Sinn Féin - On Your Side

Ní mór don Rialtas aird dháiríre a thabhairt ar an nGaeilge – Tóibín

4 December, 2016


Ag caint ag an imeacht bhliantúil Gaeilge – Slógadh Shinn Féin – dúirt an Teachta Dála Peadar Tóibín go gcaithfidh an Rialtas aird dháiríre a thabhairt ar an nGaeilge. 

Dúirt an Teachta Toibín gur caitheadh leis an nGaeilge mar a bheadh píosa bruscair ann sa cháinaisnéis a d’fhoilsigh an Rialtas san Fhómhar agus nach mór dóibh éirí dáiríre gan mhoill mar gheall ar chosaint agus forbairt na Gaeilge.

“Tá cúraimí ag an Rialtas tabhairt faoi chosaint agus forbairt na Gaeilge ar bhonn dáiríre agus sin a dhéanamh gan mhoill.

“Easpa caiteachais, easpa tiomantais agus, go fiú, easpa tola bualadh le grúpaí Gaeilge; neamhaird agus masla, sin an chur chuige reatha atá ag an Rialtas seo.”

Lean an Teachta Tóibín leis:

“Ag an Slógadh, pléadh go fonnmhar an phlécháipéis Ghaeilge nua atá seolta ag Sinn Féin i dtreo polasaí nua Gaeilge. Táimid ag iarraidh labhairt le pobal na Gaeilge agus a dtuairimí a chloisteáil. Tá an cháipéis ar fáil: [email protected] .” 

Connect with Sinn Féin