Sinn Féin - On Your Side

McElduff buartha faoi mhaoiniú na gCultúrlann

28 September, 2016 - by Barry McElduff


Tá cruinniú práinneach iarrtha ar Fhoras na Gaeilge ag an CTR Barry McElduff. Tá an cruinniú á lorg aige i ndiaidh gur soiléiríodh go bhféadfaí go mbeadh gearradh siar ar an mhaoiniú a thugann an eagraíocht don dá chultúrlann ó thuaidh; i mBéal Feirste agus i nDoire, faoi seach.

Dúirt an Comhalta McElduff;

“Is cúis imní iad na tuairiscí go bhféadfaí go ndéanfadh laghdú ar an mhaoiniú a thugtar do Chultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus do Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire.

“Déanann an dá ghrúpa seo obair den scóth a chuireann go mór le fás agus le forbairt na Gaeilge i mBéal Feirste agus i nDoire.

“Gan amhras, beidh fostaithe sa dá ionad imníoch faoin am atá le teacht.

“Beidh mé ag iarraidh cruinniú a shocrú le Foras na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar na ceisteanna maoinithe agus ar na himpleachtaí a bhainfí le gearradh siar den tsaghas seo.”

Connect with Sinn Féin