Sinn Féin - On Your Side

Tacaíonn Ó Donnghaile leis an Dream Dearg ag Hillsborough

15 August, 2017 - by Niall Ó Donnghaile


Bhí an Seanadóir Niall Ó Donnghaile i láthair ag Caisleán Hillsborough ar maidin mar ar bhronn an grúpa feachtasíochta, an Dream Dearg, litir ar an Rúnaí Stáit James Brokenshire.

Dúirt Ó Donnghaile go bhfuiltear ag teip go fóill ar James Brokenshire agus ar rialtas na Breataine maidir le hAcht Gaeilge.

"Thug Rialtas na Breataine coimitmint i gComhaontú Chill Rìmhinn, níos mó ná 10 mbliana ó shin, thug siad coimitmint go reachtófar Acht Gaeilge. Táthar ag teip orthu an comhaontú sin a chomhlíonadh ó shin i leith.

"Ba cheart Acht Gaeilge a bheith ann, acht a sheasfaidh leis féin agus Acht atá fiúntach. Tá sé in am cearta teanga a reachtú agus dearcadh cothrom agus cuimsitheach a chothú ar son Gaeilge.

"Gabhaim mo chomhghairdeas agus mo bhuíochas le pobal na Gaeilge maidir leis an fheachtasaíocht. Is cinnte go leanfaidh sí ar aghaidh." 

Connect with Sinn Féin