Sinn Féin - On Your Side

Na déanaigí liathróid pholaitiúl as an Ghaeilge - Brolly

22 June, 2007


Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chursaí Ghaeilge, Francie Brolly inniu nach bhfuil sé cothrom ar chor ar bith go bhfuil na hAontachtoirí, go háirithe Jim Allister FPE, ag úsáid Acht na Gaeilge mar liathróid pholaitiúl.

Dúirt sé:


"Táim cinnte go bhfuil Jim Allister ag imirt cluichí leis an theanga in ionad ag úsáid a phost muiníne chun cearta teanga do chách a chur i bhfeidhm cosúil le stádas na Gaeilge san AE. Tá an t-Uasal Allister buartha faoi costais a bhaineann leis an Acht. Ba chóir do Jim Allister anailís costais is tairbhe a dhéanamh agus gheobhiadh sé amach go n-íocann gaeilgeoirí an cháin, go bhfuil níos mó na 4000 páiste ag freastail ar ghaelscoileanna sna sé chontae agus go bhfuil reachtaíocht reatha in Alban agus sna 26 co fosta. Seachas ag bunú argóintí agus impím ar Jim Allister oidhreacht chultúrtha s'aige a chosaint.

" Tá Sinn Féin ag lorg Acht láidir, ceartasach, cuimsitheach bunaithe ar na moltaí a d'aontaigh pobal na Gaeilge. Is muidinne an t-aon páirtí a choinnigh céist Acht na Gaeilge i lár an Aonaigh ó bhí comhaontú Aoine an chéasta ann. Éilíonn muid tacaíocht uile-phairtí dár gcearta teanga, cearta daonna."

Connect with Sinn Féin