Sinn Féin - On Your Side

Athbheochan na Gaeilge faoi lán sheol i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh - Ellis

19 May, 2016 - by Dessie Ellis TD


Ag labhairt dó inné sa Dáil le linn na ráitis faoin nGaeilge, dúirt an Teacht Dála Desie Ellis go raibh sé féin agus Sinn Féin ag lorg athbhúnú n aGaeilge mar theanga  labhartha in Éirinn, go raibh sé sásta an fód a sheasamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go bhfuil sé soiléir go bhfuil toil na ndaoine i bhfábhar tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge, go háirithe in a cheantar  féin, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh,  áit ina bhfuil fíor – éileamh ar oideachas trí Ghaeilge agus géarghá le bunú Cheathrún Gaeilge.

Deir an Teachta Ellis:

“I mo cheantar féin Baile Áthe Cliath Thiar Thuaidh tá athbheochan mór i dtaca lenár dteanga agus cultúr. Tá sé le feiceáil ón méid Gaelscoileanna atá i mo cheantar agus an t-éileamh atá ann dóibh.

Tá scoil Uí Earcáin i bhFionnghlas, scoil Caitríona i nGlasnáion, Gaelscoil Baile Munna agus Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna. Tá liosta feithimh fada acu go léir. An fhadhb is mó atá ann faoi láthair ná nach bhfuil go leor spáis iontu chun freastal ar an éileamh atá ann le haghaidh oideachais trí Ghaeilge.

Tá géarghá chomh maith le ceantar nó ceartrú Gaeilge i ngach baile sa tír, ach go háirithe I mBaile Munna, in aice le Cumann Baire Setanta agus scoil an tSeachtar Laoch. Tá seanscoil fholamh ann agus talamh poiblí acu. Chabhródh se seo le hathbheochan na Gaeilge agus thabharfadh se deis do lucht labhartha na Gaeilge na Cathrach an teanga a úsáíd.

Mar is eol do chách “ beatha teanga í a labhairt”.

 

Connect with Sinn Féin