Be part of building a new republic

Become a Sinn Féin Online Supporter


Motions

You will be able to view which Motions passed or failed below as they are voted on during the Ard Fheis.

Téarnamh Cothrom a Sheachadadh

Motion 1

Nótálann an Ard-Fheis seo:
• Tá Sinn Féin go hiomlán i gcoinne táillí uisce tí a thabhairt isteach agus creideann sé gur féidir iad a shárú.
• Chuir Sinn Féin stop le táillí uisce tí a thabhairt isteach sna Sé Chontae agus tá sé tiomanta dá gcur ar gcúl, má bhíonn sé i rialtas, sna 26 Chontae.
• Tá imní fhorleathan sa phobal gurb é an toradh a bheidh ar mhéadrú uisce tíagus ar tháillí uisce, agus ar bhunú Uisce Éireann, go ndéanfar seirbhísí uisce a phríobháidiú sa deireadh.
• An cur amú ollmhór airgid phoiblí a caitheadh ar Uisce Éireann a bhunú, lena n-áirítear níos mó ná €85 milliún ar chomhairleoirí, €539 milliú go sea ar mhéadair uisce a fheistiú, níos mó ná €5 milliún ar tháillí dlí, agus na milliúin eile ar riarachán.
Molann an Ard-Fheis seo:
• An feachtas Right2Water agus daoine ar fud Éireann as cur i gcoinne táillí uisce a thabhairt isteach go leanúnach agus go poiblí.
• Foilsiú reachtaíocht fhoireann Theach Laighean an pháirtí le táillí uisce a athghairm agus foilsiú Bille (Bille an 34ú Leasú ar an mBunreacht, 2014) le reifreann a cheadú le hAlt 40 de Bhunreacht na hÉireann a leasú le ceart na ndaoine ar uisce a chinntiú trí úinéireacht phoiblí ar sheirbhísí agus infreastruchtúr uisce a choinneáil.
• Cinneadh Fheidhmeannas na Sé Chontae stad a chur le méadair uisce a bheith aisfheistithe i dtithe.
• Ainmniú an FPE de chuid Bhaile Átha Cliath, Lynn Boylan, mar údar na tuarascála European Citizens’ Initiative Right to Water.
Éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Reachtaíocht táillí uisce a aisghairm láithreach.
• Reifreann Bunreachtúil a reáchtúil le seirbhísí uisce a choinneáil in úinéireacht phoiblí.
• Uisce Éireann a bhaint as a chéile agus múnla nua rialachais, maoinithe agus seachadta a chur ina áit, in úinéireacht phoiblí ar fad agus faoi rialú daonlathach agus faoi chuntasacht.
Comhairle Ceantair Chorcaí
Cumann Charlie McGlade, Baile Átha Cliath
Cumann Roibeaird Eiméid, Tiobraid Árann
Cumann Mháirtín Uí Fhearsithe Baile Átha Cliath
Cumann Michael J Marren, Sligeach
Cumann Uí Ógáin/Uí Riáin/Uí Loingsigh, Luimneach
Cumann Shéamuis Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Phort Láirge Thiar, Port Láirge
Cumann na Máighe, Dún na nGall
Cumann Markievicz/Uí Riáin, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíle, Maigh Eo
Cumann an Chláir Thoir, an Clár
Cumann Pheadair Mhic Lannchaidh/Mhairéad Ní Fhearghail, an Clár
Cumann Uí Aodha agus Uí Raghallaigh, Corcaigh
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 2

Cuireann an Ard-Fheis beannachtaí dlúthpháirtíochtachuig an Detroit Water Brigade agus iad ag streachailt le deireadh a chur le scoitheadh uisce i dtithe in Detroit.
Cumann Shéamuis Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 3

Molann an Ard-Fheis seo nár cheart caidéil uisce phoibli a bheith scoite ag Uisce Éireann nó is foinse thraidisiúnta uisce iad agus is cóir iad a chaomhnú mar chuid dár n-oidhreacht.
Cumann Chaoimhín Uí Chomhdhain/Mháirtín Shaobhais, Sligeach

Passed

Motion 4

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo go gcuireann sí i gcoinne chláir dhéine Rialtas na dTóraithe sa Bhreatain mar a chuirtear i bhfeidhm i dTuaisceart na hÉireann trí chiorruithe sa bhlocdheontas agus i gciorruithe leasa, agus i gcoinne chlár oibre déine Rialtas Fhine Gael/an Luchta Oibre ó Dheas.
Molann an Ard-Fheis seo aighneacht réamh-Bhuiséid 2015 Shinn Féin dar teideal Athchóirigh, Athnuaigh, Atógáil do na 26 Chontae. Is é is aidhm leis an doiciméad seo pobail a athchóiriú, an geilleagar a atógáil agus an tsochaí a athnuachan. Leagtar amach san aighneacht Buiséid conas a chuirfeadh Sinn Féin deireadh leis an gcáin mhaoine áitiúil agus le táillí uisce agus ár gclár le hinfheistiú i seirbhísí míchumais, i sláinte agus san oideachas. Cuireann an aighneacht i gcoinne na déine, cosnaíonn sí na daoine is leochaile agus chruthódh sí poist. I measc moltaí tá:
• Airgead a chur ar ais i bpócaí gnáthoibrithe trí dheireadh a chur leis an gCáin Mhaoine agus trí stop a chur le táille uisce.
• €202.6 milliún breise a infheistiú i seirbhísí agus i dtacaí míchumais.
• Tosaíocht a dhéanamh den infheistíocht sa tsláinte agus san oideachas lena dhéanamh níos inacmhainne páistí a chur ar ais ar scoil tar éis na laethanta saoire agus 1,000 altra agus bean chabhrach sa bhreis a earcú.
• Cuidiú le stad a chur le himirce éigeantach ár n-aosa óig agus a comhionannas a chur ar ais i réim tríd an íocaíocht do chuardaitheoirí poist a chur ar ais do dhaoine faoi 26 bliain d’aois in imeacht dhá bhliain.
• Tosú ar chlár tithíochta sóisialta atá oiriúnach don fheidhm, ag cruthú, dá réir, na mílte post.
• Tuarastail agus liúntais lucht ardioncaim san earnáil phoiblí agus san Oireachtas.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 5

Cuireann an Ard-Fheis i gcoinne ciorruithe i maoiniú do Líonraí Ban agus seirbhísí pobail eile do mhná ar fud an stáit, aithníonn sí agus molann sí na seirbhísí luachmhara a chuireann an earnáil seo ar fáil do mhná (go háirithe iad siúd a d’fhéadfadh bheith leochaileach mar gheall ar thoscaí teaghlaigh nó eile) agus éilíonn an Ard-Fheis ar an Rialtasa a chinntiú go gcoinnítear leibhéal cuí maoinithe le ligean do na seirbhísí seo leanúint ar aghaidh.
Cúige Lár Tíre/Iar-Thuaiscirt

Passed

Motion 6

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo go gcuireann sí i gcoinne na déine agus ciorruithe leasa, Thuaidh agus Theas, agus ta sí tiomanta dá leanas:
- An bealach a thugann rialtais Buiséid chun críche lena chinntiú go gcuireann tionchar iomlán moltaí leasa shóisialaigh, seirbhíse agus cánach, lena n-áirítear cánacha indíreacha, bonn eolais mar is ceart faoin gcinnteoireacht ionas go bhféachfar i ngach Buiséad leis an mbearna a chaolú idir na hioncaim sa tsochaí.
- Tabhairt faoi leordhóthanacht rátaí íocaíochta leasa shóisialaigh le cosaint in éadan na bochtaineachta.
- An córas cosanta shóisialta a athrú go radacach le go mbeidh córas ann ann a ghníomhaíonn le córas cánach atá athchóirithe go forásach le sochaí atá níos cothroime ó thaobh an gheilleagair de a bhaint amach agus le caighdeáin mhaireachtála atá inchosanta a chinntiú ar feadh saol duine, lena n-áirítear tréimhsí míchumais, cúraim, cúram baile, dífhostaíochta agus scoir.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 7

Déanann an Ard-Fheis seo cleachtas na Roinne Coimirce Sóisialaí a cháineadh, is é sin íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chiorrú ar dhaoine go haontaobhach agus gan rabhadh gan mhíniú.

Cumann na Máighe, Dún na nGall

Passed

Motion 8

Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne:
• Na n-athruithe cánach a d’fhógair Rialtas seo Fhine Gael/an Luchta Oibre i mBuiséad 2015, arb iad a dtoradh nach mbeidh an Creidmheas Cánach Teaghlaigh Aon Tuismitheora ar fáil ach do phríomhchúramóra linbh, agus ní do dhá thuismitheoir a roinneann caomhnóireacht.
Aithníonn an Ard-Fheis seo:
• An dea-obair atá déanta ag ár bhfoireann i dTeach Laighean ag cur i gcoinne an athraithe seo agus ag múscailt feasachta ina leith.
• Go bhfuil ordlathas tuismitheoireachta cruthaithe ag an athrú seo.
• Go bhfuil seo ar an aon bheart déine is mó atá roimh thuismitheoirí scartha nó colscartha le sé bliana anuas.
• Go mbeidh sé níos deacra ag daoine a fuair an creidmheas roimhe seo, agus atá buailte ag an athrú, leanúint ar aghaidh le híocaíochtaí cothabhála comhaontaithe.
Éilímid ar:
• Shinn Féin moltaí a thabhairt chun tosaigh lena chinntiú gur féidir le gach tuismitheoir a thugann aire dá bpáistí go gníomhach an creidmheas seo a fháil, agus ní an príomhchúramóir amháin.
Cumann Uí Mhaine/Uí Dhoinn, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 9

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus ar Fheidhmeannas an Tuaiscirt ciste aisdúichithe d’Éireannaigh a fuair bás nó a maraíodh thar sáile, agus nach bhfuil a dteaghlach in ann teacht ar an airgead le buartha airgeadais a fhuascailt ag am iontach crua.
Comhairle Ceantair an Iúir

Passed

Motion 10

Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl go gcuirimid go hiomlán i gcoinne an tobhaigh ar Úsáideoirí Bóthair HGV atá á bhrú ag Westminster agus á fheidhmiú ag Roinn an Chomhshaoil ó Thuaidh. Tá seo ina bhac ar thrádáil agus thráchtáil ar oileán na hÉireann agus déanann sé neamhaird ar thosca áirithe tarlóirí agus riachtanais lucht gnó, Thuaidh agus Theas.
Chomh maith leis seo, éilíonn an Ard-Fheis seo ar an dá lucht riaracháin ar an oileán, Rialtas na hÉireann agus Feidhmeannas an Tuaiscirt, faoi choimirce na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, tabhairt faoi staidéar a bhfuil d’aidhm aige an bonn fianaise a thógáil maidir leis an tionchar diúltach atá ar gheilleagar an oileáin uile de bharr an tobhach seo a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na Sé Chontae

Motion 11

Déanann an Ard-Fheis seo a leanas:
• Cásaímid teip Rialtas na hÉireann iarratas a dhéanamh ar athchaipitliú siarghabhálach na gcolúnbhanc, agus éilímid ar an Rialtas sin a dhéanamh, agus argóint imleor láidir a dhéanamh gur cheart go bhfaigheadh muintir na hÉireann ar ais an t-airgead a pumpáladh isteach sna bancanna seo.
• Cuirimid i gcoinne as éadan íocaíocht do bhannóirí sóisearacha mar chuid den phróiseas leachtaithe ag IBRC.
• Cáinímid cur chuige ionsaitheach agus míréasúnta na mbanc le teaghlaigh atá ag streachailt le riaráistí morgáiste agus an chaoi a bhfuil an Rialtas agus an Banc Ceannais a éascú an chuir chuige dhoghlactha seo.
• Seacht mbliana tar éis chliseadh na mbanc creidimid go bhfuil teipthe ar an Rialtas córas baincéireachta feidhmeach a atógáil. Tá tionchair na teipe seo le feiceáil i rátaí úis míréasúnta ard atá á ngearradh ag bancanna ha hÉireann.
• Tacaímid le fís ina bhfuil earnáil bhaincéireachta in Éirinn iomaíoch agus inbhuanaithe le banc stáit ag imirt ról tábhachtach.
• Creidimid go gcaithfear breathnú ar ról bancanna áitiúla agus poiblí, leithéid mhúnla Sparkassen sa Ghearmáin, ag cur san áireamh cad é mar a d’fhéadfaí bancanna mar seo a mhaoiniú.
• Creidimid gur chóir an earnáil bhaincéireachta a rialú go láidir le mí-úsáidí agus iompar neamhfhreagrach a chosc, lena n-áirítear tuarastail, bónais agus luach Ésaothair atá iomarcach.
• Éilímid go mbeadh cumhachtaí níos mó ag Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais le cearta tomhaltóirí a chosaint agus iad ag plé le hinstitiúidí airgeadais.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
Cumann an Óglaigh Diarmuid Ó Néill, Corcaigh
Cúige Lár Tíre/Iar-Thuaiscirt

Passed

Motion 12

Athdhearbhaíonn an ArdFheis seo a tacaíocht do ghluaiseacht na gcumann creidmheasa agus dá éiteas sóisialta.
• Cuirimid in iúl ár ndíomá le cur chuige dolúbtha an rialaitheoir agus an Bhainc Ceannais i leith ceisteanna rialála áirithe, cur chuige nach dtugann san áireamh éiteas uathúil sóisialta agus pobail ghluaiseacht na gcumann creidmheasa.
• Geallaimid go n-oibreoimid le gluaiseacht na gcumann creidmheasa lena chinntiú nach mbainfear as faoina ról uathúil i sochaí na hÉireann.
Cumann Mháirtín Uí Fhearsithe Baile Átha Cliath

Passed

Motion 13

Molann an Ard-Fheis seo gur chóir an reachtaíocht ar bhancbhriseadh Thuaidh agus Theas a chomhchuibhiú.
Cumann Bhun Cranncha, Dún na nGall

Passed

Motion 14

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an ngealltanas cumhachtaí athraithe Cánach Corparáide a chineachadh don Tionól sna Sé Chontae. Aithnímid nach bhfuil i gcineachadh cumhachtaí athraithe Cánach Corparáide ach ina aon chéim amháin i dtreo cineachadh uileghabhálach na cumhachta eacnamaíche ó Bhreatain go dtí an Tuaisceart. Éilímid ar an Ard-Chomhairle nua machnamh cúramach a dhéanamh maidir le haon athrú sna rátaí cánach lena chinntiú go bhfaighidh gnáthshaoránaigh tairbhe as poist inbhuanaithe le dea-thuarastal a chruthú, as níos mó ioncaim cánach agus as fás eacnamaíoch.
Cumann Sheáin Mhic Cartaíne, Béal Feirste
Cumann Mhairéad Uí Fhearail

Passed

Motion 15

Cé go dtacaíonn an Ard-Fheis seo leis an bprionsabal an chumhacht le rátaí cánach corparáide a shocrú a chineachadh do Thionól na Sé Chontae, aithnímid gurb é ról páirtí dhaonlathaigh shóisialaigh argóint a dhéanamh ar son feidhmiú níos éifeachtaí rátaí reatha cánach corparáidí, thuaidh agus theas, agus diúltaímid do laghdú i gcáin chorparáideach a chuirfeadh le brabúis corparáidí domhanda.
Cumann Mhic Lannchaidh/Uí Cheallacháin, Luimneach

Failed

Motion 16

Nótálann an Ard-Fheis seo go bhfuil méadú sa bhochtaineacht bhreosla ann de thoradh ar an mbeartas an Cháin Charbóin a ardú. Éilímid, mar sin, ar Rialtas na hÉireann trí seachtaine de liúntas breosla a thabhairt ar ais leis na daoine is leochailí a chosaint in éadan na n-arduithe cánach míchothroma seo.
Cumann Mulvoy/Mhic Cathmhaoil, Gaillimh

Passed

Motion 17

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus ar AE na seirbhísí tarrthála éigeandála a dhíolúnú ó CBL ar a dtrealamh tarrthála atá de dhíth orthu leis an ardchaighdeán oibre a dhéanann siad a choinneáil.
Cumann Roibeaird Uí Sheachnasaigh, Ciarraí
Cumann Uí Ursáin/Uí Coirc, Gaillimh

Passed

Poblacht do Chách

Motion 18

I gcomhthéacs na ndeich mbliana seo de chomórthaí céid, comhaontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir do Shinn Féin bheith ag obair le daoine eile le tionscnamh a thabhairt chun cinn a bhfuil d’aidhm aige comhráiteas náisiúnta ar Cháisc 2016 ó cheannairí na bpáirtithe polaitiúla, na n-eaglaisí agus grúpaí creidimh, lucht gnó agus ceardchumann, an chomhphobail chultúrtha agus eagraíochtaí deonacha, a bheartaíonn comhthiomantas don chómheas agus don chaoinfhulaingt, le go mbeidh ócáidí comórtha céid eagraithe le bheith uileghabhálach do gach cuid dár bpobal agus, ag an am céanna, ag aithint an chirt atá ag gach taobh tabhairt faoina gcomóradh féin ar bhonn dínite, measa agus gan mhasla.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 19

Éilíonn an Ard-Fheis seo go n-úsáidfí focail Fhorógra 1916, ag dul isteach i dtréimhse chomórtha an chéid, le ‘Spiorad 1916’ a cheapadh agus le bheith le feiceáil nuair is féidir ar ábhar clóite, lena n-áirítear ábhar toghcháin, le tacú leis an streachailt ‘Éire na gCothrom’ a bhaint amach.
Aithníonn an Ard-Fheis seo an spéis dhomhanda atá in Éirí Amach 1916 a chomóradh i measc dhiaspóra na nÉireannach agus spreagaimid imeachtaí thar sáile i 2016 chomh maith le hÉirinn.
Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfar faoi thionscadail oidhreachta i gcuimhne comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca ar bhealach bríoch agus oideachasúil agus éilímid ar bhaill thofa an pháirtí aighneacht a dhéanamh dá n-eagrais thofa faoi seach le tograí dá leithéid, lena n-áirítear foirgnimh, páirceanna agus áiseanna eile mar seo a ainmniú nó a athainmniú as tírghráthóirí 1916.
Ar na príomhthionscadail ta caomhnú na láithreach catha stairiúil ar Shráid Uí Mhórdha. Geallann an Ard-Fheis seo go ndéanfaidh gach rud is féidir leis leis an suíomh a chaomhnú agus a fhorbairt ina chuimhneachán cuí i gcomhar le gaolta mhuintir 1916 agus lucht feasachta eile atá ar aon intinn.
Ard-Chomhairle
Cumann Charlie McGlade, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 20

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann maoiniú imleor a chur ar fáil d’Oifigí Oidhreachta cathrach agus contae d’ócáidí comórtha 1916.
Cumann Mulvoy/Mhic Cathmhaoil, Gaillimh

Passed

Motion 21

Aithníonn an Ard-Fheis seo a thábhachtaí is atá comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca do Phoblachtánaigh na hÉireann agus molaimid nach dtabharfaí cuireadh d’aon bhall de theaghlach ríoga na Breataine nó de Rialtas na Breataine chuig aon searmanas oifigiúil stáit nó bheadh seo ina mhaslach do chuimhne na laochra a fuair bás in 1916 agus dá dteaghlaigh.
Cumann Chéitinn/Uí Sheachnasaigh, Port Láirge

Passed

Motion 22

Aithníonn an Ard-Fheis a leanas:
• Ceart ceannasach mhuintir na hÉireann ar fhéinchinntiúchán náisiúnta agus neamhspleáchas.
• Is é oidhreachta na críochdheighilte coimhlint, deighilt agus éagothroime
• Tá an chríochdheighilt go fóill ina bhac ar fhás eacnamaíoch agus baineann siad as faoi sheirbhísí poiblí agus athmhuintearas

• Tá aontas na hÉireann inbhuanaithe, inbhainte amach agus le leas gach duine
• Tá bealach síochánta agus daonlathach go haontas na hÉireann ann anois.
Tiomnaíonn an Ard-Fheis dá leanas:
• An comhphlé a chur chun cinn leis an gcás eacnamaíoch, sóisialta agus daonlathach ar son aontas na hÉireann
• Obair trasteorann agus uile-Éireann a thógáil sa Dáil, sa Tionól, san Eoraip agus i gComhairlí
• Leanúint ar aghaidh i bpróiseas an athmhuintearais náisiúnta
• Feachtasaíocht ar son vótáil teorann a bhfuil foráil ina leith i gComhaontú Aontú an Chéasta
• Gealltanas an Fhorógra Poblacht dár saoránaigh go léir a chur ar fáil a chur i gcrích.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 23

Creideann an Ard-Fheis seo a leanas:
• Tá an chríochdheighilt míchóir, mí-eacnamaíoch agus neamhéifeachtach.
• Thug tromlach mór mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas, tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tugann sé seo na bunrialacha la haghaidh athrú bunreachtúil síochánta daonlathacha trí votálacha teorann comhthráthacha thuaidh agus theas.
• I ndiaidh beagnach 17 ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá sé in am do mhuintir na hÉireann a gceart daonlathach a fheidhmiú ar vótáil ar athaontú na hÉireann, agus molaimid na daoine in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, as a dtionscnaimh reifrinn le deireanas.
• Tá Éire aontaithe, chothrom agus chuimsitheach le leas ár muintire ar fad, ár ngeilleagair agus phróiseas an athmhuintearais.
Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a leanas:
• Ár gcumas agus ár dtiomantas Éire aontaithe a bhaint amach ar bhonn straitéisí síochánta, polaitiúla agus daonlathacha.
• An tábhacht a bhaineann le plé agus páirtíocht leanúnach leo siúd go léir atá i gcoinne phróiseas na síochána agus athaontú na hÉireann.
Éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Go gcinnteoidh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine gur féidir le gach saoránach in Éirinn a gcumhacht dhaonlathach le todhchaí nua a dhearadh in Eirinn aontaithe trí vótálacha teorann comhthráthacha a éileamh le linn an chéad téarma eile den Tionól agus den Dáil.
• Díospóireacht iomlán, oscailte agus ionraic ar bhuntáistí aontas na hÉireann agus ar chostais na críochdheighilte.
• Go ndéanfaidh an tOireachtas tosaíocht de Éire nua, aontaithe, chothrom agus chuimsitheach agus páipéar glas a fhorbairt agus a fhoilsiú ar son aontas na hÉireann.
• Go leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag uasmhéadú tacaíochta d’aontas na hÉireann i ngach cuid den tsochaí agus go hidirnáisiúnta agus go ngéaróidh siad an feachtas ar son Éire aontaithe mar phríomhchuspóir an pháirtí, ag éileamh níos mó tiomantais agus gníomhaíochais ar an gceist.
Ard-Chomhairle
Cumann Sheán Mhic an Ghallóglaigh, Uíbh Fháilí
Cumann Uí Mhaine/Uí Dhoinn, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
Cumann Uí Bhroin/Mhic Cathaoir/Uí Thuamáin, Ard Mhacha

Passed

Motion 24

Nótálann an Ard-Fheis seo gur ghlac muintir na hAlban páirt i ndíospóireacht faoina raibh bonn eolais agus measa sa reifreann le deireanas ar neamhspleáchas agus go bhfuil a rogha déanta acu. Léirigh líon na ndaoine a vótáil sa reifreann in Albain cumhacht na rannpháirtíochta agus an daonlathas. Léiríonn a gcinneadh gur ag an bpobal atá an ceannas agus go bhfuil an t-athrú indéanta.
Níl an tAontas daingean a thuilleadh; faoi úinéireacht na ndaoine atá sé. Faoi pháirtithe Westminster atá sé anois a ngealltanais maidir le hairgeadas agus beartas ina n-iomláine a aistriú go hAlbain.
Nótálann an Ard-Fheis seo gur gheall Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, go ndéanfaí na cumhachtaí a aistreofar go hAlbain a aistriú go feidhmeannas Stormont. Is cóir gníomhú ar an ngealltanas seo gan a thuilleadh moille.
Eilíonn an Ard-Fheis go dtabharfaí an deis do mhuintir na hÉireann an staid bhunreachtúil a shocrú le vótáil teorann. Sin an bealach daonlathach chun tosaigh.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 25

Éilíonn an Ard-Fheis seo go rollfar amach cur chun cinn an bhratach náisiúnta, an t-amhrán náisiúnta agus Forógra 1916 i scoileanna ar fud na tíre mar a bhfuil tacaíocht phobail.
Cumann Mhic Ráith/Uí Bhriain, Port Láirge
Cumann Rút Haicéid, Cill Dara
Cumann de Barra/Uí Dhúill, Cill Dara

Passed

Motion 26

Éilíonn Sinn Féin ar an Roinn Iompair agus ar Iarnród Éireann go dtaispeánfar go soiléir ainmneacha na ndaoine a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca 1916 in aon stáisiún traenach atá ainmnithe astu, lena n-áirítear ainm Ruairí Mhic Easmainn a bheith níos feiceálaí ag bealach isteach Stáisiún Mhic Easmainn i dTrá Lí.
Cumann Sheáin Sheosaimh Uí Shíthigh, Ciarraí

Passed

Ag Tógáil na Síochána

Motion 27

Athshonraíonn an Ard-Fheis seo a rí-thábhachtaí is atá sé gach ceist gan réiteach a éiríonn as Comhaontú Aoine an Chéasta, Weston Park, Chill Rìmhinn agus Chaisleán Chromghlinne a chur i bhfeidhm.
Ina measc tá:
• Freagracht Rialtas na Breataine fiosrúchán a reáchtáil ar mharú Pat Finucane.
• Feidhmiú Acht na Gaeilge.
• Leathnú na gComhlachtaí Forfheidhmithe Trasteorann agus chlár na póilíneachta.
• Bunú fóram sibhialta agus fóram comhairleach uile-Eireann.
• Feidhmiú Bille Ceart.
Creidimid nach féidir leis an bpróiseas polaitiúil agus na hinstitiúidí ó thuaidh dul chun cinn a dhéanamh ach amháin má tá tiomantas gan choinníoll do roinnt na cumhachta agus do comhrialtas.
Tá comhaontú uileghabhálach orthu seo go léir ríthábhachtach le go mbeidh maoiniú dóthanach ann le go bhfeidhmeoidh geilleagar an tuaiscirt.
Éilíonn seo:
• Blocdheontas inmharthana.
• Luamháin airgeadais le hioncam agus spreagadh eacnamaíoch.
• Tá beartais déine agus ciorruithe leasa Rialtas na Breataine aischéimnitheach ó thaobh na polaíteachta de agus éagobhsaithe ó thaobh na heacnamaíochta de.
• Cás ar leith Tuaisceart na hÉireann ar fad. Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo go bhfuil gá le plean atógála, athghinte agus athmhuintearais le maoiniú ceart don Tuaisceart.
Ard-Chomhairle
Cumann Uí Bhroin/Mhic Cathaoir/Uí Thuamáin, Ard Mhacha

