Cuireann Mc Laughlin fáilte ar leith roimh aitheantas foirmiúil do Ghaelscoil Éanna agus Gaelscoil Ghleann Darach
Chuir Mitchell McLaughlin BT Aontroim Theas fáilte roimh cinneadh Caitriona Ruane inniu chun aitheantas foirmiúil a thabhairt do Ghaelscoil Éanna agus Gaelscoil Ghleann Darach ina cheantar.
Tá Gaelscoil Éanna suite i nGlengormley agus Gaelscoil Ghleann Darach i gCromghlinn.
Dúirt an t-Uasal Mc Laughlin,
"Ba mhaith liom mo chomhgairdeas a ghabhail don Gha elscoileanna sin maidir leis an aitheantas foirmiúil seo.
"Seo dea-scéal, scéal a bhí na tuismitheoirí, páistí agus foireann ag iarraidh ar feadh tamaill. Cuireann sé an Ghaeloideachas in Aontroim chun cinn agus is mian liom aitheantas a thabhairt don mhéid a chuir á bhfoireann lenár ndul chun cinn agus iad ag obair go dian ar son an fheachtas sin, maith sibh!!" Críoch