November 14, 2019
Páipéirí scrúduithe tSraith Shóisearach “céim ar chúl don Ghaeilge” – Aengus Ó Snodaigh TD

Inniu san Dáil d’impigh an Teachta Aengus Ó Snodaigh, úrlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge ar an Aire Oideachais Joe McHugh iarraidh ar Choimisiúin na Scrúduithe Stáit tarraingt siar ón sórt páipéirí scrúduithe don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach a d’fhoilsigh siad an tseachtain seo.

Ag labhairt ina dhiaidh, dúirt An Teachta Aengus Ó Snodaigh gur “céim ar chúl don Ghaeilge a bheas ann má leanann Coimisiúin na Srúduithe Stáit ar aghaidh leis anb páipéar scrúdúithe do T2 (do scoileanna Béarla) ag na scrúduithe sóisearacha  mí Meithimh seo chugainn.

“Ní léir domsa gur chun tairbhe na teanga nó na mac léinn atá an dréacht pháipéar, má thagann as, de réir múinteoirí Gaeilge meánscoileanna, go n-iompóidh daltaí i gcoinne na Gaeilge dá bharr.

“Deir a lán múinteoirí Gaeilge go bhfuil an caighdeán atá an Coimisiúin ag lorg chun pas nó níos airde a bhaint amach ró-dheacar don leibhéal seo.

“Níor chóir go mbeadh an scrúdú ag an léibhéal don tSraith Shóisearach chomh deacair sin nach mbeadh ach mic léinn triú léibhéal in ann tabhairt faoi mar a dúirt ceann de na múinteoirí Gaeilge an tseachtain seo.

“Gan an tacaíocht bhreise atá de dhith ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí tríd an córas oideachais ar fad ón mbunscoil ar aghaidh ní thiocfaidh as an athrú sa scrúdú atá molta ach níos daltaí ag teipeadh sa scrúdú Gaeilge, naimheadas a chruthú i leith na teanga i measc daltaí agus níos mó daltaí ag dhéanamh iarratais ar dhíolúine.

“Tá gá an Ghaeilge a bheith lárnach sa churuclam sa Bhunscoil, agus lárnach sa chóras oiliúna d’ábhair mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile sula mbeidh muid ag súil le go mbeadh ardú don sórt caighdeáin i measc daltaí bheith in ann tabhairt faoin a leithéad den dréacht scrúdú a foilsíodh an tseachtain seo.”

Follow us online

Latest Tweets

Sinn Féin MEP Chris MacManus has said an upcoming EU vote is a crucial opportunity to give the Irish government a wake-up call about the flaws in the defective concrete block scheme

@MacManusChris

☘️ Lá Fhéile Pádraig sona daoibh - Happy St. Patrick’s Day to everyone who shares our amazing island and to the Irish diaspora in every corner of the world.

I hope you all have a wonderful day with your family and friends!

Cllr Daithí Doolan, Sinn Féin Leader on Dublin City Council and European election candidate for Dublin, has called for urgent action to address the humanitarian crisis at Mount Street and criticised the government’s shambolic approach

@DaithiDoolan

☘️A beautiful performance of "A Song for Ireland" by Irish vocalist Niamh McElduff this St. Patrick's Day 2024.☘️🇮🇪

#HappyStPatricksDay #SongforIreland

Load More