Ard Fheis 2017 Motions
Fixing the Housing Crisis
Motion 1
Nótálann an Ard-Fheis seo:
- An ghéarchéim tithíochta agus easpa dídine sna 26 Contae;
- Gur theip ar Rialtas na hÉireann infheistíocht a dhéanamh i soláthar cuí
tithíochta sóisialta nó inacmhainne;
- Gur theip air an earnáil phríobháideach cíosa a rialú mar is ceart;
- Gur theip air dul i ngleic leis an ngéarchéim maidir le riaráistí morgáiste ar
dhóigh trínar féidir le daoine fanacht ina dtithe;
- An easpa infheistíochta leanúnacha de lóistín cuí le hagahidh an lucht siúil.
- Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis tiomantas Shinn Féin chun an Ceart chun Tithíochta
a dhaingniú sa Bhunreacht;
- Éilíonn an Ard-Fheis:
- Dúbláil ar infheistíocht chaipitil i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne chun
10,000 fíortheach shóisialta a sholáthar agus 4,500 teach inacmhainne cíosa
agus ceannaigh a sholáthar in 2018;
- Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe le go mbeidh tionóntachtaí
ann a mhairfeas tréimhse éiginnte; srian ar chúiseanna inar féidir le tiarnaí
talún fógraí fágála a éisiúint; agus cinnteacht cíosa ina nasctar léirmheasanna
cíosa le hinnéacs ar nós an Phraghasinnéics Thomhaltóirí (CPI);
- Na beartais dheimhneacha seo a thabhairt isteach chun tithe folmha a chur in
úsáid in athuair;
- Cleachtóirí Dócmhainneachta Poiblí a thabhairt isteach laistigh de sheirbhís
MABS Abhaile ar son na ndaoine sin atá faoi chruachás morgáiste;
- An maoiniú le haghaidh lóistín don lucht siúil a thabhairt ar ais ar leibhéil 2008
agus cumhachtaí nua trínar féidir leis an Aire Cláir Lóistín don Lucht Siúil a
chur i bhfeidhm laistigh d’údaráis áitiúla ach mbaintear úsáid as maoiniú atá
leithdháilte cheana féin chun é seo a dhéanamh.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
Cumann Thomas Allen (Baile Átha Troim)
Cumann James Stephens (Cathair Chill Chainnigh)
Cumann Liam Ryan (Baile Átha Luain)
Motion 2
Aithníonn an Ard-Fheis seo polasaí reatha Shinn Féin chun cearta tionóntaí a dhaingniú trí
shlándáil níos fearr ar thréimhsí tionachtaí agus fíorchinnteacht maidir le cíos a thabhairt
isteach. Creideann Sinn Féin gur cheart go mbeadh faoiseamh cánach ar mhorgáistí tiarnaí
talún nasctha le sábháilteacht níos fearr tionóntachta agus cíosa a sholáthar.
Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, ar Rialtas na hÉireann faoiseamh cánach de 100%
a sholáthar do thiarnaí talún a sholáthraíonn tréimhsí tionóntachtaí d’fhad nach bhfuil
srian leo agus cinnteacht cíosa trí léirmheasanna cíosa a nascadh trí innéacs, chomh maith
le faoiseamh úis mhorgáiste a laghdú go 50% le haghaidh tiarnaí talún nach soláthraíonn
tionóntachtaí d’fhad nach bhfuil srian leo agus cinnteacht cíosa trí léirmheasanna cíosa a
nascadh.
Cumann Black/ Ryan (Leamhcán)
Motion 3
Aithníonn an Ard-Fheis seo an tuarascáil is déanaí ó Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta
Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha agus taighde a choimisiúnaigh an Coimisiún um
Chomhionannas ó Thuaidh atá luaite san iniúchadh is déanaí a rinneadh ar Thithíochta agus
Pobail ina léirítear nach bhfuil rochtain chothrom sna 6 Chontae ar:
- Tithíocht shóisialta agus teaghlaigh Chaitliceacha ag fanacht sé mhí níos faide ná
protastúnaigh chun tithe a fháil;
- Lóistín cuí don lucht siúil;
- Tithíocht athchóirithe le haghaidh daoine míchumasacha.
Ag an Ard-Fheis seo:
- Dearbhaítear ár dtiomantas chun lóistín cuí agus inacmhainne a sholáthar do
chách;
- Éilítear ar Rialtas na Breataine na fiacha stairiúla atá ar an Fheidhmeannas
Tithíochta a chur ar ceal;
- Gealltar go rachfar i ngleic leis an easpa láithreacha lóistín atá ar fáil don lucht siúil;
- Éilítear go mbeadh oiriúnuithe cuí ann agus tacaíocht tithíochta le haghaidh daoine
míchumasacha, agus;
- Iarrtar go gcuirfear deireadh le héagothroime de gach cineál.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Motion 4
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann Oifigigh Inbhuanaithe Tionóntachtaí a cheapadh i
ngach comhairle nach bhfuil a leithéid ann cheana féin.
Cumann Doherty/Delany (An Uaimh)
Motion 5
Nótálann an Ard-Fheis seo maidir le polasaí reatha Fheidhmeannas Tithíochta Thuaisceart
Éireann maidir le pointí imeaglaithe nach dtugtar san áireamh pointí a bhronnadh orthu siúd
atá faoi imeagla mar gheall ar dhrochíde baile agus dá bhrí sin éilíonn sé ar an bhFeidhmeannas
Tithíochta ó Thuaidh athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí maidir le pointí imeaglaithe chun
dul i ngleic leis seo toisc go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach áit chónaithe shábháilte a
bheith acu atá saor ón imeagla agus ón bhfoiréigean.
Cumann Mhairtítigh Oileán an Ghuail/ Chluain Eo
Motion 6
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear gur éirigh an Rialtas as Athnuachan Bhaile Munna agus bonneagar
riachtanach fágtha gan chríoch ná forbairt;
- Éilítear go dtabharfar isteach plean ceart athnuachana do phobal Bhaile Munna
atá forbartha i ndiaidh comhairliúcháin chuimsithigh leis an bpobal áitiúil agus lena
n-áirítear straitéisí comharsanachta chomh maith le pleananna le haghaidh oiliúna agus
oideachais, feasbhsuithe fisiciúla agus forbairt gheilleagrach.
Cumann McCabe/Quigley (Baile Munna)
Motion 7
Ag an Ard-Fheis seo:
- Ba cheart go dtacófar le cur i bhfeidhm iomlán agus luath na n-ocht moladh teicniúla sa
tuarascáil a rinne Painéal Saineolaithe ar Bhlocaí Coincréide i gcontaetha Dhún na nGall
agus Mhaigh Eo;
- Éilítear ar Rialtas na hÉireann cothroime agus cóir a léiriú d’úinéirí tithe agus chun
scéim cúitimh a thabhairt isteach le haghaidh teaghlaigh agus sealbhóirí tí atá thíos leis.
Cumann Charn Domhnaigh/ Mhálainne
Motion 8
Ag an Ard-Fheis seo:
- Léirítear imní faoin ngéarchéim tithíochta atá ag dul in olcas, go háirithe i mBaile Átha
Cliath;
- Nótáiltear:
- Gurb é Rialtas na hÉireann, go háirithe maidir le buiséid chaipitil a ghearradh ar
údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, is cúis leis an ngéarchéim tithíochta i mBaile Átha
Cliath;
- Níl sé inghlactha daoine a chur a chónaí in óstáin agus i dtithe ósta;
- Ní réiteach ar bith é san fhadtéarma ar an ngéarchéim tithíochta na moill teaghlaigh;
- Is é an réiteach fadtéarmach ná clár cuimsitheach chun tithe sóisialta agus
inacmhainne san fhadtéarma a thógáil.
- Moltar go ndéanfaidh Rialtas na hÉireann an méid seo a leanas:
- Geallúint a thabhairt go gcuirfear 10,000 aonad tithíochta sóisialta ar fáil go dtí go
mbíonn an ghéarchéim tithíochta thart;
- Ba cheart go dtabharfar isteach reachtaíocht chun tithe inacmhainne a cheannach
agus a ghlacadh ar cíos;
- Ba cheart go gcinnteodh na hairí cuí go gcaithfidh talamh poiblí atá i seilbh CIE agus
OPW a chur ar fáil d’údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath d’fhonn tithíocht shóisialta
agus inacmhainne a thógáil;
- Ba cheart go gcinnteodh go rachadh an tAire Tithíochta, Pleanála Pobail agus Rialtais
Áitiúil i ngleic le nádúr maorlathach an phróisis faofa, mhaoinithe agus sholáthair. Ní
mór an próiseas seo a dhéanamh éifeachtach, follasach agus aonchéimeach;
- In ainneoin na bpróiseas reatha rannpháirtíochta leis an earnáil phríobháideach
chun láithreáin a fhorbairt tríd an Tionscnamh Talún, ba cheart go maoineofaí agus
go dtacófaí forbairt mheasctha tionóntaí a mbeadh an rialtas i gceannas air ar
thailte údaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath;
- Ba cheart go soláthródh sé maoiniú breise d’údaráis áitiúla chun an aga
comhlánaithe ar easnaimh a laghdú;
- Ba cheart go dtabharfaí isteach reachtaíocht chun an t-am a laghdú mbíonn cead ag
forbróirí suí ar thalamh athchriosaithe sula gcaithfidh siad tógáil air;
- Ba cheart go mbeadh tithíocht shóisialta agus inacmhainne saor ón gcaidhp €20m
atá tugtha isteach de réir an Athbhreithnithe ar Chaiteachas Poiblí 2011.
Cúige Bhaile Átha Cliath
Motion 9
Aithnítear ag an Ard-Fheis seo:
- Gur dúshlán mór é bochtaineacht bhreosla le haghaidh teaghlaigh i dtithíocht
Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath;
- Go bhfuil 8,653 teach i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhfuil géarghá
le hinsliú iontu;
- Chosnódh clár iomlán inslithe do Bhaile Átha Cliath €139m ach tá easnamh de
€40m ag Comhairle Cathrach Bhaile Cliath.
Dá bhrí sin, éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Tithíochta, Pleanála Poiblí agus Rialtais
Áitiúil a bheith ag obair le bainisitíocht Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le
Comhairleoirí chun an maoiniú seo a aimsiú go práinneach.
Cumann James Connolly (Baile Formaid)
Motion 10
Cuireann an Ard-Fheis seo in aghaidh iarrachtaí ar bith de chuid an Aire nó na Roinne
Tithíochta, Pleanála Poiblí agus Rialtais Áitiúil chun cumhacht bhaill tofa údaráis áitiúla a
laghdú, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, gné ar bith dá gcuid pleananna forbartha
contae a fhorbairt nó a leasú.
Ní mór do bhaill údaráis áitiúla, atá tofa go daonlathach, an t-údarás a choinneáil
chun plean forbartha contae a athrú má léiríonn sé toil na ndaoine a bhfuil siad
ionadaíoch orthu, gan cead a fháil ó oifigigh feidhmiúcháin nach bhfuil tofa.
Cumann Barnes/McCormack (An Muileann Gearr)
Sinn Féin in Government
Motion 11
Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo:
- An dul chun cinn suntasach déanta ag Sinn Féin i gcúrsaí toghcháin agus
polaitíochta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear an méadú ar ionadaíocht
Shinn Féin ar chomhairlí áitiúla, i bParlaimint na hEorpa, sa Tionól agus i
dTeach Laighean, agus mandáid mhéadaithe an pháirtí i dtionól Westminister
na bliana seo;
- Taifead láidir soláthair airí rialtais Shinn Féin sa Tionól ó Thuaidh, chomh maith
le hobair ár dTeachtaí Dála agus Seanadóirí san Oireachtas, ár bhFeisirí de
Pharlaimint na hEorpa agus ár bhFeisirí Parlaiminite agus ár gComhairleoirí.
- Ár dtiomantas agus uaillmhian chun polasaithe Shinn Féin a chur i bhfeidhm sa
rialtas, Thuaidh agus Theas.
Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo freisin:
- Polaitiú méadaithe le blianta beaga anuas daoine óga ó gach glúine, daoine
óga ach go háirithe, a bhfuil an déine ag dul i bhfeidhm orthu, chomh maith
le teip polasaithe agus idé-eolaíocht a bhí, agus atá, á leanúint ag páirtithe na
bunaíochta;
- Go bhfuilimid i lár claochlaithe politiúla, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta,
claochlú a thugann deis chun polaitíocht fhorásach a fhorbairt agus do Shinn
Féin a bheith ar an bpáirtí is mó sna 26 Contae agus sna Sé Chontae;
- Ní thagann an claochlú sin trí pholaitíocht toghcháin amháin, ach trí
ghníomhaíocht, plé, cath tuairimí, polaitiú agus dul i bhfeidhm ar thuairimí an
phobail chun éileamh coitianta le haghaidh athruithe polaitiúla a chruthú.
Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tiomantas Shinn Féin chun:
- Tacaíocht choitianta a thógáil maidir le hÉirinn Aontaithe ar mhaithe le
Cothrom na Féinne, comhionannas agus tiomantas chun feabhas a chur go
forásach ar shaol gach saoránaigh;
- Leanúint ar aghaidh leis an obair chun bheith ar an bpáirtí is mó sna 26 Contae
agus sna Sé Chontae;
- Agus sinn ag dúil le hathaontú na hÉireann, a bheith i gceannas ar rialtas
forásach sna 26 Contae agus ár bpolasaithe rialtais, thuaidh agus theas, a chur
i bhfeidhm.
- Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo gur ag Ard-Fheis Speisialta a dhéanfar
cinneadh ar bith de chuid Shinn Féin dul isteach i gcomhrialtas, agus go
mbeidh an Ard-Fheis tionólta ar an gcúis sin, agus go mbeidh an cinneadh
bunaithe ar chumas an pháirtí chun clár forásach Poblachtach a sholáthar sa
rialtas.
Ard Chomhairle
Cumann Mairtírigh Lawlor/Mulvihill/Chlais Maolchon (Baile Uí Thaidhg/An Tóchar/Baile
Dubh)
Cumann Keating/Sands (An Comarach)
Cumann Charlie McGlade (Droimeanach)
Motion 12
Ag an Ard-Fheis seo:
- Aithnítear:
- Fás agus rath polaitiúil Shinn Féin le blianta beaga anuas mar thoradh ar obair
dhian ár ngníomhaithe, ár mball, ár bhfostaithe agus ár n-ionadaithe tofa;
- Mian bhaill Shinn Féin go mbeidh an páirtí mar chuid den rialtas sna 26 Contae;
- Ár dtiomantas chun Polacht Shóisialach 32 Contae a chruthú.
- Taifead na bpáirtithe a chuaigh isteach mar pháirtithe sóisearacha i gcomhrialtas
le Fianna Fáil agus Fine Gael san am a chuaigh thart agus an gá le freasúra láidir
pholaitiúil sa Dáil;
- Cuirtear in iúl nach rachaidh Sinn Féin isteach sa Rialtas mar chomhpháirtí
sóisearach le Fianna Fáil ná Fine Gael i ndiaidh an chéad toghcháin eile.
Cumann Peadar Clancy/Mairéad Farrell (Inis)
Cumann Joe McDonnell (Droim Chiaráin)
Motion 13
Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo nach rachaidh Sinn Féin isteach sa rialtas sna 26 Contae ach
amháin mar an pháirtí i mó suíocháin sa Dáil.
Cumann Óglach Diarmuid O’Neill (Baile an Chaisleáin/Cinn Éich)
Motion 14
Molann an Ard-Fheis seo go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht tugtha ar ais mar phost
sinsearach aireachta i rialtas ar bith de chuid Shinn Féin sna 26 Contae agus nach mbeadh
punann de chineál ar bith mar seo nasctha le réimse aireachta ar bith eile.
Cumann Thomáis Ághais (An Daingean)
Motion 15
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin gan dul isteach sa rialtas le páirtí eile mura mbíonn
deireadh a chur le muirir uisce agus deireadh a chur leis an gcáin ar thithe teaghlaigh mar
chuid den Chlár Rialtais.
Cumann McGrath/Sands (Carraig na Siúire)
Motion 16
Tugann an Ard-Fheis seo údarás gur coinníoll é roimh bhaint a bheith ag Sinn Féin le
comhrialtas ar bith sna 26 Contae deireadh a chur leis an leithcheal in aghaidh daoine óga
idir 18 agus 26 bliana d’aois maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus go méadófar sa
chéad bhuiséad na híocaíochtaí go dtí an leibhéal uachtarach.
Cumann Tracey Cre Ros Cré
Motion 17
Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo mar chúis imní:
- Na ciorruithe a chuir na Tóraithe i bhfeidhm ar sheirbhísí poiblí agus an tionchar
dian a bhí aige ar sholáthar oideachais, cúraim shláinte agus seirbhísí poiblí
riachtcanacha ó Thuaidh;
- Tá leanaí, daoine míchumasacha, seandaoine agus daoine atá breoite ag íoc go
daor as ciorruithe na dTóraithe;
- Gearrfar seirbhísí poiblí le 3.1% i bhfíorthéarmaí mar thoradh díreach ar clár
ciorruithe na dTóraithe, tacaithe ag an DUP.
