Sinn Féin - On Your Side

Tacaíonn Mac Ádhaimh le hAcht ag imeacht de chuid an Chonartha i mBéal Feirste

30 August, 2017 - by Gerry Adams TD


Tá moladh tugtha ag Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams TD don fheachtas ar son Acht Gaeilge. Mhol an Teachta Mac Ádhaimh na gníomhaithe Gaeilge a bhfuil tacaíocht á spreagadh acu i measc an phobail agus i measc na bpáirtithe polaitiúla.

Ag labhairt leis ag imeacht de chuid an Chonartha i mBéal Feirste ar maidin, dúirt an Teachta Adams:

“Molaim Conradh na Gaeilge agus an iliomad grúpaí eile atá ag obair go dian ar son an chomhionannais agus ar son Acht Gaeilge.”

Lean sé leis:

“Tá mé anseo chun dlúthpháirtíocht le pobal na Gaeilge a léiriú, agus le tacaíocht Shinn Féin a thaispeáint ar son Acht Gaeilge a bheidh neamhspleách agus bunaithe ar chearta.

"Táthar ag teip ar Rialtas na Breataine agus ar na páirtithe aontachtacha an gealltanas i leith Acht Gaeilge a chomhlíonadh; táthar ag teip orthu fosta Comhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rimhinn a chomhlíonadh ina n-iomláine.

“Is bunchloch d’aon fheidhmeannas sa todhchaí go gcuirfear na hábhair seo i bhfeidhm.

“Is bunchloch d’aon fheidhmeannas sa todhchaí go gcuirfear an comhionannas i bhfeidhm.

“Ní mór aitheantas agus meas a thabhairt do chearta cainteoirí Gaeilge.

“Is ábhar cearta Acht Gaeilge; mar is ea Bille na gCeart, comhionannas pósta agus na cearta atá ag teaghlaigh maidir le coistí cróinéara.

“Tá cosaint na gcearta bunúsacha seo le fáil i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus ar fud na coda eile d’Éirinn. Tá sé thar am go raibh na cearta seo ag saoránaigh sa tuaisceart.”

Connect with Sinn Féin