Passed

Motion 28

Déanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas leo siúd i ngluaiseacht na gceardchumann in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, an earnáil ghnó áitiúil agus an mhórshochaí shibhialta a d’fhéach le tacaíocht dhearfach a thabhairt le comhaontú cuimsitheach a bhaint amach le linn na gcainteanna is deireanaí ag Stormont.
Tá an pholaitíocht dhaonlathach lagaithe sa tuaisceart mar gheall ar an tsochaí shibhialta a bheith imeallaithe ón bpróiseas polaitiúil.
Athdhearbhaíonn Sinn Féin go bhfuil gá ann don tsochaí shibhialta tionchar lárnach a bheith acu maidir le próiseas na síochána agus próiseas na polaitíochta. Athdheimhnímid ár n-éileamh gur cheart fóram sibhialta agus fóram comhairleach uile-Éireann a bhunú, a chuirfeadh go mór leis an gcuimsiú polaitiúil agus leis an rannpháirtíocht pholaitiúil.
Ard-Chomhairle
Cumann Dheasúin de Faoite, an Cabhán

Passed

Motion 29

Déanann an Ard-Fheis seo a leanas:
• Nótálaimid an tionchar difreálach a bhí ag an gcoimhlint ar mhná i sochaí na hÉireann (a bhfuil a iarmhairtí gan réiteach ar fad, mar is léir ó na leibhéil arda mí-úsáide ag baile agus mí-úsáide gnéis).
• Cuirimid in iúl ár ndíomá gur ró-mhinic a dhéantar neamart sa ról atá le himirt ag mná i dtógáil na síochána.
• Aithnímid nach é amháin go bhfuil fíor-rannpháirtíocht na mban i bhforbairt todhchaí shíochánta agus thairbheach rí-thábhachtach, ach tá sí go hiomlán riachtanach.
• Éilímid Rún 1325 de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bheith curtha i bhfeidhm láithreach.
Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 30

Aithníonn an Ard-Fheis seo an obair atá déanta ag an gCoimisiún Neamhspleách le haghaidh Taisí Íospartach a Aimsiú le taisí na ndaoine a fuadaíodh a fháil ar ais.
Aithnímid, cé go bhfuil dul chun cinn tábhachtach déanta maidir le plé leis an tragóid áirithe seo ón am a chuaigh thart, caithfear níos mó a dhéanamh le clabhsúr a chur ar fáil don mhuintir atá faoi mhéala.
Déanaimid athachainí ar dhaoine aon eolas breise a d’fhéadfadh cuidiú leis an gCoimisiún Neamhspleách a shainchúram a chur i gcrích a thabhairt don Choimisiún.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 31

Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo nach mór a leanas a bheith i gceist le haon phróiseas amach anseo le plé le hoidhreacht na coimhlinte:
• É a bheith neamhspleách ar gach páirtí a bhí gníomhach sa choimhlint.
• Íospartaigh a bheith lárnach ann.
• É a bheith sa dá dhlínse.
• É cloí le prionsabail, creataí agus treoirlínte idirnáisiúnta a bhaineann le cearta daoine.
• Acmhainní a bheith curtha ar fáil dó ag státchiste na Breataine.
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair Dhoire
Cumann Mháirtín Uí Fhearsithe Baile Átha Cliath

Passed

Motion 32

Tá an Ard-Fheis seo i gcoinne bhunú an Bhrainse Iniúchtaí Oidhreachtaí in ionad na Foirne Fiosrúchán Stairiúil.
Tá an Brainse Iniúchtaí Oidhreachta ina dhlúthchuid d’Oibríochtaí Coiriúlachta PSNI agus níl an neampsleáchas aige le cloí le hAlt 2 (an Coinbhinsiún Eorpach ar Chearta Daonna). Ní bheidh sé in ann muinín an phobail a fháil atá ríthábhachtach le plé le ceisteanna oidhreachta.
Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 33

Cuireann an Ard-Fheis seo ar an taifead a buairt faoina leanas:
- Tá príomhbhaill foirne in Ionad Tacaíochta an PSNI, a scagann agus a chuireann in eagar gach cáipéisíocht bhainteach do choistí cróinéirí, ina n-iarbhaill de Bhrainse Speisialta RUC.
- Tá ‘oícheanta eolais oidhreachta’ curtha ar fáil ag an PSNI atá ceaptha le comhairle a thabhairt d’iarrbhaill nó do bhaill ar scor den RUC ar gach ní a bhaineann le neamhainmníocht agus scagadh, inordaitheacht finnéithe, ionadaíocht dhlíthiúil ag ionchoisní agus rochtain ar ráitis, leabhair nótaí agus nótaí agallaimh.
- Ráitis ó iarbhaill agus baill reatha shinsearatha den PSNI ag na seisiúin oíche seo ag leagan amach a rún daingean clú an RUC.
Dár réir sin éilíonn an Ard-Fheis seo:
- Meicníocht neamhspleách le nochtadh doiciméad atá i seilbh an PSNI agus gníomhaireachtaí stáit eile a láimhseáil.
- Go n-aithneofaí saincheisteanna a bhaineann le coimhlint leasa a bhaineann le hiarbhaill de Bhrainse Speisialta an RUC agus a ról i scagadh cáipéisíochta do choistí cróinéara.
- Go scaoilfidh gach gníomhaireacht stáit gach cáipéisíocht riachtanach láithreach.
- Go gcomhoibreoidh go hiomlán oifigigh RUC atá ar scor le hionchoisní agus gach próiseas a bhaineann le hoidhreacht.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 34

Nótálann an Ard-Fheis seo le himní straitéis ionsaitheach ag teacht chun cinn ag Rialtas na Breataine lena fhreagrachtaí maidir le cearta daonna a shéanadh. Tá an straitéis seo deartha, is léir, le nár bhaol do ghníomhairí stáit pionós agus le hiniúchadh níos leithne ar a gcleachtais agus a mbeartais sa chomhlint a chosc.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na Breataine a leanas a dhéanamh:
• A ról mar chomhraiceoir a aithint agus stad den dallamullóg agus de bheith ag séanadh gníomhartha sa choimhlint san am a chuaigh thart.
• A bhfreagrachtaí maidir le cearta daonna a aithint agus a chur i gcrích maidir le gníomhartha, beartais agus cleachtais sa choimhlint san am a chuaigh thart.
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 35

Aithníonn an Ard-Fheis fulaingt agus caillteanas ollmhór na n-íospartach go léir. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Fheidhmeannas Stormont a chinntiú go gcuireann an tSeirbhís Íospartach agus Marthanóirí taca seirbhísí a dhíríonn ar íospartaigh agus atá deartha le freastal ar riachtanais ar leith gach aon íospartaigh agus marthanóra.
Diúltaíonn an Ard-Fheis freisin d’aon iarracht an sainmhíniú ar íospartach a athrú, agus áitímid nár cheart aon imeacht ón Victims’ Order 2006.
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 36

Eilíonn an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle grúpa comhordaithe oidhreachta uile-Éireann a dhéanfadh a leanas:
• Tacú le grúpaí agus daoine feachtasaíochta éagsúla a oibríonn ar oidhreacht agus ar phlé leis an am a chuaigh thart.
• Clár oibre a fhorbairt a eagróidh ócáidí oideachasúla, a chuirfidh bonn eolais faoi dhúshláin dhlíthúla amach anseo, a chuideoidh aird a tharraing ar nithe a bhaineann le hoidhreacht, agus a thacóidh le feasacht leanúnach ar mhí-úsáidí stairiúla.
• Tacú le treoir agus í a thabhairt do struchtúir eagraíochtúla i ngach ceantar cúige.
• An insint phoblachtánach a chur i bhfriotal dearfach agus seasamh léi maidir le cúiseanna agus iarmhairtí na coimhlinte.
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 37

Déanann an Ard-Fheis seo a leanas:
• Cuirimid dlúthpháirtíocht agus tacaíocht in iúl do na 14 shaoránach ar a dtugtar ‘Fir na bPúcaí’ orthu, a gabhadh agus a ndearna Arm na Breataine céasadh brúidiúil orthu tar éis don imtheorannú bheith tugtha isteach i mí Lúnasa 1971.
• Molaimid misneach agus díogras na bhfear seo ina bhfeachtas ar son an chóir a fháil agus molaimid iad as comhaontú a fháil ó Rialtas na hÉireann go n-iarrfaidh siadsan anois ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a breithiúnas a athbhreithniú i gcás Fhir na bPúcaí.
• Éilímid ar Rialtas na hÉireann a chinntiú go n-ullmhóidh siad cás chomh críochnúil, cuimsitheach, dea-argóna agus a thig leo le tacú leis na 14 fhear agus le tacú le dúshlán an Rialtais faoi bhráid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
Ard-Chomhairle
Cumann Chlann Mhac Uí Thuarais, Lú

Passed

Motion 38

Nótálann an Ard-Fheis seo na moill mhóra atá á gcur ar ionchoisní íospartaigh an chlaonpháirteachais (lena n-áirtítear Gerard Casey a dúnmharaíodh i Ros Earcáin) mar gheall ar theip Rialtas na Breataine agus na Roinne Cirt ionchoisní a mhaoiniú mar is ceart.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Cirt David Ford bearta a dhéanamh láithreach lena chinntiú go ndéantar tosaíocht de na hionchoisní seo ar mhaithe leis na híospartaigh agus a dteaghlach.
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh, Aontroim

Passed

Motion 39

Cuireann an Ard-Fheis a dlúthpháirtíocht in iúl do mhuintir Carberry agus iad ag streachailt go leanúnach leis an bhfírinne a fháil faoi mar a chuir an stát a n-athair, Stan, chun báis.
Cumann Ard na bhFeá

Passed

Motion 40

Creideann an Ard-Fheis seo gur laigede an próiseas polaitiúil ó thuaidh níos mó seicteachais, deighilte agus ciníochais.
Nuair nach bhfuil tiomantas dáiríre polaitiúil ann, caithfidh an an mhórshochaí a fhéachaint go práinneach cad é níos mó is féidir a dhéanamh leis an deighilt seo a bhriseadh agus muinín a chruthú.
Caithfear mais chriticiúil dhearfach ag tacú leis an athmhuintearas a chur sa siúl i sochaí na hÉireann.
Níl aon ordlathas daonnachta. Gníomh tábhachtach is ea gach fulaingt a aithint gan chómhaslú.
Nuair nach bhfuil comhaontú polaitiúil ann maidir le plé leis an am a chuaigh thart beidh grásta agus fláithiúlacht ollmhór.
Níor cheart difríochtaí polaitiúla a chur san iomaíocht maidir leis an dochar nó an fhulaingt atá déanta ag gach taobh ar gach taobh.
Comhaontaíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh comhléirithe aithreachais agus aiféala as marú agus gortú le linn na coimhlinte ina gcuidiú i bpróiseas réitithe agus le comhthuiscint agus cómheas a chothú.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Chathair Dhoire

Passed

Motion 41

Tá sé de cheart ag gach saoránach maireachtáill gan chineál ar bith de chiapadh seicteach, de bhiogóideacht agus d’éadulaingt.
A fhad is go bhfuil meoin agus gníomhairí an tseicteachais gan dúshlán, coinneofar an deighilt agus an t-easaontas ag dul, leanfaidh an éadulaingt agus an bhiogóideacht, agus beidh féidearthacht na neamhchobhsaíochta agus na coimhlinte ann i gcónaí.
Éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfaí feidhmiú iomlán straitéis Fheidhmeannas an Tuaiscirt, Pobal Aontaithe a Thógáil le Chéile, a thacú trí shainmhíniú dlíthiúil an tseicteachais a dhaingniú i reachtaíocht frithsheicteachais. Is cóir forálacha láidre a bheith san áireamh a bhaineann le gríosú fuatha.: Ba chóir na hionstraimí reachtaíochta nua seo a bheith faoi bharántas an chórais iomláin chirt choiriúil.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 42

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Fheidheannas agus ar Thionól an Tuaiscirt a leanas a dhéanamh:
• Beartas frithsheichteachais tiomnaithe a bheith ag an Tionól, ag údaráis áitiúla agus ag gach comhlacht poiblí sa Tuaisceart.
• Straitéisí a cheapadh i gcomhar le ceardchumainn agus le fostaithe san earnáil phríobháideach le beartais agus tionscnaimh a chur chun cinn le dúshláin a thabhairt don iompar seicteach agus don leithcheal ag an obair agus le fostaithe a chur ar an eolas faoi reachtaíocht bhainteach.
• Gach tairgeoir rathúil ar chonarthaí rialtais agus ar mhaoiniú poiblí san earnáil phríobháideach, phobail agus dheonach a spreagadh le beartas frithsheicteach a bheith acu i mbeartas bainistíochta, agus oiliúint feasachta seichteachais a bheith ann do bhaill foirne agus do shaorálaithe.
• A chinntiú go gcuirtear oiliúint feasachta seicteachais ar fáil do gach ball foirne rialtais, gach oifigeach forfheidhmithe dlí, i scoileanna, agus tionscadail athstiúrtha óige sa Tuaisceart.
• Feachtas poiblíochta a chur i bhfeidhm ar fud na Sé Chontae le feasacht a mhúscailt ar an dochar a dhéanann an seicteachas trí aird a tharraingt ar thorthaí meoin agus iompair a eascraíonn ón bhiogóideacht.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 43

Athshonraíonn an Ard-Fheis seo an gá le comhphlé duine le duine atá leanúnach agus bríoch idir daoine atá ag iarraidh paráid a dhéanamh agus daoin a chónaíonn, a oibríonn agus a dhéanann trádáil sna ceantair trína bhfuil siad ag iarraidh paráid a dhéanamh.
Athdhearbhaímid ár dtacaíocht do Choimisiún na bParáideanna ina iarrachtaí teacht ar réiteach ar aighnis a mhaireann.
Athshonraímid an gá le hathbhreithniú práinneach ar reachtaíocht reatha ar pharáideanna le bearnaí agus laigí a aithint sula ndréachtófar reachtaíocht níos láidre a chinnteoidh gur féidir an dlí a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe chinntí Choimisiún na bParáideanna.
Ard-Chomhairle

Passed

Forbairt an Pháirtí

Motion 44

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh phleananna le deireanas ballraíocht an pháirtí agus líon na gcumann a mhéadú, le hoiliúint scileanna agus seachadadh oideachais pholaitiúil a fheabhsú, agus le cothromaíocht inscne 50/50 i mballraíocht an pháirtí a bhaint amach faoi 2020.
Éilíonn an an Ard-Fheis seo ar gach ball den pháirtí a gcuid féin a dhéanamh leis na cuspóirí seo a bhaint amach le cuidiú le seachadadh maidir lenár gcuspóirí, aontacht na hÉireann agus cothromaíocht do chách.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 45

Molann an Ard-Fheis seo obair ghrúpa leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirghnéasach (LADTI) Shinn Féin le bliain anuas agus molaimid do bhaill Shinn Féin bheith páirteach sa ghrúpa agus bheith gníomhach ar cheisteanna LADTI ina gceantair féin.
Geallann an Ard-Fheis seo chomh maith go ndéanfar ceisteanna LADTI a phríomhshruthú a thuilleadh laistigh de struchtúir an pháirtí sa bhliain seo romhainn.
Cumann Mháirtín Uí Fhearsithe Baile Átha Cliath
Cumann Roibeaird Mhic Gabhann, Baile Átha Cliath
Cumann Shéamuis Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Shíne Ní Cathmhaoil, Co. an Dúin

Passed

Motion 46

Aithníonn an Ard-Fheis seo go gcuireann an tsochaí brú ar dhaoine cineál léirithe shóisialta a bheith acu bunaithe ar ghnéas, a bhraitheann a lán daoine nach bhfuil ag teacht lena bhféiniúlacht inscne. Éilíonn an Ard-Fheis seo próiseas atá níos cuimsithí maidir le hinscne i ngach cás ina bhfiafraíonn Sinn Féin cen inscne atá ag baill úra nó reatha. Éilíonn an Ard-Fheis, mar sin, an tríú rogha inscne, “eile”, a bheith san áireamh ar gach foirm de chuid Shinn Féin.
Cumann Uí Dhoibhlin/Phluincéid, Baile Átha Cliath
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 47

Aithníonn an Ard-Fheis seo a thábhachtaí is atá an mheabhairshláinte, ní hamháin sa mhórshochaí ach i measc bhaill, fhoireann, oifigigh agus ionadaí poiblí an pháirtí, an oiread sin go ngeallann an páirtí seo tacaíochtaí meabhairshláinte a chur ar fáil laistigh den eagraíocht.
Cumann Shéamuis Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Roibeaird Mhic Gabhann, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 48

Eilíonn an Ard-Fheis seo comhnascadh trasteorann idir cumainn leis an gcomhthacaíocht, tuiscint agus forbairt pholaitiúil a chur chun cinn.
Cumann Uí Mhaine/Uí Dhoinn, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Aodha agus Uí Raghallaigh, Corcaigh

Passed

Motion 49

Molann an Ard-Fheis seo na línte cumarsáide idir cumainn agus an páirtí go náisiúnta a fheabhsú le riar ar dhaoine agus ar chumainn nuair atá eolas láithreach agus nuashonraithe ag teastáil uathu agus iad ag plé leis na meáin agus le bollscaireacht ár gcéilí comhraic agus le hionsaithe orainn.
Féachann an Ard-Fheis le cumarsáid a fheabhsú i measc agus idir bhaill an pháirtí, ceannairí agus a pobal i gcoitinne. Dá ndéanfaí sonraí teagmhála an tsuímh ghréasáin a uasghrádú bheadh rochtain níos fusa ag baill agus ag daoine atá ag lorg eolais ar Shinn Féin. Tá suíomh gréasáin feabhsaithe ríthábhachtach le baill fhéideartha a spreagadh le clárú agus le baill reatha a spreagadh le bheith níos gníomhaí. D’fhéadfaí feabhsuithe cumarsáide eile a chur san áireamh i straitéis caidrimh phoiblí ina mbeadh córas teachtaireacht le ‘glór amháin’ le linn feachais pholaitiúla ríthábhachtacha agus freagairtí ar ghéarchéimeanna.
Cumann Michael J Marren, Sligeach
Cumann Thomáis Uí Sheibhleáin/Sheosaimh Mhic Dhónaill, Ros Comáin

Passed

Motion 50

Eilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfaí an páirtí athbhreithniú agus nuashonrú ar a bheartais ar bhulaíocht de réir an chleachtais is fearr agus go gcuirfí oiliúint ar fáil le dul i ngleic leis an tsaincheist seo.
Cumann Uí Aodha agus Uí Raghallaigh, Corcaigh

Passed

Motion 51

Ag aithint na ceannaireachta atá á chur ar fáil ag gach grúpcheannaire údaráis áitiúil reatha de chuid Shinn Féin, molann an Ard-Fheis seo athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht le grúpcheannasaithe údaráis áitiúil de chuid Shinn Féin d’fhonn trédhearcacht na gceapachán a fheabhsú.
Cumann Mháirtín Uí Fhearsithe, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 52

Nótálann an Ard-Fheis seo:
• Tá saol na polaitíochta in Éirinn agus ar fud na hEorpa ag athrú.
• Tá an fhéidearthacht ann an mhonaplacht ar rialtas sna 26 Chontae a bhriseadh, a bhí i seilbh Fhine Gael agus Fhianna Fáil ó bhunú an stáit.
• Tá Sinn Féin anois ar an bpáirtí is mó ar an oileán agus táimid ag lorg mandáide le téarnamh cothrom a chur ar fáil, le seirbhísí poiblí a chosaint, le poblacht do chách agus le hÉire Aontaithe a sheachadadh.
• Ní rachaidh Sinn Féin isteach i rialtas faoi cheannas Fhianna Fáil nó Fine Gael tar éis an olltoghcháin.
Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo Sinn Féin le comhghuallaíochtaí leathana a chruthú le páirtithe a bhfuil dearcadh comhchosúil acu is atá againne lena chinntiú go gcuirtear i gcoinne na déine Thuaidh agus Theas, agus go bhfuil téarnamh cothrom ann, agus le go mbeadh an fhéidearthacht is mó ann rialtas frithdhéine a bheith i gcumhacht sna 26 Chontae.
Óige Phoblachtach Bhaile Átha Cliath
Cumann Charn Domhnach/Mhálanna, Dún na nGall
Cumann Thomáis Uí Sheibhleáin/Sheosaimh Mhic Dhónaill, Ros Comáin
Cumann Chéitinn/Uí Sheachnasaigh, Port Láirge
Cumann Uí Bhroin/Mhic Cathaoir/Uí Thuamáin, Ard Mhacha
Cumann Uí Chearúill/Uí Luaithre, Baile Átha Cliath
Cumann Sheartúis/Uí Scanláin, Ciarraí
Cumann Shéamuis Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Chianáin/Uí Dhochartaigh, Muineachán
Cumann an Óglaigh Diarmuid Ó Néill, Corcaigh
Cumann an Chláir Thoir, an Clár
Cumann Markievics/Uí Fhearáil, Baile Átha Cliath
Cumann Markievicz/Uí Riáin, Baile Átha Cliath
Cumann Roibeaird Uí Sheachnasaigh, Ciarraí
Cumann de Barra/Uí Dhúill, Cill Dara

Passed

Motion 53

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar pháirtithe forásacha atá ar son an Chomhaontaithe sna Sé Chontae teacht ar chomhaontú taobh le Sinn Féin le go mbeidh an líon is aird iondaithe forásacha ar son an Chomhaontaithe agus is féidir tofa sna toghcháin Westminster seo ag teacht.
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 54

Níl aon mhuinín ag an Ard-Fheis seo i Rialtas reatha seo Fhine Gael/an Luchta Oibre agus aithnímid go bhfuil a mhandáid caillte ag an Rialtas seo agus go bhfuil sé ag bacadaíl ó ghéarchéim go géarchéim. Tá a leanas míláimhseáilte ag an Rialtas:
• Bunú Uisce Éireann agus tabhairt isteach táillí uisce, ar chóir a chaitheamh i dtraipisí.
• Conspóidí a bhaineann le Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána agus pointí pionóis, a raibh mar thoradh orthu an tAire Dlí agus Cirt, Coimisinéir na nGardaí agus Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt ag éirí as.
• Liomháintí go raibh fabhar i gceist agus ionaid chúraim sláinte phríomhúil ag an iar-Aire Sláinte.
• Cártaí Leighis Lánroghnacha a bhaint ar shiúl.
• Reifrean an tSeanaid a ndearna prácás de.
• Fothoghchán an tSeanais le deireanas.
Tá siad tar éis a thaispeáint go soiléir gur Rialtas iad atá i ngéarchéim, gur Rialtas iad nach bhfuil muinín an phobail acu. Is é atá riachtanach ollthoghchán láithreach le Rialtas a thoghadh atá in ann rialú ar leas na saoránach.
Comhairle Ceantair Phort Láirge
Cumann Roibeaird Uí Sheachnasaigh, Ciarraí

Passed

Motion 55

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an bhfás ollmhór i dtacaíocht don pháirtí, go háirithe sna 26 Chontae, le bliain anuas.
Athnímid na dushláin iomadúla atá romhainn agus sinn ag dréachtú ár bhforógra toghcháin agus ag ullmhú le haghaidh na féidearthachta go bhféadfadh an chéad rialtas ar thaobh na láimhe clé i stair stát na 26 Chontae.
Éilímid go gcuirfear i réim Ard-Fheis trí lá arís ó 2016 ar aghaidh le níos mó ama a thabhairt leis an iliomad cinntí tábhachtacha a mbeimid ag tiomnú an pháirtí dóibih a phlé agus le díospóireacht a dhéanamh orthu.
Cumann Mhic Lochlainn/Uí Chathail, Baile Átha Cliath

Referred

Motion 56

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh rath na gcomhdhálacha inmheánacha ar na mallaibh do bhaill, gníomhairí agus ionadaithe tofa, ag spreagadh plé oscailte polaitiúil agus ag plé straitéis pholaitiúil an pháirtí, ag nótálaimid go bhfuil a lán de na hócáidí seo á reáchtáil in óstáin nó i ngnólachtaí eile.
Áitíonn an Ard-Fheis ar lucht eagraithe comhdhálacha, ócáidí agus coinbhinsiúin pháirtí féacháil le háiseanna pobail a úsáid do na hócáidí seo nuair is féidir agus nuair a bhíonn siad ar fáil, agus cuidiú lena chinntiú go dtugann ár n-ócáidí cúnamh airgid d’infreastruchtúr pobail ríthábhachtach.
Cumann Eiméid/Uí Chléirigh Baile Átha Cliath

Passed

Motion 57

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar gach ball agus ionadaí tofa de chuid Shinn Féin freastal ar Chuimhneachán bliantúil Uilf Tón i mBaile Uí Bhuadáin, agus nach n-eagróidh ceantair eile ócáidí a d’fhéadfadh teacht salach ar Fhéile Uiif Tón a bhíonn ar siúl ar an 20 go dtí an 21 Meitheamh i mbliana.
Comhaontaíonn an Ard-Fheis seo chomh maith go mbeidh iondaithe an chumann san óstcheantar páirteach sa searmanas ag uaigh Uilf Tón ag Cuimhneachán Uilf Tón.
Cumann Uilf Tón, Cill Dara

Passed

Motion 58

Molann an Ard-Fheis seo go dtaispeánfaí meas cuí ar ár mbratach náisiúnta agus nach mbeadh sí á caithfeadh thart ag ionadaithe tofa an pháirtí agus a luch tacaíochta.
Cumann Phiarais Mhic Cana, Tiobraid Árann

Passed

Motion 59

Leanann an Ard-Fheis seo ar aghaidh le beartas dátheangais do gach foilseachán, nuair is féidir. Geallann Sinn Féin an méid a chuirimid amach i nGaeilge a mhéadú agus creidimid gur fearr an cheist faoin méid a chuirimid amach i nGaeilge a thabhairt chun cinn le cur chuige incriminteach, lena mbaineann páirtíocht idir an tOifigeach Náisiúnta Gaeilge agus ceannairí an pháirtí, struchtúir agus baill.
Aithníonn an Ard-Fheis seo an gá le céimeanna éifeachtacha a ghlacadh le Sinn Féin a ghaelú. Creidimid gurbh fhéidir seo a dhéanamh ach plépháipéar a chur ar fáil le feasacht inmheánach a mhúscailt agus le tacaíocht fhorleathan a spreagadh don aidhm seo.
Comhaontaíonn an Ard-Fheis deo, de dhroim an phlépháipéir seo, gur chóir don Oifigeach Náisiúnta Gaeilge dréachtstraitéis cúig bliana Gaelaithe laistigh de Shinn Féin a ullmhú agus gur chóir seo a chur i láthair lena ghlacadh mar bheartas ag Ard-Fheis 2016.
San idirlinn molaimid do gach ionadaí de chuid Shinn Féin agus daoine atá fostaithe le pá ag an bpáirtí, freastal ar ranganna Gaeilge mura bhfuil siad líofa sa teanga.
Ard-Chomhairle

