Sinn Féin - On Your Side

Fáiltíonn Ó Loinsigh roimh mhaoiniú ar luach £1.2 milliún do ghrúpaí Gaeilge

4 November, 2020 - by Seán Lynch


Chuir Seán Ó Loinsigh CTR fáilte roimh an fhógra ón Aire Pobal go gcuirfear maoiniú ar fáil do ghrúpaí Gaeilge sa phobal a bhfuil thíos ó thaobh airgid agus tuarastail de dheasca COVID-19.

Beidh leath an mhaoinithe, £610,000, ag Conradh na Gaeilge le tabhairt amach agus an leath eile d’ionaid Gaeilge ag An Ciste Infheistíochta Gaeilge.

Dúirt an Urlabhraí Gaeilge ó thuaidh:

“Cuideoidh an maoiniú ó Roinn an Phobail ar luach £1.2 milliún go mór le grúpaí Gaeilge sa phobal a bhfuil thíos ó thaobh tuarastail agus ioncaim de dheasca Covid-19.

“Beidh leath an mhaoinithe, £610,000, ag Conradh na Gaeilge le tabhairt amach agus an leath eile d’ionaid Gaeilge ag An Ciste Infheistíochta Gaeilge.

“Ba mhillteanach an tionchar COVID-19 ar an sochaí i gcoiteann, earnáil na Gaeilge ina measc. Rachas an t-airgead seo chun sochar grúpaí Gaeilge le haghaidh a thabhairt ar thuarastail agus ioncaim.

“Éascóidh Conradh na Gaeilge an maoiniú do ghrúpaí trí dhá scéim; Ciste Faoisimh agus Athlainseála SPG+ 2020-2021 (Covid-19) - £460,000 agus Ciste Pobail i dtreo Sheachtain na Gaeilge le hEnergia 2021- £150,000.

“Fosclaíonn na hiarratais le cur isteach ar an mhaoiniú atá ag Conradh na Gaeilge inniu (4 Samhain) a fhad le 2 Nollaig @5i.n.

“Tabharfaidh Ciste Infheistíochta na Gaeilge tacaíocht airgeadais d’eagraíochtaí a bhfuil ag obair trí mheán na Gaeilge fríd an Chomharchiste Covid.

“Dáilfear an t-airgead de réir mar is gá le híocaíocht éigeandála aonuaire le haghaidh a thabhairt ar an easnamh ioncaim.

“Tá an Comharchiste Covid ar fhoscailt anois le hiarratais a dhéanamh ar líne go dtí 2 Nollaig, tá gach eolas faoi intofacht, comhairle agus iarratais ar fáil ag www.ciste.ie.” 

Connect with Sinn Féin