June 25, 2021
Leasuithe Shinn Féin ar an mBille Teanga curtha go luath, ach fós ag fanacht ar an Aire Gaeltachta – Aengus Ó Snodaigh TD

Tá na leasuithe go léir atá molta ag Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin curtha isteach go hOifig na mBillí chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a láidriú go mór, dar le hurlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir an pháirtí, Aengus Ó Snodaigh TD.  Tá 223 leasú san iomlán ag Sinn Féin tar éis don Teachta Ó Snodaigh an dara dreas de 125 leasú a chuir chuig Oifig na mBillí inné – bhí 98 leasú seolta isteach coicís ó shin.

Cháin an Teachta Ó Snodaigh, atá freisin ina Chathaoirleach ar an gCoiste Oireachtais a rinne scrúdú ar an mBille, nach bhfuil tásc ná tuairisc cloiste ó Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, mar gheall ar an mBille ó tháinig críoch leis an bplé sa Choiste i mí Aibreáin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge:

“Is mór an náire é go bhfuil an tseisiúin seo Dála beagnach thart anois agus níor tháinig an tAire Chambers chugainn go fóill, in aineoinn geallúint poiblí don Choiste go bpléafadh sé a chuid leasaithe linn roimh tús Staid na Tuarascála.

“Táimid ag fanacht ar an mBille seo le deich mbliana anois ó fógraíodh ar dtús é, tá sé díomách nach mbeidh tús curtha fiú le Céim an Tuarascála sa Dáil sula mbriseann muid don samhraidh. Is fada uainn geallúint an Aire Chambers go mbeidh an Bille Achtaithe roimh an Nollaig seo chaite. 

“Dúradh thar na blianta go raibh moill ag teastáil chun deis a thabhairt don rialtas aird a thabhairt ar thuairimí an phobail agus moltaí na gCoistí Oireachtais a rinne scrúduithe réamh-reachtaíochta ar an mBille, ach sa deireadh thiar thall ní raibh na moltaí nó na tuairimí sin le feiceáil ann nuair a d’fhoilsigh Fine Gael é i 2019. Is léir gur baothchaint toghchánaíochta ó Fianna Fáil agus na Glasaigh nuair a dúirt siad go láidreofar an reachtaíocht le spriocdhátaí earcaíocht srl mar ná raibh sin le feiscint uathu ó tháinig siad i gcumhacht le chéile agus Fine Gael.

“Is léir nach dtuigeann an rialtas an phráinn a bhaineann le géarchéim labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus go gcuireann an mhoilleadóireacht uathu leis an fhadhb. Tá cluas bodhair á thabhairt acu don taighde go léir sochtheangeolaíochta.

“Táim sásta a rá nach bhfuil Sinn Féin ag moladh an 3,021 leasuithe de réir an ailt sin de chuid Ar Son na Cúise (agus ba mhaith liom comhghairdeas a rá le hEdwin Poots ar a ról nua!), ach tá ós cionn 200 curtha againn toisc an líon mór laigeachtaí i dtaobh cearta teanga nach bhfuil freastal déanta orthu sa Bhille mar atá –  

“Is léiriú an breis is 200 leasú againn ar cé chomh lag is atá an Bille. I mo thuairim tá deis againn san bille seo tionchar dearfach bheith againn ar thoshchaí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, ach is gáth athrú port ón Aire Chambers agus an státchóras i gcoitinne. Caithfidh an Aire níos mó  ná adhmháil go bhfuil tairbhe i pbprionsabail leasú ón bhfreasúra, mar a dhéan sé ag Staid an Choiste, sular chaith sé agus Teachtaí Dála eile an rialtais vóta ina choinne – caithfidh sé glacadh leo.”

“Tá am an moilleadóireacht thart, tá sé thar am reachtaíocht agus gníomh dearfach agus láidir de dhith.”

I measc na leasaithe is déanaí ón Teachta Ó Snodaigh tá athfhoclú déanta ar rionnt de na leasuithe nár ceadaíodh ag Céim an Choiste ag deileál le: cearta bunúsacha a fhorleathnú ó thaobh oideachas trí Ghaeilge agus seirbhísí sláinte, go háirithe sa Ghaeltacht; cosaintí d’úsáid na Gaeilge agus ainmneacha Gaeilge sa stát; agus, feiceálacht na Gaeilge ar chomharthaí tráchta, ar lipéid, agus ar an teilifís, a chur chun tosaigh.

Follow us online

Latest Tweets

Transparency & accountability crucial to restore confidence at University of Limerick – @QuinlivanTD

Teachta Quinlivan's comments come following reports the Garda Economic Crime Bureau is examining issues relating to a controversial housing deal at UL.

It is essential that a State apology is now made to the families of the Stardust tragedy.

@MaryLouMcDonald has said that the apology must address the failures of governments, not just 43 years ago in the aftermath of this tragedy, but every day since then.

#JFT48

Following a meeting with the families of the Stardust tragedy this morning, @MaryLouMcDonald has said that "a full state apology to the families must be made now, and it must address the systematic failure over 43 years".

MORE: https://vote.sinnfein.ie/a-full-state-apology-to-stardust-families-must-address-systematic-failure-over-43-years-mary-lou-mcdonald/

ICOB in danger of being becoming another failed government business support scheme – @loreillysf

“It's essential that the May 1st deadline for registrations is extended, and that government & local authorities engage with SME's to encourage take-up."

Load More