Sinn Féin - On Your Side

Tugann Mary Lou McDonald freagra ar an gcomhaontú idir an AE agus rialtas na Breataine

17 October, 2019 - by Mary Lou McDonald TD


Tá freagra tugtha ag Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald TD faoin nuacht an chomhaontú idir an Aontas Eorpach agus rialtas na Breataine i leith an mBreatimeacht. 

Dúirt an Teachta McDonald

"Cuirim fáilte roimh an scéal go bhfuil comhaontú ann anois idir an tAontas Eorpach agus rialtas na Breataine. 

“Níl a leithéid ann de Bhreatimeacht maith. Tá an Breatimeacht á mbrú ar thuaisceart na hÉireann in éadan mianta daonlathacha na ndaoine.” 

“Tá obair déanta ag Sinn Féin, mar pháirtí, chun cúis na hÉireann a chosaint ó na hiarmhairtí is measa den mBreatimeacht.” 

"Ba Shinn Féin a ndearna an cás ‘stádas speisialta don Tuaisceart laistigh den AE’ ar dtús. Ba Shinn Féin fosta a d’éiligh cosaint do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus toirmeasc ar theorainn chrua mar bhunphrionsabal.”

“D’éiligh muid fosta nach féidir le cros a bheith ag an aontachtachas.” 

“Caithfear leas na hÉireann a chosaint.” 

“Déanfadh margadh na hiarmhairtí Breatimeacht is measa, a mhaolú amháin.” 

"Tá an margadh a n-aontaíodh inniu casta agus fairsing. Caithfear na nithe ar fad a bheith measta ina n-iomláine. Beidh muid ag cruinniú leis an Tánaiste sna huaireanta romhainn faoi seo.”

Connect with Sinn Féin