Cumann Mháirtín Uí Fhearsithe, Baile Átha Cliath
Cumann Mulvoy/Mhic Cathmhaoil, Gaillimh

Passed

Motion 60

Aithníonn an Ard-Fheis an cleachtas is fearr lena bhfeidhmíonn cumainn go dátheangach. Iarraimid go dtabharfaidh gach struchtúr den pháirtí tacaíocht don iarracht seo agus go spreagfaidh siad cumainn eile amhlaidh a dhéanamh.
Cumann Uilf Tón, Cill Dara

Passed

Bunreacht agus Rialach

Motion 61

Leasú ar alt 6.2.1.b de Bhunreacht Shinn Féin agus ar 3.2.b de na Rialacha, mar seo a leanas:
Toghfaidh gach Comhairle Cúige trí ceithre ionadaí don Ard-Chomhairle.
Beidh Cruinniú Ginearálta Bliantúil ann ar a laghad coicís roimh an Ard-Fheis. Beidh na hoifigigh atá ag imeacht agus tríionadaithe Ard-Chomhairle agus dhá thoscaire ó gach cumann agus Comhairle Ceantair ag freastal agus toghfaidh siad bord oifigeach agus trí ceithre iondaí Comhairle Cúige don Ard-Chomhairle. Ceapfaidh an Cruinniú Ginearálta Bliantúil beartas don bhliain dár gcionn. Ba chóir ar a laghad duine amháin de na trí ionadaí bheith ina bean agus duine amháin bheith ina fhear. Beidh beirt den dá ionadaí ina mná agus beirt ina bhfir.
Cumann Mhic Gabhann/Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 62

Leasú st 5.4a de Bhunreacht Shinn Féin
5.4 Táille agus cistí cleamhnachta a. Is é an féilire bliantúil a bheidh mar fhéilire airgeadais Shinn Féin, dar críoch an 31 Nollaig. Caithfear táille cleamhnachta €95 a íoc i mí Eanáir leis an spriocdháta ar an 31 Eanáir gach bliain. Beidh cumainn in institiúidí tríú leibhéil diolmhaithe ón táille seo. Cumann Mháirtín Uí Ursáin, Corcaigh

Passed

Motion 63

De bhreis ar alt 6.2.5g de Bhunreacht Shinn Féin a leagann amach cumhachtaí na hArd-Chomhairle
ix. rialacha agus nósanna imeachtaí an pháirtí nach mbeidh éigeantach ar gach struchtúr agus ball den pháirtí, a achtú agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do nósanna imeachta toghcháin, nósanna imeachta smachta, nósanna imeachta ballraíochta agus Cód Iompair an pháirtí.
Ard-Chomhairle

Failed

Motion 64

Scrios na hailt seo a leanas de Rialacha an Pháirtí
2. AN ARD-CHOMHAIRLE
2.1     Cumhachtaí smachta maidir le baill den eagraíocht
a.     Beidh sé de chumhacht ag an Ard-Chomhairle aon bhall nó aon fhochomhlacht di a ruaigeadh nó a chur ar fionraí ón eagraíocht nó ó aon oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, faillí nó neamhoiriúnacht ghinearálta.
b.     Ar fhógra ruaigthe a fháil dó/di, beidh de cheart ag an mball nó ag an gcomhlacht achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chomhairle a fhéadfaidh foireann fiosraithe a chur ar bun leis an gcás a scrúdú.
c.     Má bhíonn fiosrúchán Ard-Chomhairle ann, caithfidh an ball nó an comhlacht atá i gceist cóip shínithe den ghearán agus fógra cuí d’am agus de théarmaí tagartha na foirne fiosrúcháin a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach an Pháirtí.
d.     Rachaidh fionrú baill nó comhlachta ar feadh aon tréimhse neamhshonraithe in éag tar éis sé mhí mura n-athnuaitear é.
e.     Nuair a bheidh an fiosrúchán i gcrích cuirfidh Cathaoirleach an Pháirtí tuairisc faoi bhráid na hArd-Chomhairle.

f. T    ar éis torthaí na tuairisce a bheith breithnithe aici, beidh de chumas ag an Ard-Chomhairle, de thromlach dhá thrian, an ball nó an comhlacht a ruaigeadh ón eagraíocht.
g.     Más ea go ndéantar líomhaintí ciaptha gnéis nó ionsaí gnéis in éadan aon bhall den eagraíocht, is cóir iad a chur láithreach chuig Cathaoirleach agus Ard-Rúnaí an Pháirtí.
2.2 Cumhachtaí smachta maidir le baill den Ard-Chomh
a.     Caillfidh baill den Ard-Chomhairle atá as láthair ó thrí chruinniú as diaidh a chéile gan chúis leithscéil a mballraíocht san Ard-Chomhairle go huaoibríoch.
b.     Beidh de chumas ag an Ard-Chomhairle, de thromlach dhá thrian, aon ball den Ard-Chomhairle a ruaigeadh nó a chur ar fionraí roimh chruinniú a thionóltar go cuí lena aghaidh sin.
c.     Ar fhógra ruaigthe a fháil dó/di, beidh de cheart ag an mball achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chomhairle a bhunóidh foireann fiosraithe leis an gcás a scrúdú.
d.     Má bhíonn fiosrúchán Ard-Chomhairle ann, caithfidh an ball atá i gceist cóip shínithe den ghearán agus fógra cuí d’am agus de théarmaí tagartha an fhiosrúcháin a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach an Pháirtí.
e.     Nuair a bheidh an fiosrúchán i gcrích cuirfidh Cathaoirleach an Pháirtí tuairisc faoi bhráid na hArd-Chomhairle.
f.     Tar éis torthaí na tuairisce a bheith breithnithe aici, beidh de chumas ag an Ard-Chomhairle, de thromlach dhá thrian, an ball a ruaigeadh ón Ard-Chomhairle nó, má mheasagraíocht.
g.     Má ruaigtear ball, beidh de chumhacht ag an Ard-Chomhairle ball ionadaí a chomhthoghadh.
h.     Rachaidh fionrú baill den Ard-Chomhairle ar feadh aon tréimhse neamhshonraithe in éag tar éis sé mhí mura n-athnuaitear é.

3. COMHAIRLE CÚIGE
3.5 Nósanna imeachtaí smachta
a.     Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Cúige aon fhochomhlacht nó aon bhall de a ruaigeadh nó a chur ar fionraí ón eagraíocht nó ó aon oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, faillí nó neamhoiriúnacht ghinearálta.
b.     Faoi threoir Chathaoirleach an Pháirtí, agus faoi réir a dhaingnithe amach anseo ag an gComhairle Cúige, agus má tá gá práinneach láithreach ann le gníomh feidhmeach a dhéanamh, beidh sé de chumhacht ag bord oifigeach na Comhairle Cúige aon fhochomhlacht nó aon bhall de a ruaigeadh nó a chur ar fionraí ón eagraíocht nó ó aon oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, faillí nó neamhoiriúnacht ghinearálta. Ní chuirfidh sé sin isteach ar cheart an bhaill nó an chomhlachta ar achomharc.
c.     Sula ruaigfear iad, áfach, caithfear deis a thabhairt don bhall nó don chomhlacht le hachomharc a dhéanamh chuig foireann fiosrúcháin neamhspleách arna ceapadh ag an gComhairle Cúige.
d.     Caithfidh an ball nó an comhlacht atá i gceist cóip shínithe den ghearán agus fógra cuí d’am agus de théarmaí tagartha na foirne fiosrúcháin a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach an Pháirtí.
e.     Nuair a bheidh an fiosrúchán i gcrích cuirfidh foireann an fhiosrúcháin tuairisc faoi bhráid na Comhairle Cúige. Tar éis torthaí na tuairisce a bheith breithnithe aici, beidh de chumas ag an Ard-Chomhairle, de thromlach dhá thrian, an ball nó an comhlacht a ruaigeadh ón eagraíocht.
f.     Tá ceart ag aon bhall nó aon chomhlacht atá ruaigthe ón eagraíocht de bharr cinneadh den Chomhairle Cúige ar achomharc chuig an Ard-Chomhairle.
g.     Rachaidh fionrú comhlachta nó aon bhaill de ar feadh aon tréimhse neamhshonraithe in éag tar éis sé mhí mura n-athnuaitear é.
h.     Má éiríonn aighnis i gComhairle Cúige nó idir Comhairlí Cúige nach bhfuil na comhlachtaí atá i gceist in ann a shocrú cuirfear iad i láthair na hArd-Chomhairle.

4. COMHAIRLÍ CEANTAIR
4.5 Nósanna Imeachta Comhairlí Ceantair
a.     Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Ceantair aon fhochomhlacht nó aon bhall de a ruaigeadh nó a chur ar fionraí ón eagraíocht nó ó aon oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, faillí nó neamhoiriúnacht ghinearálta.
b.     Sula ruaigfear iad, áfach, caithfear deis a thabhairt don bhall nó don chomhlacht le hachomharc a dhéanamh chuig foireann fiosrúcháin neamhspleách arna ceapadh ag an gComhairle Ceantair.
c.     Caithfidh an ball nó an comhlacht atá i gceist cóip shínithe den ghearán agus fógra cuí d’am agus de théarmaí tagartha na foirne fiosrúcháin a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach na Comhairle Ceantair.
d.     Nuair a bheidh an fiosrúchán i gcrích cuirfidh foireann an fhiosrúcháin tuairisc faoi bhráid na Comhairle Ceantair. Tar éis torthaí na tuairisce a bheith breithnithe aici, beidh de chumas ag an gComhairle Ceantair, de thromlach dhá thrian, an ball nó an comhlacht a ruaigeadh ón eagraíocht.
e.     Tá ceart ag aon bhall nó aon chomhlacht atá ruaigthe ón eagraíocht de bharr cinneadh den Chomhairle Ceantair ar achomharc chuig an gComhairle Ceantair.
f.     Rachaidh fionrú comhlachta nó aon bhaill de ar feadh aon tréimhse neamhshonraithe in éag tar éis sé mhí mura n-athnuaitear é.
g.     Má éiríonn aighnis i gComhairle Cúige nó idir Comhairlí Cúige nach bhfuil na comhlachtaí atá i gceist in ann a shocrú cuirfear iad i láthair na hArd-Chomhairle.

5. CUMAINN
5.6 Nósanna imeachta i gcumainn
a.     Beidh sé de chumhacht ag cumainn aon bhall dá gcuid a ruaigeadh nó a chur ar fionraí ón eagraíocht nó ó aon oifig mar gheall ar neamhinniúlacht, faillí nó neamhoiriúnacht ghinearálta.
b.     Sula ruaigfear iad, áfach, caithfear deis a thabhairt don bhall le hachomharc a dhéanamh chuig foireann fiosrúcháin neamhspleách arna ceapadh ag an gCumann.
c.     Caithfidh an ball atá i gceist cóip shínithe den ghearán agus fógra cuí d’am agus de théarmaí tagartha na foirne fiosrúcháin a fháil i scríbhinn ó Chathaoirleach an Chumainn.
d.     Nuair a bheidh an fiosrúchán i gcrích cuirfidh foireann an fhiosrúcháin tuairisc faoi bhráid an Chumainn. Tar éis torthaí na tuairisce a bheith breithnithe acu, beidh de chumas ag an gCumann, de thromlach dhá thrian, an ball a ruaigeadh ón eagraíocht.
e.     Tá ceart ag aon bhall atá ruaigthe ón eagraíocht de bharr cinneadh den Chumann ar achomharc chuig an gComhairle Ceantair.
f.     Rachaidh fionrú baill ar feadh aon tréimhse neamhshonraithe in éag tar éis sé mhí mura n-athnuaitear é.
g.     Má éiríonn aighnis i gCumann nó idir Cumainn nach bhfuil na comhlachtaí atá i gceist in ann a shocrú cuirfear iad i láthair na Comhairle Ceantair agus, más gá, uaidh sin go dtí an Chomhairle Cúige, faoi réir cirt achomhairc chuig an Ard-Chomhairle.
h.     Má mhaíonn aon bhall de chumann go bhfuil cinneadh ar leith ag cumann i gcoinne phrionsabail, chuspóirí nó bheartas na heagraíochtaí d’fhéadfadh sé go mbeidh ráiteas ar a leithéid de ráiteas ag teastáil uaidh, sínithe ag an gCathaoirleach, ag an Rúnaí agus ag an agóideoir, le cur lena bhreithniú chuig an gComhairle Ceantair agus, más gá, chuig an gComhairle Cúige, faoi réir an chirt ar achomhairc chuig an Ard-Chomhairle.

Motion 65

Leasú st 5.1b de Rialacha Shinn Féin
5.1b. Ba chóir gurb iad na oifigigh a bheadh ann Cathaoirleach (ball ex-officio de gach coiste), Leas-Chathaoirleach, Rúnaí, dhá Chisteoir, Oifigeach Comhionannais, Oifigeach na Gaeilge agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí, agus toghfar iad ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil a thionólfar ar fhógra scríofa ar a laghad mí amháin roimh an Ard-Fheis.
Cumann Uí Leathlobhair/Uí Mhaoilmhichil/Mhairtírí Chlais Maolcon, Ciarraí

Infheistíocht san Iompar

Motion 66

Aithníonn an Ard-Fheis seo:
• Gur mór an acmhainn atá ann glasbhealaí a fhorbairt i gceantair uirbeacha agus thuaithe go háirithe má úsáidtear cisil riain.
• Go mbaintí úsáid as iarnróid san am a chuaigh thart chun daoine i gceantair iargúlta a nascadh agus dhéanfadh an Córas Glasbhealaí na naisc seo a chur in athúsáid.
• Go bhfuil impleachtaí geilleagracha ag an gCóras Glasbhealaí. Meallann Glasbhealach 43km atá tógtha ar chiseal riain Mhór-Iarnród an Iarthair i gContae Mhaigh Eo c200,000 rothaí in aghaidh na bliana agus cuireann seo €7.2 milliún isteach i ngeilleagar na háite.
• Go spreagadh mórghréasán d’áiteanna sábháilte rothaíochta níos mó daoine chun dul i mbun rothaíochta, ar gníomhaíocht fholláin í.
• Ó thaobh na hinnealtóireachta de, go mbeadh an dúshraith do Ghréasán Glasbhealaí ann cheana féin, mar sin de, bheadh sé éifeachtach ó thaobh costais de mórghréasán rothaíochta a chruthú tríd an 32 chontae ach comhaontú a dhéanamh leis na húinéirí talún áitiúla.
Éilíonn an Ard-Fheis ar an Roinn Forbartha Áitiúla sna Sé Chontae agus ar an Roinn Comhshaoil, Pobail & Rialtais Áitiúla sna 26 Contae bheith ag comhoibriú le chéile chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar an acmhainn atá ann gréasán Glasbhealaí a chruthú ar fud na hÉireann trí úsáid a bhaint as cisil riain ó iarnróid atá as feidhm, as cosáin tharraingthe agus as struchtúir oiriúnacha eile amhail líne Mhór-Iarnród an Tuaiscirt.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Gerard Casey, Aontroim

Passed

Motion 67

Cuireann an Ard-Fheis fáilte roimh an mhéadú atá tagtha ar líon na rothaithe agus éilímid tuilleadh infheistíochta in infreastruchtúr na rothaíochta chun rogha iompair is sábháilte a dhéanamh di; éilímid tuilleadh maoinithe d’Aonad Rothaíochta na Roinne Forbartha Áitiúla agus éilímid go ndéanfaidh an t-aonad sin tús a chur le hathruithe in infreastruchtúr an Tuaiscirt mar bheart práinne.
Comhairle Ceantair Aontroim Thuaidh
Cumann Beechmount

Passed

Motion 68

Aithníonn an Ard-Fheis seo tábhacht infreastruchtúr na mbóithre agus na n-iarnród áitiúil a dhéanann ár gcuid mórchathracha a nascadh le chéile agus a chinntíonn go bhfuil teacht ag daoine ar obair agus ar thrádáil agus aithnímid an tábhacht a bhaineann leo chun gur féidir le daoine saol folláin a chaitheamh.
Mar gheall ar an aitheantas seo, éilímid forbairt an A5 agus an A6 chun a chinntiú go mbeidh rochtain níos fearr ag muintir an iarthuaiscirt ar oirthear agus ar iarthar ár n-oileáin.
Go háirithe agus Dún Geimhin suite ar an bpríomhbhealach artaireach idir Cathair Dhoire agus Béal Feirste, ba chóir cuid Dhún Geimhin de scéim an A6 a chur chun cinn gan aon mhoill agus gach féidearthacht maoinithe a thaiscéaladh, go háirithe an BEI (an Banc Eorpach Infheistíochta).
Éilímid arís ar Rialtas na hÉireann an maoiniú riachtanach a chur ar fáil, mar atá déanta ag Feidhmeannas an Tuaiscirt, chun a chinntiú go gcuirfear bailchríoch ar ghréasán bóithre an A5 a nascann an t-iarthuaisceart agus Baile Átha Cliath.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann, freisin, gealltanas a thabhairt chun a chuid a dhéanamh i dtaca le tógáil Dhroichead Chaol Uisce.
Cúige na 6 Chontae
Cumann Billy Reid, Tír Eoghain
Cumann Sheena Campbell, an Dún

Passed

Motion 69

Nótálann an Ard-Fheis seo agus buaireamh mór uirthi go bhfuil ardú ar líon na mbásanna bóthair le bliain anuas agus éilímid cur chuige uile-Éireann ina leith seo agus comhobair a bheith ann idir an dá dhlínse chun laghdú a dhéanamh ar líon na mbásanna agus na ngortuithe ar ár gcuid bóithre.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 70

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Aire Sláinte Fhine Gael/An Lucht Oibre scrúdú leighis saor in aisce a cheadú do gach pinsinéir seanaoise agus iad ag iarraidh a gceadúnas tiomána a athnuachan.
Cumann Uí Laodhóige/Uí Mhuirthile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 71

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Aire Sláinte Fhine Gael/an Lucht Oibre modh iompair a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas coirp nó intleachta agus iad ag freastal ar sheirbhísí lae.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Iompair, freisin, bheith ag obair chun go mbeidh cathaoireacha rothaí ábalta dul ar gach bus scoile.
Cumann Uí Laodhóige/Uí Mhuirthile, Baile Átha Cliath
Téarnamh Cothrom Geilleagrach a Chur i gCrích - Éire a Chur ag Obair Arís

Passed

Motion 72

Déanann an Ard-Fheis seo:
• Tiomantas Shinn Féin a aithint i dtaca le poist a chruthú agus a choinneáil chomh maith le straitéisí polasaithe reatha chun cur leis an bhfostaíocht agus chun geilleagar aontaithe, rathúil, inbhuanaithe a chruthú atá ceart agus cóir ó thaobh na sochaí de.
• Gealltanas a thabhairt go dtógfar ar pholasaithe reatha infostaitheachta trí straitéis nua um chruthú post a chur le chéile a dhíreoidh isteach ar Eacnamaíocht an Fháis a mbeidh fócas inti ar infheistíocht spreagthach straitéiseach, ar oscailt soláthair phoiblí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide dhúchasacha agus do mhicreaghnóthaí, ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche (IDC) a thacóidh le forbairt na bhfiontar dúchasach a aimsiú agus a fhorbairt, ar straitéis uaillmhianach ríomhthráchtála a fhorbairt agus ar dhul i ngleic leis na bacainní atá roimh fhás na fiontraíochta cothroime réigiúnaí.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Thomas Ashe, Cill Dhéagláin

Passed

Motion 73

Aithníonn an Ard-Fheis seo:
• Go bhfuil geilleagair an Tuaiscirt agus an Deiscirt idirnasctha agus idirspleách ach nach bhfuil siad ag cur le chéile.
• Nach aon bhuntáiste é do náisiún oileánda 6.4 milliún duine ar imeall na hEorpa gurbh ann do dhá réimeas leithleacha cánach, do dhá chóras rialála agus dlí, do ghníomhaíochtaí agus cláir forbartha geilleagraí nach bhfuil cosúil le chéile ná go mbeadh straitéisí infheistíochta agus geilleagair ann atá éagsúil óna chéile agus atá ag dul in iomaíocht le chéile.

• Go bhfuil geilleagar an Tuaiscirt ar an imeall maidir le geilleagar na Breataine agus pleananna polaitiúla Westminster.
• Cúpla sampla d’fhorbairt polasaithe na Breataine a thugann an chluas bhodhar do riachtanais mhuintir an Tuaiscirt agus an oileáin seo, mar atá, an díospóireacht ar bhallraíocht den AE, tobhach HGV (feithicil earraí troma) na Breataine agus an clár ciorruithe leasa.
Creideann an Ard-Fheis seo:
• Gur mór an fás a thiocfaidh ar an ngeilleagar nuair a gheofar réidh le costais na deighilte agus nuair a dhéanfar acmhainn an gheilleagair chomhtháite a chur ar obair.
• Go mbeadh sé d’údarás agus de sholúbthacht ag rialtas Éire aontaithe a rogha polasaí maicreacnamaíoch a chur i bhfeidhm a chinnteoidh cobhsaíocht agus go mbeadh sé ábalta na roghanna is fearr a dhéanamh i dtaca le tionscnaimh infreastruchtúir a mhaoiniú fud fad na hÉireann.
• Chun fís an gheilleagair aontaithe in Éirinn a fhíorú, nach mór rannpháirtíocht iomlán Rialtas na hÉireann agus Fheidhmeannas agus Thionól an Tuaiscirt a bheith ann.
• De bhrí nach bhfuil cumhachtaí fioscacha ann sa Tuaisceart nach féidir leis an bhFeidhmeannas réimeas fioscach dúchasach a fhorbairt a thionscnódh an t-athrú geilleagrach a bheadh de dhíth agus a chuideoidh le forbairt aon gheilleagair ar an oileán.
Éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Dílárú iomlán cumhachtaí fioscacha chuig an bhFeidhmeannas agus chuig an Tionól.
• Gealltanas ó rialtas na Breataine agus na hÉireann agus ón Tionól chun plean agus amscála a leagan amach chun geilleagar comhtháite a chruthú ar an oileán.
• Gealltanas ó Riatas na hÉireann agus ó Fheidhmeannas an Tuaiscirt chun plean agus amscála a leagan amach chun seirbhísí poiblí comhtháite a chur i bhfeidhm ar fud an oileáin.
• Ar ranna sa dá dhlínse tionscadail roinnte a aithint ón bpleanáil go dtí an cur i gcrích agus béim a bheith ar aimsiú na mbuntáistí a bhaineann le comhthuiscint agus le comhúinéireacht lena n-áirítear scóip, seachadadh, spriocanna agus na torthaí a mbeifí ag dréim leo.
• ‘Crios Forbartha Geilleagair don Teorainn’ a bheith ann le cúrsaí trádála a chomhréiteach chun go mbeidh an brabach is mó ann do ghnóthaí na Teorann.
• Uasghrádú ar an infreastruchtúr ar bhonn oileánda, lena n-áirítear cur i gcrích an A5 agus Dhroichead Chaol Uisce chomh maith le gréasáin iarnróid uile-oileáin a fhorbairt.
Ard-Chomhairle
Cumann Uí Bhroin/Mhic Cathaoir/Uí Thuamáin, Ard Mhacha

Passed

Motion 74

Agus muid a aithint go bhfuil Sinn Féin tiomanta chun tacaíocht a thabhairt do ghuth agus do chearta na ndaoine óga in Éirinn tríd an anailís atá déanta aige ar mhórcheisteanna na hóige agus ar an gcáipéis um Ráthaíocht don Aos Óg, ‘Youth Matters: Not for Export’, déanann an Ard-Fheis seo:
• Tuilleadh gealltanais a éileamh ó gach leibhéal, ón phobal, áitiúil, ón stát agus ón Eoraip chun go rachfar i ngleic le géarchéim na dífhostaíochta i measc an aosa óig chomh maith leis an eisiamh sóisialta is toradh air.
• A aithint nach bhfuil géarchéim na dífhostaíochta óige teoranta d’easpa post don aos óg ach gur géarchéim í a bhaineann leis na cineálacha post a bhíonn ar fáil; go gcruthaíonn an obair neamhbhuan sin, na conarthaí ar théarma seasta nó náid uaireanta go gcruthaíonn siad éagobhsaíocht i saol an aosa óig, go bhfágann siad go bhfuil an baol ann go ndéanfaí dúshaothrú ar oibrithe óga nó nach mbeadh slándáil fostaíochta nó aon ionchais ghairme acu.
• A aithint, freisin, go bhfuil na daoine óga i dteideal íocaíocht mheasúil le haghaidh a gcuid oibre in áit obair saor in aisce, rud ab amhlaidh i mbunús na socrúchán de chuid JobBridge nó Gateway, socrúcháin nár éirigh leo cur le scileanna an aosa óig nó nár chruthaigh deiseanna fostaíochta fadtéarmacha agus déanaimid a aithint, freisin, gur chóir scéimeanna forchéimnitheacha oibre a chur in áit na bpolasaithe seo atá in éadan an aosa óig.
• A aontú go mbeidh daoine óga thíos leis má chuirtear i bhfeidhm polasaithe a thugann ar lucht an dífhostaíochta an stát a fhágáil, polasaithe a ghearrfaidh íocaíocht an dóil nuair nach mbíonn poist ar fáil, agus táillí na gcoláistí agus na bprintíseachtaí a bhfuil síorardu ag teacht orthu, gurb é an toradh air seo ná imirice éigeantach.
• A threisiú nár chóir don Plean Feidhmithe um Ráthaíocht d’Aos Óg na hÉireann a bhfuil se chuspóir aige post, printíseach nó traenáil a ghealladh do gach duine faoi bhun 25, nár chóir fáinne fí a dhéanamh de sa mhéid agus go bhfágann daoine óga socrúcháin mhí-oiriúnacha le filleadh ar an mbeochlár le go gcuirfear ar socrúchán eile gearrthéarma.
• A éileamh ar Rialtas na hÉireann foráil a chur isteach sa Phlean um Ráthaíocht don Aos Óg le haghaidh daoine óga faoi mhíchumas, le haghaidh tuismitheoirí aonair nó le haghaidh cúramóirí, agus le haghaidh daoine óga nach bhfuil rannpháirteach i seirbhísí fostaíochta.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Billy Reid, an Ómaigh
Lár/Iardheisceart an Chúige

Passed

Motion 75

Agus muid á aithint:
• Gurb ionann soláthar poiblí agus £2.6 billiún agus €8.5 billiún den chaiteachas sa Tuaisceart agus sa Deisceart faoi seach.
• Go bhfuil leasú cuimsitheach de dhíth chun an leas sóisialta is mó a bhaint amach agus chun an chosaint is láidre a thabhairt in éadan éilliú i dtabhairt amach na gconarthaí poiblí.
Déanann an Ard-Fheis seo:
• Tacaíocht leanúnach an pháirtí a fhógairt le haghaidh clásail shóisialta i gconarthaí soláthar poiblí mar uirlis chun an luach is airde a bhaint amach as gach euro/punt de chuid an phobail a chaitear agus mar uirlis iltascála de chuid polasaithe poiblí.
• Airí de chuid Shinn Féin sa Tionól a mholadh as clásail shóisialta a chur isteach i gconarthaí soláthar poiblí atá faoina gcúram féin ar bhonn leanúnach.
• Bille Soláthar Sóisialta, 2013, Shinn Féin a mholadh, bille a chuireann i reachtaíocht gur gá clásail shóisialta a chur isteach i ngach conradh soláthar poiblí a bhaineann le hearraí agus le seirbhísí lena n-áirítear tógáil chaipitiúil, de réir an Bhille, ar fiú breis agus aon mhilliún Euro iad agus is amhlaidh atá gach páirtí i dteach Laighean ag tacú leis.
• Comhghairdeas le Grúpa Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath de chuid Shinn féin a rith rún chun clásail shóisialta soláthair a chur isteach i gconarthaí na comhairle agus déanaimid an tionscnamh seo a mholadh dár gcuid gníomhaíoch tofa in údaráis eile.
• Tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na dtrí Threoir nua Soláthar Poiblí de chuid an AE ar glacadh leo i Mí Eanáir 2014, a dhéanann, mar aon le eile rudaí fiúntacha eile, cinnte de gur féidir conarthaí poiblí a úsáid go dlíthiúil chun spriocanna sóisialta a bhaint amach fad a chuirtear an praghas san áireamh agus a chuireann foráil ar fáil gur féidir gan eagraíocht a chur san áireamh i nósanna imeachta soláthair poiblí ar bhonn dlíthiúil nuair nach gcomhlíonann siad dualgais chlásail shóisialta.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Markievicz/Uí Fhearghail Cumann, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Cholin
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 76

Nótálann an Ard-Fheis seo go bhfuil na próisis soláthair atá ann le conarthaí poiblí a bhaint amach breac le deacrachtaí agus go bhfuil an baol ann go dteipfidh orthu ar chostas £/€ milliún don sparán poiblí agus éilímid ar gach roinn rialtais agus ar gach comhairle ar fud an oileáin cosaint a dhéanamh in éadan mí-úsáide agus droch-chleachais i bpróisis an tsoláthair phoiblí le haghaidh conarthaí poiblí ar fiú breis agus £10 milliún/€12 mhilliún iad.

