Sinn Féin - On Your Side

Tuarastal baill sinsearach Údarás na Gaeltachta “suntasach” – Tóibín

24 August, 2016


De réir figiúirí a nochtadh ón Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta don Teachta Dála Peadar Tóibín Sinn Féin le déanaí, tá 12 fostaí ag Údarás na Gaeltachta ar thuarastal ós cionn €85,000 mhíle sa bhliain, le ceithre acu ag tuilleadh thart ar €100,000.

Ag labhairt dó inniu dúirt an Teachta Tóibín

“Léirigh an Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta dom mar fhreagra ar cheist pharlaiminte, go raibh 31 duine fostaithe ag an Údarás ag tuilleadh breis is €65,000 sa bhliain. Tá 12 acu ag tuilleadh ós cionn €85,000 sa bhliain, agus ceithre acu ar thuarastal breis is €100,000.

“Is mór an méid é seo, go háirithe má chuireann tú na ciorraithe ar fad ar bhuiséad an Údarás le blianta beaga anuas san áireamh. Níor thug an rialtas ach aon mhilliúin san iomlán i mbliana leis an Straitéis 20 Bliain a chuir i bhfeidhm. Is deacair a chreidiúint go bhfuil breis is €1,135,000 á íoc ar thuarascálacha dhá dhuine dhéag.  

Tá cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht i ndrochstaid amach is amach. 

"Ba mhaith liom go gcuirfí an fócas ar chruthú postanna agus infheistíocht sna limistéir Ghaeltachta le haon airgead breise a bheas ann. Tá sé scannalach go bhfuil go leor spásanna folmha sna heastáit tionsclaíochta éagsúla de chuid an Údaráis.

“I mbuiséad Shinn Féin anuraidh, chuireamar roinnt moltaí chun tosaigh ar chostas €10 milliún ar an iomlán a mbeadh tionchar dearfach acu ar an nGaeilge. I measc na mbeartas seo, bhí méadú €5 mhilliún do chistíocht chaipitil Údarás na Gaeltachta. Cuirfidh níos mó fostaíochta le caomhnú agus le forbairt na gceantar Gaeltachta."

 

Connect with Sinn Féin