Sinn Féin - On Your Side

Sinn Féin in aghaidh ciorruithe do na Cultúrlanna – McElduff

7 October, 2016 - by Barry McElduff


Tá sé ráite ag an Chomhalta den Tionól Reachtach Barry McElduff go bhfuil Sinn Féin in éadan aon chiorruithe ar an airgead a thugann Foras na Gaeilge do na Cultúrlanna i nDoire agus i mBéal Feirste.

Ag labhairt dó i ndiaidh cruinnithe le Foras na Gaeilge inniu, dúirt an Comhalta McElduff;

“Bhuail mé féin agus an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, an Comhairleoir Séanna Breathnach, agus Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Féin Johnny McGibbon – bhuail muid le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge inniu chun plé a dhéanamh ar cheisteanna maoinithe maidir leis na Cultúrlanna i nDoire agus i mBéal Feirste.

“Is cúis imní iad na tuairiscí go ngearrfaí siar an t-airgead a thugtar dóibh faoi láthair. Ní nach ionadh go bhfuil fostaithe i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich agus i gCultúrlann Uí Chanáin buartha faoin scéala.

“Cuirtear seirbhisí sármhaithe ar fáil sa dá ionad agus cuireann siad go mór le fás na Gaeilge sna 6 chontae.

“Chuir muid in iúl go gcuirfeadh Sinn Féin in aghaidh aon iarrachta chun maoiniú a bhaint de na hionaid seo.

“Dúirt siad linne nach bhfuil aon chinneadh déanta i leith cheist na maoinithe agus cuirfimid fáilte roimhe sin. Fanfaidh muid i dteagmháil leis an Fhoras chun súil a choinneáil ar an ábhar.” 

Connect with Sinn Féin