D'fháiltigh an BT Francie Brolly
D'fháiltigh an BT Francie Brolly, Sinn Féin roimh an dianchúrsa Gaeilge Cuid
2 i Stormont an seachtain seo chugainn (28 Lúnasa) eagraithe ag Roinn an
Chultúir, Sinn Féin.
Is é aidhm don chúrsa seo a bheidh
ar siúl idir 11rn-4in go gcuirfear cuidiú ar fáil dár ngníomhaígh le gur
féidir leo neart Gaeilge a úsáid sa tionól agus polasaí "Gaelú Shinn Féin" a
chur i bhfeidhm.
Ag labhairt faoin chúrsa dó, dúirt an
t-úrlabhraí,
"Is gné lárnach í an Ghaeilge sa chultúr
Gaelach atá mar oidhreacht chomónta d'achan duine a chónaíonn ar an oileán
seo. Is linne uilig an teanga, pé creideamh nó dearcadh polaitiúil atá
againn.
"Saibhríonn an teanga muid uilig. Sin an fáth a
gcreideann Sinn Féin go docht go bhfuil gá leis an teanga a chosaint agus a
chur chun cinn."
"Tá Sinn Féin ar thús cadhnaíochta i
dtábhacht na teanga agus an chultúir Ghaelaigh a chur chun cinn agus a háit
a chosaint le linn na hidirbheartaíochta a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta
agus Comhaontú Chill Rímhinn mar thoradh uirthi ar bhonn uile-Éireann.
"Is iad Sinn Féin an t-aon pháirtí polaitiúil a eagraíonn cúrsaí mar seo.
Bhí cúrsa iontach againn an mhí seo caite le 50 foghlaimeoir i láthair agus
táim ag súil go mór le cuid a dó."
Críoch