Sinn Féin - On Your Side

Fáiltíonn McElduff roimh infheistíocht sa Ghaeilge

26 October, 2016 - by Barry McElduff


Tá fáilte curtha ag an Chomhalta Barry McElduff roimh infheistiú £100,000 sa Ghaeilge atá fógartha ag an Aire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir.

Dúirt an t-urlabhraí oideachais de chuid Shinn Féin:

“Cuirim fáilte roimh an scéala gur fhógair an tAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir go dtabharfar £1 milliún don Roinn Oideachais, £100,000 den tsuim seo ar son aonaid chothaithe Gaeilge.

“Is mó difir a dhéanann na hionaid seo ó thaobh thorthaí foghlama páistí de.

“Tréaslaím leis an Aire as an cheannaireacht atá léirithe aige ar an ábhar seo.”    

Connect with Sinn Féin