Sinn Féin - On Your Side

Tá freagracht ag rialtais na hÉireann agus na Breataine do Ghaeilgeoirí – Ó Donnghaile

22 June, 2016 - by Niall Ó Donnghaile


Dúirt an Seandaóir Niall Ó Donnghaile inniu go bhfuil sé de dhualgas ag rialtas na hÉireann agus ag rialtas na Breataine a gcoimitmintí a chomhlíonadh chun cearta Gaeilgeoirí ó thuaidh a chosaint.

Arsa Niall Ó Donnghaile: 

“Deich mbliana ó shin shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine Conradh Chill Rímhinn. D’aontaigh siad go dtacóidís le reachtaíocht chun cearta Gaeilgeoirí a chosaint.

“Deich mbliana ar aghaidh agus tá pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fanacht go fóill.

“Cuireadh ceist ar ionadaí de chuid rialtas na Breataine faoi dtaobh de seo ag cruinniú de choiste na Náisiún Aontaithe ar na mallaibh. Ach dhiúltaigh an t-ionadaí freagairt.

“Ní mór do rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair agus a choimitmintí a chomhlíonadh do phobal na Gaeilge.

“Tá ról le himirt fosta ag Rialtas na hÉireann mar chomhshínitheoir de Chonradh Chill Rímhinn chun cinntiú go gcosnófar cearta Gaeilgeoirí.” 

Connect with Sinn Féin