Sinn Féin - On Your Side

Dímheas Léirithe ag Fine Gael ar an Ghaeilge sa Dáil – Ó Clochartaigh

7 July, 2016


Cháin An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh an méid a bhí le rá ag Aire Rialtais maidir le húsáid na Gaeilge san earnáil ghnó. Le linn díospóireacht ar Bhille de chuid Shinn Féin a thabharfadh cosaint d’oibrithe ar uaireanta oibre neamhshocraithe a rinneadh an tagairt díspeagach d'úsáid na Gaeilge ar láthair oibre.

Mar chuid den Bhille, tá foráil ann a chuireann iachall ar fhostóirí rótaí le haghaidh obair na seachtaine atá le teacht a chur faoi bhráid na n-oibrithe. Tá ar fhostóirí an méid sin a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla.

Ag trácht ar an choinníoll seo dúirt an Teachta Mitchell O'Connor:

“The Bill adds significant burdens. It requires every employer to display notices in the workplace. These notices will have to show the number of hours being allocated to workers in the next week or month and the relevant bands. These notices will have to be in English and Irish and in other languages as required. Imagine telling a Silicon Valley company that it has to display work rosters as Gaeilge in Ireland.”

Ag labhairt dó dúirt Ó Clochartaigh:

“Tá iarrachtaí móra curtha isteach le blianta beaga anuas chun an earnáil ghnó a mhealladh i dtreo úsáid na Gaeilge. Déanann leithéid de chaint seo beag is fiú de na hiarrachtaí seo, is masla do phobal na Gaeilge é agus tugtar léargas dúinn ar mheon an pháirtí a rinne an oiread sin dochair d’fhorbairt na teanga le déanaí.

“Tá sé dochreidte go scaoilfeadh Aire Rilatas uaithi tuairaim mar seo. Is fada linn uilig bheith ag éisteacht le geallúintí teibí ón Rialtas maidir le húsáid na Gaeilge a spreagadh, agus nuair a thiteann an aghaidh fidil ar deireadh is léir go bhfuil naimhdeas agus aineolas i gcroíláir a dhearcadh ar an Ghaeilge.

“Is í An Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Tá sé ait go léirfeadh páirtí 'dlí is ord' an oiread seo aineolais ar dhlíthe agus ar bhunreacht an Stáit seo. Seasann Sinn Féin le pobal na Gaeilge agus leo siúd a bhíonn ag obair de shíor chun an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail.” 

Connect with Sinn Féin