Sinn Féin - On Your Side

Ní mór don Roinn a dualgas reachtúil don Ghaeloideachas a sheasamh – Sheehan

3 June, 2021 - by Pat Sheehan


Ag caint dó i ndiaidh do Chomhairle na Gaelscolaíochta cur i láthair a dhéanamh ar an Choiste Oideachais, dúirt an tUrlabhraí Oideachais Pat Sheehan go raibh gá leis an Roinn tús láithreach a chur leis an obair leis an dualgas reachtúil don Ghaeloideachas a sheasamh.

Tháinig an cur i láthair seo i ndiaidh gur tuairscíodh go bhfuil breis agus 7000 stócach in earnáil an Ghaeloideachais faoi láthair.

Dúirt Sheehan:

“Bhí muid tógtha ar fad le cur i láthair Chomhairle na Gaelscolaíochta. Bhí sé soiléir do na páirtithe ar fad an tiomantas agus diongbháilteacht d’earnáil an Ghaeloideachais agus na buntáistí a bhaineas leis dár bpáistí.

“Shonraigh an cur i láthair cuid de na fadhbanna roimh an earnáil ar an iomlán.

“Bhí áiseanna oideachais, múinteoirí le sain-ábhar agus cóiríocht ar na fadhbanna is mó a bpléadh, bhí cúrsaí cóiríochta ar an ábhar is mó.

“Tá os cionn de 60% den earnáil i gcóiríocht nach bhfuil oiriúnach. D’fhógair an earnáil go raibh 7000 stócach ann agus léiríonn réamh-mheastacháin go mbeidh 10,000 ann fá cheann cupla bliain.

“Leagann an tAcht Oideachais agus Rialú Tracey dualgas ar an Roinn, Gaeloideachas a chur chun cinn, ní mór don Aire a thuigbheáil nach rogha seo agus aghaidh a thabhairt ar chuid de na buairimh roimh an earnáil is mó fáis.”

Connect with Sinn Féin