mar teanga labhartha´.

Dúirt Ní Riada:

"Mar bhean ón nGaeltacht is cúis buairt é an tuairisc seo dom. Mar saoránaigh Éireannach, measaim go bhfuil sé náireach. Táimid ag dul i dtreo cuimhneacháin chéad bliain is muid réidh le comóradh a dhéanamh ar fís agus misneach iad siúd a d´fhógair Poblacht na hÉireann i 1916. Measaim gur damnú atá sa tuairisc seo de na stráitéisí atá curtha i ngníomh ag rialtais leantacha. Tá ag teip orthu ceann de na príomh spriocanna na réabhlóidí sin a chuir i gcríoch: maireachtáil agus forbairt na Gaeilge mar teanga labhartha.

"An mhalairt atá déanta acu. D´fhéadfá a rá fiú go bhfuil siad tar éis rudaí a dhéanamh níos measa. ´Sé an rud atá ag taisteáil ná tiomantas leanúnach ó cheanairí polaitíochta. Go dtí seo níl rud ar bith faighte againn ach ´tokenism´. Mar gheall ar an easpa tiomantas atá léirithe acu siúd atá i gcumhacht agus mar gheall ar na droch-stráitéisí, an aon ionadh é go bhfuil rudaí chomh olc sin?  Tá rudaí mar atá siad i láthair na huaire an-scanrúil. Samhlaigh cé chomh dona is a d´fhéadfadh sé a bheith dá mba rud é go dtoghadh an dream céanna arís.

Tá an easpa suime lán soiléir.  D’fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé ag éirí as a phost de bharr nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón rialtas. Is beag rud atá déanta ag an rialtas maidir le chur i ngíomh an stráitéis 20 bliana. Theip orthu go dtí seo an maolú tanga a ardú. Is beag infheistíocht atá déanta acu inti, agus cheap siad Aire le freagracht don Ghaeltacht nach raibh Gailge acu!

"Ar an taobh dearfach den scéal cuireann sé gliondar croí orm go bhfuil fórmhór de phobal na hÉireann go mór i bhfábhar an teanga. I suirbhé le déanaí dúirt 70% de dhaoine go bhfuil siad ag iarraidh méadú sa mhéid seirbhísí poiblí atá le fáil trí Ghaeilge. Tá sé iontach freisin rath gluaiseacht na Gaelscoileanna a fheisicint agus mar aon le fuinneamh na gníomhaígh teanga a oibríonn go crua ar mhaithe don teanga ar fud fad na tíre. Ach táim croí bhriste go bhfuil muid ag an bpointe seo.

"Creidim gur géarchéim é seo agus caithfear rud éigin a dhéanamh láithreach. Tabharfaidh Sinn Féin tacaíocht d´aon tionscnamh a chuirtear chun tosaigh chun an teanga laistigh de na ceantair Gaeltachta a shabháil is a dhaingniú. Beidh tiomantas leanúnach ag taisteáil chun é seo a dhéanamh mar aon le seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar, agus infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar sna ceantair Gaeltachta.”

Connect with Sinn Féin