Tá an Ard-Fheis seo in aghaidh chiorruithe na dTóraithe/DUP agus éilíonn ar na Tóraithe
agus ar an DUP deireadh a chur leis na ciorruithe agus spreagadh a thabhairt don gheilleagar
agus infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí poiblí.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Motion 18
Nótálann an Ard-Fheis seo go bhfuil 173,000 duine ag aois oibre agus 93,000 leanaí
ag maireachtáil faoi bhochtaineacht i dtuaisceart na hÉireann agus éilíonn sé ar an
bhFeidhmeannas atá ag teacht isteach straitéis neamhbhochtaineachta a bhfuil dóthain
acmhainní ar fáil di a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ag a bhfuil spriocanna infhaighte agus
amlínte chun í a chur i gcrích.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Motion 19
Ag an Ard-Fheis seo:
- Aithnítear
- Go bhfuil an bonn á bhaint de sheirbhísí poiblí mar gheall ar infheistíocht
agus príobháidiú, agus i gcuid mhór de chásanna baintear úsáid as ‘athrú’ mar
shofhriotal seachas príobháidiú agus margadú;
- An dochar a dhéantar mar gheall ar chlár ídeolaíoch ina ndéantar iarracht clú na
hearnála poiblí a laghdú, lena n-áirítear oibrithe san earnáil phoiblí, agus chun
an bonn a bhaint den tacaíocht do sheirbhísí poiblí;
- Tá seirbhísí poiblí do gach duine agus a chaitheann le gach saoránach ar bhonn
riachtanais riachtanach chun saolta gach saoránaigh a dhéanamh níos fusa.
- Athdhearbhaítear tiomantas Shinn Féin chun:
- Seirbhísí poiblí a sholáthar mar bhunchloch ar an méid a dhéanann an Stát dá
chuid saoránach;
- Seirbhísí poiblí a neartú lena chinntiú go mbíonn an caighdeán is airde de
sheirbhísí poiblí ar fáil do chách;
- Dul in éadan phríobháidiú agus margadú seirbhísí poiblí;
- Cinnte a dhéanamh de sholáthar éifeachtach seirbhísí poiblí agus coimircí sóisialta;
- Infheistíocht bhreise i seirbhísí poiblí agus íoctha as trí chóras forásach cánach;
- Luach a chur le hobair gach duine a oibríonn san earnáil phoiblí, agus sin a léiriú trí
thuarastal agus coinníollacha oibrithe san earnáil phoiblí.
Comhairle Ceantair Chill Mhantáin
Cumann McCabe/Quigley (Baile Munna)
Motion 20
Ag an Ard-Fheis seo:
- Cáintear Cáinaisnéis mhíchothrom 2018 Rialtas na hÉireann toisc go ndéantar ann:
- Normálú ar easpa dídine ar scála ollmhór i measc ár muintire, lena n-áirítear
leanaí, agus go nglactar leis, agus go dteipeann air maoiniú a chur ar fáil do chóras
sláinte atá i mbuanriocht géarchéime;
- Tá cáineadh déanta air ag oibrithe agus gníomhaithe sna hearnálacha sláinte agus
tithíochta;
- Tá teip ann infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar ar nós uisce, iompair,
boneagair tras-teorann, fuinneamh agus cosaintí in aghaidh tuilte;
- Ní théitear i ngleic le héagothroime sa chóras coimirce sóisialta a théann i
bhfeidhm ar mhná agus ar dhaoine óga;
- Ní bheidh ann sa deireadh ach Éire níos éagothroime dá bharr tríd na
neamhionannais gheilleagair agus sóisialta atá ann go forleathan in Éirinn an lae
inniu.
- Moltar rogha Shinn Féin:
- a thógann córas inbhuanaithe agus cothrom cánach lena n-áirítear deireadh a
chur leis an gCáint Mhaoine Áitiúil;
- a dhéanann infheistíocht inár gcórais sláinte agus tithíochta ionas go léirítear meas
ar chearta na ndaoine;
- a chosnaíonn na daoine is mó atá i mbaol;
- a théann i ngleic le seachaint cánach ag creach-chistí, cuideachtaí ilnáisiúnta agus
infheisteoirí ionas gur féidir leo a sciar féin a íoc;
- a laghdófaí faoina leath costas cúraim leanaí do theaghlaigh;
- a roghnaíonn taobh an ghnáthmhuintir a ghlacadh;
- a chruthaíonn plean bonneagair uile-Éireann chun leas na tíre a chosaint agus
Breatimeacht ag teacht;
- atá bunaithe ar fhís faoi gheilleagar atá rathúil, inbhuanaithe agus le chéile le
seirbhísí poiblí agus bonneagar ann atá oiriúnach don tsochaí sin.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
Motion 21
Éilíonn an Ard-Fheis ar Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an leithcheal leanúnach ar
35,000 daoine breacaosta, go háirithe mná, agus íocaíocht phinisin an stáit s’acu a áireamh. Ba
mhian le Sinn Féin bandaí agus rátaí pinsin réamh-Mheán Fómhair 2012 a bheith ann arís ionas
go mbeidh íocaíocht níos cothroime ann dár ndaoine breacaosta.
Creideann an Ard-Fheis seo gur cheart go mbeadh íocaíocht phinsin ag daoine breacaosta
nuair a bhaineann siad aois phinsin amach beag beann ar na ranníocaíochtaí ÁSPC s’acu nó sos
ar bith glactha ón obair ar nós am a glacadh le clann a thógáil nó aire a thabhairt do dhuine
muinteartha. Oibreoidh Sinn Féin i dtreo polasaí pinsin uile-Éireann a fhorbairt bunaithe ar
íocaíocht phinsin do gach duine lena chinntiú go mbíonn ioncam cuí agus cothrom do gach
duine breacaosta nuair a théann siad ar scor.
Aithníonn an Ard-Fheis seo freisin go bhfuil níos mó daoine atá 65 bliain d’aois atá ag fáil
íocaíochtaí Cuardaitheora Poist ná ag catagóir ar bith eile aoise sa Stát. Aithnímid gur tharla sé
seo mar gheall ar dheireadh a chur le hAistriú an Phinsin Stáit chomh maith leis an méadú ar
aois an phinsin in 2014. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an
éagóir seo le hAistriú an Phinsin Stáit a thabhairt ar ais ionas gur féidir le daoine atá 65 bliain
d’aois íocaíocht phinsin a fháil agus tacú leis an mBille um Chothromas Fostaíochta (Deireadh
a chur le Scor Éigeantach) 2016, bille atá curtha síos ar chlár ag Sinn Féin, ionas gur féidir leo a
bheith mar dhlí a luaithe agus is féidir.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
Comhairle Ceantair Mhuineacháin
Motion 22
Aithníonn an Ard-Fheis seo an sochar atá le baint as caiteachas poiblí a dhéanamh ar son
leasa shóisialta. Éilíonn an Ard-Fheis seo go bhforbrófar agus go gcuirfear i bhfeidhm
Acht um Luach Sóisialta cuimsitheach ó thuaidh a mbeidh na forálacha seo a leanas ann:
- Bainfidh sé le gach conradh san earnáil phoiblí;
- Cinnteofar ann go n-amharcfar ar luach sóisialta ag gach céim den soláthar ón
gcás gnó, go dtí critéir dámhachtana, go dtí monatóireacht ar an bhfeidhmíocht;
- Áirítear ann bearta a chinntíonn comhlíonadh thar ceann coimisinéirí agus
conrathóirí beirt;
- Cinnteofar cothrom na Féinne le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide.
Cumann Joe McManus (An Garastún)
Motion 23
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann dul i ngleic lena chuid freagrachtaí chun
eisimircigh a mhealladh ar ais go hÉirinn tríd rochtain níos fusa a thabhairt d’eisimircigh
ar cháipéisí cuí, árachas, ceadúnais, cuntais bhainc agus earraí riachtanacha.
Cumann McEvilly/O'Malley (Caisleán an Bharraigh)
Motion 24
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar fhoireann gheilleagrach agus airgeadais Shinn Féin iniúchadh
a dhéanamh ar an ngéarchéim sna rátaí úis mhorgáiste ionas gur cinnte go dtiocfaidh
ardú ar rátaí úis go suntasach agus go bhfuil morgáistí ar théarma seasta nó athraitheach
ag bunús sealbhóirí tí in Éirinn.
Cumann Kevin Barry/Frank Stagg ( Lárchathair Thiar Thuaidh)
Motion 25
Tacaíonn an Ard-Fheis seo go hiomlán leis an gcáipéis pholasaí a d’fhoilsigh Sinn Féin le
gairid maidir le Moltaí Leasaithe Printiseachtaí. Aithnítear sa cháipéis pholasaí seo an
tábhacht a bhaineann le printiseachtaí a sholáthar do dhaoine óga a mbíonn roghanna
eile oideachais agus oiliúna iontu, agus na hoibrithe oilte agus sciliúla atá ag teastáil i
dtionscadail áirithe atá ag fás agus ag teacht chun tosaigh a sholáthar dár ngeilleagar.
Leagtar amach sa cháipéis seo plean cúig bliana arb í an phríomhaidhm atá leis ná:
- Méadú suntasach a chur le líon na bprintiseachtaí atá faoi oiliúint;
- Méadú faoi thrí a chur le líon na gclár printiseachtaí atá faoi oiliúint;
- Méadú suntasach a dhéanamh ar ráta rannpháirtíochta ban, ón ráta reatha de
0.3%;
- Cinnte a dhéanamh de rannpháirtíocht níos fearr daoine míchumasacha sa
chóras printiseachta;
- Printiseachtaí a chur chun tosaigh mar rogha chothrom tríú leibhéal.
Cumann Clancy/O'Callaghan (Cathair Luimnigh Thuaidh)
Comhairle Ceantair na Mí
Motion 26
Éilíonn an Ard-Fheis seo gur cheart tuarastal a thabhairt isteach le haghaidh daltaí
triú leibhéal atá ar socrúcháin oibre agus ar intéirneachtaí sealadacha. Níor cheart go
mbreathnófaí ar thuarastail den chineál seo nuair a bhítear ag cur isteach ar scéimeanna
rialtais ar nós SUSI.
Cumann Markievicz/Tadhg Barry (Corcaigh Thiar Thuaidh/Bardais Láir)
Motion 27
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear go bhfuil beagnach 17.2% den fhórsa oibre sna 26 Contae
féinfhostaithe. Tá taifead maith ar an luach s’acu don gheilleagar ach ní
chaitheann an rialtas seo ná rialtais a tháinig roimhe go cothrom leo maidir
le ceart rochtana ar íocaíochtaí leasa shóisialta nuair a bhíonn siad ag teastáil
uathu. Ní chaitear go cothrom leo sa chóras cánach ach oiread;
- Éilíonn ar Shinn Féin polasaí costaithe a fhorbairt a thugann cothroime dóibh
siúd atá féinfhostaithe go dlíthiúil maidir le rochtain ar íocaíochtaí leasa
shóisialta.
Comhairle Ceantair an Chláir
Motion 28
Éilíonn an Ard-Fheis seo go bhforbrófar polasaí cuimsitheach maidir le fochonraitheoirí
bréagacha in earnáil na tógála ina ndíreofar isteach ar thionchar na bhfochonarthaí
bréagacha ar chearta oibrithe, ioncaim chánach agus caiteachas ar leasa sóisialta. Ba
cheart go mbeadh cur síos ar na hathruithe reachtaíochta agus polasaí ba mhaith linn a
fheiceáil i bhfeidhm Thuaidh agus Theas chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo.
Ina dhiaidh seo ba cheart go seolfaí feachtas agus an cháipéis pholasaí seo taobh
thiar de, feachtas bunaithe ar na hathruithe riachtanacha reachtaíochta agus polasaí
a dhaingniú chun oibrithe a chosaint agus chun imghabháil cánach agus calaois leasa
shóisialta a laghdú.
Cumann Drumm/Doherty/Clarke (Cluain Dolcáin)
Motion 29
Ag an Ard-Fheis seo:
- Moltar go malartófar an socrú faoi leith leis na mórbhainc sna 26 chontae
trína bhfaigheann siad faoiseamh ar cháin chorparáideach atá le híoc acu
do na 20 bliain seo amach romhainn;
- Nótáiltear nach mbeadh na hinstitiúidí seo ann inniu murach íobairtí
ghlúin de ghnáthshaoránaigh, agus glúin eile is dócha, agus go bhfuil
dualgas ar na hinstitiúidí seo a bhfuil cúnamh ollmhór stáit faighte acu
agus atá i mbrábús faoi láthair a gcion féin den cháin a íoc ar mhaithe le
cothroime agus comhionannas do gach íocóir cánach.
Comhairle Ceantair Chathair Chorcaigh
Motion 30
Creideann an Ard-Fheis seo gur cheart do chorparáidí móra ranníocaíochta
cothroma agus coibhneasacha a dhéanamh le hairgeadas tíortha, dá bhrí sin, ba
cheart cáin chorparáideach a mhéadú Thuaidh agus Theas, agus níor cheart é a
laghdú. Ba cheart an t-ioncam breise a úsáid le dul i ngleic le heaspa dídine agus
liostaí feithimh le haghaidh tithe, Thuaidh agus Theas.
Cumann Mairtírigh Chluain Aird
Motion 31
Creideann an Ard-Fheis seo nár cheart don Tionól ó Thuaidh cáin chorparáideach a
laghdú, agus gur cheart go dtiocfadh comhoiriúnú ar cháin chorparáideach ar fud
an oileáin mar gheall ar ardú ar an gcáin chorparáideach ó Dheas.
Cumann Óige Náisiúnta
Motion 32
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an rialtas, agus í ag caint go bhfuil leibhéil na
dífhostaíochta ag titim, reachtaíocht a thabhairt isteach go mbíonn íosmhéid de 20
uair an chloig i dtréimhse cúig lá ag baint le poist a thugtar do dhaoine óga, agus
an tuarastal maireachtála mar threoir chun rátaí a íoc.
Cumann James Connolly (An Chathair)
Motion 33
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann na coinníollacha cáilíochta le
haghaidh FIS (i.e. ag obair 19 uair an chloig sa tseachtain ar a laghad) a leasú ionas
go gcuirfear san áireamh oibrithe ar ioncam íseal nó ar chonarthaí uaireanta ísle.
Cumann Bob Smith (Dún Droma)
Motion 34
Aithníonn an Ard-Fheis seo na féidearthachtaí fostaíochta a bhaineann le
comharchumainn oibrithe agus dá bhrí sin tacaíonn le polasaí nua an pháirtí
air seo agus Éilíonn ar an bpáirtí cinnte a dhéanamh de go dtugtar tús áite
d’fheachtasaíocht le haghaidh athruithe reachtúla chun an fás na comharchumainn
oibrithe a éascú ar bhonn uile-Éireann.
Cumann Robert Byrne (Cathair Luimnigh Thoir)
Motion 35
Ag an Ard-Fheis seo:
- Aithnítear ról an tionscadail turasóireachta maidir leis an ngeilleagar a
fhorbairt;
- Éilíonn le haghaidh tacaíocht leanúnach a chur ar fáil don tionscadal agus
go háirithe na heagraíochtaí reachtúla sin a bhfuil sé de dhualgas orthu
turasóireacht agus líon na gcuairteoirí a fhorbairt in Éirinn;
- Moltar tionchar an phobail agus cur i bhfeidhm tionscadail ar nós Slí an
Atlantaigh Fhiáin agus Oirthear Ársa na hÉireann. Léiríonn an tionchar
ar leibhéal áitiúil gur éirigh leis na tionscadail seo agus mar gheall orthu
is amhlaidh gur leathnaíodh an turasóireacht agus gur mothaíodh an
tionchar geilleagrach ar fud na tíre;
- Éilíonn ar Airí agus ar ghníomhaireachtaí ar an dá thaobh den teorainn
cinnte a dhéanamh de go ndéantar tuilleadh forbartha ar na tionscadail
seo don tír iomlán agus go mbíonn cosaint leanúnach ar fhorais tras-
teorann agus go dtéitear in aghaidh iarracht ar bith an bonn a bhaint de
na hinstitiúidi sin atá faoi chosaint de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
Motion 36
Tá an Ard-Fheis seo:
- Go hiomlán i gcoinne na teorann dhá leanbh atá curtha ag Rialtas na
Breataine ar Chreidmheas Cánach do Leanaí, ar Chreidmheas Uilíoch agus
ar íocaíochta Tacaíochta Ioncaim;
- Cáineann an Ard-Fheis seo an eisceacht náireach samhnasach a bhaineann
le héigniú, trína dtabharfar ar íospartaigh éignithe creidmheasanna cánach
leanaí a éileamh don tríú leanbh nó ina dhiaidh agus trína mbeidh orthu cur
in iúl gur rugadh an leanbh mar thoradh ar ghnéas neamhchomhthola;
- Creideann sé go bhfuil an polasaí míchothrom, éagórach, doghlactha ó
thaobh na móráltachta de, agus an-dochrach do mhná agus dá leanaí agus
gur sárú é ar bunchearta mná;
- Éilíonn ar Rialtas na Breataine an polasaí seo a iompú i dTuaisceart
Éireann agus a chinntiú nach n-amharctar ar an ngníomh seo mar shárú ar
phrionsabal na cothroime i ngnéithe de shlándáil shóisialta.
Comhairle Ceantair Léim an Mhadaidh
Cumann Tom Flately (Inis Ceithleann)
Motion 37
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí ár gcuid tacaíochta a athdhearbhú maidir le
hiarracht leanúnach lena chinntiú go ndéantar tosaíocht de Choimisiún Fiosrúcháin in
Úinéireacht na Meán in Éirinn.
Ar a bharr sin cáineann an Ard-Fheis seo an chlaontacht sna meáin in aghaidh
Shinn Féin, go háirithe an chlaontacht uafásach atá léirithe ag Independent News
agus Media agus Communicorp, agus aithnítear freisin an chlaontacht dhúchasach in
aghaidh Shinn Féin sna meáin eile, lena n-áirítear an craoltóir stáit, RTÉ.
