Sinn Féin - On Your Side

Plécháipéis Ghaeilge Shinn Féin le seoladh ag Oireachtas na Samhna

31 October, 2016 - by Liadh Ní Riada MEP


Seolfar plécháipéis de chuid Shinn Féin ag Oireachtas na Samhna ag an deireadh seachtaine. 

Faoin  téama ‘I dTreo Polasaí Nua’, seolfar an cháipéis chun díospóireacht a chothú agus an páirtí ag obair i dtreo polasaí nua Gaeilge.

Dúirt an Feisire den Pharlaimint Eorpach Liadh Ní Riada:

“Tá mé thar a bheith sásta go mbeidh muid ag seoladh ár bplécháipéise Gaeilge ag Oireachtas na Samhna, agus go mbeidh deis ag pobal na Gaeilge í a léamh agus a iniúcadh. 

“Is maith an rud freisin go mbeidh cainteoirí eile i láthair, ó Chonradh na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael, chun a léamh féin faoin ábhar a ríomhú.

“Tá an cháipéis féin ina dréacht i dtreo polasaí nua don pháirtí agus cuirimid fáilte roimh an deis chun barúlacha an phobail a chloisteáil.”

Lean sí léi:

“Cuirfear fáilte roimh chách chuig an ócáid in Óstán Brehon, Cill Airne; Dé Sathairn 5 Samhain ag an 1in. Bígí linn.”

Nóta: Níos mó eolais ar fail – [email protected]

Connect with Sinn Féin