Sinn Féin - On Your Side

Breithlá sona do Chonradh na Gaeilge

31 July, 2018 - by Niall Ó Donnghaile


Ag labhairt dó inniu ar an 125ú Breithlá de Chonradh na Gaeilge, ghuigh An Seanadóir Niall Ó Donnghaile sonas agus gach dea-ghuí leo.

Dúirt Ó Donnghaile inniu;

“Thar ceann bhallraíocht Shinn Féin ba mhaith liom dlúthpháirtíocht agus comhghairdeas a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ar an ócáid shuntasach seo.

“Le 125 bliain anuas tá Conradh na Gaeilge ar cúl, chun tosaigh agus ag croí lár athbheochan na Gaeilge, an feachtas ar son chomhionannais agusar son neamhspleáchas na tíre.

“Ní hamháin go bhfuil an t-ádh ar Ghaeil na hÉireann, ach ar mhuintir na tíre ina hiomlán fosta go bhfuil an eagraíocht seo ag seasamh an fhóid i gcónaí ar son teanga, chultúr, oidhreacht agus thodhchaí na nGael.

“Mhair sibh an céad cheana féin, is cinnte go mairfidh sibh an céad eile.” 

Connect with Sinn Féin