Sinn Féin - On Your Side

"Clár poblachtach agus soisialach" - Doherty

14 September, 2007


Ag labhairt dó den chéad uair sa Seanad dúirt an Seanadóir Pearse Doherty go mbeadh sé “ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar clár poblachtach agus sóisialach”. Labhair an chéad Seanadóir de chuid Sinn Féin go hiomlán i nGaeilge ag an chéad cruinniú den Seanad nua ar an Déardaoin 13 Meán Fómhair.

Dúirt an Seanadóir Doherty nach mbeadh sé ag cur in éadan ainmniúcháin an Seanadóir Pat Moylan mar Cathaoirleach. Toghdh é d’aonghuth.  Rinne Pearse Doherty chomhghairdeas leis an gCathaoirleach, agus lean sé:

“Is lá bródúil é seo dúinn uilig go léir, go mórmhór domsa agus do mo pháirtí.  Tá mé taréis an chéad suíochán sa Seanad a bhaint amach ar son Sinn Féin. Nil dabht ar bith agam faoin dualgas atá orm cinntiú go mbeidh an Rialtas freagrach ó thaobh rudaí ar nós sláinte, oideachas, cúrsaí teaghlaigh, forbairt réigiúnach agus infrastruchtúr.

“Tá mé anseo fosta chun glór a thabhairt do phobal Dhún na nGall - pobal atá fágtha ar an ngannchuid agus ar an imeall. Tá na rátaí is airde dífhostaíochta agus bochtanais sa tír i gContae Dhún na nGall. Tá na seirbhísí sláinte faoi bhrú sa chontae. Níl seirbhísí raidióteiripe nó BreastCheck againn go fóill. Tá súil agam go mbeidh mé in ann comhoibriú le gach Seanadóir agus go tabharfaimid aghaidh ar na fadbhanna sin. Tá fadhbanna le infrastruchtúr na réigiúin - níl aon iarnród againn, mar shampla. Níl seirbhísí banda leathan ar fáil i gceantair iargúlta. 

“Tá súil agam go ndéanfaidh mé comhoibriú le gach éinne. Beidh mé i mo ghlór láidir do Sinn Féin sa Teach seo. Beidh mé ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar clár poblachtach agus sóisialach, chun go mbeimid ábalta ath-aontú na tíre seo a bhaint amach, agus chun go mbeidh cearta ag gach saoránach, ní miste cén cearn don chontae nó an tír seo ar a tháinig siad ar an saol, nó cén ioncam atá acu. Tá súil agam go gheobhaidh mé tacaíocht na dTithe seo san am atá amach romhainn.”

 

Connect with Sinn Féin