Anois an t-am Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm - Sheehan
Is ionann Acht Gaeilge agus ceist measa aitheantais agus ceart – a deir an comhalta Pat Sheehan.
Ag labhairt dó inniu ag Stormont i ndiaidh agóide ar son Acht Gaeilge, dúirt Pat Sheehan:
“Is ceist measa aitheantais agus ceart í an plé faoi Acht Gaeilge.
“Baineann idir thábhacht phraiticiúil agus thábhacht shiombalach leis an cheist seo – maidir le meas agus an fhéiniúlacht náisiúnta Éireannach.
“Ní mór cosaintí agus cearta teanga a reachtú sa tuaisceart, go díreach mar a fhaightear ar fud na hÉireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag.
“Tá cearta teanga ina ghné lárnach de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá Acht Gaeilge geallta i gComhaontú Chill Rímhinn (2006).
“Tá lánteideal ag cainteoirí Gaeilge ar na cearta teanga céanna atá ag saoránaigh eile ar fud na n-oileán seo.
“Ní bagairt na cearta seo; ní thugann siad náire do dhuine ar bith.
“Tá sé in am anois stop a chur leis an dímheas agus leis an diúltú i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Anois an t-am Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm.”