Sinn Féin - On Your Side

Molann Ó Donnghaile mic léinn QUB i ndiaidh torthaí reifreann

11 December, 2018 - by Niall Ó Donnghaile


Mhol an Seandóir Niall Ó Donnghaile mic léinn Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste as vótáil i bhfabhar oifigigh Gaeilge agus Trasinscne i reifrinn champais.

Arsa Niall Ó Donnghaile:

“Fáiltím roimh thorthaí na reifreann. Aithníonn na torthaí an ról dearfach atá á imirt ag Gaeilgeoirí agus ag saoránaigh Trasinscne inár sochaí agus ar champais ollscoileanna agus is céim chun tosaigh é.

“Aithníonn sé fosta an t-éileamh fáis i measc daoiné óga agus mic léinn don chothromas.

“Tá Gaeilgeoirí i dteideal na gceart céanna atá ag saoránaigh eile agus is céim fhorásach é seo ag Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona. 

“Leanfaidh Sinn Féin linn ag tacú leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge agus ar son chothromas don phobal LADT do na cosainti dlíthiúla agus do na cearta céanna atá ag saoránaigh eile ar fud na n-oileán seo.”

Connect with Sinn Féin