Comhairle Ceantair Chathair Luimnigh
Brexit and the Future of the EU
Motion 38
Ag an Ard-Fheis seo:
- Athdhearbhaítear seasamh Shinn Féin nach mór cloí le toil dhaonlathach
mhuintir an Tuaiscirt chun fanacht san AE, agus nach mór gach cuid de
Chomhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus nach féidir teorainn na
Breataine in Éirinn a dhéanamh níos crua;
- Aithnítear:
- An tsár-obair atá déanta ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ó Shinn
Féin, agus Martina Anderson i gceannas orthu, ionadaíocht a dhéanamh
ar son an pháirtí maidir leis an mBreatimeacht san Eoraip;
- Nach mbeidh ach dhá bhealach ar féidir na cuspóirí seo a bhaint amach:
trí sainstádas do thuaisceart na hÉireann laistigh den AE nó trí reifreann
ar aontacht a reáchtáil a mbeidh ath-aontú na hÉireann mar thoradh air.
- Gurb iad na gnéithe riachtanacha den Sainstádas Speisialta ná:
- Go bhfanfaidh an tuaisceart san Aontas Custam agus sa Mhargadh
Aonair;
- Go gcosnófar gach cuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta;
- Go mbeidh saoirse gluaiseachta ag daoine, earraí agus seirbhísí in Éirinn;
- Go mbeidh cearta iomlán an AE ag gach saoránach i dTuaisceart Éireann;
- Go mbeidh rochtain leanúnach ag saoránaigh sa tuaisceart ar Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
- Go mbeidh cearta iomlán polaitiúla de chuid an AE ag saoránaigh i
dtuaisceart Éireann;
- Go mbeidh rochtain leanúnach acu ar shruthanna maoinithe de chuid an
AE;
- Go bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta ceangailte mar fhógra atá ina
cheangail de réir dlí sa Chomhaontú Aistarraingthe.
- Dearbhaítear sa chás ina ndiúltaíonn Rialtas na Breataine Sainstádas
Speisialta laistigh den AE a aontú, in ainneoin gur vótáil 56% de mhuintir
an tuaiscirt chun fanacht san AE, nach mór an teidlíocht atá i gComhaontú
Aoine an Chéasta le haghaidh reifrinn ar aontacht a chur ar siúl chun treoir
a thabhairt do mhuintir thuaisceart agus dheisceart na hÉireann maidir leis
an treoir ina mbeidh Éire ag dul sa todhchaí.
Ard Chomhairle
Cumann Pól Kinsella (An Fearann Thuaidh)
Motion 39
Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil todhchaí na hEorpa agus creidiúnacht
thionscadal an AE ag brath ar roinnt athruithe radacacha agus gur thug an tréimhse
chomhairliúcháin rogha chúng agus ní thugann ceann ar bith de na roghanna sin
dearbhú ar phrionsabail an daonlathais, na ceannasachta ná cearta saoránach.
Leis an Ard-Fheis seo:
- Creidtear gur cheart coinbhinsiún agus comhdháil idir-rialtais ar thodhchaí
na hEorpa a bhunú a éascóidh aistíriú cumhachtaí chuig ballstáit agus gur
cheart an conradh a leasú má bhíonn gá leis;
- Creidtear go bhfuil todhchaí an AE ag brath ar chumhacht an innill rúnda
stocaireachta corparáidí a laghdú, inneall ar ligeadh dó fás gan rialú agus le
rochtain gan srian ar lucht déanta cinntí neamhchuntasacha sa Choimisiún
Eorpach;
- Creidtear chun an AE a leasú gur gá dul i ngleic leis an maorlathas a
bhaineann le cuid mhór de chláir, de thionscadail agus de mheicníochtaí
maoinaithe an AE agus an maorlathas sin a bhaint as aimhréidh. Glacann
an maorlathas seo na tionscadail as lámha agus smacht na saoránach agus
laghdaigh sé an deis chun ionchur daonlathach a bheith ann;
- Creidtear go ndéanfaidh an Conradh Saorthrádála atá an Coimisiún
Eorpach á bhrú agus príobháidiú agus dírialú chun tosaigh ann dochar nach
bhféadfar a leigheas do chearta oibrithe, don chomhshaol, do sheirbhísí
poiblí agus do phobail tuaithe;
- Tacaíonn sé le hEoraip Shóisialta a thógáil ina ndéantar tosaíocht de
ghnáthshaoránaigh roimh an mbonnlíne de ilnáisiúntaí, ina laghdaítear
éagothroime, ina mbíonn troid in aghaidh eisiaimh shóisialta agus ina
gcomhlíontar riachtanais shóisialta shaoránaigh na hEorpa;
- Athdhearbhaítear cur in aghaidh Arm an AE agus Bhuiséad um Chosaint
na hEorpa nach gcuirfidh as do neodracht na hÉireann amháin, ach a
neartóidh ‘daingean na hEorpa’, ag séanadh pasáiste sábháilte agus dlíthiúil
le haghaidh teifeach;
- Dearbhaítear mar stát atá measartha beag agus ar an imeall, nach mór
d’Éirinn a bheith láidir agus í ag cosaint a ceannasachta agus ar lorg
aistriú cumhachtaí ar ais chuig ballstáit. Caithfidh Rialtas na hÉireann an
fód a sheasamh lenár gcomhpháirtithe san Eoraip ar na príomhthopaicí
lena n-áirítear iarrachtaí tabhairt orainn seirbhísí poiblí a léirscaoileadh,
rochtain ar ár n-acmhainní mara a cheadú, bogadh chun soláthar fuinnimh
a dhéanamh feidearálach, agus polasaithe a chur i bhfeidhm a bheidh mar
bhagairt dár bpobal tuaithe.
Ard Chomhairle
Cúige Lár Tíre/ Thiar Thuaidh
Motion 40
Éilíonn an Ard-Fheis seo, agus í ag tabhairt faoi deara go bhfuil géarchéim airgeadais
á tuar don bhliain 2018/19, ar aonad polasaí Shinn Féin plécháipéis chuimsitheach a
ullmhú ar bhriseadh na hÉireann ó Aontas Airgeadaíochta an AE a chur i gcrích, ionas
go mbíonn straitéis ag an bpáirtí cúinsí den chineál seo a láimhseáil má tharlaíonn
siad.
Cumann Tormey/Mannion (Ros Comáin Theas)
Motion 41
Aithníonn an Ard-Fheis seo na cúinsí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann mar
thoradh ar idirbheartaíocht na Breataine/AE ar tionscadal na hiascaireachta in Éirinn.
Dá bhrí sin tugann an Ard-Fheis gealltanas gach agus is féidir leis a dhéanamh chun:
- Poiblí na hÉireann a chur ar an eolas faoin mbagairt dhiúltach a d’fhéadfadh
a bheith ann do thionscadal a bhfuil dochar ollmhór déanta dó i ndiaidh
blianta fada de neamhaird ag Rialtais na hÉireann roimhe seo agus ag
leathnaitheacht an AE;
- Grinnscrúdú a dhéanamh ar an idirbheartaíocht atá ann faoi láthair idir an
AE agus Rialtas na Breataine maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus
cinnte a dhéanamh de nach gcailleadh siad siúd atá ag plé le tionscadal na
hiascaireachta in Éirinn cuid ar bith eile dá gcearta chun stoc iasc a fhómhar
ó na farraigí thart ar chósta na hÉireann;
- Cuidiú le folláine gheilleagar ár bpobal cósta a chosaint, pobail a bhfuil lámh
acu i dtionscadal na hIascaireachta in Éirinn, ó iarmhairtí diúltacha ar bith a
d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an mBreatimeacht.
Cumann McGrath/ O’Brien (Port Láirge Thiar)
Motion 42
Nótálann an Ard-Fheis seo go bhforfheidhmíonn Comhshocrú Buiséadach an AE
rialacha iomlána ‘tomhas amháin a oireann do chách’. Is rialacha iad trína dtugtar ar
gheilleagair éagsúla bhallstáit an AE fiachas poiblí a choinneáil srianta ag 60% den
Olltáirgeacht Intíre agus easnaimh bhliantúla níos lú ná 3% den Olltáirgeacht Intíre.
Mar gheall ar an gComhshocrú Buiséadach agus An Comhaontú Cobhsaíochta
agus Fáis a tháinig roimhe tá srianta uafásacha agus doghlactha curtha ar chumas
bhallstáit an AE, agus Éire san áireamh, freagra éifeachtach a thabhairt don ngéarchéim
gheilleagrach trí bhearta spreagtha maicreacnamaíocha a úsáid.
Bíonn tionchair chúngaithe ag ciorruithe le linn meathlaithe agus laghdaítear
an geilleagar dá réir, agus is é sin go díreach a tharla i ndiaidh na gcúluithe in
Éirinn, sa Spáinn, sa Ghréig agus sa Phortaingéil, agus bhí ardú sa dífhostaíocht, sa
bhochtaineacht agus san éagothroime mar thoradh air.
Cuireann an Comhshocrú Buiséadach srian de dhéine fhioscach ar gach ballstát a
ghlac leis, agus fágtar na stáit seo ag brath go hiomlán ar pholasaithe airgeadaíochta
‘tomhas amháin a oireann do chách’ Bhanc Ceannais na hEorpa.
Léiríonn an fócas aonair ag an AE ar ‘bhuiséid chothromaithe’, gan fócas
comhfhreagrach ar chuntais chothromaithe trádála, léiríonn siad tiomantas
d’ídeolaíocht na déine, ídeolaíocht ar theip uirthi.
Diúltaíonn an Ard-Fheis don moladh go dtabharfar an Comhshocrú Buiséadach
isteach mar dhlí de chuid an AE ag deireadh 2017 agus Éilíonn ar Rialtas na hÉireann a
stádas ar Chomhairle na hEorpa a úsáid chun cros a chur ar an déine seo a chumhdach
go síoraí i gConradh an AE.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an 13ú leasú ar Bhunreacht na hÉireann a aisghairm,
leasú a chumhdaíonn gnéithe den Chomhshocrú Buiséadach mar Dhlí na hÉireann.
Comhairle Ceantair Chiarraí
Motion 43
Aithníonn an Ard-Fheis seo nádúr uile-Éireann an tionscadail agraibhia agus deochanna
a chuireann go mór leis an ngeilleagar agus Éilíonn ar Rialtas na hÉireann a éileamh
go bhfanann an Tuaisceart san Aontas Eorpach chun an tionscadal riachtanach seo a
aithint agus chun maoiniú a lorg ón AE le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
atá i mbun easpórtála chun a gcuid gnólachtaí a chosaint i gcomhthéacs na gcontúirtí a
bheidh ann mar gheall ar an mBreatimeacht.
Cumann Jimmy Joe Reynolds (Maothail)
Infrastructure, Regional and Rural Development
Motion 44
Nótálann an Ard-Fheis seo:
- Faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe reatha (2014-2020) nuair a aistríodh
rialú LEADER go húdarás áitiúil i mbeagnach gach tír is amhlaidh gur
baineadh LEADER ar shiúl ó eagraíochtaí a bhfuil an pobal i gceannas
orthu agus cuireadh é faoi riail an Stáit. Mar gheall air seo, tá rialacha
agus próisis nua ann a chuir cosc ar an maoiniú seo atá ag teastáil go géar
chun forbairt tuaithe a chur i bhfeidhm le trí bliana anuas;
- Bunaíodh LEADER 25 bliain ó shin chun dul i ngleic trí chomhpháirithe
áitiúla leis an bpobal i gceannas orthu leis an titim faoin tuath agus, go dtí
anois, bhí na 26 Contae i dtús cadhnaíochta san Eoraip;
- Is é an toradh a bheidh ann mar gheall ar an athrú seo polasaí faoi dhá
rialtas in Éirinn a raibh Fine Gael i gceannas orthu, arb ionann é agusn
seilbh glactha ag údaráis áitiúla ar fhorbairt ón mbun aníos, ná meath
agus deireadh eagraíochtaí cearta a bhfuil an pobal i gceannas orthu
sa Stát. Is léir ón iliomad fadhbanna le seoladh LEADER go dteipfidh ar
bhainistíocht Stáit cláir phobail den chineál seo.
Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, ar Rialtas na hÉireann cinnte a
dhéanamh de, faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2021-27, nach údaráis áitiúla a
bheidh i gceannas ar an gclár LEADER as seo amach ach go dtabharfar ar ais é
d’eagraíochtaí áitiúla a bhfuil an pobal i gceannas orthu agus a bhfuil na pobail a
ndéanann siad freastal orthu iontu mar eagraíochtaí. Iarraimid freisin go simpleofaí
anpróiseas iarratais le haghaidh maoiniú LEADER agus go gcuirfear dlús le seoladh
maoinithe faoin gclár, ionas gur féidir maoiniú tuaithe ón Eoraip, maoiniú a bhfuil
géarghá leis, a thabhairt dóibh siúd is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu.
Comhairle Ceantair Chiarraí
Cumann Deleaney/O’Rahilly (Bré)
Motion 45
Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil an mhuintir óg ag fágáil na gceantar tuaithe
mar gheall ar na blianta fada d’easpa infheistíochta agus toisc nár cuireadh straitéis
tuaithe riamh i gcrích.
Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil gá le straitéis chun deireadh a chur le
himirce daoine oilte agus chun bunú comharchumainn tuaithe agus gnólachtaí
a spreagadh ionas nach gcaillfear tuilleadh d’fhéiniúacht ná de nósmhaireacht
beatha na tuaithe. Ní mór infheistíocht a mhéadú i seirbhísí riachtanacha tuaithe
agus seirbhísí ar nós oifigí poist, iompair agus stáisiúin Ghardaí a choinneáil freisin.
Cúige Lár Tíre/ Thiar Thuaidh
Comhairle Ceantair Thiobraid Árann
Motion 46
Ag an Ard-Fheis seo:
- Cáintear easpa infheistíochta stairiúil in iarthar na hÉireann ag rialtais i
ndiaidh rialtais in Éirinn agus;
- Éilíonn ar Rialtas Fhine Gael tabhairt faoi anailís chuimsitheach tíreolaíoch
ar Phlean Forbartha Náisiúnta an Stáit ó bhlianta roimhe agus súil aige
straitéis a chur i bhfeidhm a rachaidh go héifeachtach i ngleic leis an
míchothromaíocht idir an gheilleagar san iarthar agus an geilleagar san
oirthear.
Cumann O’Flanagan/MacManus (Baile Shligigh)
Motion 47
Ag an Ard-Fheis seo:
- Tacaítear agus moltar iarrachtaí dearfacha gach duine atá páirteach, atá
ag obair le chéile chun acmhainní a chur ar fáil do thosaíochtaí an Réigiúin
Cathrach Thiar Thuaidh le haghaidh fáis agus forbartha;
- Aithnítear an tionchar suntasach dearfach a bheidh ag an gCreat
Náisiúnta Pleanála (CNP) Ireland 2040 Our Plan ar réigiúin sna 26 Contae.
- Beartaítear ar dhul i mbun feachtasaíochta agus stocaireachta ar
Rialtas na hÉireann le haghaidh tiomantais chun soláthar a chur ar fáil
do Réigiún Cathrach Thiar Thuaidh sa CNP;
- Go tugtar tacaíocht chuí ionas go soláthrófar fás eacnamaíoch
réigiúnach, infheistíocht, forbairt fhisiciúil agus chomhshaoil, folláine
agus cuimsiú sóisialta agus pobail.
Cumann Charn Domhnaigh/ Mhálainne
Motion 48
Ag an Ard-Fheis seo:
- Creidtear trí infheistíocht a dhéanamh ar an taobh thiar den Bhanna gur féidir
linn dul i ngleic leis na blianta d’fháillí trí bhonneagar, phoist agus thionscadal a
fhorbairt sa Tuaisceart;
- Éilítear ar NIE agus ar SONI a áirithiú go mbíonn soláthar leanúnach agus
seasmhach leictreachais ann do cheantair ar an taobh thiar den Bhann trí
idirnascaire leictreachais a sholáthar lena áirithiu go mbíonn soláthar ann
don earnáil thionsclaíoch s’againn, earnáil atá ag fás, go háirithe san earnáil
innealtóireachta atá forbartha ar bhonn áitiúil.
Comhairle Ceantair Dheisceart agus Oirthear Thír Eoghain
Motion 49
Nótálann an Ard-Fheis seo go bhfuil bac á chur ar an moladh le haghaidh idirnascaire
Thuaidh Theas a fhorbairt mar gheall ar mhoilla i gcúrsaí pleanála agus dlíthiúla. Tugaimid
faoi deara gur dócha go leanfar ar aghaidh leis an moilleadóireacht seo a fhad is nach
nglacann na pobail sin trína rachaidh an t-infreastruchtúr seo fríd leis.
Nótálann an Ard-Fheis seo freisin nach mbeidh an tacaíocht chuí phobail ann do línte
ard-voltais a thacaíonn le piolóin agus dá bhrí sin iarrtar ar na húdaráis, Thuaidh agus Theas,
ordú a thabhairt go mbeidh an tionscadal faoi thalamh de réir an dea-chleachtais is fearr
idirnáisiúnta.
Cumann Meegan/Harvey (Inis Caoin)
Motion 50
Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcaithfear go cothrom le gach réigiún le cothrom na Féinne agus
le cothroime maidir le leithdháileadh post agus an bhonneagair chuí chun poist a mhealladh.
Cumann Dunne/Kelly/Whitty (Baile Loch Garman)
Comhairle Ceantair Loch Garman
Motion 51
Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfar ar ais na Comhairlí Baile agus Blocdheontais na
gComhairlí Baile.
Comhairle Ceantair Thiobraid Árainn
Motion 52
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le dul ar aghaidh le dílárú cumhachtaí breise go comhairlí áitiúla
ó Thuaidh, ach amháin é sin a bheith bunaithe ar reachtaíocht a chur i bhfeidhm maidir
le reachtú rialachán “éilithe” fós le réiteach agus nach bhfuil curtha i gcrích de réir mar a
aontaíodh faoin Acht um Rialtas Áitiúil 2014.
