Sinn Féin - On Your Side

Fáiltíonn Ó Muilleoir roimh mhaoiniú d’aonaid chothaithe

22 July, 2016 - by Máirtín Ó Muilleoir


Tá fáilte curtha ag an CTR Sinn Féineach Máirtín Ó Muilleoir roimh an scéala go bhfuil aonaid chothaithe ag Gaelscoileanna i mBéal Feirste chun maoiniú a fháil.

Dúirt an CTR do Dheisceart Bhéal Feirste:

“Bhuail mé leis leis an phríomhfheidhmeannach de Chomhairle na Gaelscolaíochta ní ba luaithe an mhí seo.

“Labhair mé leis inniu agus d’inis sé dom go bhfuil áthas ar mhuintir na scoileanna go gcuirfear airgead ar fáil d’aonaid chothaithe do Bhunscoil Bheann Mhadagáin agus do Bhunscoil an Droichid. 

“Seo scéala iontach don dá scoil.

“Beidh ról iontach tairbheach ag na haonaid chothaithe in oideachas na leanaí ag na scoileanna seo agus mar thacadóir láidir don oideachas trí mheán na Gaeilge guím gach beannacht orthu amach anseo.” 

Connect with Sinn Féin