Ba chóir seo a dhéanamh trí mheicníocht neamhspleách a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh monatóireacht ar phróiseas an tsoláthair agus a chinnteoidh go bhfuil sé inmharthana, righin agus rathúil sa deireadh. Chuideodh an mheicníocht seo le ranna agus le comhairlí agus iad ag socrú ar idirghabháil a dhéanamh san áit a bhfuil an próiseas i mbaol a theipe.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 77

Nótálann an Ard-Fheis seo:
• Go bhfuil córas an tsoláthair PP (comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí) sna 26 contae breac le míchothroime agus nach bhfuil go leor trédhearcachta ann.
• Gur rómhinic a bhíonn pobail a bhfuil géarghá le hathbheochan iontu meallta ag an gcóras seo a bhfuil locht ón mbun air, córas nach raibh ach le leas dílsithe na n-amhantraithe réadmhaoine.
• Go bhfuil bacainní suntasacha ann a fhágann mionghnóthaí ar lár ó phróiseas na dtairiscintí ar sheirbhísí poiblí.
Dá réir sin, éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Treisiú na gclásal sóisialta laistigh de chonarthaí poiblí.
• Go bhfaighfear réidh láithreach leis na bacainní a fhágann mionghnóthaí ar lár as próiseas na dtairiscintí ar chonarthaí poiblí agus go bhfaighfear réidh leis na critéir agus leis an rómhaorlathais a fhágann gnóthaí dúchasacha miondíola ar lár maidir le cur isteach ar chuid mhór cineálacha deontais.
• Athbhreithniú forleathan ar thaithí na hÉireann maidir le soláthar CPP. Ní mór dó seo athbhreithniú ar chomhionannas, ar chothroime agus ar thrédhearcacht maidir le bronnadh conarthaí tógála a chur san áireamh agus ba chóir féachaint le feabhas a chur ar ról na gcomhlachtaí tógála áitiúla agus réigiúnacha, na gceardaithe agus an lucht oibre chun comhlachtaí beaga agus meánmhéide a chur chun cinn.
Cumann Iorrais, Maigh Eo
Cumann Markievicz/O’Farrell , Baile Átha Cliath

Passed

Motion 78

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann:
• Leas na hÉireann a chosaint san idirbheartaíocht reatha maidir leis an gComhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (TTIP) idir an EA agus SAM.

• Gach beart a dhéanamh chun Réitigh Dhíospóide idir Infheisteoirí agus an Stát (ISDS) a bhaint amach as an gcomhaontú.
• Gach beart a dhéanamh lena chinntiú nach sáróidh téarmaí an chomhaontaithe chónaithe reachtaíocht na hÉireann.
• Torthaí staidéar Eacnamaíocht Chóbanhávan ar thionchar ionchasach TTIP ar Éirinn a fhoilsiú.
• Díospóireacht phoiblí a thionscnamh ar thionchar TTIP ar Éirinn.
• Gach beart a dhéanamh chun talmhaíocht na hÉireann a chosaint san idirbheartaíocht TTIP.
Dearbhaíonn Sinn Féin nach dtabharfaimid tacaíocht d’aon chomhaontú trádála a mbeidh meicníochtaí i dtaca le Díospóidí idir Infheisteoirí agus an Stát mar chuid de.
Aithníonn Sinn Féin agus é ar an airdeall go bhfuil Comhairle Comhoibrithe Rialála le bunú mar chuid de TTIP agus dearbhaíonn sé an seasamh atá aige nach mbeidh d’údarás ná de chúram ag an bhforas seo ach moltaí a thabhairt. Ba chóir dóibh siúd atá tofa ag saoránaigh na hEorpa agus freagrach dóibh bheith ag riar na moltaí.
Ní thugann Sinn Féin tacaíocht d’aon mheicníocht trádála a cheadaíonn sárú dhlíthe na hÉireann ar mhaithe le corparáidí.
Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh lainseáil ár bhfeachtais náisiúnta a aibhsíonn tionchar ionchasach TTIP ar Éirinn agus aithnímid obair na ngníomhaíoch agus na n-ionadaithe atá páirteach sa cheist.
Lár/Iarthuaisceart an Chúige
Cumann Patrick Cannon, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Dhoire
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Bhéal Átha na Muice, Maigh Eo

Passed

Obair Chuibheasach agus Pá Maireachtála

Motion 79

Tugann an Ard-Fheis seo tacaíocht don cháipéis ‘Sinn Féin - Campaigning for a living Wage’, a chuireann moltaí chun cinn chun:
• Treoir an EA ar Obair Pháirtaimseartha a chur i bhfeidhm a thugann rogha d’oibrithe cur lena gcuid uaireanta oibre.
• Tosaíocht a dhéanamh de pholasaithe pá a théann i ngleic le pá íseal san earnáil phoiblí nó phríobháideach.
• Polasaithe a tabhairt isteach a théann i ngleic le pá agus luach saothair iomarcach san earnáil phoiblí agus phríobháideach.
• Chun a aithint, i dteannta pá maireachtála a bheith ann, go rachfar i ngleic le pá íseal, go ndéanfar seirbhísí cuibheasacha poiblí a chur ar fáil, go mbeidh cearta righne fostaíochta ann agus go mbeidh córas cánach ann a bheidh idir chothrom agus fhorchéimnitheach.
• Íosrátaí láidre pá a thabhairt isteach i gcur i ngníomh cómhargála agus meicníochtaí socraithe pá.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Comhairle Ceantair Iarthar na Gaillimhe
Cumann John O’Reilly, Gaillimh
Cumann Uí Ghliasáin, Loch Garman
Cumann Desmond White, an Cabhán
Cumann Uí Néilll/De Barra, Corcaigh
Comhairle Ceantair Cholin
Cumann Charlie McGlade, Baile Átha Cliath
Cumann Mick Murray, Baile Átha Cliath
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 80

Déanann an Ard-Fheis seo
• A aithint gur príomh-mheicníocht maidir le cruthú poist iad scéimeanna gníomhachtaithe post a bhfuil torthaí sothomhaiste acu agus atá de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta.
• A nótáil go sáraíonn scéim gníomhachtaithe oibrithe na n-údarás áitiúil de chuid Gateway agus an Tionscnamh Socrúchán Oibre sa Phobal de chuid Tús, agus iad ag bagairt ísliú nó cealú sochar leasa, go sáraíonn siad Airteagal 1.2 agus 2.1 de Choinbhinsiún C029 um Shaothar Éigeantach de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a dhaingnigh Rialtas na hÉireann ar 2 Márta 1931 agus a dhaingnigh Rialtas Westminster ar 3 Meitheamh 1931.
• An imní atá orainn a léiriú maidir leis an neamhaird a bhí ar an gCoinbhinsiún seo agus scéimeanna Gateway agus Tús á gcur i bhfeidhm.
Déanann an Ard-Fheis seo:
• A éileamh ar Rialtas na hÉireann agus ar Thionól an Tuaiscirt, agus cur chuige 32 contae ann, go gcinnteoidh siad go mbeidh gach polasaí ag cloí le coinbhinsiúin de chuid na hEagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), coinbhinsiúin atá dearbhaithe ag an stát.
• A iarraidh ar Rialtas na hÉireann agus ar Thionól an Tuaiscirt go socrófar go mbeidh nós imeachta ann a ligfidh do shaoránaigh an ceart agus an phribhléid a bheith acu athbhreithniú a lorg ar aon sárú ar choinbhinsiúin de chuid an EIS.
• A iarraidh, nuair a chuirtear aon sárú ar aon choinbhinsiún de chuid EIS in iúl do Rialtas na hÉireann nó do Thionól an Tuaiscirt go ndéanfar bearta oiriúnacha chun imscrúdú a dhéanamh , i gcomhar leis EIS, ar an gceist sin agus go dtabharfar isteach leasuithe ar pholasaithe dá réir sin.
Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 81

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le deireadh a chur le hidirdhealú i gcleachtais fostaithe a úsáideann cuma fhisiciúil an duine mar chritéar fostaíochta trína dhéanamh mídhleathach.
Cumann Martin Forsyth, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 82

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar urlabhraithe Shinn Féin ar Phoist agus ar Chearta an Lucht Oibre i dteach Laighean athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht Um Chosaint Fostaithe (Téarma Seasta), 2003, i gcomhar le ceardchumainn, chun a chinntiú go mbeidh socruithe righne i bhfeidhm le hoibrithe a chosaint ar mhí-úsáid na gconarthaí seo i measc fostaitheoirí.
Cumann Taorlach Mac Suibhne, Corcaigh

Téarnamh Cothrom a Bhaint Amach - Margadh Úr do Thuatha na hÉireann

Passed

Téarnamh Cothrom a Bhaint Amach - Margadh Úr do Thuatha na hÉireann

Motion 83

Aithníonn an Ard-Fheis seo iarrachtaí Michelle O’Neill, Aire Talmhaíochta na Sé Chontae, chun a chinntiú go mbeidh na hÍocaíochtaí Aonfheirme cothrom maidir leis an idirbheartaíocht le déanaí ar leasú an CBT (Comhbheartas Talmhaíochta), rud a chuireann míchothroime stairiúil ina ceart agus rud a bhfuil tionchar mór aige ar fheirmeoirí sléibhe. Molaimid a cuid cinntí chun a mhó a dhéanamh de Scéim na bhfeirmeoirí Óga, ag cruthú aon réigiúin, agus an cinneadh a rinne sí chun a chinntiú go rachfar go gasta i dtreo bunráta i dtaca le hÍocaíochtaí Aonfheirme. Éilímid ar an Rialtas reatha i mBaile Átha Cliath sampla an Aire Michelle O’Neill a leanúint chun a chinntiú go gceartófar gach éagothromaíocht stairiúil a bhfuil tionchar diúltach aici ar chleachtais feirmeoireachta ár bhfeirmeoirí beaga.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 84

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an bprionsabal gur chóir d’fheirmeoirí luach cothrom a fháil ar a gcuid táirgí.
• Nótálaimid na deacrachtaí reatha in earnáil na mairteola agus na déiríochta.
• Tacaímid le hiarrachtaí Michelle O’Neill, Aire Talmhaíochta na Sé Chontae, a d’fhorbair lipéad táirgí uile-oileáin agus a d’aimsigh margaí úra trádála agus í ag aithint na ndianchaighdeán agus na mbeart inrianaitheachta atá ann chomh maith le ranna Rialtais a bheith ag roinnt sonraí ar fud an oileáin rud a chinntíonn táirgí ar ardchaighdeán.
Cuirimid in éadan:
• Na héagsúlachta agus an difir i luachanna mairteola a tháirgeann próiseálaithe mairteola ó Thuaidh agus ó Dheas.
• Leithcheal próiseálaithe mairteola an Tuaiscirt ar eallach de chuid na 26 contae a bhfuil an lipéad maslach ‘NOMAD’ curtha orthu ó tugadh isteach pionóis le déanaí.
• Leisce miondíoltóirí náisiúnta táirgí ó gach cearn den oileán a lorg.
Éilímid ar mhiondíoltóirí fáil réidh le gach sonraíocht a bhfuil tionchar diúltach aici ar thrádáil agribhia uile-oileáin.
Iarraimid go dtabharfar isteach rialtóir agribhia uile-oileáin chun a chinntiú go bhfaighe táirgeoirí toradh cothrom ar a gcuid táirgí.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 85

Nótálann an Ard-Fheis seo:
• Go bhfuiltear ag ligean do mhonarchana móra feola agus do sraitheanna ollmhargaí luach na mairteola a stiúradh san am i láthair.
• Gurb é an toradh atá air seo go bhfuil géarchéim ann i measc feirmeoirí feola nach bhfuil ag fáil luach cothrom ar a gcuid táirgí.
• Go bhfuil dochar déanta d’inbhuanaitheacht ioncam na bhfeirmeoirí mar gheall air seo.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Simon Coveney, Aire Talmhaíochta an Deiscirt, idirghabháil a dhéanamh agus cosaint agus cúnamh a thabhairt dár gcuid feirmeoirí mairteola lena chinntiú go mairfidh a gcuid slite beatha beo.
Nótálann an Ard-Fheis seo go ndéantar mairteoil a rianú ón bpáirc go dtí an forc sa tír seo agus ní hamhlaidh atá an cás maidir le costais a thabhaítear agus brabúis a dhéantar mar chuid den phróiseas seo.
Dá réir sin, éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Gach eolas a bhaineann le costais, le táillí agus le brabúis gach aonáin tráchtála/comhlacht rialtais tri thimthriall iomlán na táirgiúlachta mairteola/déiríochta dul ar an taifead poiblí.
Cumann Bobby Sands, Ciarraí
Cumann Roibéaird Eiméid, Tiobraid Árann

Passed

Motion 86

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann dul i ngleic le ceist na mapála i dtaca leis an bpobal feirmeoireachta agus éilímid go gcuirfear stop le gearradh aisbhreathnaitheach pionós faoin chóras digiteach mapála nua.
Cumann Bhéal Átha na Muice, Maigh Eo

Passed

Motion 87

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann dul i ngleic leis na ceisteanna a bhaineann le cigireachtaí feirme chun a chinntiú go bhfaighidh feirmeoirí rabhadh cuí maidir le cigireachtaí atá le déanamh chun go mbeidh go leor ama acu aon obair dheisiúcháin a chur i gcrích.
Cumann Bhéal Átha na Muice, Maigh Eo

Passed

Motion 88

Aithníonn an Ard-Fheis seo go ndéanann an scéim GLAS atá molta ag Rialtas na hÉireann leithcheal míchothrom ar fheirmeoirí coimíneachta agus éilímid ar an Rialtas an scéim a leasú chun go mbeidh feirmeoirí coimíneachta i dteideal chur isteach ar an scéim ar bhonn cothrom le feirmeoirí eile.
Lár/Iarthuaisceart an Chúige

Passed

Motion 89

Cáineann an Ard-Fheis seo an creimeadh leanúnach ar ioncaim theaghlaigh feirme agus éilímid:
(a) Go n-aisiompófar athruithe 2012 agus 2013 ar Chúnamh Feirme mar ar tugadh isteach arduithe ar mheasúnú acmhainne agus mar ar cuireadh deireadh le neamhaird leanaí.
(b) Go gcuirfear deireadh le pionóis aisbhreathnaitheacha a thugann ar fheirmeoirí, go míchothrom, íoc as neamhréitigh sa chóras mapála a d’fhaomh an Roinn Talmhaíochta.
(c) Go gcuirfear deireadh leis an Moladh um Chomhaontú 50% le haghaidh Feirmeoirí Coimíneachta/Sléibhe.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 90

Tacaíonn Ard-Fheis seo leis:
• Go n-iarrfaidh Sinn féin- bíodh siad sa Rialtas nó sa Fhreasúra mar prionsabal chun cothromais agus comhionannais - coigeartú ar dháileadh na n-íocaíochtaí aonfheirme chun ioncaim réasúnta a thabhairt do gach teaghlach feirme beag beann ar a méid. Go ndearbhaíonn Sinn Féin nach féidir bheith ag obair leis na srianta neamhriachtanacha, maorlathacha agus míloighciúla atá curtha sna riachtanais iontrála ar an scéim Glas mar a bhaineann sé le feirmeoirí sléibhe Iarthar na hÉireann. Is é atá anseo meicníocht chun srian a chur le híocaíochtaí, d’aon ghnó, do chatagóirí faoi leith feirmeoirí agus chun cur leis na híocaíochtaí d’fheirmeoirí móra ísealchríocha a bhfuil an t-aire reatha i bhfách leo.
• Go ndéanfar na híocaíochtaí cúitimh a thabhairt le haghaidh cheantair ‘Chromán na gCearc’ mar a aontaíodh roimhe dóibh siúd atá srianta agus go gcuirfear deireadh leis an díothú d’aon ghnó is toradh ar neamhíoc feirmeoirí a bhfuil a gcuid tailte srianta ar an dóigh seo.
• Go gcinnteoidh Sinn Féin mar phrionsabal i leith cothromais agus comhionannais trínár gcuid polasaithe go ndéanfar gach íocaíocht athdháilte shóisialta ar bhonn riachtanais agus ní ar bhonn sainte.
Cumann Iarthar an Cháir, an Clár

Passed

Motion 91

Aithníonn an Ard-Fheis seo nach bhfuil cineálacha plandaí, agus iad caillte, inathnuaite, a bheag nó a mhór, agus aithnímid ról na bhfeirmeoirí, na ngortóirí agus na ngarraíodóirí maidir le córais thraidisiúnta tháirgthe bia agus an bhithéagsúlacht a chosaint.
Molann an Ard-Fheis seo obair gach grúpa coigilte síolta ar fud na hÉireann agus ar bhonn idirnáisiúnta agus iad ag tabhairt cúnaimh lena chinntiú go mbeidh bia ann amach anseo trí éagsúlacht ghéiniteach a chosaint i bplandaí agus barra.
Cé go gcuirimid fáilte roimh rialúcháin oiriúnacha sláinte agus sábháilteachta agus roimh chosaint an tomhaltóra, tá an Ard-Fheis seo in éadan reachtaíochta a dhéanann bagairt ar na grúpaí thuasluaite trí chostais neamhriachtanacha nó trí mhaorlathas sriantach a bhfuil feirmeoirí beaga agus táirgeoirí beaga thíos leo agus cuirimis in éadan aon chineáil paitinniú síolta.
Éilíonn an Ard-Fheis seo, freisin, go mbeidh sainrialacha do shaghsanna orgánacha ann sa reachtaíocht ábhartha a aithneoidh go ndéanann plandaí orgánacha iad féin a chur in oiriúint dá dtimpeallacht le himeacht ama.
Lár/Iarthuaisceart an Chúige

Passed

Motion 92

Déanann an Ard-Fheis seo:
• Na deacrachtaí atá ag iascairí na hÉireann a aithint maidir le slí bheatha inmharthana a chinntiú mar gheall ar bhacainní nádúrtha agus rialála.
• A aithint go bhfuil drochionadaíocht déanta ag Rialtas na hÉireann thar ceann thionscal iascaireachta na hÉireann ar leibhéal an AE le breis agus fiche bliain anuas.
• A nótáil, ó bhí lár 90ídí ann, go bhfuil laghdú suntasach rialta ag teacht ar an iascaireacht tráchtála. Tá cruatan suntasach geilleagrach cruthaithe aige seo d’iascairí.
Dá réir sin, éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Go gcuirfear deireadh le heisiamh iascairí ó Scéim Liúntais Maraithe sna 26 Contae.
• Ar an bpáirtí dul i mbun feachtais le go dtabharfar isteach Aon-íocaíocht Bháid ar leibhéal na hEorpa.
Ar a bharr sin, éilíonn an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí Cáipéis Polasaí um Iascach Tráchtála a chur le chéile.
Ba chóir don pholasaí seo aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna, mar atá:
• Easpa cuóta Éireannaigh - is é an toradh atá air seo nach bhfuil soithí iascaireachta na hÉireann ábalta brabach cuí a thabhairt d’úinéirí agus do chriúnna.
• Easpa ioncaim- tá iascairí agus a dteaghlaigh ag streachailt cheana féin ó thaobh airgid de agus tá laghdú ioncaim €31.46 milliún tuartha do 2015.
• Easpa tacaíochta polaitiúla - is é an toradh air seo go bhfuil imeallú déanta ar phobail chósta ón bpróiseas polaitiúil reatha.
• Coirpigh a bheith déanta d’iascairí as mionsáruithe mar gheall ar phionóis agus ar thaicticí tíoránta an Údaráis um Chosaint Iascaigh Mhara.
• Dáileadh cuótaí (ronnaigh agus scadáin) - dáilte go míchothrom idir ár bpoirt iascaireachta, mar gheall ar chairdeas fabhair polaitiúil san am a chuaigh thart.
• Neamhshuim - mar gheall ar an ngá atá ann fanacht laistigh de na rialacha, bíonn ar iascairí éisc shodhíolta a chaitheamh ar ais san fharraige. Tá Rialtas na hÉireann agus an tAE anois ag iarraidh deireadh a chur leis an gcleachtas seo trí rialacháin a thabhairt isteach, rialacháin atá do-oibrithe, dar le hiascairí.
Cúige Dheisceart na hÉireann
Cumann Mhic Craith/Uí Bhriain, Port Láirge

Passed

Motion 93

Cuirfidh an Ard-Fheis seo in éadan aon iarrachta chun ‘ceadúnas slaite’ a thabhairt isteach, sin nó cánacha cosúil leo ar shlatiascairí mara.
Cumann Uí Mhaonaigh/Uí Dhuinn Baile Átha Cliath

Passed

Motion 94

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an gcosc ar iascaireacht tráchtála bhaise ar uiscí na hÉireann agus cuirfimid in éadan aon iarrachta chun an reachtaíocht reatha a chur ar ceal.
Cumann Uí Mhaonaigh / Uí Dhuinn, Baile Átha Cliath

Failed

Motion 95

Cáineann an Ard-Fheis seo díol Arramar Teoranta, sócmhainn thábhachtach de chuid an stáit, ag Údarás na Gaeltachta agus éilímid go ndéanfaidh Rialtas na hÉireann cearta buainteoireachta feamainne na mbuanaithe dúchasacha feamainne, na n-úinéirí talún agus na bpobal áitiúil a athdhearbhú chun a oiread buntáistí agus is féidir a bhaint amach do cheantair áitiúla agus múnla cóirthrádala in úsáid.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 96

Nótálann an Ard-Fheis seo an gá atá le cosaint shláine an tírdhreacha, na n-acmhainní nádúrtha agus na gceantar áilleachta nádúrtha sna cheantair thuaithe.
Éilíonn an Ard-Fheis seo polasaí pleanála tuaithe sna Sé Chontae a aithníonn éagsúlacht na tuaithe agus a théann i ngleic le riachtanais na gcónaitheoirí nach mbíonn i mbun feirmeoireachta.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Aontroim Thuaidh
Cumann na Máighe, Dún na nGall

Passed

Motion 97

Déanann an Ard-Fheis seo:
• A aithint go bhfuil luach agus fiúntas ag baint leis an gclár forbartha tuaithe LEADER agus é ag tacú le forbairt pobal áitiúil agus le forbairt éagsúlacht tuaithe fud fad na hÉireann.
• Tacaíocht a thabhairt do phrionsabal na forbartha pobalstiúrtha.
• Sainordú a thabhairt do Shinn Féin dul i mbun feachtais chun smacht an phobail bheith ann ar bhonn leanúnach i dtaca le cur i bhfeidhm an chláir LEADER.
Cúige Dheisceart na hÉireann

Passed

Motion 98

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tionchar atá ag scor Scéim Náisiúnta Leathanbhanda Tuaithe ar chuid mhór teaghlach agus pobal ar fud an stáit, aithnímid gur tosaíocht atá ann córas leathanbhanda imleor a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnitheach ar fud an stáit agus éilímid ar Rialtas na hÉireann a chinntiú go mbeidh an infheistíocht riachtanach ann chun seirbhís éifeachtach leathanbhanda a chur ar fáil ar fud an stáit.
Lár/Iarthuaisceart an Chúige
Cumann Bobby Sands, Ciarraí
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 99

Tá an Ard-Fheis seo den tuairim nár chóir go mbeadh cead ag comhlachtaí amhail Eircom, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta etc. a bhfuil sé de chúram orthu an t-infreastruchtúr riachtanach a chur ar fáil, nár chóir go mbeadh cead acu leithcheal a dhéanamh ar cheantair iargúlta agus ar cheantair nach bhfuil ach daonra beag iontu. Ba chóir go gcuirfeadh rialtóir a bheadh ceaptha ag an Rialtas smachtbhannaí ar chomhlachtaí nach dtugann an tseirbhís atá fógartha agus ar fáil.

