Sinn Féin - On Your Side

Ó Donnghaile ag tathaint ar Ghaeil ó thuaidh Fanacht leis an Eoraip

7 June, 2016 - by Niall Ó Donnghaile


Dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile inniu go bhfuil sé ag tathaint ar Ghaeilgeoirí sna Sé Chontae vótáil Fanacht leis an Eoraip.

Dúirt Niall Ó Donnghaile:

“Tá Sinn Féin ag iarraidh ar dhaoine vótáil Fanacht leis an Eoraip mar is í An Eoraip an chosaint is fearr do chearta phobal na Gaeilge.

“Bhain pobal na Gaeilge tairbhe as an bhallraíocht s’againne den Aontas Eorpach agus i ndiaidh gur éirigh leis an fheachtas Stadas tá an Ghaeilge anois ina teanga oifigiúil den AE.

“Tá airgeadú ón AE don Ghaeilge ag méadú agus tá sé tábhachtach do chur chun cinn agus d’fhorbairt na Gaeilge.

“Ar ndóigh tá tuilleadh le déanamh ach i láthair na huaire is í an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ar an aon reachtaíocht amháin ó thuaidh chun cearta lucht na Gaeilge a chosaint.

“Is é an bealach is fearr chun cearta Gaeilgeoirí a chosaint amach anseo ná fanacht taobh istigh den AE agus Acht Ghaeilge a bhaint amach ó thuaidh.” 

Rights of Irish speakers best protected within European Union - Ó Donnghaile

Sinn Féin Seanadóir Niall Ó Donnghaile has the rights of the Irish language community are best protected within the European Union. 

Seanadoir Ó Donnghaile said; 

"The  Irish language community have benefited from our membership of the European Union. 

"Following the success of the Stadas campaign Irish is now regarded as an official language of the European Union. 

"EU funding for the language has also been increased which is crucial for the continued growth and development of Irish. 

"Of course there is still more work to do to lift the derogation but that can only be done from within the EU. 

"The only legislation we have at present protecting the rights and entitlements of the Irish language community comes from the EU. 

"Remaining in the EU, together with an Irish Language Act at Stormont, is the best way to continue to protect the rights of Irish speakers."

Connect with Sinn Féin