Sinn Féin - On Your Side

Cuireann Ó Snodaigh fáilte roimh Shlógadh Shinn Féin in mBÁC

30 November, 2016 - by Aengus Ó Snodaigh TD


Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh roimh an scéal go mbeidh Slógadh Shinn Féin ann Dé Sathairn (3 Nollaig) i mBaile Átha Cliath.

Beidh an imeacht bhliantúil Gaeilge ar siúl in Richmond Barracks ag tosú ar a 10 a chlog. Is é Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams a bheidh ina phríomhchainteoir.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh,

 “Is maith an rud go mbeidh an Slógadh ar siúl againn i mbliana i nDún Richmond; áit stairiúil agus suimiúil agus muid ag comóradh an chéid ó bhí an Éirí Amach ann.

“Gerry Adams TD a bheidh ina phríomhchainteoir an lae agus beidh roinnt aoi-chainteoirí eile i láthair; Norman Uprichard ó East Belfast Mission, Clare Spáinneach ó Gaeloideachas, Paula Melvin ó Pobal Gaeilge 15, Pilib Ó Ruanaí ó Iontaobhas ; chomh maith le Teachtaí Dála ar nós Peadar Toibín agus Carol Nolan. Beidh Urlabhraí Gaeilge de chuid Shinn Féin Barry McElduff ag glacadh páirte freisin. 

“Beidh muid ag plé cúrsaí Gaeilge go ginearálta agus ag díriú isteach ar chúpla ábhar ar leith san pléanna painéil; maidir le Féiniúlacht na nGael agus tábhacht na Gaelscolaíochta.

Lean sé leis,

“Cuirfear fáilte roimh chách don imeacht seo, beag beann ar chumas a gcuid Gaeilge. Imeacht dhátheangach a bheidh ann

“Tá muid ag dúil go mór le himeacht suimiúil, bríomhar agus cuirtear cuireadh ar dhuine ar bith a bhfuil suim acu ann.”A thuilleadh eolais: [email protected]

Connect with Sinn Féin