Cumann na Máighe, Dún na nGall

Passed

Motion 100

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil difir mhóra in amanna práinnfhreagartha otharcharr ar fud na 26 Contae. In iarthar na hÉireann i roinnt cásanna a raibh bagairt don bheatha ann, tugadh freagairt ar 55% de na cásanna níos moille ná an spriocthréimhse. Cuireann an comhlacht ionadaíochta thar ceann Sheirbhís na nOtharcharr an locht as na moilleanna ar easpa pearsanra agus ar easpa feithiclí chomh maith le laghdú ar uainchlár na n-uaireanta. Tugann an Ard-Fheis seo tacaíocht do mhaoiniú dhá otharcharr bhreise agus pearsanra do gach ceann de na ceithre réigiún.
Cumann Thuaisceart an Chláir, an Clár

Passed

Motion 101

Nótálann an Ard-Fheis seo an tábhacht atá leis an oifig phoist áitiúil i bpobail, go háirithe i bpobail tuaithe.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcrích ar an Treoir um Sheirbhísí Poist, lena n-áirítear a chur i bhfeidhm i measc Bhallstáit an AE agus na torthaí maidir le seirbhísí poist agus buntáistí sóisialta eile atá bainteach léi.
Éilíonn an Ard-Fheis seo, freisin, ar Rialtas na hÉireann tabhairt ar institiúidí na hEorpa bheith freagrach as a chinntiú go mbeidh measúnachtaí éifeachtacha trédhearcacha tionchair chun leas na tuaithe a chinntiú sa Treoir um Seirbhís Poist ar fáil in Éirinn agus i mBallstáit eile.
Éilímid, freisin, ar Rialtas na hÉireann feidhmiú de réir a chumais reatha chun gréasán oifigí poist na tuaithe a chothabháil agus a chur chun cinn.
Lár/Iarthuaisceart an Chúige
Cumann Uí Ghliasáin, Loch Garman

Passed

Motion 102

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhaire nua dul i ngleic le ceist na héagothroime réigiúnaí trí straitéis chuimsitheach bunaithe ar chomhionannas a fhorbairt chun infheistíocht i gcúrsaí infreastruchtúir a chur chun cinn agus chun deiseanna fostaíochta a chur chun ar fud iarthar an Oileáin.
I dtaca leis na Sé Chontae de, éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfar straitéis a fhorbairt chun go gcuirfear i bhfeidhm gealltanas Chlár an Rialtais le dul i ngleic leis an éagothroime réigiúnach maidir leis an easpa infreastruchtúir agus easpa deiseanna fostaíochta taobh thiar den Bhanna agus fócas faoi leith a bheith ann ar an Iarthuaisceart (Dún na nGall, san áireamh) chomh maith le tacaíocht leanúnach do chur i bhfeidhm an ’AonPhlean’ le haghaidh athnuachan Chathair Dhoire agus an réigiúin.
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 103

Déanann an Ard-Fheis seo:
• Cinneadh Michelle O’Neill, Aire Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe na Sé Chontae, a mholadh as a ceanncheathrú roinne a athlonnú san iarthuaisceart.
• A nótáil gurb í seo an chéad cheanncheathrú roinne sna Sé Chontae a bheith lonnaithe taobh amuigh de mhórcheantar Bhéal Feirste.
• A aithint go mbeidh buntáistí geilleagracha aige seo ar an gceantar áitiúil.
• A éileamh ar Shinn Féin dul le polasaí a thacaíonn le dáileadh níos cothroime maidir le poist san earnáil phoiblí.
Comhairle Ceantair Ard Mhacha

Passed

Téarnamh Cothrom a Chur i gCrích - Infheistíocht i Seirbhísí Poiblí

Motion 104

Déanann an Ard-Fheis seo:
- A nótáil go bhfuil athleasú fréimhe agus craoibhe de dhíth ar chóras sláinte na hÉireann chun go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar chóras cothrom atá dírithe ar riachtanais sláinte an daonra agus a bhfuil fócas faoi leith aige ar rochtain ar chúram príomhúil.
- A éileamh go mbeidh an ceart in-fheidhmithe atá ag daoine ar shláinte agus ar chúram sláinte ,go mbeidh sin cumhdaithe i gCairt uile-Éireann um Chearta agus i mBunreacht uile-Éireann amach anseo agus go ndéanfar, idir an dá linn, iarracht chun Bunreacht reatha 1937 a leasú chun na cearta seo a chur san áireamh.
- A éileamh go mbeidh athbhreithniú ann ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na ‘Físe chun Athraithe’ sna 26 Contae agus ‘Do Chúram a Athrú ó Bhun’ sna Sé Chontae agus go mbeidh slí chinnte ann i dtreo a gcur i bhfeidhm ina n-iomláine, lena n-airítear creatlach éagothromachtaí sláinte agus measúnú ar sheirbhísí reatha, an earnáil ENR (eagraíochtaí neamhrialtasacha) agus an dóigh is fearr chun iad a chomhtháthú.
- A éileamh go mbeidh forbairt bhreise ann ar chomhoibriú idir an Tuaisceart agus an Deisceart maidir le ceisteanna sláinte lena n-áirítear tabhairt isteach seirbhísí nach bhfuil teacht orthu ar oileán na hÉireann faoi láthair, mar shampla, seirbhísí cairdiacha leanaí, seirbhísí andúile agus comhar ar mheabhairshláinte agus ar dhúshaothrú páistí.
- A éileamh go mbeidh infheistíocht shuntasach ann i seirbhísí míchumais a bhfuil ciorrú cruálach leanúnach €159 milliún déanta orthu ó bhí 2008 ann lena chinntiú go bheidh seirbhís oiriúnach chothrom ann do gach duine.
- A éileamh go mbeidh go leor comhairleach, altraí agus ball foirne sláinte comhghaolmhar ann in otharlanna sa chúram príomhúil chun na hollchiorruithe a bhí ann le roinnt blianta sna réimsí seo a aisiompú agus chun go mbeidh próisis imleora phleanála foirne ann chun fritháireamh a dhéanamh ar a bheith i dtuilleamaí ball foirne gníomhaireachta an iomarca.
- A éileamh go mbeidh tuilleadh athleasuithe ar chóras na gCártaí Leighis sna 26 Contae, lena n-áirítear próisis iarratais nach bhfuil chomh dochraideach céanna a athchóiriú agus a athdhearadh, agus córas a bheith ann a chuireann iad siúd a bhfuil deacrachtaí sláinte acu san áireamh agus treoirlínte faoi leith a bheith ann do leanaí a bhfuil tinneas dáiríre orthu.
- A éileamh go mbeidh soláthar an chúraim phríomhúil ann chomh luath agus is féidir, soláthar a bheidh iomlán saor in aisce ag pointe na seirbhíse agus a bheidh ar fáil do lucht iarrtha tearmainn ar oileán na hÉireann.
- Ár ngealltanas a athdhearbhú i leith córas aonchéime um chúram sláinte pobalmhaoinithe a bheith ann atá saor in aisce ag pointe a thabhartha, agus a n-íoctar as trí chánacha cothroma forchéimnitheacha.
- A éileamh go mbeidh daoine faoi bhun 16 bliana san áireamh sa reachtaíocht um chumas meabhrach atá a thabhairt chun tosaigh sna Sé Chontae.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Seamus Mac Sionnaigh, an Mhí

Passed

Motion 105

Molann an Ard-Fheis seo go mbainfear úsáid as an taighde mórluachach atá ann ar bhunachair shonraí de chuid an stáit nuair a bhíonn cúram á phleanáil agus á chur i bhfeidhm dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu. Ba chóir go mbeadh cothú na sláinte fíorthábhachtach sa chúram agus ba chóir úsáid na cáipéise sláinte ‘Cothromas Sláinte do Chách’ a chur i bhfeidhm. Ba chuid intreach an cúram príomhúil den cháipéis sin in 2001 , ach 13 bliana níos faide anonn, níl ann ach seacht n-aonad cúram príomhúil. Ní hionann seo agus cothromas do gach duine. Ní mór cistí a chur ar fáil d’infreastruchtúr an chúraim phríomhúil áit a bhfuil an fócas ar shláinte na n-othar agus áit a mbaintear úsáid as dea-chleachtas agus as cleachtas bunaithe ar fhianaise.
Cumann Paddy Wright, Cill Dara

Passed

Motion 106

Molann an Ard-Fheis seo nach scriosfar na cógais phearsanta a thugann na hothair isteach leo chun na hotharlainne. Ina áit sin, go n-aimseofar bealach chun na cógais a chur ar ais chuig baile an othair, nó más cuí, iad a thabhairt do na hothair san otharlann.
Cumann Kevin Coen/Martin Savage, Sligeach

Passed

Motion 107

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis na haltraí cláraithe ar fud an stáit agus iad ag cur in éadan an ardaithe shubstaintiúil ar tháillí clárúcháin chuig Bord Altranais agus Cnáimhseachas na hÉireann agus, ar a bharr sin, éilímid trédhearcacht iomlán ón NMBI (Bord Altranais agus Cnáimhseachas na hÉireann).

Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 108

Agus scannail drochíde ann na háiseanna cúraim le déanaí, cáineann an Ard-Fheis seo Treoir FSS le déanaí a mhaígh go mbeadh cóimheas is lú ann d’altraí cláraithe in áiseanna Cúraim do Dhaoine Aosta agus ,ar a bharr sin, éilímid ar an Rannóg Sláinte Poiblí dul a chaint le ceardchumainn altranais ar an gceist seo arís.
Cumann Markievicz/Uí Riain, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 109

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann tabhairt faoi athleasú fréimhe agus craoibhe ar Bhainistíocht na Rannóige Sláinte Poiblí agus ar a cuid riarthóirí chun mbeidh an fhreagracht agus an chuntasacht lárnach inti. Chomh maith leis sin, éilímid go leanfar na próisis smachta in éadan ball foirne a loiceann ar othair trína neamart nó trí ghníomhartha eile dá shórt agus éilímid go mbeidh meas ar chearta agus ar fhéinriar na n-othar i gcónaí agus iad faoi chúram an FSS.
Comhairle Ceantair Mhaigh Eo

Passed

Motion 110

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh sainseirbhísí T&É ann ag an deireadh seachtaine lena chinntiú go gcuirfear cásanna a bhaineann le cúrsaí ólacháin ar a malairt slí ó sheirbhísí criticiúla T&É sa dóigh go mbeidh a dtionchar ar na seirbhísí seo chomh híseal agus is féidir ag an deireadh seachtaine.
Cumann John O’Reilly, Gaillimh
Comhairle Ceantair Iarthar na Gaillimhe

Passed

Motion 111

Cuireann an Ard-Fheis seo a fhearg in iúl i dtaca le míbhainistiú bhuiséad na seirbhíse sláinte sa Tuaisceart agus éilímid ar an Aire Sláinte athbhreithniú a dhéanamh ar na tosaíochtaí caiteachais ar shláinte (go háirithe íoc bónas le baill foirne a bhfuil tuarastal ard acu cheana féin) agus a chinntiú go bhfuil na háiseanna cearta ag ceantar Iontaobhas Sláinte chun seirbhís éifeachtach sláinte a chur ar fáil dár gcuid saoránach.
Cumann Billy Reid, Tír Eoghain

Passed

Motion 112

Éilíonn an Ard-Fheis seo cur chuige uile-Éireann chun dul i ngleic le hailse cheirbheacs agus laghdú a dhéanamh ar an aois scagthástála i ndiaidh bhás tragóideach Sorcha Glen.
Comhairle Ceantair Chathair Dhoire

Passed

Motion 113

Aithníonn an Ard-Fheis seo an géarghá atá le maoiniú, le cóireáil, le taighde, le haithint, le hoideachas agus le feasacht i leith Siondróm Ehlers–Danlos (SED).
Cumann Mhairtírigh Dhúiche Ealla, Corcaigh

Passed

Motion 114

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis go gcoinneofar an t-aon Sainionad Faoisimh um Scléaróis Iolrach sa Tuaisceart.
Nótálaimid, lena chois seo, an tábhacht atá le soláthar oiriúnach faoisimh do dhaoine atá ag fulaingt le MS agus dá dteaghlaigh agus éilímid ar an Aire Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteacht Phoiblí gealltanas phoiblí a thabhairt do dhaoine ar fud na gcúig cheantar iontaobhais go gcoinneofar, go bhfeabhsófar agus go gcuirfear chun cinn an t-aon Ionad Faoisimh um MS.
Cumann Joe Cahill, Aontroim
Comhairle Ceantair Aontroim Thuaidh

Passed

Motion 115

Aithníonn an Ard-Fheis seo go mbíonn daoine atá ar liúntas tinnis/míchumais ag brath cuid mhór ar chógais agus ar chóireáil chostasach agus nuair a bhíonn galar Crohn nó MS (a bhfuil patrúin mhírialta acu) ar dhaoine go mbíonn Cárta Leighis riachtanach fiú má bhíonn siad ábalta filleadh ar an obair sa ghearrthéarma.

Cumann na Máighe, Dún na nGall

Passed

Motion 116

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar bhaill Shinn Féin agus ar a chuid ceannairí an Chairt um Galar Néarón Luadrach (MND) a shíniú. Aithníonn an Chairt seo
FIXME

Passed

Motion 117

Mar gheall ar easpa maoinithe do phacáistí cúram baile, tá sé de nós ag otharlanna othair aosta a scaoileadh amach chuig cúram tithe altramais príobháideacha. Molann an Ard-Fheis seo, nuair atá othar aosta leochaileach á scaoileadh amach ón otharlann chuig teach altramais ar chúiseanna caighdeán saoil, agus i gcomhar leis an othar agus lena dteaghlaigh, go ndéanfar breithniú ar phacáistí cúram baile imleora a mhaoiniú díreach ó Mhaoiniú Idirthréimhseach Otharlann nó díreach ó mhaoiniú dáilte. Ligfeadh seo do dhaoine aosta fanacht mar chuid den phobal ar feadh na míonna nó na mblianta níos faide ná mar atá san am i láthair.
Cumann Kevin Coen/Martin Savage, Sligeach

Passed

Motion 118

Déanann an Ard-Fheis seo:
• Luach Chónaidhm na hÉireann um Míchumas (DFI) a aithint, cónaidhm a thacaíonn le breis agus 595,00 Éireannach a mhaireann faoi mhíchumas agus a ghlacann páirt i bhFóram na hEorpa Um Míchumas (EFT), a dhéanann leas 80 milliún duine san Eoraip atá faoi mhíchumas.
• Tacaíocht a thabhairt d’fhís ar son na hÉireann agus na hEorpa ina léiríonn an tsochaí meas ar gach duine faoi mhíchumas agus ina bhfuil an tsaoirse bhunaidh ann feidhmiú a dhéanamh ar na cearta atá sa Chairt Eorpach um Bunchearta, i Straitéis na hEorpa um Míchumas 2010-2012 agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.
• Sainordú a thabhairt do Shinn Féin dul i mbun feachtais le haghaidh Stiúrthóireacht Eorpach um Chuimsiú Míchumais agus chun leasuachtarán a cheapadh atá tiomnaithe do cheisteanna míchumais.
• Tacaíocht a thabhairt d’fheachtas DFI agus EDF chun go mbeidh réimse cosaintí dlíthiúla ann in éadan tionchair dhiúltacha déine ar dhaoine faoi mhíchumas.
Cúige Dheisceart na hÉireann

Passed

Motion 119

Déanann an Ard-Fheis seo:
- A éileamh go mbeidh athbhreithniú ann ar dhul chun cinn feidhmiú ‘Fís chun Athraithe’ (AVFC) sna 26 contae agus ‘Ár gCúram a Athrú ó Bhun’ sna Sé Chontae agus go mbeidh slí chinnte ann i dtreo a bhfeidhmithe ina n-iomláine, lena n-áirítear creatlach éagothromachtaí sláinte agus measúnú ar sheirbhísí reatha agus athbhreithniú orthu sin a thugann earnáil na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an dóigh is fearr chun iad a chomhtháthú
- A éileamh go mbeidh tuilleadh forbartha ar thionscnaimh choiscthe féinmharaithe agus ar thacaíocht; go maoineofar feidhmiú ‘Altraí Measúnaithe Géarchéim Féinmharaithe’ sa chúram príomhúil agus altraí idirchaidrimh sna haonaid T&É; agus go maoineofar leathnú na comhairleoireachta ar leibhéal an chúraim phríomhúil.
- Agus mall-luas cur i bhfeidhm ‘AVFC’ á aithint mar cheann de na laigí agus muid á nótáil gur eochairthoisc e clár déine an Rialtais:
- A éileamh go mbeidh méadú ar mhaoiniú meabhairshláinte go sprioc de 10% den chaiteachas iomlán ar chúrsaí sláinte faoi réir AVFC agus go ndéanfar ar a laghad, an cheathrú cuid den 12,000 post atá molta ag AVFC a líonadh ar bhonn práinne.
Ard-Chomhairle
Cumann Clonmult Martyrs, Corcaigh
Cumann Taorlach Mac Suibhne, Corcaigh
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 120

Aithníonn an Ard-Fheis seo an easpa náireach maoinithe ó rialtais leantacha i seirbhísí meabhairshláinte, go háirithe in aoisghrúpa na ndéagóirí. Molaimid, mar sin, go ndéanfar clár feasachta meabhairshláinte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnitheach i ngach meánscoil ar fud an stáit ar bhonn práinne.
Cumann Keating/Sands, Port Láirge
Cumann Barret, MacCurtain, Corcaigh
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 121

Éilíonn an Ard-Fheis seo rialáil toitíní leictreonacha ar fud an Oileáin, lena n-áirítear cosc ar a n-úsáid san áit oibre agus iad a dhíol le mionaoisigh.
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh, Aontroim

Passed

Motion 122

Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo polasaithe reatha Shinn Féin ar an nginmhilleadh agus:
• Aithnímid go bhfuil ceist na mínormáltachtaí marfacha féatais iontach dáiríre agus coimpléascach i dtaca leis nginmhilleadh agus aithnímid go bhfuil gá le comhbhá.
• Nótálaimid go gcuireann an dlí, ó Thuaidh agus ó Dheas, cosc ar mhná a bhfuil toircheas féatais mínormálta acu rochtain a fháil ar sheirbhísí dleathacha ginmhillte in Éirinn más é sin a mian; nótálaimid an strus breise a chruthaítear nuair a bhíonn orthu taisteal le teacht ar sheirbhísí; nach bhfuil sé ar chumas cuid mhór ban taisteal le teacht ar na seirbhísí seo; agus nach bhfuil an stádas ceart inimirce ag cuid acu a ligeann dóibh bheith ag taisteal.
• Éilímid go dtabharfar isteach creatlacha dlíthiúla ó Thuaidh agus ó Dheas a ligfeadh do mhná teacht ar sheirbhísí ginmhillte faoi na tosca teoranta seo.
• Creidimid, nuair is mian le bean leanúint leis an toircheas, gur chóir gach tacaíocht a thabhairt don chinneadh sin agus go ndéanfar gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh an cúram agus an tuiscint oiriúnach ann.
• Éilímid go dtabharfar isteach prótacal uile-Éireann maidir le scagthástáil dhiagnóiseach réamhbheirthe i rith toirchis.
Ard-Chomhairle
Cumann James Connolly, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 123

Éilíonn an Ard-Fheis go bhfaighidh gach páiste a dhéantar a dhiagnóisiú le breoiteacht mharfach nó míchumais sula dtagann siad ar an saol cosaint iomlán an stáit agus nach mbíonn cead ginnmhillte ann sna cúinsí seo.
Cumann Barrett/Mac Curtain, Corcaigh

Failed

Motion 124

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le héileamh ar aisghairm an 8ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann. Geallann Sinn Féin dul i mbun feachtais ina fhabhar seo má bhíonn aon reifreann ann air seo amach anseo.
Cumann James Connolly, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 125

Creideann an Ard-Fheis seo gur leis an mbean féin atá cearta síolraithe, smacht ar an gcorp agus smacht ar ghnéasacht na mná i ngach toisc faoi leith.
Cumann Pádraig Pearse, Doire

Failed

Bealach Chun Tosaigh san Oideachas

Motion 126

Déanann an Ard-Fheis seo:
- Ár n-urlabhraithe sa Tionól agus sa Dáil a mholadh as an obair atá déanta acu éagothromachtaí oideachais a aibhsiú agus as an obair atá déanta acu chun deireadh a chur leis an gcóras dhá shraith.

- Fáilte a chur roimh an gcomhobair leanúnach idir na Ranna Oideachais ar an Oileán tríd an obair atá déanta acu ar an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

- A éileamh, arís, go mbeidh tuilleadh comhoibre ann idir na Ranna Oideachais agus na comhlachtaí reachtúla bainteacha chun riachtanais oideachasúla na bpáistí ar an oileán seo a bhaint amach go háirithe i dtaca leo siúd atá ar Chonair na Teorann.
Grúpa
Parlaiminteach
na
26
Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Thomas Ashe, Cill Dhéagláin
Comhairle Ceantair Cholin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 127

Éilíonn Sinn Féin ar Rialtas na hÉireann aisghairm a dhéanamh ar na ciorruithe agus maoiniú imleor fadtréimhseach a thabhairt don Chlár um Chur i gCrích an Oideachais a thugann tacaíocht bharr-riachtanach do pháistí atá i mbaol luathimeachta ón scoil trí thionscnaimh amhail cláir iarscoile, clubanna bricfeasta, clubanna obair bhaile agus tionscnaimh shamhraidh a chur ar fáil
Cumann Patrick Cannon, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 128

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Aire Fostaíochta agus Foghlama na Sé Chontae córas nua a thabhairt isteach ar bhonn práinne le riar ar riachtanais daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta fostaíochta agus oideachais acu iar-19.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama straitéis na roinne a dhéanamh níos éifeachtaí maidir le cúnamh a thabhairt do dhaoine óga nach bhfuil ag gabháil don oideachas, do phost nó do thraenáil.
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 129

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais agus Scileanna sna 26 Contae na huaireanta acmhainne 100% a thabhairt ar ais do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Cumann Charn Domhnaigh, Mhálanna, Dún na nGall

Passed

Motion 130

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh bhunú an Údaráis Nua Oideachais faoi Aire Oideachais an Tuaiscirt agus éilímid ar Fheidhmeannas na Sé Chontae reachtaíocht a chur i bhfeidhm chun ionadaithe pobail a thabhairt isteach sa chomhlacht nua.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 131

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais sna 26 Contae tabhairt ar gach scoil cur chuige cailín agus buachalla a bheith ann maidir le héidí scoile agus go mbeadh rogha ag daltaí, beag beann ar a n-inscne, sciorta nó bríste a chaitheamh.

Cumann Devlin/Plunkett, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 132

Déanann an Ard-Fheis seo:
• Fáilte a chur roimh fhoilsiú ‘an Athbhreithniú ar an nGaeloideachas Meánleibhéil’ ag Aire Oideachais Shinn Féin sa Tionól a thógann ar thaithí earnáil an Gaeloideachais ar fud na hÉireann trí leathnú a dhéanamh ar sholáthar meánoideachais.

• Fáilte a chur roimh ghlacadh leis na moltaí le haghaidh Choláiste nua Dhoire i nDún Geimhin.
• A éileamh ar na 26 Contae dul i ngleic le riachtanais na ndaltaí ar mhaith leo oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge sa reachtaíocht ar iontrálacha scoile atá le foilsiú.
• A éileamh ar an dá rialtas, Thuaidh agus Theas, leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag tacú leis an nGaeloideachas bunscoile agus meánscoile ar fud na hÉireann.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh, Aontroim

Passed

Motion 133

Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcoinneofar ardtéist na Gaeilge riachtanach do chúrsaí tríú leibhéal in ollscoileanna na 26 contae.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 134

Déanann an Ard-Fheis seo:
- Cur in éadan chinneadh Aire Fostaíochta agus Foghlama an Tuaiscirt bagairt a thabhairt go ngearrfar áiteanna don mhic léinn sa bhreisoideachas agus san ardoideachas.
- A éileamh ar lucht bainistíochta na n-ollscoileanna sa Tuaisceart gan líon na n-áiteanna do mhic léinn a laghdú.
- Cáineadh ar na ciorruithe leanúnacha ar earnáil an tríú leibhéal sna 26 Contae atá curtha i bhfeidhm ag an Aire Oideachais agus Scileanna agus nótálaimid an laghdú 10% ar bhaill foirne acadúla ó 2008 go 2013 agus méadú 12% ar líon na mac léinn ó 2009-2013 fad atá maoiniú an rialtais in aghaidh an mhic léinn sa tríú leibhéal níos lú anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin, rud a bhfuil impleachtaí móra aige ar an bhfoghlaim agus ar an teagasc.
- Tiomantas Shinn Féin a athdhearbhú don Oideachas tríú leibhéal pobalmhaoinithe agus éilímid nach mbeidh aon ardú eile ar ranníocaíocht mac léinn sna 26 Contae.
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 135

Aithníonn an Ard-Fheis seo na leibhéil arda dífhostaíochta san oirdheisceart agus an ghnóthachtáil íseal tríú leibhéal agus ceathrú leibhéal sa réigiún agus tacaímid le soláthar ollscoile san oirdheisceart chun seirbhís a thabhairt le haghaidh riachtanais an phobail agus nótálaimid:
• Gurb í an t-oirdheisceart an t-aon réigiún ar an oileán nach bhfuil ollscoil aige.
• Moilleadóireacht maidir le comhtháthú Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus a n-iarratas ar stádas Ollscoile Teicneolaíochta.
• Teip an Rialtais maidir le luacháil a dhéanamh agus áiseanna a chur ar fáil i dtreo ollscoil a bhunú sa réigiún.
• Gur chóir d’aon ollscoil sa réigiún na caighdeáin agus na critéir is airde a bhaint amach agus í a shuíomh i measc na n-ollscoileanna is fearr ar an oileán.
Éilíonn an Ard-Fheis seo, mar sin, ar Rialtas na hÉireann:
• Atiomnú d’ollscoil san oirdheisceart.
• Maoirsiú a dhéanamh ar dhearbhú iomlán-neamhspleách ar ábaltacht Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge critéir Ollscoil Teicneolaíochta a bhaint amach.
• Nasc agus comhobair a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara chun a chinntiú go gcuirfear ollscoil ar fáil sa réigiún ar an dóigh is oiriúnaí, is praiticiúla agus is tráthúla.
Comhairle Ceantair Phort Láirge

