Sinn Féin - On Your Side

Tacaigh le LÁ

1 December, 2004


Inniu d'ardaigh Aengus Ó Snodaigh ceist ghéarrchéim an nuachtán laethúil LÁ sa Dáil. Lorg sé go bheadh an Dáil curtah ar athló chun deileál leis an ábhar práinneach sin. Lorg sé tacaíocht dá rún:

"Go n-impíonn an Teach seo ar Foras na Gaeilge agus INTERREG aistharraingt a dhéanamh ar a gcinní a ghlacadar de bhárr feachtas polaitiúil ó dílseoirí sna Sé Chontae iarratais ón nuachtán laethúil Gaeilge LÁ a chuir ar leathaobh, toisc go bhfuil an nuachtán anois i mbaoill; go bhfuil beirt tar éis a phoist a chailliúnt; go bhfuil gearradh siar ar foilseachán an nuachtán ó cúig lá sa seachtain go dtí 4 lá; agus go bhfuil cinneadh Foras na Gaeilge agus INTERREG ag teacht salach ar Comhaontú Aoine Chéasta agus baineas leis."

Ina dhiaidh dúirt sé go raibh sé scannallach go raibh Foras na Gaeilge ach go h-áirithe tar éis géilleadh do bhrú polaitiúl agus do agenda dílseoirí frith-Ghaelach. "Níl uatha sin ach damáiste a dhéanamh do tógraí agus do thodhchaí an Ghaeilge, toisc go bhfuil said cúlaigeanta agus go bhfuil éad ortha chomh bríomhar is atá pobal na Gaeilge agus go bhfuil céimeanna mór chun tosaigh glactha ar an bóthar fada chun athréimiú an teanga. Tá sé tábhachtach nach gcuidíonn an rialtas nó an stat chóras anseo leo san obair diúltach sin."

"Impíonn ar Ghael na hÉireann tacaíocht a thabhairt do LÁ san ama seo."

Connect with Sinn Féin