Sinn Féin - On Your Side

Dea-scéal faoin scannán Gaeilge - Ríthe

13 September, 2007


Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chursaí Ghaeilge, Francie Brolly inniu go bhfuil sé iontach sásta faoin scéal is déanaí go bhfuil an scannán Ríthe sa chró do na Gradaim Oscar.

Ag caint leis agus é sa Tionól inniu dúirt an t-Uasal Brolly,

"Ar an gcéad dul síos ba mhaith liomsa mo chomhgáirdeas a ghabháil le Tom Collins, Colm Meaney agus a léitheidí.

"Táim iontach bróduil le chloisteáil go bhfuil an scannán seo ainmnithe agus go bhfuil an Ghaeilge sa chomórtas don Oscars.

"Ba fiontar Uile Éireann í seo le tacaíocht ó Bhord Scannáin na hÉireann agus Ciste Craoltóireachta na Gaeilge sna Sé chontae agus taispeánann sé do chách go bhfuil an Ghaeilge beo brómhar agus ar an scáileán mór ar fud an domhan." Críoch

Connect with Sinn Féin