Sinn Féin - On Your Side

Fáilte curtha ag Ó Donnghaile roimh stadas Gaeltachta ó thuaidh

23 February, 2018 - by Niall Ó Donnghaile


Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Niall Ó Donnghaile roimh an fhorógra go dtabharfar stádas oifigiúil den chéad uair ar cheantair Ghaeltachta sa tuaisceart.

Labhair an Seanadóir Ó Donnghaile i ndiaidh gur ainmníodh Béal Feirste agus Carn Tóchair i nDoire i measc cúig cheantar ar fud na hÉireann ar féidir leo cur isteach ar an stádas fhoirmeálta le haghaidh Líonraí Gaeilge.

“Is é seo an chéad uair a thabharfar aitheantas oifigiúil do phobail Ghaeilge taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta sa deisceart,” a dúirt Ó Donnghaile.

Lean sé leis:

“Tá líon na bhfoghlaimeoirí agus na gcainteoirí Gaeilge ó thuaidh ag dul i méid ar bhonn leanúnach. Tá ionchur suntasach déanta acu maidir le cur chun cinn na teanga agus an chultúir.

“Is éacht eile é an t-aitheantas seo ar cheart bheith bródúil as.

“Tá sé in am go mbeadh cosaint dhlíthiúil ag an Ghaeilge trí Acht Gaeilge a achtú.”

Connect with Sinn Féin