Ag cur deireadh leis an nGéirchéim Tithíochta

Passed

Motion 136

Nótáileann an Ard-Fheis seo:
• An ghéirchéim leanúnach i dtaca le tithíocht agus easpa dídine le breis agus 98,000 teaghlach ar liostaí feithimh do thithíocht agus níos mó daoine ná riamh i lóistín géirchéime nó gan aon dídean.
Diúltaíonn an Ard-Fheis seo:
• Don stráitéis tithíochta a d’eisigh Rialtas na 26 Contae le déanaí, nach bhfuil ann ach plean nach n-éireoidh leis freastal ar na mílte saoránach a bhfuil tithíocht de dhíth orthu sa stát seo agus plean a leagann freagracht na tithíochta ar an earnáil phríobhaideach agus an earnáil dheonach. Teipeann ar fad uirthi freisin cúram a dhéanamh den ghéirchéim tithíochta gan aon infheistíocht mhór i dtithíocht fógartha in ainneoin chasadh an Rialtais ar an scéal.
Creideann an Ard-Fheis seo:
• Go láidir gur féidir teacht ar réiteach ar an ngéirchéim tithíochta agus gur féidir linn deireadh a chur le heaspa tithíochta agus daoine a bheith gan dídean go fadtéarmach a fhad is go bhfuil an toil pholaitiúil ann é a dhéanamh.
Tiomnaíonn Sinn Féin:
• €1billiún sa bhreis ar chaiteachas an Rialtais a infheistiú chun tús a chur le tógáil 6,600 teach ar a laghad laistigh de 18 mí, ag cruthú post agus ag laghdú ar an mbrú atá ar réadmhaoin phriobháideach ar cíos.
• Scéim Rialaithe Cíosa a thionscain a fhéachfaidh chuige go rialófar cíosanna agus go mbeidh cosaint ann in éadan ardaithe éagóracha.
• Éarlaisí tionóntaí a chosaint trí Scéim Choinneála Earlaisí a bhunú a reáchtálfaidh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.
• Caiteachas ar easpa tithíochta a nascadh le riachtanachas agus féachaint chuige go mbeidh lóistín cuí éigeandála ar fáil.
• Féachaint chuige go mbeidh lóistín ar fáil dóibh siúd ag teacht amach as easpa dídean agus lóistín éigeandála.
• Rialacha um Íocaíocht Cúinaimh Tithíochta a leasú ionas go gcoinníonn iad siúd a fhaigheann íocaíocht a áit ar an bpríomhliosta tithíochta.
• Tarraingt anuas iomlán ar mhaoiniú lóistín don Lucht Siúil ag údaráis áitiúla a chinntiú.
• Leithcheal ar fhaighteoirí íocaíochtaí tacaíochta cíosa a dhéanamh mídhleathach.
• An Ceart ar thithíocht a chumhdach i mBunreacht na hÉireann.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Devlin/Plunkett, Baile Átha Cliath
Cumann Thomas Ashe, Cill Dhéagláin
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 137

Go mbunaíonn an Ard-Fheis seo Grúpa Tithíochta Uile-Éireann chun polasaí tithíochta a athbhreithniú agus comhairle a thabhairt faoi, soláthar reatha tithíochta a athbhreithniú agus comhairle a thabhairt faoi, tithíocht ar cíos san earnáil phríobháideach neamhrialaithe a athbhreithniú agus comhairle a thabhairt faoi (praghsáil aníos amháin agus bunú cothromas níos fearr idir an tionónta agus an tiarna talún san áireamh), straitéis éifeachtach tithíochta tuaithe, ag athbhreithniú reachtaíocht tithíochta ábhartha ar fad, ról na gcumann tithíochta agus le comhairle a thabhairt faoi chúrsaí eile tithíochta.
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair An tSléibhe Dhuibh
Cúige na 6 Chontae
Cumann Traolach MacSuibhne, Corcaigh

Passed

Motion 138

Aithníonn an Ard-Fheis seo na fadhbanna tromchúiseacha a bhaineann le pleanáil a cheadaigh arís agus arís eile tógáil eastát mór tithíochta gan infrastruchtúr ceart iontu chun ligean do phobail fás. Tiomnaímid ár n-ionadaithe tofa chun féachaint chuige go bhfuil infrastructúr cuí mar chuid d’aon phleanáil tithíochta mar chuid den iarratas.
Comhairle Ceantair na Cúirte
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 139

Molann an Ard-Fheis seo obair cumann áitrítheoirí ar fud an oileáin a dhéanann a ndícheall a bpobail a dhéanamh níos sábháilte agus áiteanna níos fearr le cónaí iontu a dhéanamh dóibh. Aithnímid gur fhág údaráis tithíochta agus reachtúla na grúpaí seo gann in acmhainní agus tiomnaímid an páirtí le stocaireacht a dhéanamh chun margadh níos fearr a fháil do na grúpaí pobail seo.
Comhairle Ceantair na Cúirte
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 140

Éilíonn an Ard-Fheis seo feachtas de chuid Shinn Féin le haghaidh reachtaíochta chun ligean don stát rialúcháin ar chíosanna agus costais eile atá i gcoinne leas coiteann an phobail a leagan síos.
Cumann Charlie McGlade, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 141

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann tosaíocht a dhéanamh den imscrúdú ar cheist na mbloc lochtach Mica (míoca moscóíte) de chuid na Roinne Comhshaoil agus rialtas áitiúil agus scéim chúitimh airgid a sholáthar do shealbhóirí tí a bhí thíos leo.
Cumann Charn Domhnach/Mhálanna, Dún na nGall

Passed

Motion 142

Tiomnaíonn an Ard Fheis seo í féin chun stocaireacht ghníomhach a dhéanamh sa Tuaisceart ar son údarás tithíochta aonair a choinneáil chun:
• Féachaint chuige go bhfanann soláthar tithíocht shoisialta i seilbh phoiblí.
• Pleanáil straitéiseach a sholáthar do sheirbhísí tithíochta, easpa tithíochta san áireamh.
• Dul i ngleic le seicteachas i dtógáil agus soláthar tithíocht shoisialta.
• Féachaint chuige go bpleanáilítear tithíocht shoisiala ar fad ar bhonn riachtanas an phobail.
• Soláthar comhpháirtíochta le pobail a neartaíonn rannpháirtíocht an phobail i ngach leibhéal de thithíocht a sheoladh isteach.
Cúige na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair An tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 143

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann tithe soisialta a thógáil a bheidh faoi chúram gach comhairle áitiúil sna 26 Contae. Féachfaidh seo chuige go mbeimid in ann pobail a fhorbairt ar bhealach comhaimseartha agus rathúil. Le clár cúig bliana i dtosach ba chóir go mbeimis in ann dul i ngleic le cuid mhór de na heasnaimh a d’fhág rialtais nach raibh de chúram acu ach amharc i ndiaidh na sealbhóirí bannaí agus iad siúd a d’fhreastail ar a riachtanais.
Cumann Paddy Wright, Cill Dara

Passed

Motion 144

Admhaíonn an Ard-Fheis seo an brú airgeadais a cuireadh ar roinnt údarás áitiúil mar gheall ar an Scéim Chomhiomlánaithe Talún a bheith ag teacht chun deiridh. I lár géirchéim tithíochta, éilímid ar an Rialtas cistiú leormhaith a sholáthar do chomhairlí áitiúla chun tithíocht shoisialta a thógáil a bhainfidh leas as tailte a bhfuil an cead pleanála agus na seirbhísí acu dá leithéid d’fheidhm.
Cumann Mairéad Farrell, Gaillimh

Passed

Motion 145

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le clár tógála do thithe inacmhainne, ina dhíolfar tithe le ceannaithe céaduaire ar chostphraghas (talamh moide costas tógála). Beidh coinníollacha ann nach féidir le héinne níos mó na aon cheann amháin a bheith acu, nach féidir iad a úsáid le haghaidh tithíocht ar cíos san earnáil phríobháideach, agus nach féidir iad a dhíol ach ar an mbuncostas coigeartaithe le haghaidh boilscithe. Infheisteofar an t-airgead a fhorchúiteofar ó dhíol na dtithe seo i dtógáil tuilleadh tithe. Féachfaidh an caiteachas caipitiúil céanna chuige go soláthrófar tithe nua go rialta amach anseo.
Cumann Traolach Mac Suibhne, Corcaigh

Passed

Motion 146

Éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfaí grinnfhiosrúchán níos grinne ar thionóntaí údaráis áitiúil toisc go bhfuil lúbanna ar lár ann a fhágann go dtugtar tithíocht údarás áitiúil do dhaoine atá ciontach as iompar frithshoisialta.
Cumann Charlie McGlade, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 147

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann aithint nach bhfuil na tairsigh fhorlíontacha cíosa reatha oiriúnach don fheidhm agus beart a dhéanamh láithreach chun iad a chur ar aon dul le cíosanna margaidh reatha.
Éilíonn an Ard-Fheis seo freisin ar chumachtaí agus acmhainní neartaithe don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha chun féachaint chuige go gcosnófar cearta agus freagrachtaí tionóntaí agus tiarnaí talún araon.
Cumann Devlin/Plunkett, Baile Átha Cliath
Cumann Patrick Cannon, Baile Átha Cliath
Cumann Peadar Clancy/Mairéad Farrell, An Clár

Passed

Motion 148

Nótálann an Ard Fheis seo:
• Go gcónaíonn thar 4,000 fear, ban agus páistí laistigh de chóras an tsoláthair dhírigh faoi láthair fad agus atá siad ag fanacht ar chinntí faoina n-iarratais ar thearmann; tá cuid mhaith dóibh tar éis maireachtáil laistigh den chóras seo ar feadh níos mó ná seacht mbliana, leis an tromlach díbh ag maireachtáil laistigh den chóras ar feadh trí bliana nó níos mó.
Tugann an Ard Fheis seo faoi deara:
• Nach bhfuiltear siúd atá ag lorg tearmainn i dteideal obair a lorg nó a dhéanamh agus nach bhfuil fáil acu ar bhreisoideachas;.
Aithníonn an Ard Fheis seo:
• Nach dtugann córas an tsoláthair dhírigh mórán saoirse do thuismitheoirí cinntí a dhéanamh faoi thógáil a bpáistí agus beagan deise ar shaol normálta teaghlaigh a bheith acu.
• Go gcaithfidh beartais chun glacadh le daoine atá ag lorg tearmainn meas ar dhínit dhaonna a léiriú.
Tugann an Ard-Fheis seo:
• Údarás do Shinn Féin cur in aghaidh chóras an tsoláthair dhírigh, ag éileamh go gcuirfí deireadh leis agus ina áit tacaíonn sé le beartais fáiltithe a chumhdaíonn prionsabail dínite, neamhspleáchais, agus imeasctha.
Cúige Dheiscirt na hÉireann
Cumann Charlie McGlade, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair An tSléibhe Dhuibh
Cumann Hurson/Quirke, Gaillimh
Cumann O’Malley/McEvilly, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo

Passed

Motion 149

Aithníonn an Ard-Fheis seo ceart phobal an Luchta Siúil taisteal ar fud na hÉireann gan srianta dochraideacha nó míchuí a bheith leagtha orthu. I dtaca leis seo aithnímid gur chóir go gcuirfí níos mó láithrean stad/neamhbhuan ar fáil agus áiseanna cuí ar fáil iontu.
Éilímid freisin ar an Ard-Fheis seo aithint go bhfuil ceart ársa tógtha ag pobal an Luchta Siúil na hearraí seo acu a dhíol ag aonaigh ar fud na hÉireann. Ar an bhonn sin, ceapaimid gur chóir go ligfí dóibh déanamh amhlaidh agus údaráis áitiúla an méid sin a éascú dóibh.
Cumann Martin Hurson, UCC

Passed

Dlúthpháirtíocht Idirnáisiúnta

Motion 150

Nótálann an Ard-Fheis seo an reifreann stairiúil a reáchtáladh sa Chatalóin ar 9 Samhain 2014 agus éilíonn sí ar Rialtas na Spáinne reachtaíocht a rith a ligfidh don Catalóin reifreann ceangailteach a reáchtáil ar cheist an neamhspleáchais.
Ard Chomhairle

Passed

Motion 151

Ceadaíonn an Ard-Fheis seo ceapachán urlabhraí náisiúnta ar an Diaspóra don pháirtí agus éilíonn sí ar Shinn Féin:
• Meitheal a bhunú trí oifig an urlabhraí náisiúnta chun polasaithe ar cheisteanna a bhaineann leis an Diaspóra a fhorbairt.
• Comhthadhall agus plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara maidir le forbairt an pholasaí.
• Féachaint chuige go mbeidh polasaithe ar bith atá á bhforbairt mar chuid d’aon Chlár Rialtais a bheadh á cheapadh agus á chur i bhfeidhm ag an bpáirtí.
• San idirlinn, coinneofar Rialtas na hÉireann cuntasach agus spreagfar é le haon tionscnamh polasaí a thugann Sinn Féin ar aghaidh a chur i bhfeidhm.
• Coinníonn an páirtí, trínár mballraíocht agus ár n-ionadaithe tofa, cúrsaí Diaspóra ar an gclár agus lorgann sé leasuithe dearfacha sna hinstitiúidí agus na heagraíochtaí ina bhfuil ionadaíocht againn.
Ard Chomhairle

Passed

Motion 152

Cáineann an Ard-Fheis seo sceimhle stáit de gach saghas i bhfianaise thuarascáil 9 Nollaig 2014 an tSeanaid faoin íde bhrúidiúil agus mídhleathach a thug an CIA dá phríosúnaigh.
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair An tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 153

Ar 17 Deireadh Fómhair 2011, tharla Comhdháil Idirnáisiúnta ar Réiteach na Coinbhleachta i dTír na mBascach i Donostia/San Sebastian. I measc na n-ionadaithe idirnáisiúnta a bhí i láthair bhí iar-Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe Kofi Annan agus Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams. Mar thoradh ar an gcomhdháil cuireadh Forfhógra Aiete i láthair. Mhol an forfhógra seo próiséas dialóige agus idirbheartaíochta agus réamhfhorfhógra faoi scor deifnídeach i ngníomhaíocht armtha ETA. Fógraíodh forfhógra ETA faoi scor deifnídeach cúpla lá ina dhiaidh sin, rud a chruthaigh deis uathúil agus stairiúil tabhairt faoi chúiseanna agus iarmhairtí na coinbhleachta.
I mí Iúil 2014, d’eisigh ETA ráiteas eile ag fógairt go raibh a struchtúir mhíleata ag teacht chun críche agus go raibh tús á chur le próiseas le deileáil le ceist na n-arm.
Sa suíomh nua seo, áfach, teastaíonn tuilleadh céimeanna chun bogadh i dtreo réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht. Caithfidh beartais pholaitiúla bheith mar fhreagairt ar an scor i ngníomhaíocht armtha, críoch a bheith ag teacht le struchtúir mhíleata ETA agus tús a bheith á chur le próiseas chun deileáil le ceist na n-arm chun na coinníollacha a bhainfidh síocháin chóir agus bhuan amach a chruthú.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar údaráis na Spáinne agus na Fraince na beartais a leanas a chur i bhfeidhm chun próiseas síochána Thír na mBascach a dhlúthú:
- Deireadh le polasaí an scaipthe (beartas aondeonach a chuirtear i bhfeidhm ar phríosúnaigh Bhascacha) agus aistriú láithreach príosúnach a bhfuil spreagadh polaitiúil acu níos cóngaraí dá dteaghlaigh mar chéim thosaigh i dtreo scaoileadh luath.
- Scaoileadh láithreach príosúnach atá i dteideal parúil.
- Scaoileadh láithreach príosúnach atá go dona tinn, príosúnaigh ar chóir a bheith scaoilte faoi reachtaíocht reatha chun cóir leighis a fháil dá dtinnis.
- Scaoileadh láithreach Arnaldo Otegi agus iad siúd a cuireadh i bpríosún mar gheall ar a ndearcadh polaitiúil nó gníomhaíocht pholaitiúil i bpáirtithe polaitiúla, eagraíochtaí óige, gluaiseachtaí sóisialta, nó sna meáin.
- Díbhe na bpróiseas a bhaineann leis na ceisteanna seo, chomh maith le cealú aon bharántas gabhála Eorpach a eisíodh i dtaca le gníomhaíochtaí den saghas céanna.
Ina theannta sin, éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus na hinstitiúidí polaitiúla ról gníomhach a ghlacadh in éileamh ar Rialtas na Spáinne a pholasaí reatha baic atá ag déanamh a bheag den deis stairiúil seo a athrú agus ina ionad sin tacú le próiseas dialóige chun síocháin cóir agus bhuan a bhaint amach i dTír na mBascach.
Ard Chomhairle
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 154

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh cheapachán Martina Anderson FPE mar Chathaoirleach ar Thoscaireacht na Palaistíne de Pharlaimint na hEorpa agus tacaíonn sí léi an ról sin a úsáid chun aird a tharraingt ar na héagóracha atá á ndéanamh ar mhuintir na Palaistíne ina bhfeachtas le saoirse agus a stát féin a bhaint amach.
Cáineann an Ard Fheis seo tuairgneáil Iosrael ar Stráice Gaza thar 50 lá in Iúil agus Lúnasa 2014 a raibh bás breis agus 2,200 Palaistíneach mar thoradh uirthi, agus a raibh 519 díobh ina bpáistí faoi 12 bliain d’aois. Creidimid gur choir chogaidh a bhí i mbuamáil infrastruchtúr sibhialtach cosúil le hospidéil agus scoileanna agus ar an mbonn sinn gur chóir do Bhinse Idirnáisiúnta na gCoireanna Cogaidh í a imscrúdú.
Éilímid tógáil láithreach léigear pionósach agus mídhleathach Stráice Gaza, oscailt na dtrasnuithe teorann go léir, cuan Gaza san áireamh agus síneadh na teorann iascaireachta.
Cáineann an Ard Fheis seo nasc-ghabháil leanúnach Iosrael ar thalamh Palaistíneach ar an mBruach Thiar agus Oirthear Iarúsailéim a sháraíonn dlí idirnáisiúnta agus Coinbhinsiún 1949 na Ginéive. Éilímid cur i bhfeidhm rún na Náisiún Aontaithe agus cur i bhfeidhm dlí idirnáisiúnta. Ina theannta sin, cáinimid na hionraí fíor-ghríosaitheacha Iosraelacha ar chompún Al-Haram al-Sharif in Oirthear Iarúsailéim, ceann de na trí shíomh is tábhachtaí san Ioslám.
Shíneann an Ard-Fheis seo ar ndlúthpháirtíocht leanúnach le muintir na Palaistíne agus spreagann sí lán-tacaíocht don fheachtas baghcait agus dífheistithe ar earraí agus seirbhísí Iosraelacha. Éilímid go háirithe go scorann Rialtas na hÉireann láithreach de bheith ag ceannach armála ó dhéantúsóirí arm Iosraelacha.
Fáiltíonn an Ard-Fheis roimh na rúin ar tacaíodh leo sa Seanad agus sa Dáil ag éileamh ar Rialtas na hÉireann Stát na Palaistíne a aithint go foirmealta ar bhonn teorainneacha 1967 agus Oirthear Iarúsailéim mar príomhchathair aige. Éilímid ar Rialtas na hÉireann seo a dhéanamh gan a thuilleadh moille.
Ard Chomhairle
Mick Murray Cumann, Dublin
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair An tSléibhe Dhuibh
Cumann Mhic Gabhann/Uí Fhearghail/Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath
Cúige Dheisceart na hÉireann
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 155

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an dul chun cinn leanúnach san idirbheartaíocht i bpróiseas síochána na Colóime. Éilímid ar an Úachtarán Santos a atoghchán a úsáid lena chinntiú go gcríochnóidh agus go gcuirfidh Rialtas na Colóime i bhfeidhm próiseas síochána atá inmharthanach agus mar thoradh ar idirbheartaíocht le FARC.
Is cúis aiféala againn cinneadh na Dála Comhaontú Saorthrádála an AE leis an gColóim a rith. Ní bheidh an Comhaontú seo le leas eacnamúil an ghnáth-Cholómaigh agus níl na clásail faoi chearta daonna láidir go leor i bhfianaise thaifead náireach Rialtas na Colóime i dtaca le cearta daonna.
Ard Chomhairle

Passed

Motion 156

Seolann an Ard-Fheis seo beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig Rialtas na hAirgintíne ina dtroid i gcoinne creach-chistí príobhaideacha atá ag baint an bhoinn dá mbeart athstructúraithe fiachais agus ag iarraidh an tír a bhancbhriseadh.
Treisíonn an Ard-Fheis seo ár dtacaíocht le féinchinntiúchán na rialtas sin i nDeisceart Mheiriceá, Meiriceá Láir agus an Chairib polasaithe faoinár toghadh iad a leanúint gan cur isteach ón taobh amuigh agus díchobhsú inmheánach. Molaimid iad siúd a bhfuil a bpolasaithe ag dul i ngleic go héifeachtach le bochtanas, éagothroime agus ciníochas sa réigiún.
Nótálann an Ard Fheis seo freisin atoghchán Evo Morales mar Úachtarán ar an Bholaiv agus a obair leanúnach ag cur i bhfeidhm athchóirithe socheacnamaíocha forchéimnitheacha atá ag laghdú bochtanais agus éagothróime sa tír.
Nótálaimid leis go bhfuil an Rialtas i Veiniséala a toghadh go daonlathach ag cur i gcoinne iarrachtaí ó dhaoine sa fhreasúra ar an éite dheis an tír a dhíchobhsú trí shlite eacnamaíocha agus foréigneacha.
Ard Chomhairle

Passed

Poblacht do Chách – Athchóiriú Polaitiúil agus Cothromas

Motion 157

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis a tacaíocht do chothromas de gach saghas agus a tacaíocht do chothromas pósta don phobal LGBTI.
Éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Go ndéanfaidh gach ball de Shinn Féin stocaireacht láidir ar son cothromas pósta sa reifreann atá le bheith sna 26 Contae i mbliana.
• Go rithfear reachtaíocht sa Tionól chun na cearta céanna a cheadú do shaoránaigh LGBTI sna Sé Chontae.
Tá an Ard-Fheis seo:
• I gcoinne iarrachtaí an DUP a ‘gClásal Coinsiasa’ mar dhea a rith, beart a bheadh ag iarraidh chomhchearta a shéanadh ar shaoránaigh LGBTI.
Ard Chomhairle
Cumann Phádraig Mac Piarais, Doire
Cumann Devlin/Plunkett, Baile Átha Cliath
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 158

  • Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an ghéirchéim eacnamaíochta tar éis aird a tharraingt mar ba chóir ar easnaimh mhóra sa chóras polaitiúil agus go bhfuil ciall cheannaithe go dlistineach ag saoránaigh le córas polaitiúil atá tar éis iad a ligean síos, córas nach bhfuil aird go leor aige ar a ngnáthshaol agus nach bhfuil ábalta deacrachtaí reatha a réiteach nó beart a dhéanamh ar son gnáthshaoránach.
  • Samhlaíonn an Ard-Fheis seo, i bhfíor-Phoblacht go mbeadh cearta ag saoránaigh agus go mbeadh an sochaí bunaithe thart ar na cearta seo ar luachanna lárnacha poblachtacha agus daonlathacha, rud a chinnteoidh cothromas do chách.
  • Rialófaí gach earnáil go trédhearcach sa dóigh is go mbeadh a institiúidí agus a gníomhaireachtaí go léir freagrach.
  • Cáineann an Ard-Fheis seo Comhghuaillíocht Fhine Gael/Phairtí an Lucht Oibre as an tslí a bhfuil teipthe ar fad orthu a ngealltanais faoi athchóiriú na polaitíochta agus ar n-institiúidí a chur i gcrích, is teip í seo a rinneadh níba mheasa trí shráith tubaistí agus cairdeas fabhair gan náire, foghthoghchán an tSeanaid agus eachtra McNulty san áireamh, rudaí atá tar éis cur go mór le ganntanas iontaobh an phobail sa pholaitíocht. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann:
  • Rialachas na hearnála poiblí a nua-aoisiú i gcomhthéacs athchóiriú polaitiúil níos leithne, ceapacháin phoiblí san áireamh a gcaithfidh a bheith oscailte, trédhearcach agus iomaíoch, bunaithe ar thuillteanas in ionad cairdeas fabhair.
  • Deireadh le húsáid gilitíní ar reachtaíocht agus díospóireacht.
  • Gealltanas Chomhaontú Aoine an Chéasta Fóram Saoránach agus Comharliúcháin Uile-Éireann a chur i bhfeidhm.
  • Cearta labhartha agus comhairliúcháin do FPanna an Tuaiscirt agus Baill Tionóil sa Dáil agus sa Seanad.
  • Aisiompú a dhéanamh ar an gcleachtas neamhdhaonlathach de chuid choistí na Comh-aireachta faoina ghlacann siad cinntí feidhmiúcháin go heisiach ar chruinnithe foirmiúla an Rialtais féin (an Comhairle cheathrar ball um Bhainistiú Geilleagrach san áireamh)
  • Na moltaí ón Tionól Bunreachtúil a bhrostú go práinneach chuig céim an reifrinn agus ligean do shaoránaigh cead cainte a bheith acu agus na nithe seo san áireamh; an aois vótála a ísliú go 16; an t-alt um mhná sa bhaile a leasú; cothromas pósta; cearta vótála don uachtaránacht do shaoránaigh an Tuaiscirt agus dóibh siúd atá ina gcónaí lasmuigh d’Éirinn; athchoiriú na Dála; cearta eacnamúla, soisialta agus cultúrtha. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus Meitheal Athcoirithe an tSeanaid:
  • Dul i gcomhairle go críochniúil leis na páirtithe agus na grúpaí ar fad laistigh den Oireachtas ach le saoránaigh na tíre i gcoitinne chomh maith le machnamh a dhéanamh ar an tslí is fearr chun an Seanad a athchoiriú chun féachaint chuige go mbeidh sé ina institiúid chuimsitheach, ionadaíoch agus fhreagrach.
  • Toghchán díreach a thabhairt isteach trí thoghchóras uilíoch saoránach na hÉireann ar fad.
  • Ionadaíocht Tuaisceartach agus Diaspóra a thabhairt isteach.
  • Ballraíocht 50 faoin gcéad do mhná a thabhairt isteach.
  • Féachaint chuige go mbeidh ionadaíocht ann do mhionlaigh imeallaithe i sochaí na hÉireann. Ard Chomhairle Cumann Wolfe Tone, Cill Dara
Passed

Motion 159

Éilíonn an Ard Fheis seo reachtaíocht a ligfidh do shaoránach ar bith atá in aois vótála, ach iad an líon sínte a theastaíonn a bhailiú, reifreann a spreagadh laistigh d’achar sáinithe ama.
Cumann Thomas Ashe/Mairéad Farrell, An Longfort

Passed

Motion 160

Nótálann an Ard-Fheis seo:
• Go mbíonn an córas pinsin agus speansais do pholaiteoirí tofa ag leibhéal an stáit agus údaráis áitiúil iomarcach agus díréireach go romhinic.
• Tá cuid de na leasuithe a rinneadh i gcóras na bpinsean do pholaiteoirí tofa sna 26 Contae easnamhach, sa mhéid is nach gcuirtear i bhfeidhm go hiarghabhálach iad.
• Tá grúpa de 119 iar-Aire Oireachtais ach go háirithe atá ag fáil dhá phinsin de réir an tseanchórais.
Ar an mbonn sin, éilíonn an Ard-Fheis seo:
• Teorainn le tuarastail, speansais agus pinsin gach ball den Oireachtas agus údaráis áitiúla.
• Cur I bhfeidhm iarghabhálach gach socrú nua pinsin
Comhairle Ceantair Chathair Chorcaigh
Cumann an Óglaigh Diarmuid O’Neill , Corcaigh
Cumann Lawlor/Mulvihill/Clashmealcon Martyrs, Ciarraí

