Sinn Féin - On Your Side

Tag- Cás Mháire Nic an Bhaird-Bairbre de Brún

26 February, 2007


Ag caint ina dhiaidh breithiúnas deiridh Máire Nic an Bhaird inniú, dúirt Bairbre de Brún, Feisire de Pharlaimint na hEorpa,

"Is pointe tagartha é an cás seo do Ghaeil fud fad an oileáin chun measúntacht a dhéanamh ar an mhéid aitheantas no easpa aitheantais a bhéas ar fáil don Ghaeilge sna 6 contae. Mar a tharla leis an ionsaí ar Ghlór na nGael sna 80í, feictear cás Máire Nic an Bhaird mar siombail don naimhdeas atá ann i leith na Gaeilge agus Gaeilgeoirí ó na húdaráis i dTuaisceart na hÉireann." arsa sí.

Sa chúirt dúiche inniú dúirt an breitheamh go raibh Máire ciontach in iompar mí ordúil agus ghearr sé fínéail £100 uirthi.

"Cuireann an cinneadh seo iontas agus fearg orm araon. Níor chóir go mbéadh Máire Nic an Bhaird tugtha ós comhair na cúirte in am ar bith. Tharla seo ar fad de thairbhe gur labhair sí Gaeilge lena gcomhmhúinteoirí ar shráideanna Bhéal Feirste D'fhreastal mé ar éisteacht an chás cúirte agus chuala mé na péas ag tabhairt fíanaise. Ní thiocfadh aon chreidiúint a thabhairt do chuntas na bhfinnéithe PSNI ", arsa Iníon de Brún

"Thug an pobal Gaelach fud fad an oileáin tacaíocht don mhúinteoir óg agus í os comhar na cúirte maidir leis an chás conspóideach seo.

"Chomh fada le séanadh cearta Mháire Nic an Bhaird ó thaobh gan na páipéir ón oifig ionchúiseamh a fháil i nGaeilge agus gan an éisteacht sa chúirt a bheith i nGaeilge, tá seo ag teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, athbhreithniú Ceartais Choiriúil agus an Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.

"Léiríonn Cás Mháire Nic an Bhaird go gcaithfear Acht na Gaeilge a rith fríd Westminister gan mhoill agus go mbeidh cur chuige bunaithe ar chearta ann."ENDS

Connect with Sinn Féin