Comhairle Ceantair na bhFál
Motion 53
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann an polasaí a bhaineann le leabharlanna
gan fhoireann a athrú. Is féidir rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí leabharlainne trí réitigh
dhigiteacha ar nós na dtaisceadán beartáin a fhaightear i dtithe ósta gan poist a chur i
mbaol.
Cumann Mairtírigh Grey Abbey (Baile Chill Dara)
Motion 54
Ag an Ard-Fheis seo:
- Cáintear gníomhartha cuideachtaí árachais maidir leis an méadú préimheanna
go ginearálta le haghaidh tiománaithe, an diúltú chun árachas a thabhairt do
sheanghluaisteáin ar éirigh leo sa TNG agus praghasanna ró-ard a leagan ar
dhaoine óga i margadh an árachais.
- Creidtear go bhfuil na costais uafásach ard árachais ghluaisteáin do dhaoine óga ag
cur isteach go díréireach orthu siúd i gceantair tuaithe mar nach bhfuil aon iompar
poiblí, más ann dá leithéid, ar fáil agus;
- Éilíonn ar Rialtas na hÉireann Rialtóir Árachais a thabhairt isteach chomh luath agus
is féidir chun deireadh a chur leis an scannal a bhaineann le préimheanna árachais
ghluaisteáin atá de shíor ag dul i méid.
Cumann Patrick Conroy (An Caisleán Riabhach)
Cumann Robert Emmet (Durlas)
Cumann Noel McCann (Béal Átha na Sluaighe)
Motion 55
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann beart a dhéanamh chun smacht a chur ar
na cairtéil árachais atá freagrach as na leibhéil arda, atá ag dul in airde i gcónaí, d’árachas
gluaisteáin, agus Éilíonn go dtabharfar tionscadal an árachais ghluaisteáin faoin úinéireacht
an stáit agus go ndéanfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt é a riar as seo
amach. Éilíonn an Ard-Fheis seo freisin, mar bhaill den AE, gur féidir árachas gluaisteáin a
fháil ó bhallstáit eile san AE.
Cumann Caisleán Nua Thiar
Motion 56
Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh reachtaíocht ann lena áirithiú go mbeidh barraí
rollta sábháilteachta mar riachtanais ar gach cuadrothar.
Cumann McEvilly/O'Malley (Caisleán an Bharraigh)
Motion 57
Molann an Ard-Fheis seo go mbíonn samplú de leibhéil alcóil san fhuil riachtanach in
éineacht le gnáth-thástálacha fola i gcás gach taisme bóthair sa chás ina mbíonn an
tiománaí ag fáil cúraim shláinte ó sholáthróir reachtach cúraim shláinte.
Cumann Coen/Savage (Cúil Mhuine)
Motion 58
Molann an Ard-Fheis seo pionós de €300 agus 3 phointe phionóis, de réir an Acht
um Thrácht ar Bhóithre 2010, ar thiománaí a bhfuil taithí aige/aici, a fhad is nach
sáraíonn sé/sí 80mg alcól i 100ml d’fhuil, 107mg d’alcól i 100ml de mhún agus 35mcg
d’alcól i 100ml d’anáil.
Cumann Gallagher/Foy (Droim Conrach)
Motion 59
Molann an Ard-Fheis seo gur chóir amharc arís ar na srianta a bhaineann le
ceadúnais hacnaithe agus tacsaithe faoin tuath in Éirinn ionas go gcuirfear deireadh
leis an tiomáint ar meisce.
Cumann Sean Corcoran (Coillte Mach)
Motion 60
Cuireann an Ard-Fheis seo chun cinn, d’fhonn básuithe ar bhóithre a laghdú, agus
tiomáint níos sábháilte a fheasbhú agus costas árachais a laghdú, go gcaithfear
deais-cheamaraí a chur isteach i ngach gluaisteán nua.
Cumann Martin Forsythe (Gleann Coilín/Áth an Ghainimh)
Agriculture and fisheries
Motion 61
Creideann an Ard-Fheis seo go gcaithfear an Comhbheartas Talmhaíochta (CAP)
a bhogadh i dtreo córais ina ndéantar leithdháileadh ar bhonn níos cothroime.
Agus go leor feirmeoirí ag streachailt le beatha a thabhairt i dtír agus gan an
fheirmeoireacht a bheith tarraingteach don mhuintir óg, tá géarghá ann le dul i
ngleic leis an éagothroime ollmhór sa chóras. Creideann an Ard-Fheis seo:
- Go bhfuil sé scannallach agus mímhorálta go bhfuil 240 gnólacht
feirmeoireachta ag fáil foirdheontais CAP de bhreis agus €100,000,
nuair atá na mílte feirmeoirí ag streachail le beatha a thabhairt i dtír ar
íocaíochtaí atá faoin meáníocaíocht de €17,932;
- Toisc gur theip ar Rialtais Fhianna Fáil agus Fhine Gael ina dhiaidh caidhp
a chur leis na híocaíochtaí seo is amhlaidh gur ceadaíodh an saibhreas a
dhlúthú i lámha na ndaoine sin atá i gceannas ar an margadh cheana féin
agus dá bhrí sin na praghasanna a fhaigheann feirmeoirí eile;
- Ba cheart caidhp de €50,000 ar Bun-Íocaíochtaí a chur i bhfeidhm chun
macántacht a chur ar ais i gcóras inar ligeadh do chuideachtaí próiseála
feola atá i gceannas ar an margadh na milliúin a sholáthar i ngach seal CAP;
- Ní mór reachtaíocht cheangailteach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic
le cleachtais éagothroime trádála i slabhra an tsoláthair bhia, agus chun
cinnteacht a thabhairt d’fheirmeoirí go bhfaighfear luach cothrom ar a
gcuid earraí;
- Ba cheart reachtaíocht a dhéanamh de phríomhchodanna de Chairt na
bhFeirmeoirí maidir le híocaíochtaí ón Roinn Talmhaíochta a sholáthar in
am ionas nach bhfágtar feirmeoirí arís as póca mar gheall ar íocaíochtaí a
mhaireann suas le 9 mí;
- Trí straitéisí athnuachana glúine laistigh den earnáil talmhaíochta ní mór
dul i ngleic le bánú na bpobal tuaithe, chomh maith le seasmhacht a
sholáthar do sheanfheirmeoirí ar mhian leo dul ar scor; ní mór dul i ngleic
freisin leis an easpa béime ar fheirmeoirí óga trí shruthanna maoinithe má
táimid chun dul i ngleic le hearnáil atá ag dul in aois;
- Ní mór tosaíocht a dhéanamh de shábháilteacht ar fheirmeacha i gcláir
mhaoinithe sa todhchaí anois go dtarlaíonn 30% de bhásuithe sa Stát san
earnáil talmhaíochta;
- Ba cheart dreasuithe airgeadais a chruthú chun áiseanna comharchumainn
próiseála feola a bhunú le dul in éadan cónascthaí atá urraithe ag Rialtas
na hÉireann, cónascthaí atá ag slogadh phraghasanna an mhargaidh agus
phraghasanna ag geata na feirme.
Ard Chomhairle
Motion 62
Ag an Ard-Fheis seo:
- Aithnítear na deacrachtaí atá ag iascairí na hÉireann mar gheall ar chonstaicí
nádúrtha agus rialála agus iad ag iarraidh beatha a thabhairt i dtír;
- Aithnítear nach ndearnadh Rialtas na hÉireann ionadaíocht mar is ceart ar
thionscadal na hiascaireachta ar leibhéal an AE le blianta beaga anuas;
- Nótáiltear ó lár na 1990í go bhfuil laghdú géar agus seasta i dtionscadal
na hiascaireachta agus gur chruthaigh sé seo ciapadh agus cruatán do
ghnáthiascairí agus na hearnálacha a dtéann leo;
- Éilítear ar iascairí a chur isteach i Scéim Liúntais na Mairnéalach sna 26 Contae;
- Éilítear ar Rialtas na hÉireann Liúntas Báid Aonair a thabhairt isteach;
- Aithnítear obair ghníomhaithe, tacadóirí agus ionadaithe poiblí Shinn Féin, go
háirithe Liadh Ní Riada, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, agus Martin Ferris,
TD, as an tacaíocht atá tugtha acu do ghnáthiascairí, ach is cúis áiféala é an
easpa tacaíochta ó pháirtithe polaitiúa eile agus ó Rialtas na hÉireann agus
gurbh é an toradh a bhí air seo ná pobail oileán agus tuaithe a imeallú ar fad.
Nótálann an Ard-Fheis seo:
- Easpa cuóta in Éirinn agus an toradh atá aiur ná soithí iascaireachta na
hÉireann gan a bheith ábalta brabús a sholáthar d’úinéirí agus d’fhoireann;
- Easpa ioncaim arb é an toradh atá air ná go bhfuil iascairí agus a dteaghlaigh
ag streachailt ó thaobh airgid de;
- Cur i bhfeidhm pionós chomh maith le cur chuige na láimhe láidre ag Údarás
um Chosaint Iascaigh Mhara, arb é an toradh atá air ná iascairí a choiriúlú mar
gheall ar mhionsáruithe;
- Leithdháileadh míchothrom cuóta (murlas agus scadán) i measc phoirt na
n-iascach s’againn, go háirithe mar gheall ar chairdeas fabhair polaitiúil san am
a chuaigh thart;
- Imní maidir leis an dóigh an láimhseáltar rialacha nua chur i dtír;
- Easpa ciste faoisimh stáit le haghaidh iascairí atá ag fulaingt ó thaobh
airgeadais de agus ó thaobh oibriúcháin de mar gheall ar dhamáiste déanta do
threalamh nó é a bheith caillte;
- Tá cion faoi leith de na héisc a ghlactar as uiscí na hÉireann curtha i dtír in
Éirinn ach aistrithe agus próiseáilte thar lear nó thar lear agus bíonn fiontair
dhúchasacha phobail thíos leis seo ó thaobh an gheilleagair shóisialta de.
- Éilítear go mbíonn cuóta de 5% ón AE ann, in áit 5%, agus sin curtha i leataobh
le haghaidh suirbhéanna eolaíochta ionas gur féidir le hiascairí páirt a
ghlacadh i sonraí a chur ar fáil i bhfíor-am do thaighdeoirí maidir le fíorshonraí
faoi stoc na n-iasc, agus ionas gur féidir na srianta atá curtha ar shoithí
iascaireachta nach mbíonn cuóta go leor acu a bhaint ar shiúl.
Cumann Dhonnacha De Barra (Cionn Sáile)
Motion 63
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann tacú le caomhnú agus le forbairt phóir
dhúchasacha de phlandaí agus de bheostoc na hÉireann. San idirbheartaíocht atá á
déanamh maidir leis an CAP nó le forbairt réigiúnach ba cheart go mbeadh tacaíocht
iontu le haghaidh chaomhnú acmhainní géiniteacha ar mhaithe le talmhaíocht
inbhuanaithe.
Comhairle Ceantair Mhaigh Eo
Motion 64
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear na deacrachtaí breise a bheidh roimh fheirmeoirí sléibhe in Éirinn;
- Seasann sé in aghaidh an chinnidh a rinne an tIar-Aire Talmhaíochta ó
Thuaidh, Michelle McElveen (DUP) maidir le deireadh a chur le Scéim na
Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha;
- Nótáiltear gur choinnigh Iar-Airí Talmhaíochta Shinn Féin O’Neill agus
Gildernew an Scéim ANC ar oscailt le haghaidh feirmeoirí i gCeantair faoi
Mhíbhuntáiste Mhór agus aithníonn sé an pháirt riachtanach a ghlacann na
feirmeoirí seo;
- Gealltar go ndéanfaidh Sinn Féin a sheacht ndícheall i dTionól ar bith amach
anseo an Scéim ANC a thabhairt isteach arís, go dtí leibhéal 2016 ar a laghad;
- Éilítear go dtabharfar isteach na leibhéil íocaíochta ANC a bhíodh ann roimh
2008 sna 26 Contae agus go rachaidh na leibhéil is airde íocaíochta chuig na
gabháltais ar an talamh is mó faoi mhíbhuntáiste.
Cumann Fergal O’Hanlon (Achadh Lon)
Cumann James Crossan (Cluain/Achadh an Mheasa)
Motion 65
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar chúiteamh a sholáthar le haghaidh feirmeoirí ar sainíodh a
gcuid tailte ag Páirceanna agus Fiadhúlra a gcuirtear srian ar an bhfeirmeoir, dá bhrí sin,
maidir leis an úsáid talmhaíochta a bhaineann sé as a thalamh.
Cumann Jack McLoughlin (Fíonach)
Motion 66
Aithníonn an Ard-Fheis seo na deacrachtaí roimh eisimircigh atá ag pilleadh ar Éirinn
agus iad ag iarraidh dul i mbun na feirmeoireachta. Glaoimid go mbíonn scéim faoi leith
ann chun maoiniú agus cuidiú a chur ar fáil chun teidlíochtaí a sholáthar, gabháltas a
fháil agus ciste a bhfuil maoiniú ceart taobh thiar de a bhunú.
Cumann Jack McLoughlin (Fíonach)
Motion 67
Aithníonn an Ard-Fheis seo an tionchar uafásach mar gheall ar thuilte le blianta beaga
anuas agus Éilíonn ar Rialtas na hÉireann an leibhéal infheistíochta i bhfaoiseamh tuilte
a mhéadú agus bearta cosanta a chur i bhfeidhm chun uiscebhealaí, canálacha agus
fiadhúlra na hÉireann a chosaint.
Cumann James Crossan (Cluain/Achadh an Mheasa)
Cumann Liam Ryan (Baile Átha Luain)
Motion 68
Ag an Ard-Fheis seo:
- Aithnítear an dochar atá déanta don chomhshaol mar gheall ar
mhianadóireacht atá déanta ar mhianraí luachmhara agus eastóscadh
acmhainní neamh-inathnuaite na hÉireann ag eintitis mhóra chorpráideacha
nach bhfuil le leas na bpobal áitiúla;
- Tá sé in aghaidh úsáid a bhaint as ciainíd ina chuid mianadóireachta mar gheall
ar na drochthionchair a bhíonn aige seo ar an gcomhshaol ar na himpleachtaí
don tsláinte;
- Tabharfaidh sé gealltanas athbhreithniú agus leasú a dhéanmh sa rialtas
ar an gcóras reatha ceadúnaithe maidir le mianadóireacht le go mbeidh
tacú faoi leas an phobail, sochar an phobail agus cosaint chomhshaoil sna
rialacháin nuair agus ar a bharr sin rachaidh sé in aghaidh cead a thabhairt
do chuideachtaí mianadóireachta óir san earnáil phríobháideach feidhmiú in
Éirinn.
Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas
Cumann Caraher/McCreesh (Baile Mhic an Ába & An Ghráinseach Mhór)
Motion 69
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le feamainn a fhómhar go háirithe maidir le cósta an
iarthair ag forbairt micrea-thionscail bhaile atá tiomanta don fheamainn mar acmhainn
nádúrtha nach ngeillfear do chuideachtaí ón iasacht chun mí-leas nó brabús a bhaint as.
Cumann Iorrais
Cumann An Chláir Thuaidh
Motion 70
Molann an Ard-Fheis seo, agus í ag aithint na tábhachta a bhaineann le leas ainmhithe,
go bhforbróidh Sinn Féin cáipéis chuimsitheach pholasaí maidir le leas ainmhithe.
Cumann Choill/Tigh Motháin (An Airgnigh)
Cumann Tom Keely (Cill Droichid)
Motion 71
Aithníonn an Ard-Fheis seo cruálacht earnáil na gcearc cúbarnaí, agus is beag léi
na coinníollacha ina mbíonn na hainmhithe ag fulaingt agus Éilíonn sí láithreach go
gcuirfear leis an gcleachtas seo in Éirinn.
Cumann Sheena Campbell (Ros Treabhair)
Motion 72
Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfear reachtaíocht i bhfeidhm chun cosc a chur ar
chúrsáil giorriacha beo, ag tabhairt faoi deara na cruálachta atá á bhfulaingt ag na
giorriacha dúchasacha fiána nuair a ghabhtar iad, agus na gortuithe agus tráma a bhíonn
acu. Is minic a bhíonn an bás mar thoradh air seo agus Éilítear ar Shinn Féin cáipéis a
chur amach chun ár bpolasaithe sa réimse seo a léiriú.
Cumann Phort Láirge Thiar
Cumann Sheáin Mhic Giolla Bhríde (Cathair na Mart)
International solidarity, global justice and climate change
Motion 73
Beireann an Ard-Fheis seo beannachtaí na dlúthpháirtíochta do mhuintir na Palaistíne atá
ina gcónaí faoi smacht forghabhála nó ar deoraíocht.
Cáineann an Ard-Fheis seo ionghabháil leanúnach thalamh na Palaistíne ar an mBruach
Thiar agus Iarúsailéim Thoir, díbirt éigeantach shaoránaigh na Palaistíne agus tógáil
lonnaíochtaí mídhleathacha a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus Coinbhinsiún na Ginéive,
Motion 74
Aontaíonn an Ard-Fheis seo, mar gheall ar an tiomantas atá tugtha ag Sinn Féin don
Fheachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí (BDS), nach mbeidh aon phlé ná
cruinnithe ag Sinn Féin le páirtí na heite deise Likud, nó páirtithe polaitiúla ar bith eile de
chuid an Iosrael a thugann cabhair nó tacaíocht, is cuma faoi rún ná go hoscailte, do leathnú
méadaithe lonnaíochtaí mídhleathacha de chuid an Iosrael ar thailte na Palaistíne agus sin
ag sárú an dlí idirnáisiúnta.
