Sinn Féin - On Your Side

Brexit threat to Irish in Britain worrying - Trevor Ó Clochartaigh

7 October, 2016


Sinn Féin spokesperson on the Diaspora, Trevor Ó Clochartaigh, has raised serious concerns in relation to statements from the British Home Secretary that the Irish in Britain will not have an exemption from moves to prioritise jobs for British workers post-Brexit.

Speaking today in the Seanad, the Galway West-South Mayo Senator called on the Minister for Foreign Affairs to clarify the situation with Home Secretary Amber Rudd immediately. He says:

'A report in the Journal.ie has outlined that the Home Secretary, Amber Rudd, has signalled that companies in Britain should provide a list of all 'foreign' workers and that 'British' workers would get preference for any new jobs. 

'This would initially apply to non-EU workers, then to EU workers post-Brexit and there seems to be no exemption for Irish workers in this scenario.

'Minister Flanagan and the Taoiseach make a great play on the 'special relationship' between Ireland and Britain, but it appears that this cosy relationship isn't reciprocated from their Tory counterparts.

'This is an issue that could affect a huge number of Irish people living and working in Britain.

'I also called on the Government to make it clear to Prime Minister May that her comments about not allowing members of the British Army be 'hounded' by what she calls 'left wing lawyers' should not be followed by any attempts to row back on human rights legislation.

'I indicated that I would see this as a veiled threat in light of the fact that the British State colluded in the murder of Pat Finucane, a human rights lawyer in Belfast.

'None of this seems to indicate a positive predisposition from the government in Westminster to the concerns of the Irish people and that the government should be standing up much more forcefully for the rights of Irish people in Britain and across the island of Ireland as well'.

`Bagairt ar Éireannaigh sa Breatain mar gheall ar BhreatImeacht - Ó Clochartaigh 

Tá imní léirithe ag urlabhraí Shinn Féin ar an diaspóra, Trevor Ó Clochartaigh maidir le ráitis a rinne Rúnaí Baile na Breataine a  thugann le fios nach mbeidh díolúine ag na hÉireannaigh sa Bhreatain ó aon bheartas a thabharfadh tosaíocht d'oibrithe Briotanacha i ndiaidh BreatImeacht.

Ag labhairt dó sa Seanad inné d'iarr an Seanadóir do Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas ar an Aire Gnóthaí Eachtracha an scéal a shoiléiríu leis an Rúnaí Baile Amber Rudd láithreach.
Deir sé:


"Tá curtha síos i dtauisrisc in Journal.ie gur thug an Rúnaí Baile Angela Rudd le fios gur chóir go gcuirfeadh comhlachtaí sa Bhreatain liosta de 'oibrithe allúracha' ar fáil agus gur cheart go dtabharfaí tús áite d'oibrithe 'Briotanacha' le haghaidh aon phostanna nua.

"Cuirfear seo i bhfeidhm ar dtús i ndáil le hoibrithe nach as AE iad agus ansin d'oibrithe as AE tar éis BreatImeacht, agus ní léir go mbeidh díolúine ag oibrithe Éireannacha sa chás seo.

"Is maith leis an Taoiseach agus an tAire Flannagan scéal mór a dhéanamh as an gcaidreamh speisialta atá acu le Rialtas na Breataine ach is léir nach bhfuil a gcuid cairde i bPáirtí na dTóraithe ar aon intinn leo faoi seo.

"D'fhéadfadh an scéal seo a chur as do na mílte Éireannach tá ag cur fúthu is ag obair sa Bhreatain.

"Chuir mé in iúl don Rialtas nach féidir glacadh leis an méid a dúirt Príomh Aire May nach ligfidh sí do bhaill Arm na Breataine bheith cráite ag "dlíodóirí den eite chlé" dar léi agus nár chóir go ndéanfaí reachtaíocht ar chearta daonna a lagú dá bharr.

"Chuir mé in iúl freisin go bhféachaim ar a leithéid mar bhagairt cheilte i bhfianaise chás Pat Finucane, dlíodóir cearta daonna i mBéal Feirste, a maríodh le lámh cúnta ó Rialtas na Breataine.

"Taispeánann seo uilig nach bhfuil dearcadh dearfach ag an Rialtas i Westminster maidir leis an imní atá ar Éireannaigh agus ba chóir go mbeadh an rialtas anseo ag seasamh an fhóid go láidir ar son leas mhuintir na hÉireann sa Bhreatain agus ar oiléan Éireann freisin."

Connect with Sinn Féin