Passed

Motion 161

Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfidh an córas pinsin d’ionadaithe poiblí ar aon dul le taithí gnáthoibrithe áit nach bhfaightear pinsean go dtí an aois scoir dleathach. Sna 26 Contae bhainfeadh sé seo leis an Acht um Phinsin sa tSeirbhís Phoiblí (Scéim Shingil agus Forálacha eile) 2012 a chur i bhfeidhm, a leagann an aois ceart pinsin ar dhaoine a thagann isteach i ndiaidh an 1 Eanáir 2013.
Cumann Hogan/Riain/Loinsigh, Luimneach

Passed

Motion 162

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo seasamh reatha an pháirtí ar fhorais phoiblí neamhspleácha (nó mar is fearr aithne orthu Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Nach Mór Uathrialaitheach nó ‘Quangos’) mar seo a leanas:
- Tá Sinn Féin i gcoinne cruthú quangos nach bhfuil gá leo, go háirithe nuair a d’fhéadfaí an obair atá i gceist a dhéanamh ar bhealach oiriúnach laistigh de roinn Rialtais nó eagraíocht phoiblí reatha eile.
- Aithnímid áfach, go bhfuil feidhmeanna poiblí ar leith ann ba chóir a bheith a láimhseáil ag foras poiblí atá neamhspleách ar an Rialtas, go háirithe nuair is cearta Bunreachtúla nó bunchearta eile saoránach atá i gceist agus/nó nuair ba chóir leas poiblí a chosaint ó leas dílsithe.
- Dearbhaímid gur seo an tástáil a dhéanaimid chun cinntiú cé acu ar chóir tacú le forais phoiblí neamhspleácha reatha a choimeád sa tsiúl nó cur ina gcoinne nó foras poiblí neamhspleácha nua a chruthú.
- I ngach cás, ba chóir go raibh cistiú poiblí d’forais mar seo ag brath ar thrédhearcacht iomlán agus freagracht maidir leis an úsáid a bhaineann siad as cistí poiblí agus níor chóir don luach saothair don bhainistíocht dul thar a chomhionann sa Státseirbhís.
- Ar an tslí chéanna, ba chóir go raibh ceapacháin phoiblí ar bhoird bhainistíochta nó do rólanna POF laisigh de na forais seo ag brath ar phróiseas oscailte agus trédhearcach. Ba chóir go raibh ceapacháin den saghas seo bunaithe ar fhiúntas agus bheith á ndéanamh de réir prionsabal idirdealadh dearfach chun méadú na héagsúlachta a chinntiú.
- Beartaíonn an Ard-Fheis seo agus iad sa Rialtas go dtabharfaidh Sinn Féin faoi athbhreithniú ar na forais go léir den saghas seo agus súil acu gan ach na cinn a bhfuil na critéir thuasluaite comhlíonta acu a choimeád agus na feidhmeanna ar fad eile a thabhairt ar ais faoi choimirce Ranna Rialtais.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann na Máighe, Dún na nGall

Passed

Motion 163

Ag aithint go bhfuil teorainn Bhunreachtúil ann faoi láthair le líon na n-airí atá in ann suí i gComh-aireacht na 26 Contae (socraithe ag 15), éilíonn an Ard-Fheis seo:
- Ar an Ard Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar ghealltanais polasaí a rinneadh roimhe faoi aireachtaí breise nó aireachtaí soisearacha i bhFeidhmeannas na 26 Contae, agus sin a chur i gcrích a luaithe agus is féidir i 2015.
- Beartaíonn an Ard-Fheis seo gan tuilleadh gealltanas polasaí a dhéanamh i dtaca le rólanna Comh-aireachta molta go dtí gur féidir an anailís seo a chríochnú.
- Ina theannta sin, beartaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir anailís costais is tairbhe a dhéanamh i gcónaí sula moltar atheagrú ar Roinn Rialtais chun féachaint chuige go mbeidh an tairbhe féideartha don phobal níos suntasaí ná an costas a bhainfeadh leis an chur isteach ar na bunseirbhísí a sholáthraíonn an Roinn atá i gceist.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 164

Aithníonn an Ard-Fheis seo ról tábhachtach na Bunreachta mar an ráthaíocht is bunúsaí ar chearta gach saoránaigh agus aithníonn sí freisin nach féidir fíor-ionnanas a bhaint amach i sochaí na hÉireann fad agus a nascann an Bhunreacht leas an reiligiúin agus rialtas don phobal atá san iomaíocht lena chéile.
Geallann Sinn Féin mar sin go mbainfidh sé gach tagairt reiligiúnda as Bunreacht na hÉireann, rud a chinnteoidh saoirse choinsiasa agus smaointeoireacht reiligiúnda do gach saoránach agus a chruthóidh córas rialtais a fhaigheann a údarás ó na daoine a bhfuil sé ag freastal orthu, muintir na hÉireann.
Cumann na Máighe, Dún na nGall

Passed

Motion 165

Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil Sinn Féin tiomanta don eaglais agus an stát a scaradh i ngach cúinse mar bhunús le poblacht atá fíordhaonlathach agus cuimsitheach agus mar sin de geallann sí teagasc reiligiúnda agus creideamh pearsanta a choinneáil amach ó dhréachtú agus aontú dlí agus polasaí ar fud an oileáin seo.
Cumann Phádraig Mac Piarais, Doire

Passed

Motion 166

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas láir agus áitiúil socrúcháin fleisc-am agus oibriú ón bhaile a chur i bhfeidhm go hiomlán nuair is cuí agus aithníonn sí go mbeidh na nithe a leanas mar thoradh air:
• Níos lú taistil do chomaitéirí, go háirithe i gceantair tuaithe.
• Táirgiúlacht níos fearr.
• Níos lú asláithreacht tinnis
• Coigilt shuntasach ar oifigí agus eastáit.
• Buntáistí comhshaoil.
• Níos lú brú tráchta
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 167

Aithníonn an Ard-Fheis seo an t-ionchur suntasach a bhíonn ag daoine óga inár sochaí. Nótálann sé leis síneadh ceart vótála do dhaoine 16 agus 17 bliain d’aois sa reifreann ar neamhspleáchas na hAlban le déanaí agus fáiltíonn sé roimh an tionchar déarfach a d’imir seo ar dhaonlathas rannpháirteach in Albain. Éilíonn an Ard-Fheis seo mar sin go n-ísleofaí an aois vótála i ngach toghchán agus reifreann feasta go 16.
Cúige na Sé Contae
Comhairle Ceantair An tSléibhe Dhuibh
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 168

Molann an Ard-Fheis seo gur chóir don Ard Chomhairle fiosrú a dhéanamh ar an bhféidearthacht scéim vótála riachtanach a thabhairt isteach le go mbeidh torthaí toghcháin ann atá fíordhaonlathach. Ba chóir seo a bhunú ar shamhail na hAstráile agus ba chóir í a chur i bhfeidhm ar bonn 26 Contae.
Cumann Piarais McCann, Tiobraid Árann

Passed

Motion 169

Éilíonn an Ard-Fheis seo leasú ar Acht Tochcháin 1992 chun ligean do shaoránaigh de chuid na hÉireann a chónaíonn taobh amuigh den stát ceart vótála agus cláraithe a bheith acu mar thoghthóirí i dtoghcháin Uachtaránachta, Dála, Eorpacha agus údaráis áitiúil:
• Leasú ar Ranna 7, 8, 9 agus 10 d’Acht Tochcháin 1992 áit a mbainfear den Reacht an coinníoll ar shaoránaigh de chuid na hÉireann a bheith ‘ina gcónaí de ghnáth’ sa Stát, agus ar an tslí sin ag ligean d’eisimircigh vótáil i dtoghcháin Uachtaránachta, Dála, Eorpacha agus údaráis áitiúil.
• Aguisín a chur le Roinn 14 den acht thuasluaite chun ligean d’iontráil saoránach neamhchónaitheacha ar liosta na bpostvótálaithe.
Go dtí go leasófar an reacht seo, nótálann an Ard-Fheis seo critéir na gCoimisinéirí Ioncaim don ‘ghnáthcónaí’ agus éilíonn sí go n-úsáidfí an sainmhíniú seo chun saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh den stát a cháiliú le vótáil suas go dtí tús an cheathrú bliain dóibh a bheith as láthair.
Cumann Mac Diarmada/Gilgunn, Liatroim

Passed

Motion 170

Éilíonn an Ard-Fheis seo go n-atarraingeofaí na teorainneacha toghcháin áitiúla chun aird a thabhairt ar aonaid pobail nó tuaithe a bheith sa toghlimistéar áitiúil céanna agus gur critéar é achar agus toghlimistéir áitiúla a dtarraingt.
Peadar Clancy/Mairéad Farrell, An Clár

Passed

Motion 171

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí neamh-chomhionannas inscne a aithint ní amháin mar cheist do mhná ach gur ceist í ar chóir d’fhir tabhairt fuithi freisin. Chun sin a aithint éilímid ar an Ard-Fheis seo aontú le feachtas dlúthpháirtíochta na Náisiún Aontaithe do mhná ‘He for She’ agus aird a thabhairt ar an bhfeachtas seo agus polasaithe á ndéanamh againn.
Comhairle Ceantair Colin

Passed

Ag Úsáid ár nAcmhainní Nadúrtha ar mhaithe leis an bPobal

Motion 172

Nótálann an Ard-Fheis seo:
• Go bhfuilimid ag tarraingt ar dheireadh ré an ola shaoir.
• Go mbeidh éagobhsaíocht eacnamúil, neamhdhiongbháilteacht fuinnimh, agus leibhéil níos airde bochtanais, tearcrochtain fuinnimh san áireamh, mar thoradh ar muid a bheith ag brath ar bhreoslaí iontaise amach anseo.
• Ní féidir leis an damáiste don chomhshaoil atá mar thoradh ar úsáid breoslaí iontaise leanúint ar aghaidh.
• Ba chóir go mbainfí úsáid as acmhainní nadúrtha ar thalamh, san fharraige, agus san aer chun leas mhuintir na hÉireann agus ba chóir iad a úsáid ar bhealach atá freagrach go soisialta.
Aithníonn an Ard-Fheis seo an gá le foinsí malartacha fuinnimh agus breosla atá in-athnuaite agus slán ó thaobh an chomhshaoil de a aimsiú chun go mbeimid in ann:
• Ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
• Teacht ar ionadaí don ola nuair a ritheann sé amach.
• Éirí níos neamhspleáiche agus féinleorga ó thaobh fuinnimh de chun slándáil fuinnimh a bhaint amach.
Éilíonn an Ard-Fheis seo forbairt Straitéis Uile-Éireann um Bhreosla In-athnuaite a:
• Mheasfaidh gach foinse in-athnuaite inmharthana fuinnimh – fuinneamh ó acmhainní a athnuaitear laistigh d’achar gairid ama cosúil le solas na gréine, gaoth, fearthainn, an taoide, tonnta, agus teas geoitearmach.
• Chuirfidh forbairt fuinnimh agus breosla in-athnuaite mar bhealach chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus laghdú leibhéil tearcrochtana fuinnimh chun cinn.
• Chuirfidh cosaint an chomhshaoil chun cinn.
• Chuirfidh earnáil nua gheilleagrach san fhuinneamh in-athnuaite chun cinn.
• Chuirfidh úinéireacht phobail-stáit foinsí fuinnimh in-athnuaite chun cinn chun féachaint chuige go bhfanann na buntáistí as giniúint fuinnimh leis an bpobal agus go mbaintear úsáid astu chun leas ginearálta an tsochaí.
• Threiseoidh an gá le fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail.
• Thacóidh le húinéireacht phobail-stáit agus a chuirfidh í chun cinn ar mhaithe leis na daoine sin a chónaíonn ar an oileán seo agus córas ann atá cosúil leis an gcur chuige comhoibríoch a leantar i dtíortha eile.
• Maidir le fuinnimh gaoithe, éilíonn an Ard-Fheis seo go rialófaí an tionscail go docht. Éilímid rialacháin pleanála dochta nuair a thagann sé chuig forbairt feirmeacha gaoithe.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 173

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le cur chun cinn an ghrianfhuinnimh chomh maith le rialú feirmeacha mór-scála chun féachaint chuige go bhfuil forbairtí ag teacht leis an gceantar agus leis an tírdhreach áitiúil.
Cumann Gerard Casey, Aontroim

Passed

Motion 174

Nótálann an Ard-Fheis seo forbairt Fheirm Ghaoithe Phobal Theampall Doire i gCo. Thiobraid Árann mar eiseamláir a d’fhéadfaí a leanúint i gceantair eile ina bhfuil forbairtí fuinneamh in-athnuaite le bheith déanta.
Ar an mbonn sin, éilíonn an Ard-Fheis seo go mbronnfaí cead pleanála ar iarrthóirí atá ag súil le thar 1 mheigeavata d’fhuinneamh in-athnuaite a ghiniúint ar an gcoinníoll go ndéanann siad conradh leis an údarás áitiúil go dtabharfar 6.25% de scaireanna na comhlachta san fhorbairt mholta chun áiseanna pobail sa cheantar in aice leis an bhforbairt a chistiú go díreach agus ar mhaithe le húinéireacht chomharchumainn de chuid an phobail áitiúil mar leas saoil san fhorbairt, is é sin an 6.25% de scaireanna na comhlachta. Beidh an 6.25% seo de scaireanna na comhlachta ar an íosmhéid ar féidir leis comharchumann pobail a bheith aige san fhorbairt seo.
Coinneofar dáileadh na scaireanna seo agus cistí ar bith a thuillfear uathu ar iontaobhas ag an údarás áitiúil go dtí gur féidir comharchumann pobail a bhunú sa cheantar áitiuil. Dáilfidh an comharchumann tuilleamh ó na scaireanna seo ar thionscnaimh pobail agus eagraíochtaí sa cheantar díreach taobh leis an bhforbairt.
Beifear ag súil le go fóill leis na gnáthchoinníollacha pleanála agus caithfear cloí leo. Ba chóir don údarás pleanála féachaint chuige nach sáraítear sláine pleanála agus deartha an Phlean Forbartha Áitiúil.
Cumann Charles J Kickham, Tiobraid Árann

Passed

Motion 175

• Nótálann an Ard Fheis seo gur lig bunú Margadh Leictreachais Aonair (MLA) uile-Éireann i 2007 do na gineadóirí fuinnimh ar fad ar an oileán cur le linn aonair fuinnimh.
• Creideann an Ard-Fheis seo gur chóir go soláthródh comhchuibhiú uile-Éireann gnóthachain éifeachtúlachta trí dhéanamh ar shiúl le dúbláil acmhainní agus praghsanna níos ísle do thomhaltóirí.
• Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil sé riachtanach go bhfuiltear siúd a bhfuil baint acu leis an gcoiste MLA, Rialtóir na bhFóntas sa Tuaisceart, agus an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh sa Deisceart, ag comhoibriú ar mhaithe le leas tomhaltóirí fuinnimh sa dá dhlínse.
• Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeadh togra an MLA mar chuid den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, le hairí ar an dá thaobh den teorainn ag comhoibriú chun féachaint chuige go bhfaigheann tomhaltóirí an margadh is fearr agus is féidir.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 176

Nótálann an Ard-Fheis seo:
• Go bhfuil EirGrid ag athbhreithniú na dtionscadal GridWest agus GridLink agus súil acu leis na cáblaí leictreachais a chur faoin talamh ar feadh cuid de na cúrsaí seo ar a laghad.
• Trí thionscadal an Idirnascaire Thuaidh-Theas a fhágáil as aon athbhreithniú, go bunúsach táthar ag caitheamh le pobal réigiún na teorann mar shaoránaigh ísealchéime.
Éilíonn an Ard-Fheis seo:
• An comhairliúchán agus an rannpháirtíocht chéanna i dtaca le tionscadal an nascaire Thuaidh-Theas, measúnú mionsonraithe ar dhul chun cinn an tionscadail trí cháblaí faoin talamh san áireamh, faoi mar a bhí i gceist leis na tionscadail GridWest agus GridLink.
• Ina theannta sin, éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Ard Chomhairle nua-cheaptha, agus ionadaithe tofa Theach Laighean agus Thionól an Tuaiscirt:
• Cur i gcoinne tabhairt isteach an nascaire Thuaidh-Theas Eirgrid/NI Electricity trí línte cumhachta lastuas crochta ar phiolóin a úsáid.
• Tuarascálacha ráithiúla a chur thart ó urlabhraithe na bpáirtithe, Thuaidh agus Theas, faoi seach ar dhul chun cinn i dtreo na hairí Rialtais, an Comh-aireacht/Feidhmeannas sa dá dhlínse faoi seach, agus Eirgrid/NI Electricity a bheith ag glacadh leis an riachtanas nach féidir leanúint ar aghaidh leis an tionscadal seo ach amháin trí cháblaí faoin talamh a úsáid.
Cúige Lár Tíre/an Iarthuaiscirt
Comhairle Ceantair Mhuineachain

Passed

Motion 177

Is cúis aiféala ag an Ard-Fheis an cinneadh a rinne Bord Soláthair an Leictreachais le déanaí deireadh a chur leis an scéim phíolótach a lig do shealbhóirí tí 9 cent a fháil ar gach cileavatuair cumhachta a ghintear.
Éilíonn an Ard-Fheis seo dréachtú polasaí ag an bpáirtí a ligfidh do shealbhóirí tí fuinneamh in-athnuaite a dhíol leis an ngreille ar bhealach níos éasca. Cuideoidh seo le daoine a bheith neodrach ó thaobh carbóin de san úsáid fuinnimh seo acu trí, mar shampla, grianphainéil a chur ar an díon agus fuinneamh breise a dhíol leis an ngreille sa samradh, rud a thabharfadh sochar dóibh do mhíonna an gheimhridh agus ar an mbonn sin ag laghdú billí bliantúla do theaghlaigh. Ba chóir machnamh a dhéanamh ar scéim dheontais mar chuid de seo, rud a ligfidh do dhaoine gléasanna spárála fuinnimh a chur isteach. Tá an struchtúr reatha praghsála, is é sin táillí níos airde d’úsáideoirí leictreachais níos lú, téann sé in aghaidh an chaomhantais. Ní mór don rialálaí deireadh a chur leis an gcóras seo agus deireadh a chur le pionós a ghearradh ar thithe a ghineann a gcuid cumhachta féin, nó a úsáideann leictreachas go cúramach.
Cumann Traolach Mac Suibhne, Corcaigh

Passed

Motion 178

Éilíonn an Ard-Fheis seo reifreann chun cumhdach a dhéanamh ar chearta mhuintir na hÉireann ar úinéireacht acmhainní nadúrtha na tíre agus an t-ioncam ar fad ó na hacmhainní nadúrtha seo a úsáid ar mhaithe le leas an phobail.
Cumann Roibéaird Eiméid, Baile Átha Cliath
Cumann Caisleán Nua, Luimneach

Passed

Motion 179

Nótálann an Ard-Fheis seo tuarascáil Nollaig 2014 ón Údarás um Fhuinneamh Inmharthana a fuair amach go bhfuil praghsanna fuinnimh na hÉireann ag méadú níos gaiste ná an meán Eorpach, méaduithe de 19 faoin gcéad agus 29 faoin gcéad i bpraghsanna leictreachais tí agus tionscail ó 2010 san áireamh, agus cáineann sí ganntanas aon pholasaí Rialtais chun dul i ngleic le méaduithe i dtearcrochtain fuinnimh agus praghsanna fuinnimh.
Treisíonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht d’fhuinneamh in-athnuachana agus spreagann sé iarracht níos mó i dtreo Éire a sprioc cheangailteach AE a bhaint amach, is é sin gur chóir go dtiocfadh 16 faoin gcéad d’fhuinneamh na hÉireann ó fhoinsí in-athnuachana faoi 2020.
Dá réir sin, failtíonn an Ard-Fheis seo roimh aighneacht Shinn Féin do chomhairliúchán Páipéar Glas na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus spreagann sé an páirtí an aighneacht seo a úsáid mar bhunús le polasaí cuimsitheach fuinnimh de chuid an pháirtí, arna dréachtú le rannpháirtíocht ghníomhach agus oscailte na mball.
Cumann Eiméid/Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 180

• Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le cosaint chomhshaoil.
• Nótálann an Ard-Fheis go gclúdaíonn comhshaol na hÉireann na 32 contae ar fad agus gur chóir sin a aithint i gcinntí polasaí.
• Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir glacadh go dáiríre le himní faoin gcomhshaol, go háirithe nuair atá tionscnaimh mhóra infrastruchtúir a imríonn tionchar ar an gcomhshaol agus a bhfuil cur isteach mór ag baint leo á gcur i bhfeidhm.
• Éilíonn an Ard-Fheis seo bunú Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar bhonn uile-Éireann a bhfuil na cumhachtaí riachtanacha aici chun dlíthe cosanta comhshaoil a chur i bhfeidhm.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 181

Aithníonn an Ard-Fheis seo go mbaineann rialuithe níos boige le sceitheadh in uiscí cósta i gcomparáid le huiscí inbhearacha agus éilíonn sí ar ár mbaill tofa oibriú i dtreo fhreaschur ainmniúchán Loch Feabhail mar uiscí cósta.
Cumann na Máighe, Dún na nGall

Passed

Motion 182

Atreisíonn an Ard-Fheis seo a tiomantas cosc a chur ar fhraiceáil in Éirinn agus aithníonn sí an tionchar a d’imreodh forbairt dá leithéid ar thionscail na turasóireachta agus na talmhaíochta má ligtear di dul ar aghaidh.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh
Cumann Carndonagh/Malin, Dún na nGall
Cumann Bhéal Atha na Muice, Maigh Eo

Passed

Motion 183

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann a dualgas cúraim do mhuintir na hÉireann a chur i gcrích agus gach bealach féideartha a úsáid chun cosc a chur le tógáil agus coimisiúnú aon fhearas nua nuicléach, nó athchoimisiúnú aon fhearas reatha dá leithéid, ar fud chósta iarthair oileán na Breataine. Chomh maith leis sin go nglacann sé ar láimh ní amháin cur ina choinne ach stocaireacht ghníomhach a dhéanamh i gcoinne forbairt ar bith dá leithéid agus go léiríonn sé ceannaireacht idirnáisiúnta do thíortha beaga eile a mhothaíonn faoi bhagairt ag an gcúrsa atá á ghacadh ag a gcomharsana níos cumhachtaí.
Comhairle Ceantair Mhuineachain
Cumann Uí Chianáin/ Uí Dhochartaigh, Muineachan
Cumann Mhistéil/Uí Sheachnasaigh, Muineachan

Passed

Motion 184

Is trua leis an Ard-Fheis seo an cur amú airgid ar an gcóras nua cód poist nach ndéanfaidh aon rud fiúntach agus an riocht atá anois air seachadh poist a éascú agus a bhfuil an baol ag baint leis go gcuirfidh sé le creimeadh ainmneacha na mbailte fearainn.
Cumann Caisleán Nua, Luimneach

Passed

Cearta an Linbh

Motion 185

Iarrann an Ard-Fheis seo:
• Ar Rialtas na hÉireann a thiomantas do Choinbhinsiún um Chearta an Linbh de chuid na Náisiún Aontaithe.
• Aithníonn sé cáineadh Chomghuaillíocht um Chearta an Linbh ar Éirinn as gan caighdeán cuí maireachtála bheith ar fáil agus gan cearta cothroime agus neamhleithcheala bheith ann do leanaí.
• Aithníonn sé freisin go bhfuil 10% de leanaí sna 26 Contae ina gcónaí faoi bhochtaineacht leanúnach sa bhliain 2014, a bhogann Éire níos cóngaraí do bhun an liosta de 41 tír forbartha de réir tuarascála le déanaí ó Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí (UNICEF).
• Iarrtar ar Rialtas na hÉireann beart a dhéanamh de réir a bhriathair maidir leis an tiomantas a thug sé sa reifreann ar chearta an linbh sa bhliain 2012, chun cur chuig bunaithe ar an leanbh a ghlacadh maidir lena chosaint agus chun cosaint leanaí agus bearta um chosaint shóisialta a bhunú ar leas an linbh.
Cúige Éireann Dheas

Passed

Motion 186

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear maoiniú cuí ar fáil do Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus Theaghlaigh) ionas gur féidir le seirbhísí ar nós Ionaid Éigeandála Éignithe seirbhísí fadtéarmacha comhairliúcháin agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd atá thíos faoi ainíde gnéis. Ba chóir go mbeadh seirbhísí den chineál seo faoi riail áitiúil ionas go mbeadh teacht orthu agus go mbeadh seirbhís chomhsheasmhach ann. Ba chóir do Shinn Féin tosaíocht a dhéanamh de seo, is cuma cé acu mar Rialtas nó mar Fhreasúra é. Níor chóir go mbeadh seirbhísí tacaíocht teaghlaigh nó seirbhísí atá bunaithe ar inscne maoinithe ag Tusla bheith thíos faoi chiorruithe ar bith eile agus ba chóir go mbeadh maoiniú cuí ar fáil dóibh.
Cumann Uí Mháille/ Mhic an Mhíleadha, Maigh Eo
Cumann Uí Ghliasáin, Loch Garman

Passed

Motion 187

Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfidh Rialtas na hÉireann i bhfeidhm straitéis chun naíolanna pobail a raibh a thoilleadh le coinneáil acu a mhaoiniú mar is ceart agus chun seirbhísí cúraim leanaí d’ardchaigheán atá thíos mar gheall ar chiorruithe a fhorbairt mar sheirbhís riachtanach pobail inár gcomharsanachtaí, seirbhísí as a n-eascraíonn torthaí dearfacha don phobal.
Cumann Markievicz/Uí Fhearghail, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 188

Don Ard-Fheis seo:
• Agus cuireann fáilte roimh na treoracha frithbhulaíochta a tugadh isteach i scoileanna na 26 Contae agus éilíonn sé go gcuirtear i bhfeidhm ar bhonn reachtúil iad agus go gcuirtear maoiniú breise ar fáil do scoileanna chun cleachtais choisctheacha a chur i bhfeidhm.
• Cuireann fáilte roimh an reachtaíocht atá á forbairt i láthair na huaire sa Tionól chun beartais scoileanna in aghaidh gach cineál bulaíochta, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach, creidimh, cine agus bulaíocht in aghaidh daoine atá míchumasach.
• Éilíonn go ndéantar straitéis in aghaidh na ciberbhulaíochta a fhorbairt ar bhonn uile-oileánda chun an dul chun cinn dearfach atá déanta cheana féin a fhorbairt.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 189

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh suirbhé ar bhonn náisiúnta ann ar cheist na bulaíochta agus go mbeidh éileamh sa suirbhé sin ar shainmhíniú nua a thabhairt ar chiall an fhocail ‘bulaíocht’ de réir an Fhoclóra Oxford English. Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh sé riachtanach tuairisciú a dhéanamh ar an mbulaíocht.
Cumann Ursáin/ Uí Chuirc, Gaillimh