Cumann Ruth Hackett (Maigh Nuad)
Motion 75
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le muintir Phoblacht Dhaonlathach an Chongó in aghaidh an
chinedhíothaithe a mbíonn siad thíos leis agus chun ciúnas ginearálta na meán cumarsáide
maidir le huileloscadh an Chongó a cháineadh.
Cumann Sheena Campbell (Ros Treabhair)
Motion 76
Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo:
- An fás atá ag teacht ar sháruithe cearta daonna ag gnólachtaí san earnáil
phríobháideach ar fud an domhain agus aithníonn an gá le gnólachtaí a rialú agus
monatóireacht a dhéanamh orthu ionas go gcomhlíontar caighdeáin chearta
daona ina n-iomláine;
- Gur minic a thugtar fúthu siúd a sheasann an fód ar son pobail atá i mbaol mar
gheall ar sháruithe cearta daonna;
- An tábhacht a bhaineann le cosaint agus tacaíocht a thabhairt do chosantóirí
cearta daonna agus do cheannairí pobail a sheasann ar son cearta daoine eile.
Éilíonn an Ard-Fheis, mar sin, ar Rialtas na hÉireann Plean Gnímh ar Ghnó agus ar Chearta
Daonna a chur i bhfeidhm lena áirithiú go ndéantar cearta daoine in Éirinn agus ar fud an
domhain a chosaint.
Cumann Black Ryan (Leamhcán)
Motion 77
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear go bhfuil 65.6 milliún duine atá díbeartha as a mbailte ar
fud an domhain, líon gan fasach. Áirítear leis seo 22.5 milliún duine
atá ina dteifigh lasmuigh dá dtíortha dúchais féin;
- Téitear in aghaidh an chomhaontaithe idir an AE agus an Tuirc agus
misean míleata an AE sa Mheánmhuir, Operation Sophia, toisc
gur chruthaigh siad beirt fulaingt ollmhór daonna, sárú ar chearta
daonna agus géarchéim dhaonnúil;
- Éilíonn ar Rialtas na hÉireann dul in éadan na margaí fritorthúla seo
agus iarrachtaí an AE chun comhaontuithe den chineál chéanna a
dhéanamh le tíortha eile san Afraic agus san Áise, agus ina áit sin
bealaí níos sábháilet agus níos dlíthiúla a chruthú do theifigh chun
tearmann a fháil in Éirinn agus san Eoraip.
Cumann Markievicz/Ryan (Tamhlacht Láir)
Motion 78
Nótálann an Ard-Fheis seo:
- Ar an 17 Deireadh Fómhair, 2011, tharla comhdháil idirnáisiúnta in
Donostia/San Sebastian chun an choimhlint i dTír na mBascadh a
réiteach. I measc na n-ionadaithe idirnáisiúnta a bhí i láthair bhí Iar-
Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Anann, agus Uachtarán Shinn
Féin, Gearóid Mac Ádaimh, TD;
- D’fhógair ETA sos comhairc cúpla lá ina dhiaidh, agus cruthaíodh
deis faoi leith agus stairiúil chun dul i ngleic le cúiseanna chomh
maith le torthaí na coimhlinte;
- In Aibreán 2017, in ainneoin na n-iarrachtaí ar fad ó Rialtas na
Spáinne cosc a chur leis, agus le tacaíocht ó Shochaí Shibhialta na
mBascadh, an Coimisiún Idirnáisiúnta um Fhíorúchán, institiúidí
aitiúla ó Thír na mBascach, chomh maith le Rialtas na Fraince, chuir
ETA dí-armáil i gcrích;
- In ainneoin gach iarrachta ó ETA, Sortu, Sochaí Thír na mBascach
agus na páirtithe go ginearálta chun an choimhlint i dTír na
mBascach a réiteach, is ann do pholasaí dolúbthachta Shinn Féin go
fóill.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo, mar sin, le:
- Deireadh a chur le scaipeadh (beartas éagórach a bhaineann le cimí
polaitiúla Thír na mBascach) agus aistriú láithreach chuig príosúin
atá gar dá dteaghlaigh mar chéad chéim i bpróiseas chun gach cime
a bhfuil an pholaitíocht á ngríosú a scaoileadh saor;
- Gach cime atá go dona tinn a ligean saor láithreach. De réir na
reachtaíochta is déanaí, ba cheart go mbeadh siad saor chun
cóireáil cheart a fháil don tinneas;
- Ba cheart go scaoilfear saor láithreach cimí atá i dteideal parúil.
- Ar a bharra sin, Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann,
na hinstitiúidí polaitiúla ó thuaidh chomh maith leis an AE ról
gníomhach a ghlacadh chun éileamh ar Rialtas na Spáinne an
polasaí an bhaic a chuireann sé i bhfeidhm faoi láthair. Tá sé seo ag
cur moill ar an deis stairiúil seo agus ba cheart dóibh próiseas plé a
chur chun cinn agus a thacú chun síocháin chóir agus bhuan a fháil
i dTír na mBascach bunaithe ar cheart mhuintir Thír na mBascach
cinneadh a ghlacadh faoina dtochaí.
Comhairle Ceantair Chill Mhantáin
Motion 79
Ag an Ard-Fheis seo:
- Athdhearbhaítear ár nglaoch go gcaithfidh SAM an t-imshuí
mídhleathach atá aige ar Chúba a thógáil gan choinníoll, agus go
gcaithfidh sé caidreamh nórmálta a bhunú leis an tír;
- Aithnítear gurb é an 9 Deireadh Fómhair agus an 25 Samhain 2017
comóradh 50 bliain dhúnmharú Ché Guevara agus comóradh 1
bliain ó bhás Fidel Castro faoi seach;
- Beirimid beannachtaí na dlúthpháirtíochta do mhuintir Guevera
agus Castro, agus do mhuintir Chúba.
Comhairle Ceantair na bhFál Uachtar
Motion 80
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear gur fhógair Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime (FARC) nach grúpa
armtha a bhí ann níos mór agus ar an 1 Meán Fómhair gur bunaíodh páirtí go
foirmiúil polaitiúil - Fórsa Réabhlóideach Malartach Comónta (FARC);
- Creidtear, in ainneoin ag dul chun cinn dearfach seo i bpróiseas na síochána sa
Cholóim, go bhfuil baic ann go fóill maidir leis an tsíocháin a chruthú, lena n-áirítear
ionsaithe leanúnacha agus marú lucht cosanta cearta daonna agus ceannairí pobail
ag paraimílitigh ón eite dheas;
- Éilítear ar Rialtas na Colóime cinnte a dhéanamh de go léirítear meas ar chearta
daonna agus ar an bpróiseas daonlathach, agus go soláthraíonn sé go hiomlán an
taobh s’aige de chomhaontú na síochána, agus a gcuid oibleagáidí reatha a réiteach
go práinneach.
Comhairle Ceantair na bhFál Uachtar
Climate change
Motion 81
Aithnítear ag an Ard-Fheis seo:
- Gur ceist í a bhaineann le cóir dhomhanda í an t-athrú aeráide agus cuid den
mhuintir is boichte ar dhroim an domhain agus sa domhan forbraíochta thíos go
mór leis;
- Bhí drochthionchar ag an athrú aeráide ar cháilíocht an tsaoil agus, mura mbíonn
gníomh radacach ann, go mbeidh aeráid dhochrach sa todhchaí, le hacmhainí ídithe,
scrios gnáthóga, díothú speiceas, easpa bia agus uisce agus eisimirce ollmhór;
- Tá dualgas ar Éirinn infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí trí infheistíocht a
dhéanamh i mbeartais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun ár
gcomhshaol a chosaint;
- Ní mór d’Éirinn ról gníomhach a ghlacadh sna hiarrachtaí domhanda lena n-áirítear
Comhaontú Phárais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun dul i ngleic le
díghrádú an chomhshaoil;
- Ba chóir d’Éirinn iarracht a dhéanamh a bheith níos fearr mar cheannaire
san AE agus iarracht a dhéanamh na spriocanna ceangailteacha atá i gcreat
fuinnimh aeráide 2030 a shárú. Is ionann iad agus laghdú 40% in astaíochtaí gás
ceaptha teasa, roinnt de 27% i bhfuinneamh inathnuaite agus feabhas de 27% in
éifeachtúlacht fuinnimh;
- Tá fostaíocht in earnáil na fostaíochta glaise ag fás ar ráta níos tapúla ná na
hearnálacha fuinnimh eile agus ba chóir tacú le infheistíocht i bhfuinneamh glas
agus i mbonneagar;
- Eochair atá in éifeachtúlacht fuinnimh maidir leis an mbearna sna hastaithe a
laghdú agus ba chóir le gach aon fhoirgneamh nuathógtha go mbeadh bearta
éifeachtúlachta san áireamh. Tá gá freisin le cláir iarfheistithe atá éifeachtach ó
thaobh fuinnimh de.
Tiomáineann an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, Sinn Féin chun athbhreithniú a dhéanamh
ar chur chuige an pháirtí maidir le polasaí ar an gcomhshaol agus ar athrú aeráide chun
comhleanúnachas níos fearr a bhaint amach. Ina theannta sin, ag croí gach polasaí
eacnamaíoch agus sóisialta, ba chóir go mbeadh fís nua de rathúnas inbhuanaithe atá
comhsheasmhach le teorainneacha éiceolaíocha agus le cóir chomhshaoil. Ba cheart go
dtabharfaí san áireamh san athbhreithniú taighde reatha ar ‘theorainneacha plainéid’ ina
dtugtar sainmhíniú ar spás sábháilte oibrithe don chine daonna.
Ard Chomhairle
Cumann Charlie McGlade (Droimeanach)
Comhairle Ceantair Chiarraí
Cumann Nolan/Downey (Bruach an Lagáin)
Motion 82
Aithníonn an Ard-Fheis seo:
- Nach bhfuil aon fhianaise ar laghdú sa bhochtaineacht nó ar rath níos fearr le blianta
beaga anuas mar gheall ar an bhfás geilleagrach i láthair na huaire;
- An tiomantas le haghaidh fás leanúnach is cúis le léirscrios ar an gcomhshaol atá ag
ardú as éadan agus éagothroime eindéimeach;
- Tá gá le cur chuige radacach éagsúil ar fad sa pharaidím gheilleagrach má táimid
chun dul i ngleic leis na deacrachtaí seo;
- Rogha inchreidte eile ar pharaidím an fháis gheilleagraigh is ea paraidím an
stáit chomhsheasmhaigh ina n-éilítear go mairimid go inbhuanaithe (laistigh
de mhodhanna teoranta ár n-acmhainní nádúrtha) agus go gcuirimid forbairt
gheilleagrach chun tosaigh in áit fás eacnamaíoch. Laistigh de gheilleagar an stáit
chomhsheasmhaigh, is amhlaidh go mbímid ag fás ach ní trí thuilleadh
úsáide a bhaint as gach rud; ach fásaimid trí úsáid níos fearr a bhaint
as an méid atá againn agus trína bheith níos glice sna dóigheanna ina
n-úsáidimid é.
Tiomáineann an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, Sinn Féin chun tabhairt faoi staidéar
geilleagrach an stáit chomhsheasmhaigh d’fhonn samhalacha eile geilleagracha a
aimsiú d’Éirinn.
Cumann Barney McFadden (Glas-Stiall)
Motion 83
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann cosc a chur ar phlaisteach aon-
úsáide agus ar phlaisteach in-bhithmhillte - is cuma fán tiús - a aimsítear ó
pheitriceimiceáin- agus ina áit sin úsáid bhith-phlaisteacha atá déanta as ábhar
nádúrtha a thabhairt isteach.
Comhairle Ceantair Iarthar na Gaillimhe
Motion 84
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin a leanas a fhiosrú:
- Clár iomlán fuinnimh inathnuaite agus inbhuanaithe a fhorbairt a
mbíonn baint ag pobail áitiúla agus gnáthshaoránaigh ann;
- An margadh fuinnimh a oscailt do ghnáthshaoránaigh trí taraif
dreasachta a thabhairt isteach do phobail áitiúla agus don mhicrea-
ghlúin chónaithe. Má osclaítear an margadh fuinnimh don mhicrea-
ghlúin is amhlaidh go gcuideoidh sé sin le pobail sruthanna nua
maoinithe a aimsiú, go gcruthófar poist agus go gcuirfear nuálaíocht
chun cinn;
- Cumasófar pobail áitiúla infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail
inathnuaite, agus tabharfaidh sé sin brabús airgeadais do phobail áitiúla
agus ní bheifear ag brath chomh mór sin ar an rialtas láir;
Cumann Ruth Hackett (Maigh Nuad)
Cumann Mitchell/Sands (Carraig Mhachaire Rois)
Cumann Mitchell/Sands (Carraig Mhachaire Rois)
Motion 85
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtais na Breataine agus na hÉireann tiomantas a
thabhairt maidir le Dúshlán Bonn ina mbeifear ag iarraidh:
- Coillte a fhorbairt trí ollphlandáil crann óg ar thalamh oscailte sléibhe
atá oiriúnach. Ba cheart speiceas dúchasach agus crainn chrua-adhmaid
ar nós na learóige a úsáid;
- Úsáid níos fearr a bhaint as foraoiseacht mar mheicníocht le dul i ngleic
le spriocanna athrú aeráide agus chun conláistí só a mhéadú ar mhaithe
le húsáid an phobail agus na turasóireachta.
Cumann Mairtírigh Grey Abbey (Baile Chill Dara)
Motion 86
Ag an Ard-Fheis seo:
- Cáintear go láidir oll-leagan crann toisc go bhfuil sé ag cruthú ceantair
den tírdhreach atá gránna ar fud na tuaithe;
- Moltar go gcuirfear teorainn de chrainn chrua-admhaid ceithre chrann
de dhoimhneacht thart ar cheantair foraoiseachta ionas gur féidir iad a
fhágáil chun teorainn súl a dhéanamh ar an léirscrios a tharlaíonn nuair
a leagtar crainn;
- Moltar go gcuirfear crainn chrua-adhmaid ar nós learóige in áit sprús
Sitceach.
Cumann Caisleán Nua Thiar
Motion 87
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin amharc ar na féidearthachtaí chun moltaí
a thabhairt chun tosaigh ina mbeidh solúbthacht ann i gcláir foraoiseachta le
go n-éascófar feirmeoirí nó a gcomharbaí talamh glas a dhéanamh de thalamh
foraoise.
Cumann Hurson-Quirke (Cathair na Gaillimhe Thiar)
Party Development, constitution and rules
Motion 88
Tacaíonn an Ard-Fheis seo go hiomlán le Rialacha agus Rialacháin Bhunreacht an
Pháirtí 2017 atá i ndiaidh teacht amach i ndiaidh comhairliúcháin mhóir sa pháirt agus
moltar gur glacadh leo.
Ard Chomhairle
Motion 89
Éilíonn an Ard-Fheis go gcuirfear Fóram Náisiúnta na gComhairleoirí ar bun arís,
agus go mbeidh an Fóram seo ionadaíoch ar thuairimí na gcomhairleoirí laistigh de
struchtúir an pháirtí lena n-áirítear an Ard-Chomhairle. Éilíonn sé freisin go seolfar
sraith de sheisiúin eolais maidir le hoiliúint, oideachas agus polasaí chun cuidiú agus
tacú lenár n-iondadaithe tofa áitiúla ionadaíocht a dhéanamh ar an bpáirtithe agus a
dtoghthóirí chomh maith agus is féidir leo.
Cumann Keating/Sands (An Comarach)
Motion 90
Molann an Ard-Fheis seo go mbeidh gach eolas agus bileog toghcháin curtha amach
ag Sinn Féin as seo amach dátheangach, sna príomhchanúintí Gaeilge oiriúnach don
cheantar ina dtugtar amach iad.
Molaimid go mbíonn cothromaíocht ann don Ghaeilge leis an mBéarla i ngach
foilseachán.
Cumann Thomáis Ághais (An Daingean)
Motion 91
Molann an Ard-Fheis seo gur chóir do Shinn Féin polasaí den idirdhealú dearfach
a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn cuóta socraithe de Ghaeilgeoirí ar gach
fóram ionadaíoch ar fud na tíre ina mbíonn baill tofa Shinn Féin, An Dáil, An Seanad,
An Tionól agus Na Comhairlí Cathracha ach go háirithe. Molaimid go gcuirtear é seo i
bhfeidhm laistigh de struchtúr an pháirtí, go háirithe an Ard-Chomhairle.
Cumann Martin/Tracey (Oirthear Bhéal Feirste)
Motion 92
Ag an Ard-Fheis seo:
- Aithnítear go mbíonn bealaí eile fostaíochta le tuarastal ag baill tofa nó
comhthofa ar Shinn Féin ar bharr an tuarastail a fhaigheann siad don
chomhairle agus tá saoirse acu dul ar aghaidh leis an bhfostaíocht sin;
- Aontaímid nár chóir go mbeadh aon chosc ar Chomhairleoirí Shinn Féin atá
ag obair don pháirtí nó ag ionadaithe eile tofa de chuid Shinn Féin ag obair
ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha.
Cumann Devlin/Plunkett (An Teampall Óg/ Tír an Iúir)
Cumann Drumm/Doherty/Clarke (Cluain Dolcáin)
Cumann Bob Smith (Dún Droma)
Motion 93
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear tábhacht eite na hóige sa pháirtí agus an t-ionchur s’acu ar
thodhchaí fhorasach a thógáil, cothrom do cách;
- Creidtear chun Óige Phoblachtach Shinn Féin a bhaint amach ar fad, go
bhfuil buiséad ag teastáil chun feachtais agus imeachtaí a eagrú, agus
tacaíocht a thabhairt, nuair is gá, le gníomhaithe óg le costais iompair agus
lóistín;
- Creidtear gur cheart don Choiste Óige Náisiúnta an buiséad seo a riar de réir
rialacha an pháirt agus go mbeidh siad leithdáilte gach bliain ag Sinn Féin.
Comhairle Ceantair Ros Comáin
Cumann Óige Náisiúnta
Motion 94
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle athbhreithniú a thionól láithreach
maidir le polasaí reatha ballraíochta lena n-áirítear earcaíocht, oiliúint agus coinneáil
ball nua, agus súil ann go gcosnófar ionracas an pháirtí agus tiomantas a bhall. Ba
cheart go dtabharfaí san áireamh san athbhreithniú sin ballraíocht chéimneach nó
comhbhallraíocht, tréimhsí ar promhadh, cearta agus freagrachtaí agus go mbeidh
cead ag cumainn agus an mhórbhallraíocht páirt a ghlacadh ann. Is iad na cuspóirí
a bheadh leis an athbhreithniú seo ná páirtí níos láidre a chruthú, cuimsitheach, ina
mbíonn sainmhíniú soiléir ar chearta agus freagrachtaí ballraíochta agus ina ndéantar
an páirtí oiriúnach don fheidhm i sochaí seo na hÉireann, sochaí dhinimiciúil atá de
shíor ag athrú.
Comhairle Ceantair Chathair Chorcaigh
Cumann Margaret Skinnider (Baile Gall/ Droim Conrach)
Motion 95
Molann an Ard-Fheis seo go mbíonn an Ghaeilge ar gach clár cumainn ag gach
cruinniú, is cuma má dhéanann siad a gcuid gnó tríd an nGaeilge nó nach ndéanann.
Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Lár Theas
Motion 96
Molann an Ard-Fheis seo do gach ball de Shinn Féin a bheith ina bhall de
Cheardchumann i ngeall ar ról tábhachtach na gceardchumann chun saothrú
forleathan agus mí-úsáid chóras an íosphá a mhaolú.
Cumann Parle/Crean/Hogan/Gleeson (Teach Munna)
Motion 97
Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le scileanna riachtanacha agus
oiliúint a chur ar fáil do gach ionadaí tofa maidir le féinmharú a chosc agus ba chóir
clár oiliúna a cheapadh agus a sheoladh i ngach ceantar agus a bheith ar fáil do gach
gníomhaí.
Cúige Éire Theas
Motion 98
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear gurb é 14 Nollaig, 2018, comóradh céad bliain ó fuartha cearta
vótála uilíoch;
- Aithnítear:
- Go bhfuil cothrom na Féinne mar bhunchloch an phoblachtachais;
- In ainneoin go bhfuil dul chun cinn faoi leith déanta do mhná sa tír
seo, titeann spriocanna d’ionadaíocht 30% do mhná go maith faoi
chothromaíocht nuair is ionann mná agus 50% den phobal;
- Athdhearbhaítear sprioc Shinn Féin d’ionadaíocht 50% a fháil mar bhaill
den pháirtí, ar choistí inmheánacha an pháirtí agus struchtúir ar bith chomh
maith le hionadaíocht an phobail.
Cumann An Chláir Thuaidh
Justice and Equality
Motion 99
Ag an Ard-Fheis seo:
- Creidtear go gcaithfidh An Garda Síochána agus SPTÉ a bheith ag obair i rith
an ama le pobail áitiúla, toisc go bhfuil caidreamh láidir oibre ag croílár na
dea-phóilíneachta ar fud an oileáin;
- Tacaítear le póilíneacht éifeachtach shibhialta ag na seirbhísí póilíneachta
agus ní mór dó a bheith cuntasach, saor ó smacht polaitiúil claonpháirteach,
agus ionadaíocht ar an bpobal a ndéanann siad freastal air;
- Fáiltítear roimh aitheantas sa Téarmaí Tagartha don Coimisiún ar Thodhchaí
na Póilíneachta in Éirinn don ghá le heiteas agus cultúr a “théann i ngleic go
réamhghníomhach, go rialta agus go leanúnach leis, agus a fhreagraíonn na
riachtanais a bhaineann leis, na pobail éagsúla a ndéanann sé freastal air”;
- Cúis imní atá ann na treochtaí reatha sa Tuaisceart maidir le barraíocht
béime ar an taobh chrua den phóilíneacht in áit ábhair imní agus tosaíochtaí
ag na pobail áitiúla chomh maith le himní a bheith ann maidir leis na
géarchéimeanna leanúnacha atá roimh An Garda Síochána, agus muinín an
phobail san fhórsa sin faoi láthair;
- Amharctar ar na pobail mar acmhainn riachtanach chun cuidiú le
réitigh shábháilteachta póilíneachta agus pobail agus iad ag obair i
gcomhpháirtíocht le SPTÉ nó na Gardaí.
Tugann an Ard-Fheis seo údarás do Shinn Féin:
- Leanúint ar aghaidh leis an éileamh go mbíonn seirbhís póilíneachta
ag pobail a bhfuil ‘póilíneacht sa phobal’ ag an gcroílár agus réitigh
comhcheaptha idir na pobail agus na póilíní;
- Dul i mbun plé le hinstitiúidí póilíneachta ar gach leibhéal, Thuaidh agus
Theas, sa tóir ar ‘Póilíneacht sa Phobal’. Áireofar leis seo na meicníochtaí
cuntasachta atá ann agus grúpaí tríú earnála agus feachtasaíochta atá ag
obair le go mbeidh na struchtúir phóilíneachta ionadaíoch agus ina seirbhís
don phobal;
- Dul i mbun feachtasaíochta chun cur chuige bunaithe ar chearta daonne
a choinneáil agus a mhéadú a bheidh lárnach do sheirbhís phóilíneachta
shibhialta;
- Tacú le tús nua le póilíneacht agus le riail an dlí ó Thuaidh ach a bheith
airdeallach agus criticiúil ar mhí-úsáid cumhachtaí póilíneachta ag duine ar bith;
- Tacú le póilíneacht agus le riail an dlí ó Dheas agus dul sa tóir ar na hathruithe
riachtanacha reachtúla agus eile chun cuntasacht a neartú agus chun cosc a
chur ar scannail ar bith eile tarlú arís, scannail a rinne dochar do chlú An Garda
Síochána.
Éilíonn Ard-Fheis seo:
- Ar na Gardaí na moltaí atá i dtuarascáil Chigireacht na nGardaí 2015 ‘Ag Athrú
Cúrsaí Póilíneachta in Éirinn’; a chur i bhfeidhm
- Ar an Údarás Póilíneachta ó Dheas a bheith go hiomlán neamhspleách,
ionadaíoch, go mbeidh ionadaíocht pholaitiúil ann, agus go mbeidh na
cumhachtaí cuí aige le bheith cinnte de gur féidir leis An Garda Síochána agus
a cheannasaíocht a choinneáil cuntasach, agus chun oifigigh shinsearacha a
earcú agus a bhaint ar shiúl;
- Go mbeidh cumhachtaí breise ag GSOC, chun cúrsaí oibriúcháin a fheabhsú
agus chun a réimse a leathnú;
- Chun Cigireacht Cheartais Choiriúil a bhunú, in áit Chigireacht na nGardaí,
a bheidh in ann iniúchadh a dhéanamh ar réimse d’eagraíochtaí ceartais
choiriúla, gníomhaíochtaí agus seirbhísí.
Ard Chomhairle
Motion 100
Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur cheart do Shinn Féin páipéar a fhoilsiú ar aois na
freagrachta coiriúla a mbeidh sé mar aidhm aige iad a fhoilsiú laistigh d’fhráma ama
réasúnta.
Cumann Mairtírigh an Locha (Ard Bó)
Motion 101
Ag an Ard-Fheis seo:
- Nótáiltear:
- Rinne Uachtarán na hÉireann dlí den Acht Idirghabhála 2017 a leagann
dualgais idirghabhála mar chroílár de réiteach ceisteanna maidir le cliseadh
an teaghlaigh;
- Is fíric fhadbhunaithe é i réimse leathan de dhlínsí go dtagann torthaí níos
fearr do leanaí i ndiaidh idirghabhála leis na teaghlaigh nuair a chliseann
orthu ionas go ligeann sé do theaghlaigh cinneadh a ghlacadh faoi méid a
thitfidh amach in áit an chur chuige sáraíochta a bhaineann le himeachtaí
cúirte;
- Éilíonn ar Shinn Féin idirghabháil teaghlaigh a chur chun cinn ar bhonn uile-
Éireann agus a bheith ag obair chun sochaí a chruthú ina bhfuil idirghabháil
teaghlaigh mar chéad chur chuige nuair a chliseann ar theaghlach.
Cumann Burns/McKerr/Toman (An Lorgan)
Motion 102
Éilíonn Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann tacaí breise a sholáthar do theaghlaigh ina
bhfuil imeachtaí colscartha nó idirscartha ag tarlú:
- Soláthar nua a chur isteach chun córas dlí cúirte a bhunú le haghaidh
teaghlaigh nach mbaineann leis na cúirteanna coiriúla;
- Ba cheart dó a bheith lonnaithe in ionaid teaghlaigh atá tógtha le sainchuspóir
agus go mbeidh maoiniú iomlán ar fáil dóibh;
- Ba cheart seirbhísí idirghabhála a sholáthar saor in aisce agus béim ar réitigh
neamhsháraíochta;
- Sa chás ina mbíonn páirtithe ann atá ar lorg colscartha nó idirscartha ach
nach mbíonn i dteideal cúnamh dlí, tabharfar roinnt réasúnta d’uaireanta
d’ionadaíocht dlí saor in aisce nuair a bhíonn gá leo;
- Ba cheart, áfach, go mbeadh an ceart ag gach páirtí diúltú d’ionadaíocht
dhlíthiúil le gur féidir leo ionadaíocht a dhéanamh orthu féin;
- I gcásanna mar seo, is féidir lena rogha duine a bheith le ceachtar den dá pháirt
ag an gcúirt. Roghnófar iad le comhaontú ón mbreitheamh reatha ar an tuiscint
nach cúis imní é don dara páirtí an duine eile a bheith ann, nó nach ndéanfaidh
sé dochar dóibh, agus tá sé sin le ceadú ar an tuiscint go gcoinneofar na
himeachtaí uile faoi rún.
Cumann Phort Láirge Thiar
Motion 103
Nótálann an Ard Fheis seo:
- Coitiantacht an fhoréigin agus na drochíde baile sa tsochaí i gcoitinne Thuaidh
agus Theas;
- Go bhfuil easpa suntasach acmhainní ann do dhaoine a tháinig trí
dhrochíde baile agus na mílte bean agus páiste nach bhfuil ábalta
teacht a bheith acu ar chóiríocht tearmainn éigeandála;
- Gur tosaíocht é críochnú sciúirse an fhoréigin baile le sochaí rathúil
a chinntiú;
- Go dtig leis a bheith deacair, go háirithe do mhná ó chúlraí níos
boichte, teacht a bheith acu ar chosaintí dlí;
- Chomh maith le hiarmhairtí fisiciúla, síceolaíochta agus airgeadais,
go dtig le driochthionchar a bheith ag drochíde baile ar fheidhmiú
poist na ndaoine a tháinig tríthi agus bíonn gníomh smachtaithe
agus cailleadh chinnteacht poist ann dá bharr;
- Nach mbíonn, thar aon rud eile, an locht ar íospartach na drochíde
baile riamh.
Mar sin de, éilíonn an Ard Fheis seo:
- Go mbeidh dul chun cinn tráthúil ann den Bhille um Fhoréigean
Baile chomh maith le daingniú an Choinbhinsiúin Iostanbúl;
- Go mbeidh méadú maoinithe agus acmhainní ar thearmainn
foréigean baile ann;
- Go bpléifear cur i bhfeidhm “Dlí Donna” a chinnteodh go ndéantar
cionta coiriúla de choireanna baile, chomh maith le scéim nochtadh
eolais agus leasú de rialacha leithdháileadh tithíochta;
- Scéim um tharscaoileadh do dhaoine a tháinig slán nár cheart go
mbeidh orthu an táille íosta €130 a íoc faoi choinne cúnamh dlí agus
iad ag cur isteach ar chosaint chúirte;
- Go gcuirfear reachtaíocht i bhfeidhm a dhéanann cion d’iompar
comhéigneach agus ceannasach;
Chomh maith leis sin, éilíonn an Ard Fheis seo go gcuirfidh fostóirí ar
fud na tíre polasaithe fhoréigean baile i bhfeidhm san ionad oibre agus go
n-oibreoidh foirne an pháirtí pharlaimintigh i dtreo ceanglas reachtúil a
dhéanamh de seo do gach fostóir.
Cumann Mulgrew/McCracken (An Caisleán)
Cumann Tom Flatley (Inis Ceithleann)
Cumann Barney Morris Seamus Harvey, Crois Mhic Lionnáin
Cumann Mhairtírigh Chluain Ard
Motion 104
Ag an Ard Fheis seo:
- Aithníonn sí nach bhfuil aon rud níos tábhachtaí ná tógáil páistí nó
bheith i do thuismitheoir, cuireann sé go mór leis an tsochaí agus ba
cheart go n-aithneofaí é sa bhunreacht go fóill;
- Geallann sí go mbeidh Sinn Féin i mbun feachtais ar son Airteagal
41.2 de Bhunreacht na hÉireann a choinneáil.
Cumann Tracey Cre, Ros Cré
Motion 105
Agus easpa saoire máithreachais d’ionadaithe tofa áitiúil á nótáil aici, iarrann
an Ard Fheis seo ar an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil:
- Athbhreithniú dlí a dhéanamh ar an Acht Rialtais Áitiúil 2001,
Airteagal 37 a mhaíonn go meastar go mbíonn ionadaí poiblí atá as
láthair óna chuid oibre níos faide ná sé mhí éirithe as. Ní bhaineann
sé seo le saoire mháithreachais, tá sé idirdhealaitheach agus tá an
reachtaíocht contráilte dá bharr;
- Cearta saoire máithreachais a thabhairt isteach d’ionadaithe tofa.
Cúige Éireann Theas
Motion 106
Molann an Ard Fheis seo, agus tacaíonn sí leis an obair atá déanta ag grúpaí
taistealaithe. Geallan sí go n-oibreoidh Sinn Féin leis an phobal taistealaithe
ag dúil le tacaíocht a thabhairt do dhuine den phobal i bhfeachtais
toghchánaíochta an tSeanaid amach anseo.
Cumann Martin Forsythe (Gleann Cuilinn/Áth an Ghainimh)
A National Health Service for Ireland
Motion 107
Ag an Ard Fheis seo:
- Tacaíonn sí le fís deich mbliana an iar-Aire Sláinte Michelle O’Neill chun
cúram sláinte agus sóisialta a athrú ó bhonn i dtuaisceart na hÉireann,
"Health and Wellbeing 2026: Delivering Together";
- Cuireann sí béim ar thábhacht phrionsabail an chomhdhearaidh agus
dhearadh an chomhthairgthe, ag soláthar athraithe i gcomhpháirt leo
siúd a úsáideann agus a sholáthraíonn seirbhísí chúram sláinte agus
sóisialta cumhdaithe in Delivering Together;
- Cuireann sí fáilte roimh an aontú a fuair sé agus ón iar-Fheidhmeannas
agus an tacaíocht traspháirtí a fuair sé;
- Aithníonn sí go bhfuil feidhmiú rathúil Delivering Together ag brath ar
infheistíocht shásúil san athrú agus go gcaithfear na seirbhísí atá ann faoi
láthair a chaomhnú le ligean don athrú bunú;
- Nótálann sí gur constaic mhór iad ciorruithe damanta leanúnacha na
dTóraithe i rath an athraithe agus go mbeidh ar gach páirtí iarracht
comhpháirteach a dhéanamh chun cúram sláinte agus sóisialta a
chosaint ón tionchar.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Motion 108
Nótálann an Ard Fheis seo go bhfuil géarchéim sa tseirbhís sláinte sa Deisceart
le breis agus deich mbliana anuas gan aon fheabhas faoi Rialtais na hÉireann
a tháinig i ndiaidh a chéile, Fine Gael, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre, an
Comhaontas Glas, an Páirtí Daonlathach agus Comhaltaí Neamhspleácha, iad uilig
a lean le tráchtearrú na sláinte agus spleáchas ar an earnáil phríobháideach.
Nótálann an Ard Fheis seo fosta, d’ainneoin na hoibre crua agus dhíograis na
n-oibrithe iontacha inár seirbhís sláinte, go bhfuil an ghéarchéim go fóill ann mar
gheall ar neamhghníomhaíocht an Rialtais agus ar éagumas Fheidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte.
Léiríonn na nithe thíos an ghéarchéim:
- Tá beagnach 700,000 duine ar liostaí feithimh;
- Thiocfadh dó go bhfágfaí 100,000 othar ar thralaithe ar fud na tíre in
2017;
- Méadaíonn liostaí feithimh do theiripe shaothair, do theiripe fhisiceach,
do theiripe urlabhra agus teanga agus d’fhisiteiripe ó mhíonna go blianta;
- Tá maoiniú do sheirbhísí meabhairshláinte easnamhach amach is amach;
- Tá géarchéim in earcaíocht agus i gcoinneáil sa tseirbhís sláinte;
- Déanann an Rialtas neamhaird de agus ní éisteann sé le proifisiúnaigh
leighis ná le hoibrithe cúraim sláinte;
- Níl drugaí dílleachta á maoiniú mar is ceart;
- Tá ceantair ann sa tír nach bhfuil DG ann;
- Tá leapacha Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin druidte go fóill,
tá maoiniú agus acmhainní reatha easnamhach d’fhoirne néar-
athshlánaithe agus do sheirbhísí idirthréimhseacha a ligfeadh do dhaoine
filleadh abhaile.
Aithníonn an Ard Fheis seo an obair chrua atá déanta ag foirne Shinn Féin sa
Dáil agus sa tSeanad d’ainneoin easaontú naimhdeach agus réitigh agus moltaí
a dtabhairt chun tosaigh acu. Molann sí a dtorthaí in iallach a chur ar an Rialtas
athruithe forásacha a dhéanamh:
- D’aontaigh an tAire Sláinte triail a bhaint as polasaí Shinn Féin
‘Comhliosta’ mar gheall orthu;
- D’éirigh leo Rún Gnó ó Chomhalta Príobháideach a rith a chinntígh go
dtógfaí an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais ar champas Ospidéal
Naomh Uinseann agus go bhfanfadh sé faoi úinéireacht phoiblí agus
go mbeadh neamhspleáchas faoi cheangal dlí aige ó gach tionchar
neamhleighis;
- D’éirigh leo Rún Gnó ó Chomhalta Príobháideach a rith a chuireann cártaí
leighis ar fáil go huathoibríoch do pháistí atá an-tinn a fhaigheann Liúntas
Cúram Baile.
Athdhearbhaíonn an Ard Fheis seo an moladh a thug sí do Better for Health – A
Sinn Féin Plan for Universal Healthcare le hinfheistíocht a mhéadú sa chóras sláinte,
ní hamháin do níos mó acmhainní agus ábaltacht a chur ar fáil, ach le dul i ngleic
go díreach agus chun deireadh a chur leis na míchothromaíochtaí struchtúracha
a chiallaíonn go bhfaigheann daoine atá níos boichte bás níos óige agus nach mbíonn a
saol chomh sláintiúil.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
Cumann Smith/Savage (Caisleán Cnucha)
Cumann Murt Qualter (Baile Átha an Rí)
Comhairle Ceantair Chontae Mhuineacháin
Motion 109
Molann an Ard Fheis seo an Clár Rochtain Atruach do Channabas Leighis sna 26 Contae
mar an cur chuige is fearr lena chinntiú go bhfuil deis ag othair atá in ann leas a bhaint as
cóir leighis channabasbhunaithe.
Tá muid ar an eolas faoi othair atá tinn agus ag fulaingt ar fud an Stáit agus tá muid
meáite lena chinntiú nach mbeidh constaic dlí ann a chuirfidh bac ar aon drug nó chóir
leighis atá cliniceoir leighis cáilithe ag iarraidh a ordú dóibh.
Éilíonn muid fosta go leathnaítear an Clár Rochtain leis an méid is mó riochtaí leighis
atá cuí a chlúdach, pian san áireamh, agus forbairt an chláir a athbhreithniú – más rud é
go dteipeann air, cuirfidh muid reachtaíocht i bhfeidhm a chuirfidh seo i gceart.
Cumann Wilson/Coleman (Sord)
Cumann Sheena Campbell (Ros Treabhair)
Motion 110
Ag an Ard Fheis seo:
- Molann sí an Buiséad Malartach 2018 Shinn Féin a sholáthair do mhéadú
€12million (5%) le caitheamh ar an Straitéis Frithdhrugaí sna 26 Contae in 2018;
- Freagraíonn sí an glaoch ó Ard Fheiseanna roimhe seo le hathbhreithniú a
dhéanamh ar pholasaithe an pháirtí ó thaobh drugaí de, le taithí idirnáisiúnta
agus dearcthaí na mball curtha san áireamh, mar dhearbhaítear go bhfuil an
t-athbhreithniú anois curtha i gcrích;
- Aithníonn sí an dochar a dhéanann drugaí agus creideann sí gur chóir go
mbeidh téarnamh mar phríomhfhócas an fhreagra in éadan drugaí sna blianta
amach romhainn agus go leanfaidh infheistíocht chuí an príomhfhócas seo;
- Síleann sí gur chóir an cion do sheilbh d’úsáid phearsanta a choinneáil ach go
leasaítear reachtaíocht le rogha a thabhairt do bhreithiúna idirghabháil sláinte
nó atreorú pobalbhunaithe agus gan taifead coiriúil a ordú nuair a bhíonn
fianaise láidir ann go raibh an druga i seilbh ar mhaithe le húsáid phearsanta
amháin;
- Athdhearbhaíonn sí ár gcreideamh go bhfuil cur chuige idirghníomhaireachta
bunaithe ar fhíor-chomhpháirtíocht thar a bheith tábhachtach le dul i ngleic leis
an dochar a dhéanann drugaí, mar atá infheistíocht i sláinte, in oideachas agus i
bpobail.
Ard Chomhairle
Motion 111
Tá imní ar an Ard Fheis seo mar gheall ar an méid básanna a bhaineann le drugaí ar
fud an oileáin atá ag cur brón uafásach ar theaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha leo
tar éis bháis. Caithfidh gníomhaireachtaí reachtúla cuí Thuaidh agus Theas cur chuige
níos onnghníomhaí a ghlacadh chun an pobal áitiúil a mhealladh mar phríomhpháirtí
leasmhar i bhforbairt na straitéisí uileghabhálacha le dul i ngleic le mí-úsáid drugaí
dleathacha agus mídhleathacha.
Cuireann an Ard Fheis seo fáilte roimh an fhiosrúchán pobal a tosaíodh in Iarthar
Bhéal Feirste i gcomhpháirt le príomhghníomhaireachtaí reachtúla:
- A aithneoidh méid agus cineál fhadhb na ndrugaí in Iarthar Bhéal Feirste;
- A thabharfaidh tuairisc le moltaí le cuidiú le dul i ngleic le sciúirse básanna
anabaí agus mífhortúnacha inár bpobal.
Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
Motion 112
Ag an Ard Fheis seo:
- Aithníonn sí agus tacaíonn sí leis an obair chrua atá déanta ag tascfhórsaí
áitiúla pobail maidir le drugaí agus alcól agus tionscadail phobalhunaithe lena
dtacaíonn siad.
- Cuireann sí fáilte roimh an ghealltanas chun laghdaithe dochair i straiteis drugaí
Rialtas na hÉireann Reducing Harm-Supporting Recovery 2017-2025;
- Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann tacú leis an obair a dhéanann tascfhórsaí
áitiúla pobail maidir le drugaí agus alcól agus maoiniú a chur ar ais láithreach
chuig leibhéil 2008 ar a laghad lena neartú.
Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Theas-Lár
Motion 113
Éilíonn an Ard Fheis seo díchoiriúlú gach druga d’úsáid phearsanta.
An Coiste Náistiúnta Óige
Cumann COC
Motion 114
Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil beagnach 70,000 duine ar fud an oileáin a
bhfuil néaltrú orthu agus go mbíonn tionchar díreach ar tuairim is triúr eile den
teaghlach do gach duine le diagnóis. Meastar go méadóidh an uimhir seo faoi
dhó taobh istigh de 20 bliain agus faoi thrí taobh istigh de 35 bliain.
Is riocht sláinte tromchúiseach agus forchéimnitheach é néaltrú nach bhfuil
leigheas ar bith ann faoina choinne. Bíonn tionchar ollmhór aige ar an duine
agus orthu siúd atá cóngárach dó. Is rómhinic a fhágtar daoine a bhfuil néaltrú
orthu agus a dteaghlaigh leo féin le tabhairt faoi na hiarmhairtí gan an t-eolas, an
tacaíocht agus an cúram atá de dhíth orthu.
Aithníonn an Ard Fheis seo an dúshlán suntasach atá i ndán don tsochaí ag dul
i ngleic le néaltrú agus éilíonn sé go gcuirtear na beartais phoiblí thíos i bhfeidhm:
- Daoine a chur ar an eolas maidir le baol chun néaltrú a fháil a laghdú ;
- Néaltrú a dhiagnóisiú go luath;
- Tacaíocht a thabhairt do dhaoine le maireachtáil go maith leis an riocht;
- Pobail atá oiriúnach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu a chur ar
chumas;
- Monatóireacht agus bainistíocht a dhéanamh ar shonraí.
Cuireann an Ard Fheis seo fearg in iúl do Rialtas na hÉireann go bhfuil easpa
infheistíochta i dtacaíochtaí pobail do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu i mBuiséad
2018 agus nár caitheadh níos mó ná leath den chiste £6.2m a cuireadh ar
leataobh do chúram néaltraithe sa Tuaisceart.
Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus ar an Fheidhmeannas
sa Tuaisceart acmhainní sásúla a chur ar fáil lena chinntiú go gcuirtear an
Straitéis Náisiúnta maidir le Néaltrú i bhfeidhm agus go bhforbraítear straitéis
athbhreithnithe agus leasaithe a thugann tús áite do néaltrú.
Cumann Caraher/McCreesh (Baile Mhic an Aba)
Motion 115
Éilíonn an Ard Fheis seo go dtosaítear ar mhonatóireacht leictreonach leanúnach
de leibhéal glúcós fola i nDiaibéiteas Chineál 1 agus go gcuirtear maoiniú ar fail
chun an clár sin a sholáthar.
Cumann O'Carolan/Kilmartin (Dún Geimhin)
Motion 116
Tugann an Ard Fheis seo tacaíocht don fheachtas Stop Targeting Kids eagraithe ag
Foras Croí na hÉireann, agus iarrann sí ar an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar
son na hAeráide agus Comhshaoil sláinte páistí a chosaint trí shrianta diana, go
háirithe ar mhargaíocht dhigiteach, agus córas reachtúil cuimsitheach a thabhairt
isteach a rialaíonn margaíocht bia agus deochanna míshláintiúla ar líne atá
dírithe ar pháistí.
Cumann Sherlock/Harford (Baile Brigín)
Motion 117
Molann an Ard Fheis seo na tosaíochtaí meabhairshláinte i mBuiséad Malartach
2018 Shinn Féin le:
- Infheistíocht bhreise de €51.23m i seirbhísí agus i gcúram
meabhairshláinte do 2018 a chur ar fáil agus iarrann sí ar Rialtas na
hÉireann leibhéil foirne a mhéadú ar aon líne le moltaí sa tstraitéis
meabhairshláinte A Vision for Change;
- Bogadh i dtreo sheirbhísí idirghabháil géarchéime 24/7 i ngach ceantar
FSS Eagraíocht Phoiblí Cúram Sláinte;
- Rochtain a mhéadú i gcomhairliúchán chúram príomhúil, tús áite a
thabhairt d’andúil agus do dhédhiagnóis, tuilleadh foirne agus leapacha
a sholáthar do Sheirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh
(SMLO) , agus comhairliúchán agus seirbhísí eile meabhairshláinte do
dhaoine atá i soláthar díreach a mhaoiniú.
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann James Connolly (Baile Formaid)
Cumann Dunne-Kelly-Whitty (Baile Loch Garman)
Comhairle Ceantair Loch Garman
Cumann Robert Emmet/Joe Clarke (Inse Chór/LCTT)
Cumann James Connolly (An Chathair)
Motion 118
Ag an Ard Fheis seo:
- Aithníonn sí go gcailltear líon suntasach d’fhir 15-34 bliain d’aois in
Éirinn sa lá atá ann inniu de bharr féinmharaithe; bíonn baint ag an
alcól i níos mó ná leath na gcásanna agus aon trian de chásanna
féindochair, go bhfuil an Stát sa dara háit maidir le ragús óil ar
domhan;
- Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann le cinntiú nach bhfuil aon mhoill eile
ar An Bille Sláinte Poiblí (Alcól) 2015 ag dul tríd an Seanad agus an Dáil,
agus cosc iomlán a chur ar urraíocht alcóil d’imeachtaí spóirt agus ar
fhógraíocht teilifíse d’alcól.
Cumann Gaughan/Stagg (Béal an Átha)
Motion 119
Ag an Ard Fheis seo:
- Nótálann sí an tionchar a bhíonn ag féinmharú ar dhaoine aonair, ar
theaghlaigh agus ar phobail;
- Aithníonn sí gur bás inchoiscthe é an féinmharú, mar atá tugtha le fios
ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS);
- Aithníonn sí an réimse leathan oibre a dhéanann an earnáil dheonach
agus phoiblí chomh maith leis na seirbhísí reachtúla ag dul i ngleic leis
an cheist, i gcásanna dúshlánacha de ghnáth;
- Molann sí an obair a rinne a tIar-Aire Sláinte Michelle O’Neill ag
dul i ngleic le stiogma agus paireacht ghradaim a chinntiú do
mheabhairshláinte agus d’fholláine coirp, mar chuid d’iarracht níos
leithne le dul i ngleic le féinmharú agus cosc réamhghníomhach a
chur chun cinn;
- Éilíonn sí go mbeidh straitéis chun Féinmharú a Chosc ann atá
maoinithe mar is ceart.
Comhairle Ceantair Thuaisceart Bhéal Feirste
Comhairle Ceantair Colin
Comhairle Ceantair Fhear Manach
Motion 120
Iarrann an Ard Fheis seo ar an Aire Sláinte de chuid Rialtas na hÉireann tús a
chur le soláthar Shaotharlann um Chataitéarú Cairdiach ag Ospidéal Ollscoile
Shligigh.
Cumann Noble Six/Fr. O`Flanagan/MacManus (Baile Shligigh)
Motion 121
Nótálann an Ard Fheis seo, agus tiomantas Shinn Féin faoi chomhionannas
i gcáipéis an pholasaí Better4Health á aithint aici, maidir le moladh an rialtais
chun ospidéal úr a oscailt i gCorgaigh:
- Gur druideadh Otharlann Scoile Thuaidh tríocha bliain ó shin;
- Gur gheall Sinn Féin do mhuintir thuaisceart Chorcaí ag an am sin, go
mbeadh muid i bhfách le hospidéal úr suite i dtuaisceart Chorcaí;
- Go dtiocfadh dó go bhfreastalódh an t-ospidéal seo ar cheantair
éagsúla nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu faoi láthair, Baile
Mhistéala, Gleann Maghair agus Mainistir Fhear Maí ina measc;
- Go bhfuil ciall straitéiseach le suíomh i dtuaisceart an chontae mar
gheall ar an fhócas Cathrach/Contae atá ar an cheantar seo maidir le
tógáil tithíochta ann amach anseo.
Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil ar Shinn Féin a ghealltanas a
chomhlíonadh do mhuintir Chorcaí le:
- Bheith i bhfách le hoispidéal atá suite i dTuaisceart Chathair Chorcaí,
nó sa chúlchríoch timeall uirthi;
- Cinntiú go dtugtar tús áite don cheist agus aird chuí i rith fhoirmliú
aon chlár rialtais amach anseo.
Chomh maith leis sin, agus cáineadh ginearálta seirbhísí i gCorcaigh le roinnt
blianta anuas á aithint aici, molann an Ard Fheis seo go mbeidh:
- An áis seo mar aonad freagartha réigiúnach do chomhordú
éigeandálaí faoin Chreat Mhóréigeandálá;
- Fócas ar leith ar oiliúint taighde ag an áis maidir le hoiliúint tríú
leibhéal.
Cumann Ahern/Crowley (Cathair Chorcaí Thoir Thuaidh)
Motion 122
Tacaíonn an Ard Fheis seo:
- Le héileamh go dtabharfaidh Boird Chúram Sláinte agus Sóisialta soláthar
do chóireáil IVF isteach, trí thimthriall iomlána i gcomhréir le moltaí ar bhonn
fianaise;
- Le céimeanna le dul i ngleic le ceist na torthúlachta, cé go gcuireann sí fáilte
roimh mholtaí do thimthriall amháin do chóireáil IVF, aithníonn sí nach leor seo
agus gur chóir go mbeadh teacht ag gach lánúin ar an oileán ar thrí thimthriall
iomlána.
Comhairle Ceantair Chathair Dhoire
Motion 123
Nótálann an Ard Fheis seo le himní:
- An phian agus an dochar a fhulaingíonn idir fhir agus mhná trí úsáid a bhaint
as mogall i máinliacht le dul i ngleic le neamhchoinneálacht, le tultitim agus le
heirne;
- An tuirse agus an phian uafásach a fhulaingíonn daoine trí úsáid a bhaint as
mogall agus gur barraíocht fiú duine amháin a bheith gortaithe aige.
Éilíonn an Ard Fheis seo:
- Go mbeidh moratóir láithreach ann ar úsáid mogaill le dul i ngleic le
neamhchoinneálacht, le tultitim agus le heirne.
- Go ndéantar athbhreithniú neamhspleách cuimsitheach ar fhianaise atá ag
teacht chun cinn maidir leis an bhaol tromchúiseach a bhaineann le mogall a
úsáid;
- Go mbeidh bealach cuimsitheach cúraim ann a chinnteoidh go mbeidh
breithmheas agus cóireáil thráthúil ann dóibh siúd atá ag fulaingt le fo-iarmhairtí
i ndiaidh obráidí ionchlannáin mogaill.
Cúige na Sé Chontae
Motion 124
Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann:
- Cinnte a dhéanamh go ndéantar measúnú agus diagnóis ar pháistí atá ar
speictream an uathachais go luath;
- Maoiniú a chur ar fáil do chomhairliúchán leighis atá proifisiúnta agus
príobháideach nuair is gá;
- Cinnte a dhéanamh nach mbeidh ar aon pháiste fanacht níos faide ná sé mhí do
choinne;
- Cinnte a dhéanamh go bhfuil an córas oideachais, ón bhunscoil go tríú leibhéal,
feistithe dóibh siúd atá beo le huathachais le tacaíocht airgid agus tacaíocht
riachtanach a chur ar fáil, nuair is gá, do thuismitheoirí agus do chlanna ina
bhfuil páistí le huathachais;
- Traenáil maoinithe a chur ar fáil don lucht gairme faoin dóigh le measúnú agus
diagnóis luath a dhéanamh ar pháistí atá ar speictream an uathachais.
Cumann Dwyer/Parnell (An tInbhear Mór[Tuath])
Motion 125
Iarrann an Ard Fheis seo ar an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus ar an Aire
Gnóthaí Comhphobail agus Tuaithe sna 26 Contae go mbeidh aláraim i ngach teach úr
do sheanóirí, agus iarrann sí ar Rialtas na hÉireann an liúntas teileafóin a athbhunú do
sheanóirí le ligeann dóibh aláraim a úsáid tríd an líne thalún.
Cumann Logue/Marley (Cromghlinn)
Motion 126
Molann an Ard Fheis seo foireann fhorbartha an pholasaí sláinte ar chur chun cinn an
pholasaí Better for Health, faoi stiúir Louise O’Reilly TD faoi láthair. Tabharfaidh córas
sláinte aon leibhéal tairbhí isteach do chách. Tá an córas sláinte poiblí reatha briste. Tá gá
le hathruithe láithreacha maidir leis na ceisteanna thíos:
- Níor chóir go mbeidh seirbhís DG Faoi 6 ina seirbhís roghnach. Ní bhíonn a fhios
ag a lán tuismitheoirí nach gcuireann dochtúirí an tionscnamh ar fáil go dtí go
mbíonn sé de dhith;
- Tá an tréimhse chun gairmithe ar nós radagrafaithe agus banaltraí a chlárú
rófhada. Bheadh uathaithint cáilíochtaí idir coláistí na hEorpa agus na hÉireann
ina bhuntaiste leis an phróiseas clárúcháin a bhrostú;
- Ba chóir go mbeadh níos mó foirne ildisciplíneacha ar fáil in ionaid sláinte
áitiúla le cinntiú go bhfuil seandaoine agus daoine leochaileacha ag fáil seirbhísí
iomlána chúram sláinte agus go bhfuil nasc acu leis na seirbhísí;
- Leasuithe meabhairshláinte agus soláthar 24/7 maidir le seirbhísí agus tacaíocht.
Cumann Clarke/Smith/Doherty (Fionnghlas)
Motion 127
Iarrann an Ard Fheis seo ar na húdarásaí Thuaidh agus Theas cinnte a
dhéanamh go bhfuil teacht ag daoine ar fud an oileáin ar aonad scagdhealaithe
agus ar fhoireann dhuánach sa dóigh is nach mbeidh ar dhaoine i gceantair
faoin tuath, go háirithe san iarthar, taisteal níos mó ná uair an chloig leis an
chóireáil a fháil.
Cumann Tom Shevlin/Joe McDonnell (Béal na mBuillí)
Motion 128
Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann maoiniú láithreach a chur
ar fáil do scrúduithe sláinte saor in aisce do dhaoine fásta níos sine ná 30
bliain d’aois. Meastar go laghdódh idirghabháil proifisiúnta luath cásanna
de mheabhairghalair agus de thinnis coirp, rud a chiallaíonn nach mbeadh
spleáchas láidir ar leigheas dochrach agus costasach ar oideas.
Cumann Coen/Vaughan (Droim Seanbhó)
Motion 129
Ag an Ard Fheis seo:
- Nótálann sí go bhfuil fadhb an chearrbhachais ag méadú ar fud an
oileáin, go háirithe i measc daoine óga;
- Molann sí an obair atá déanta ag pobail áitiúla, an CLG agus
eagraíochtaí eile le dul i ngleic cearrbhachas agus na bunfhadhbanna
a bhaineann leis;
- Éilíonn sí:
- Go n-aithnítear go mbaineann cearrbhachas le sláinte poiblí;
- Go gcuirfear níos mó seirbhísí tacaíochta ar fáil le dul i ngleic le
cearrbhachas agus le cuidiú le daoine le fadhbanna cearrbhachais;
- Go bhforbróidh Sinn Féin polasaí cuimsitheach ar chearrbhachas
le moltaí chun fograíocht, cur chun cinn, urraíocht a laghdú do
ghnólachtaí cearrbhachais.
Cumann Clarke/Smith/Doherty (Fionnghlas)
Cumann Burns/McKerr/Toman (An Lorgain)
Cumann Markievicz/Ryan (Tamhlacht Láir)
Motion 130
Ag an Ard Fheis seo.
- Aithníonn sí gur fadhb sochaí é éagumas, bíonn tionchar aige
ar dhaoine de gach aois agus a dteaghlaigh go díreach agus go
hindíreach. Ba mhaith léi sochaí a fheiceáil ina bhfuil gach duine,
daoine faoi mhíchumas san áireamh, ábalta páirt iomlán agus
neamhspleách a ghlacadh, le gnáthsheirbhísí sláinte, oideachais agus
fostaíochta a oiread agus is féidir, ach le tacaíocht ó shainseirbhísí
éagumais nuair is gá;
- Molann sí foireann Oireachtais Shinn Féin ar na beartais chostáilte atá
curtha ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas i mBuiséad Malartach 2018
Shinn Féin;
- Cáineann sí Rialtas na hÉireann reatha, le tacaíocht ó Fhianna Fáil,
nach bhfuil aon bhiseach suntasach curtha ar fáil do dhaoine faoi
mhíchumas i mBuiséad 2018, iarrann sí an an Taoiseach Leo Vardkar
agus ar an Aire Sláinte, Simon Harris le gealladh go gcuirfidh siad
riachtanais agus cearta chun tosaigh i mBuiséad 2019;
- Molann sí go bhfaigheann Teachtaí Dála Neampsleácha
an Chomhaontais, an tAire Stáit le freagracht speisialta as
Saincheisteanna Míchumais, Finian McGrath gealladh ón Taoiseach
agus ón Aire Harris go bpléifidh Buiséad 2019 na costais chearta a
bhaineann le héagumas dóibh siúd a bhfuil dúshláin fhisiciúla agus/nó
intleachtúla acu.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
Cumann O'Hanlon/McMahon/Lynagh (Baile Mhuineacháin)
Motion 131
Nótálann an Ard Fheis seo:
- Go gcuireann Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine
faoi Mhíchumas (2006) an chreatlach ar fáil le cearta do gach duine faoi
mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a chinntiú agus go gcuireann
sé comhchearta chun cinn sa saol ar fad;
- Go bhfuil sé do-ghlactha nár dhaingnigh Stát na hÉireann an coinbhinsiún
tábhachtach seo, agus gurb é an t-aon stát AE é nár dhaingnigh.
Tugann an Ard Fheis seo tacaíocht iomlán do rannpháirtíocht agus do chuimsiú
daoine faoi mhíchumas i saol na hÉireann agus iarrann sí ar Rialtas na hÉireann
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú
láithreach.
Cumann Peadar Clancy/Mairéad Farrell (Inis)
Cumann Bhéal Átha na Muice
Cumann Sean Mac Giola Bhríde (Cathair na Mart)
Comhairle Ceantair Mhaigh Eo
Cumann Lann Abhaigh
Motion 132
Aithníonn an Ard Fheis seo na riachtanais atá acu siúd inár bpobal faoi mhíchumas
agus iad a thugann aire dóibh. Is í Éire an t-aon stát san Aontas Eorpach nach bhfuil
CNACDM daingnithe aici. Tá sí ag ligean síos daoine faoi mhíchumas gan tiomantas
a bheith aici le cinntiú nach bhfágtar ar lár iad ó chinntí a mbeidh tionchar acu ar
ghnáthimeachtaí a saoil.
Is léir an teip ón bhuiséad íseal don Deontas Oiriúnú Tithe dóibh siúd le
saincheisteanna sláinte a chuireann isteach ar lúth a ligeann dóibh fanacht sa bhaile
agus feidhmiú chomh maith agus is féidir leo.
Aithníonn muid gur ceart riachtanach é Seirbhísí Chúram Baile (faoiseamh,
pacáistí cúraim baile, cúnamh baile, sainteiripí agus srl.) agus gur chóir go gcuirtear
ar fáil é do gach duine in ainneoin aoise. Is acmhainn thábhachtach iad cúramóirí
teaghlaigh inár bpobal agus tá aitheantas ceart tuillte acu. Bíonn a lán brú agus
struis ar chúramóirí agus ba chóir go mbeidh teacht acu ar thacaíocht le cuidiú leo
ina ról cúraim.
Caithfidh an tAire Stáit le freagracht speisialta as Saincheisteanna Míchumais
cinnte a dhéanamh go gcuirtear acmhainní cuí maoinithe ar fáil do pháistí a
fhaigheann tacaíocht mar gheall ar mhíchumas agus go bhfaighfidh siad an cúram
leanúnach atá de dhíth orthu go bhfuil siad fásta.
Cumann Barnes/McCormack (An Muileann gCearr)
Motion 133
Ag an Ard Fheis seo:
- Aithníonn sí taighde a rinne Cumann na hÉireann um Oibrithe Sósialta,
Age Action, Cumann Alzheimer na hÉireann, agus Scoil an Pholasaí
Shóisialta, na hOibre Sóisialta agus Córa Sóisialta COBÁC (2016) a dúirt
go raibh seirbhísí chúram baile sna 26 contae mí-eagraithe, scoilte agus
tearcmhaoinithe agus measann oibrithe sóisialta go dtiocfadh le níos
mó ná leath na seandaoine lena mbíonn siad ag obair bheith sa bhaile in
ionad cúram cónaithe fadtéarmach dá mbeadh na seirbhísí cuí ar fáil;
- Nótálann sí go n-athluann sé seo taighde eile a rinneadh in Éirinn a
léiríonn go mbíonn seandaoine ag iarraidh fanacht sa bhaile chomh fada
agus is féidir agus cúram a fháil nuair is gá;
- Molann sí na moltaí i mBuiséad Malartach 2018 Shinn Féin chun 2.1
milliún uair agus 2,485 pacáiste cúraim baile eile a chur ar fáil, agus €72.65
milliún d’infheistíocht bhreise a chur ar fáil do sheirbhísí chúram baile;
- Iarrann sí ar an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta do
Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Breacaosta dul i ngleic go práinneach
leis na heasnaimh i maoiniú agus acmhainní a ghlacann seandaoine
amuigh óna mbailte agus isteach go cúram cónaithe.
Cumann Duffy/Downey (Dún Dealgan Thoir)
Motion 134
Tacaíonn an Ard Fheis seo le hathruithe i rialacháin thógála i ngach foirgneamh
a bhfuil teacht ag an phobal air go dtógtar bealach isteach do dhaoine
míchumasaithe, mar bhunchaighdeán, le treoirlínte curtha chun tosiagh ag Cumann
Cathaoireacha Rothaí na hÉireann.
Cumann Mitchell/Sands (Carraig Mhachaire Rois)
Cumann Keenan/Doherty (Carraig Mhachaire Rois)
Motion 135
Athnuann agus neartaíonn an Ard Fheis seo a tiomantas gach sráidbhaile,
baile agus cathair a dhéanamh feiliúnach do dhaoine faoi mhíchumas le
cinntiú go bhfuil Éire chun tosaigh agus go bhfuil an meas agus an luach
céannna ar dhaoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, ba mhaith linn
sainordú a thabhairt do gach ionadaí tofa acmhainní a mhéadú go suntasach
chun constaicí fisiciúla a bhaint, agus na constaicí a bhíonn ag daoine faoi
mhíchumas gach uile lá beo. Molann muid an feachtas #MakeWayDay agus
gríosaíonn muid gach ball an achainí ar líne a shíniú atá tiomanta chun sochaí
níos comhionainne a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas.
Cumann Robert Emmet/Joe Clarke (Inse Chór/LCTT)
Motion 136
Aithníonn an Ard Fheis seo go dtig le haitheantas luath Riachtanais Speisialta
Oideachais (RSO), le soláthar tráchtúil den tacaíocht chuí, agus le huaillmhianta
arda cuidiú le cinnte a dhéanamh go bhfuil páistí a bhfuil RSO orthu nó faoi
mhíchumas go maith go bhfuil siad fásta.
Nótálann an Ard Fheis seo le himní:
- Go ndearnadh 79% de na ráitis riachtanais speisialta oideachais sna 6
chontae taobh amuigh den teorainn reachtúil 26 seachtain;
- An laghdú le deireanas in uaireanta a thugtar do pháistí le riachtanais
spesialta oideachais ag leibhéal na naíscoile.
Geallann an Ard Fheis seo:
- Soláthar RSO a chur ar fáil ar bhonn riachtanais;
- Beartais a chur i bhfeidhm le cinntiú go gcuirtear measúnuithe agus
ráitis i gcrích chomh luath agus is féidir agus go laghdaítear an t-achar
ama reachtúil do ráitis go 20 seachtain.
Comhairle Ceantair Léim an Mhadaidh
Education, Childcare and Social Policy
Motion 137
Déanann an Ard-Fheis seo:
- Aithníonn an tábhacht le hearnáil oideachais a bhfuil dóthain
acmhainní ar fáil di don tsochaí agus don eacnamaíocht araon.
- Aithníonn gurb í earnáil an oideachais ar cheann de na hearnálacha
ba mhó thíos le cuid de na ciorruithe géara agus leibhéil neamh-
infheistithe mar gheall ar bhuiséid scriosta agus loite rialtas Fhianna
Fáil agus Fine Gael le blianta beaga anuas;
- Cáineann roghanna comhbhuiséad Fhine Gael/Fhianna Fáil le déanaí
a thugann tús áite do laghduithe cánach in áit fíor-infheistíocht i
seirbhísí poiblí;
- Fáiltíonn roimh sholáthairtí Buiséad Malartach Shinn Féin 2018 a
bhfuil sé mar sprioc aige caighdeán agus maoiniú chóras oideachais
na 26 Contae a mhéadú ag gach leibhéal lena n-áirítear:
- an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí a laghdú faoi 2 phointe;
- Deontais chaipitíocht scoile a mhéadú;
- Comhairleoirí treoraíocht oideachais a athbhunú;
- Múinteoirí acmhainne agus cúntóirí riachtanas speisialta (SNAs) sa
bhreis;
- Maoiniú suntasach le dul i ngleic le costais dhul ar ais ar scoil
- Méadú ar mhaoiniú don Scéim Iompair Scoile
- Táillí Tríú Leibhéal a laghdú agus deireadh a chur le táillí cúrsa CPT
(PLC);
- €100m infheistíocht chaipitiúil sa bhreis don oideachas.
- Éilíonn ar rialtas na hÉireann tús áite a thabhairt d’infheistíocht
tháirgiúil sna buiséid as seo amach chun córas den chéad scoth a
chinntiú ar mhaithe leis na saoránaigh go léir
James Stephens Cumann (Cill Chainnigh)
Motion 138
Nótálann an Ard-Fheis seo:
- Go bhfuil tuarastail in earnáil na Luathbhlianta íseal agus meánphá an
phroifisiúin go suntasach faoin bhun pá maireachtála agus ní léiríonn sé
cáilíochtaí foirne a chruthaíonn deacrachtaí earcaíochta agus coinneála mar
thoradh a chuireann níos mó brú ar earnáil atá faoi róbhrú cheana féin;
- Ní bheidh aon rogha ag na céadta foirne luathbhlianta ach síniú ar leas sóisialta
le haghaidh míonna an tsamhraidh mar gheall ar chonarthaí 38 seachtaine;
- Go bhfuil ard-chaighdeán oideachais agus cúraim luathbhlianta tairbheach do
leanaí óga ag bunchéim a bhforbartha agus go bhfuil soláthar luathoideachais
agus cúraim d’ardchaighdeán ag brath ar idirghníomhú den scoth idir foirne na
luathbhlianta agus na páistí a mbíonn siad ag plé leo.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann mar sin:
- Athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh, ar bhonn práinneach, ar chostas
seirbhíse luathbhlianta agus inbhuanaitheachta;
- Maoiniú Stáit a mhéadú go leibhéil Eorpacha le soláthar inbhuanaithe
d’ardchaighdeán, scálaí pá proifisiúnta agus íocaíocht d’am gan teagmháil a
chinntiú;
- Forbairt scála pá atá aontaithe ar bhonn Stát a choimisiúnú do lucht oibre na
luathbhlianta atá ceangailte leis an bPróifíl Ról Gairme a aithníonn cáilíochtaí,
taithí agus fad seirbhíse agus pá maireachtála in úsáid mar thúsphointe
agus chun cinnte a dhéanamh de go dtugtar rátaí caipitíochta níos airde
don fhoireann i gcomhréir le scála tuarastail comhaontaithe atá ag teacht le
cáilíochtaí;
- Tabhairt faoi cheist na n-uaireanta breise gan teagmháil a cuireadh le hualach
oibre soláthraithe atá fada fairsing cheana mar gheall ar theacht isteach an ACS
i mbliana agus cinnte a dhéanamh de go dtugtar íocaíocht do sholáthraithe
seirbhíse agus foirne don obair bhreise seo in am sásúil don obair bhreise atá
riachtanach le scéim úr na Roinne a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Meaney/Dunne Cumann (An Baile Breac)
Motion 139
Áirítear san Ard-Fheis seo na gnéithe thíos luaite:
- Cuirtear fáilte roimh fhoilsiú dhoiciméad Shinn Féin Is Mithid Cúram Leanaí
Inacmhainne a chur ar fáil (Time to Make Childcare Affordable);
- Nótáiltear:
- Go bhfuil costais chúram leanaí sa Stát dhá oiread níos mó ná meánchostas
na hEorpa;
- Is ann do na costais chúram leanaí seo atá ag ardú as cuimse de thairbhe
easpa infheistíochta san earnáil seo;
- