Sinn Féin - On Your Side

Caithfear díospóireacht teilifíse i nGaeilge a dhéanamh mar chuid den bhfeachtas Uachtarántachta - Liadh Ní Riada

21 September, 2018 - by Liadh Ní Riada MEP


Dúirt Liadh Ní Riada, iarrthóir Uachtarántachta Shinn Féin go bhfuil sé tábhachtach go dtarlódh díospóireacht teilifíse i nGaeilge mar chuid d'fheachtas toghcháin an Uachtaráin.

Dúirt Liadh Ní Riada:

"Tá sé tábhachtach go ndéanfaí freastal ar phobal na Gaeilge mar ba cheart le linn na feachtais toghcháin seo.

"Creidim gur gá go mbeadh díospóireacht i nGaeilge. Is í ár bpríomh teanga, agus ba chóir don  craoltóir náisiúnta é seo a éascú san toghchán don oifig is airde sa tír.

"Bheadh ​​aon rud níos lú ná sin mar mhasla ar na saoránaigh atá ag maireachtaint trí mheán na Gaeilge, orthu siúd a bhfuil conaí orthu sa Ghaeltacht, agus ar ár dteanga dhúchais.

"Táim ag tnúth le RTÉ nó TG4 a phleananna a fhógairt le haghaidh díospóireacht i nGaeilge idir na iarrthóirí Uachtarántachta ar fad."

Connect with Sinn Féin