Passed

Motion 190

Léiríonn an Ard-Fheis seo an-imní maidir le scála agus tionchar na cibearbhulaíochta agus nótálann sé gur daoine óga iad bunús na n-íospartach cé go mbíonn baol ann do chách a úsáideann na meáin shóisialta.
Nótálann an deacracht a bhaineann le reachtaíocht a chur i bhfeidhm a rachaidh go croí na faidhbe toisc go bhfuil an tIdirlíon agus na meáin shóisialta mar chuid lárnach de shaol an uile lae do go leor daoine agus go bhfuil sé chor a bheith dodhéanta monatóireacht a dhéanamh ar theachtaireachtaí pearsanta a fhaigheann tú ar ghléas a bhíonn á choinneáil i do phóca agat.
Éilíónn an Ard-Fheis seo go gcuirfidh Rialtas na hÉireann agus Tionól an Tuaiscirt maoiniú ar fáil do thionscadail phíolóta a mbeidh feachtais dhírithe mar thoradh orthu, á reáchtáil ag daoine óga, a bhíonn fostaithe, chun dul i ngleic le ceist na cibearbhulaíochta agus na trollála, lena n-áirítear scéim atá roghnach agus sainmhínithe go soiléir maidir le fóraim chomhrá.
Éilíonn go ndéantar daoine óga a chumhachtú le ceannaireacht a ghlacadh ar an gceist seo as siocair gurb iad a bhíonn thíos faoi agus gurb iad freisin a bhfuil an t-eolas is mó acu faoin meán.
Sa deireadh, molann an Ard-Fheis seo do dhaoine súil a choinneáil amach le haghaidh chomharthaí na cibearbhulaíochta agus molann go mbaintear úsáid as an Idirlíon ar bhealach slán agus freagrach.
Cúige na Sé Chontae

Passed

Póilíneacht agus Ceartas

Motion 191

Creideann an Ard-Fheis seo go bhféadfaí freastal níos fearr a dhéanamh ar shábháilteacht pobal áitiúil ar fud na hÉireann trí chomhoibriú, oiliúint agus trí phleanáil mhéadaithe idir An GardaSíochána agus SPTÉ.
Éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfaí uasdátú ar an Straitéis Trasteorann um Phóilíneacht, a seoladh sa bhliain 2010, agus go ndéanfaí athbhreithniú air, lena n-áirítear:
• Tiomantas, Thuaidh agus Theas, chun na torthaí ón straitéis do phobail áitiúla a uasmhéadú.
• Meicníocht chun éifeachtacht na straitéise tras-Teorann a aimsiú, a thaifead agus a athmheas.
• Comh-straitéis oiliúna agus dea-chleachtais don Garda Síochána/SPTÉ a fhorbairt.
• Go dtabharfar faoin athbhreithniú chun éifeachtacht na socruithe reatha a uasmhéadú maidir le malartuithe pearsanta, iasachtaí, agus iontráil thaobhach.
• Dea-chleachtas a mhalartú maidir le rannpháirtíocht na póilíneachta agus pobail áitiúla.
• Go n-amharcfar ar reachtaíocht chun moltaí a chur chun tosaigh do rannóga cuí, a chuirfeadh le cumas An Garda Síochána/SPTÉ bheith ag obair le chéile chun cóiriúlacht a aimsiú agus a chosc.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 192

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le haighneacht Shinn Féin ar leasú na póilíneachta sna 26 Contae ar a dtugtar ‘A New Beginning for Policing’. Cé go n-aithníonn muid gur fhógair Rialtas na hÉireann leasú áirithe, creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil gá le leasuithe breise má tá tús nua le haghaidh na póilíneachta i ndán dúinn sna 26 Contae agus éilíonn muid go gcuirfear moltaí Shinn Féin i bhfeidhm go hiomlán.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 193

Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil obair an Bhoird Phóilíneachta, Oifig Ombudsman na Póilíneachta agus na Cigireachta um Cheartas Coiriúil riachtanach chun maoirseacht a dhéanamh ar an bpóilíneacht agus go mbíonn sí cuntasach. Ní féidir barraíocht a rá faoin idirghníomhú idir na forais seo agus muinín a chruthú i measc an phobail maidir le cúrsaí póilíneachta. Déanann suim bheag de mhaoiniú don phróiseas um cheartas cóiriúil, i gcomórtas le suimeanna eile, difear an domhain do mhuinín an phobail; gníomh fritorthúil agus gearr-radharcach atá ann iarraidh ar na forais seo ciorruithe móra buiséid a thabhairt ar bord.
Iarrann an Ard-Fheis seo, mar sin, ar Aire Dlí agus Cirt na Sé Chontae buiséad bliantúil na bhforas seo a fhortheilgean, fiú in aimsir seo na sriantachta buiséid, agus chun bearnaí i gcumhachtaí Ombudsman na Póilíneachta a leasú.
Anuas air seo, éilíonn an Ard-Fheis ar fhorais mhaoirseachta ar bith ar na Gardaí a chomhionann de chumhachtaí a bheith acu agus atá ag forais ó Thuaidh, ar aon dul le soláthar Chomhaontú Aoine an Chéasta ar chearta daonna.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 194

Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo agus tacaíonn muid le cearta mhuintir na hÉireann dul i mbun na hagóide síochánta. Is beag leis agus cáineann sé go smior gníomhaíochtaí baill áirithe de An Garda Síochána in aghaidh ár saoránach. Iarrann sé ar Choimisinéir na nGardaí agus ar an Aire Dlí agus Cirt dul i ngleic leis an gceist láithreach agus ar Ombudsman na nGardaí iniúchadh a dhéanamh ar gach gearán a fhaightear ó shaoránaigh i gcásanna den chineál seo.
Cumann Oirthear an Chláir, Co. an Chláir
Cumann Margaret Skinnider, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 195

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh ráitis le déanaí ó Ardchonstábla SPTÉ ar ‘Muinín a thógáil trí Phóilíneacht sa Phobal’. Aontaímid go bhfuil gá leis an gcoincheap seo chun cúrsaí póilíneachta a athrú sa Tuaisceart. Tá gá le níos mó a dhéanamh, áfach, lena chinntiú go nglacann gach leibhéal de SPTÉ le héiteas agus le himpleachtaí oibriúcháin na ‘Póilíneachta sa Phobal’.
Nótálaimid cur i gcoinne leanúnach agus iarmharach ó chodanna áirithe de na póilíní maidir le rannpháirtíocht i agus cuntasacht do phobail áitiúla. Tá géarghá le glacadh le ‘Póilíneacht sa Phobal’ a fheabhsú ar leibhéal na Foirne Comharsanachta, an Aonaid, an Aonaid Freagartha, an Ghrúpa Um Thacaíocht Oirbheartaíocht agus ar leibhéil na Bainistíochta Oibriúcháin áitiúla.
Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl in athuair tacaíocht Shinn Féin d’obair na gComhpháirtíochtaí um Phóilíneacht agus Phobal, an Bhoird Phóilíneachta, agus a gcuid ionadaithe maidir le tacaíocht gan choinníoll a chur chun cinn agus maidir le glacadh le ‘Muinín a Thógáil trí Phóilíneacht sa Phobal’.
Cumann Chaoimhín Uí Loingsigh, Doire

Passed

Motion 196

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le pobail agus póilíní bheith ag obair le chéile trí chomhpháirtíocht fhíor agus chothrom agus cuimhnítear ar mholadh Patten “gur chóir go mbeadh an phóilíneacht laistigh den phobal bheith mar chroí-fheidhm na seirbhíse póilíneachta agus mar chroí-fheidhm gach stáisiúin póilíní”.
Aithníonn an Ard-Fheis seo, sa Tuaisceart:
• Go go bhfuil gá leis an seirbhís póilíneachta a chur ar fáil trí chomhpháirtíocht chuimsitheach agus chuiditheach sa phobal agus go ndéantar é leis an méid is mó de dháileadh údaráis agus freagrachta.
• Rinneadh comhpháirtíochtaí úra idir na póilíní agus pobail áitiúla a fhorbairt nach bhféadfaí a shamhlú 15 bliana ó shin agus is gá iad siúd a chur i bhfeidhm i ngach ceantar.
• Is gá go dtiocfaidh forbairt ar rannpháirtíocht phobail - a bhfuil follasacht, cuntasacht agus tiomantas do chaighdeáin mhaireachtála daonna idirnáisiúnta mar bhonn leis.
• Ní mór do ‘Póilíneacht sa Phobal’ a bheith mar bhonn ag cinneadh ar bith póilíneachta, is cuma más cinneadh faoi oibriúcháin phóilíneachta é, nó faoi cheantair a athstruchtúrú, nó faoin dóigh le dul i ngleic le srianta sa bhuiséad.
• Níor chóir go mbeadh cead ag póilín ar bith teagmháil a chailleadh le croí-fheidhm ‘Póilíneacht sa Phobal’.
Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbíonn:
• ‘Póilíneacht sa Phobal’ mar chroí-fheidhm ag an seirbhís phóilíneachta agus mar chroí-fheidhm ag gach stáisiún póilíní.
• ‘Póilíneacht sa Phobal’ le neadú leis an oiliúint ionduchtaithe agus leis an traenáil inseirbhíse, i gcóras molta feidhmíochta (lena n-áirítear le haghaidh aonad speisialtóireachtaí), i gcinntí ar bith faoin mbuiséad, nó i gcóras ar bith athstruchtúraithe.
• Bearta faoi leith lena chinntiú go mothaíonn an pobal in áiteanna iargúlta, nó i ‘láithreacha achrainn’ dar leis na póilíní, go bhfuil an deis acu dul i bhfeidhm ar thosaíochtaí póilíneachta ina chomharsanacht.
• Próisis idirbheartaíochta a bhfuil substaint leo idir na póilíní, lena n-áirítear Foirne Comharsanachta Póilíneachta, agus struchtúir áitiúla pobail.
• Próisis shaincheaptha rannpháirtíochta a chruthú idir daoine óga agus na póilíní.
• Uasmhéid comhairliúcháin agus follasachta maidir le spriocanna pleananna póilíneachta de réir ceantar a eagrú agus dáileadh acmhainní póilíneachta de réir ceantar.
• Straitéis um shábháilteacht phobail atá maoinithe go poiblí agus a éascaíonn idirbheartaíocht a bhfuil substaint leis idir SPTÉ, údaráis phoiblí, comhairlí áitiúla agus pobail áitiúla.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
Cumann Ghleann na hAbhann
Cumann Mórcheantair Bhaile Uí Mhurchú

Passed

Motion 197

Roinneann an Ard-Fheis seo dlúthpháirtíocht leo siúd a d’fhulaing mar gheall ar phóilíneacht pholaitiúil le déanaí agus éilíonn sé go mbíonn deireadh ar fad le póilíneacht bunaithe ar chuspóirí polaitiúla.
Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 198

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an bhfoilseachán i mí na Samhna 2014 den ‘‘Stocktake Report into the 2010 Maghaberry Prison Agreement by the Independent Assessment Team’, agus nótálann sé an méid a d’fhéadfadh leis an tionscadal seo a chur i gcrích. Cuirimid ar taifead an imní atá orainn maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta go dtí seo.
Cuirimid ár dtuairim in athuair gurb é cur i bhfeidhm Chomhaontú 2010 an bealach trínar féidir gach ceist achrainn a réiteach lena chinntiú go gcaithfear le príosúnach, gach ball foirne agus teaghlach le dínit agus le meas.
Leanfaidh Sinn Féin de bheith dírithe ar na ceisteanna seo, lena n-áirítear tabhairt faoi chuairteanna a thabhairt ar an bpríosún go rialta agus teagmháil a dhéanamh le gach páirtí leasmhar, go háirithe an Roinn Dlí agus Cirt, lena chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm láithreach na hathruithe cuí agus na coinníollacha príosúnachta.
Ard Chomhairle
Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 199

Éilíonn an Ard-Fheis seo go n-éascóidh Rialtas na hÉireann teaghlaigh na bpríosúnach seo trí phríosúnaigh a aistriú chuig príosún atá cóngarach dá mbailte nuair a iarrtar é de réir an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Aistriú Príosúnach.

Éilíonn an Ard-Fheis seo freisin go dtógfaidh Rialtas na hÉireann aonad nua Dóchas i bPríosún Luimnigh chun na coinníollacha mídhaonnachtúla ina gcoinnítear príosúnaigh mná a mhaolú.
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 200

Molann an Ard-Fheis seo obair Choiste na nIarchimí le hiarphríosúnaigh agus a dteaghlaigh agus deimhníonn sé in athuair go gcaithfear amharc arís ar cheisteanna iar-phríosúntachta de réir mar atá siad leagtha amach i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 201

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbíonn seirbhísí leabharlainne ar fáil arís i ngach príosún sna 26 Chontae. Tá sé riachtanach go mbíonn teacht ar sheirbhísí leabharlainne ag príosúnaigh ar mhaith lena n-oiliúint agus athshlánú. Má bhaintear seirbhísí leabharlainne de phríosúnaigh is amhlaidh gur lú seans a bheidh acu saol a chaitheamh saor ón gcoiriúlacht.
Cumann Uí Mháille/ Mhic an Mhíleadha, Maigh Eo

Motion 202

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbíonn cead cannabas a shaothrú, a dhíol agus a choinneáil in Éirinn.
Cumann Martin Hurson, Corcaigh
Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Failed

Motion 203

Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcruthaíonn an Ard-Chomhairle coiste faoi leith chun measúnacht a dhéanamh ar leasaithe idirnáisiúnta maidir le polasaí drugaí agus ar chur chun feidhme na bpolasaithe seo in Éirinn.
Cumann Sheáin Uí Raghailligh, Gaillimh
Comhairle Ceantair Iarthar na Gaillimhe

Passed

Motion 204

Don Ard-Fheis seo:
• Nótálann go mbíonn drochthionchar ag drugaí, idir shiabhráin dhleathacha agus shubstaintí mídhleathacha, ar dhaoine óga, ar phobail agus ar an tsochaí ar an iomlán agus nach bhfuil muid eolach ar fhíorscála na deacrachta seo.
• Nótálann go ndíoltar cuid mhór de na substaintí seo ar líne, ó dhuine go duine agus nach leor na ‘siopaí siabhráin’ a dhruidim le dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
• Aithníonn nach rachaidh cosc iomlán ar shubstaintí nua go croí na faidhbe agus nach léireoidh sé na fáthanna a dtéann daoine i muinín substaintí sícghníomhacha, is cuma dleathach nó mídhleathach.
• Aithníonn gur cur chuige uile-Éireann an t-aon bhealach le dul i ngleic leis an bhfadhb agus cáineann Rialtas na Breataine as diúltú a bheith páirteach i reachtaíocht an AE sa réimse seo.
Don Ard-Fheis seo:
• Éilímid ar Rialtas na hÉireann agus ar an Tionól ceannairí áitiúla agus pobail a chumhachtú chun comharthaí mí-úsáid drugaí a aithint agus maoiniú a chur ar fáil do chláir atá dírithe ar an bpobal le cuidiú leo seo atá i mbaol.
• Creidimid go gcaithfear dul i ngleic le fachtóirí sochaí atá taobh thiar de mhí-úsáid drugaí agus den leibhéal ard úsáide drugaí in Éirinn.
• Iarraimid go n-ardaítear feasacht ar an gcontúirt a bhaineann le siabhráin dhleathacha agus go dtéitear i ngleic leis na bunfhadhbanna san obair a dhéanann an rialtas ar bhonn náisiúnta agus áitiúil le grúpaí óige (trí oiliúint phiara agus na meáin shóisialta).
• Iarraimid ar an Rialtas, Thuaidh agus Theas, feasacht drugaí (dleathach agus mídhleathach) a thabhairt isteach sa churaclam náisiúnta agus le gné tras-teorann ann.
• Molaimid gur chóir don rialtas áitiúil, lucht an dlí, lucht leighis, scoileanna agus dóibh siúd a sholáthraíonn siabhráin dhleathacha moltaí a chur chun tosaigh lena chinntiú nach mbíonn básanna ar bith eile ann mar gheall ar tháirgí neamhrialaithe a dhíol.
Cúige na Sé Chontae
Comhairle Ceantair Chathair Dhoire
Comhairle Ceantair Aontroim Thuaidh
Cumann Beechmount

Passed

Motion 205

Nótálann an Ard-Fheis seo rún tacaíochta na bliana seo caite faoin bhfeachtas Múch an Solas Dearg (TORL) ach aithníonn sé an fhianaise bhreise nach bhfuil ag éirí leis an tsamhail Shualannach a dtugann an feachtas TORL dó.
Mar thoradh ar an taighde atá foilsithe ag Ollscoil na Banríona, Grúpa Comhairliúcháin na NA ar SEIF agus Sex Work agus eile, cáineann an Ard-Fheis seo gáinneáil ar ghnéas agus saothar gnéis éigeantais ach cuirimid ar ceal cinneadh Ard-Fheis 2013 chun tacú leis an bhfeachtas Múch an Solas Dearg, agus aithnítear gurb í an tacaíocht a thugtar do pholasaithe ar theip orthu is mó a chuireann fir agus mná a bhíonn ag obair in earnáil an ghnéis i mbaol.
Molann an Ard-Fheis seo go ndéanann an páirtí polasaí bunaithe ar fhianaise a fhorbairt ar cheist na hoibre in earnáil an ghnéis nach laghdóidh cumas sábháilteachta bhunús na n-oibrithe gnéis, agus nach saineofaí iad a thuilleadh ná nach gcuirfidh sé isteach ar bhealach diúltach na hiarrachtaí soláthraithe seirbhíse maidir le dochar a laghdú, mar atá léirithe mar thoradh ar thaighde maidir leis an tsamhail atá molta an TORL.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le breitheanna níos déine dóibh siúd a dhúshaothraíonn oibrithe gnéis agus a bhaineann brabús as gáinneáil ar dhaoine.
Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbíonn cur chuige ann a théann i ngleic leis na cúiseanna a chuireann fir agus mná chun oibre in earnáil an ghnéis ach a chuireann a shláinte agus a shábháilteacht chun cinn.
Cumann Eiméid/Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath
Cumann an Dr Andy Cooney/Jim Gleeson, Tiobraid Árann
Cumann Uí Chlúmháin/Mhic Cárthaigh, Ciarraí
Cumann Uí Leathlobhair/Uí Mhaoilmhichil/Mhairtírigh Chlais Maolchon, Ciarraí

Failed

Motion 206

Nótálann an Ard-Fheis seo an gá le dul i ngleic le fadhb na neamh-chomhsheasmhachta agus na trócaire i mbreitheanna mar cheist a bhfuil tábhacht shuntasach phoiblí léi.
Dá bhrí sin, tugann Sinn Féin tiomantas do chlár oiliúna éigeantaí a chur ar bun a dtabharfaidh na breithiúna faoi sula dtugtar cead dóibh bheith mar bhreitheamh.
Éilíonn an Ard-Fheis freisin gur chóir dóibh siúd a ngairtear orthu chun seirbhís ghiúiré a dhéanamh buníocaíocht a fháil agus go mbeidh cead acu costais faofa a chur isteach as siocair nach mbíonn siad faoi mhíbhuntáiste agus iad ag feidhmiú mar shaoránaigh sa phróis bhreithiúnach.

Cumann na Máighe, Dún na nGall

An Ghaeilge

Passed

An Ghaeilge

Motion 207

Cuireann an Ard-Fheis fáilte roimh fhoilsiú Dréacht-Acht na Gaeilge ag an Aire Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta de chuid Shinn Féin agus iarrtar go dtéitear i ngleic go huile is go hiomlán sa phróiseas comhairliúcháin.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 208

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur theip arís agus arís ar Rialtas na hÉireann maoiniú cuí a chur ar fáil don Ghaeilge agus go ndeachaigh sé siar, mar Rialtas, ar go leor gealltanas atá déanta aige maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
Iarraim, mar sin, ar Rialtas na hÉireann deireadh a chur lena pholasaí ciorruithe agus an maoiniú atá caillte a thabhairt ar ais d’Fhoras na Gaeilge (thart ar 40% ó bunaíodh sa bhliain 1999 é) agus maoiniú a chur ar fáil chun Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann an cinneadh a thug sé a chur i gcrích chun comhartharí bóithre dhátheangacha a chur ar fáil agus an Ghaeilge agus an Béarla ar an méid céanna orthu agus go ndéanfaidh an tAire Forbartha Réigiúnaí sna Sé Chontae an cheist chéanna a fhiosrú i gcomhar lena chomhghleacaí sna 26 Chontae.
Iarrann an Ard-Fheis seo freisin ar Rialtas na hÉireann na céimeanna cuí a ghlacadh chun deireadh a chur le maolú an AE maidir leis an nGaeilge, ag cinntiú, dá bhrí sin, go dtugtar aitheantas ceart don Ghaeilge chomh maith le beagnach 190 post a chruthú.

Ard Chomhairle
Cumann Uí Laoghóige/ Uí Mhuirthile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 209

Aithníonn an Ard-Fheis seo an méid a rinne iris An tUltach maidir le caomhnú agus cur chun cinn chanúint Chúige Uladh ó cuireadh i gcló den chéad uair riamh é 91 bliain ó shin, i mí Eanáir 1923. Déanann An tUltach freastal ar sheancheantar Chúige Uladh ina bhfuil deich gcontae - na Sé Chontae, Cabhán, Muineachán, Dún na nGall agus Lú.
D’fhoilsigh Foras na Gaeilge anailís chuimsitheach ar irisí/nuachtáin chlóite agus ar líne sa bhliain 2011 agus ba í an Dr. Regina Uí Chollatáin, a bhfuil meas uirthi mar scoláire, a chuaigh i gcionn na hoibre seo. Cé gur cáineadh go leor den soláthar ag an am, ba léir an moladh gur foilseachán gairmiúil agus riachtanach ba ea An tUltach ag an am agus gur chóir é a choinneáil san fhormáid ina bhfuil sé (i.e. clóite).
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le foilsiú leanúnach An tUltach nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil sé mar chrann taca in éabhlóid Ghaeilge Uladh agus an ról atá aige i gcaomhnú agus i gcur chun cinn Ghaeilge Chúige Uladh as seo amach.
Cumann Pheadair Mhic Giolla Mheana, Ard Mhacha

Passed

Motion 210

Don Ard-Fheis seo:
• Aithnímid luach ról Oifig an Choimisinéara Teanga chun forais phoiblí a choiméad cuntasach as polasaí teanga.
• Iarraimid ar an gCoimisinéir Teanga bheith ag obair le gníomhaireachtaí stáit agus le pobal na Gaeilge chun cur le straitéis teanga.
• Iarraimid freisin go dtabharfar cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn go gníomhach.
Cúige Éireann Dheas

Passed

Motion 211

Molann an Ard-Fheis seo obair ghníomhaithe Shinn Féin faoina dtacaíocht leanúnach don Ghaeilge. Go háirithe, ba mhaith linn an obair mhór a rinneadh agus an rath a bhí ar an méid seo a leanas:
• An Chiste Infheistíochta Gaeilge, atá ag tógáil infreastruchtúir chaipitil don Ghaeilge ó Thuaidh
• Iarrachtaí leanúnacha an Aire Chultúir, Carál Ní Chuilín, chun tacú leis an nGaeilge agus i gcur chun cinn na Gaeilge trí straitéis na Gaeilge a thabhairt chun cinn agus trí Acht Gaeilge a dhréachtú.
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 212

Iarrann an Ard-Fheis seo ar a mbaill go léir iad féin a dhíriú i dtreo thionscadal Líofa 2015, agus cairde, teaghlach agus baill eile den pháirtí a spreagadh chun páirt a ghlacadh ann, agus molaimid an bhreis agus 7,000 duine a bhfuil sé seo déanta acu cheana féin. Iarraimid freisin ar an Ard-Fheis seo iarradh ar a gcuid ball imeacht bunaithe ar Líofa a reáchtáil ina gceantar féin chun an scéim agus an teanga a chur chun cinn.
Coiste Náisiúnta Óige
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair na Cúirte
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 213

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin mar chuid den Rialtas straitéis dhátheangach náisiúnta a chur le chéile agus iarraimid orthu cinnte a dhéanamh de, mar chuid de chlár ar bith den chineál seo, go dtabharfar acmhainní rialtais, nuair is féidir, rochtain saor in aisce, nó a bhfuil fóirdheontais leo, do dhaoine fásta freastal ar ranganna Gaeilge.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin mar chuid den Rialtas athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar dheontais tráchtála agus ar fhóirdheontais eile a thugtar do cheantair Ghaeltachta le measúnú a dhéanamh ar an tionchar dearfach, más ann dó, a bhíonn acu ar chur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha sna ceantair Ghaeltachta.
Cumann Mhic Gabhann/Uí Fhearghail/Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath

Passed

Spórt, Ealaíona agus Turasóireacht

Motion 214

Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo ár bpáirtí do pholasaí leathan a fhorbairt atá tiomanta d’eagraíocht ealaíona a fhorbairt in Éirinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Aithneofar i bpolasaí den chineál seo an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a bhíonn ag na healaíona ar an tír agus thabharfaí aitheantas do na healaíona mar thionscadal an-suntasach ar chóir an tacaíocht chéanna a thabhairt dó agus a thugtar do chúrsaí talmhaíochta nó turasóireachta.
Cumann Hurson/ Uí Chuirc, Gaillimh

Passed

Motion 215

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le hiarracht uile-Oileánda Chumann Rugbaí na hÉireann Corn Rugbaí an Domhain a óstáil sa bhliain 2023.
Cumann Roibéird Éiméid, Tiobraid Árann

Passed

Motion 216

Iarrann an Ard-Fheis seo ar CLG dul ar aghaidh le plé le cónaitheoirí maidir leis an obair tógála nua thart ar Pháirc Mhic Easmuinn.
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Passed

Motion 217

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh na féidearthachtaí dearfacha turasóireachta a bhaineann le ‘Slí an Atlantaigh Fhiáin’ agus molann gur chóir dul ar aghaidh le cur chuige uile-Oileánda curtha chun cinn ag gach páirtí leasmhar san earnáil turasóireachta.
Cumann Charn Domhnaigh/ Mhálanna, Dún na nGall

Passed

Motion 218

Éilíonn an Ard-Fheis seo go bhfaighidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht an maoiniú cuí le go gcuirfear tús leis an obair ar athchóiriú Chanáil Uladh, Béal Tairbirt go Cluain Eos sa bhliain 2015.
Éilíonn an Ard-Fheis seo freisin go bhfaighidh an tAire faomhadh go leanfar ar aghaidh leis an obair gan bhriseadh go céim a dó, Cluain Eos go Baile Mhuineacháin, agus go dtugann gach páirtí tiomantas don chur i gcrích an tionscadail athchóirithe, an córas nasctha Éirne/an tSionainn go Loch nEathach, faoin mbliain 2021.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed