Sinn Féin - On Your Side

Níl Ranna ach ‘Ticeáil Boscaí’ na Gaeilge – Ó Clochartaigh

11 December, 2015




Níl sna tuarascálacha ó na Ranna Stáit maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain ó 2010 – 2015 ach próiseas ticeáil boscaí i ndáiríre, dar le h-urlabhraí Gaeilge & Gaeltachta Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó i ndiaidh gur fhoilsigh na Ranna Rialtais ar fad a gcuid tuarascálacha thar oíche, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo theas:

‘Is mór an náire do formhór na Ranna seo a laghad atá iontu. Luaim go h-áirithe Roinn an Taoisigh, áit a bhfuil an Taoiseach mar Chathaoirleach ar an gcoiste atá in ainm is a bheith ag brú na Straitéise chun cinn. Níl le tuairisciú acu ach corr chruinniú. Is beag an dóchas a thabharfadh sé seo dhuit maidir le dáiríreacht an Taoisigh faoin ábhar seo.

‘Tá roinnt dul chun cinn déanta ag Roinn na Gaeltachta féin agus ag an Roinn Oideachais, ach tá easnaimh go leor ins an méid sin féin freisin. Ach is beag dul chun cinn agus cuid mhaith cúlú ó thaobh cúraimí na Gaeilge atá le braith ó na tuairiscí eile ar fad.

‘Má bhreathnaíonn tú ar an scéal níos leithne tá easpa tiomantas Fine Gael & an Lucht Oibre i leith na Gaeilge soiléir sna beartais polasaí eile atá glactha acu - mar shampla, an cinneadh gan Aire Sinsearach a bheith plé leis an gcúram ag bord an sé beartaithe ag an Rialtais, an méid atá beartaithe ó thaobh lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, athruithe ó thaobh earcaíocht daoine inniúil sa Ghaeilge don státseirbhís, ciorruithe ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, gan an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceall agus go leor eile.

'Cruthaíonn na cáipéisí nua seo ó na ranna an rud a bhí fhios againn le fada, nach bhfuil meas ná suim ag an státchóras ar an nGaeilge ná cúrsaí Gaeltachta agus go dteastaíonn Rialtas uainn a chuirfidh an scéal sin ina cheart.’

Connect with Sinn Féin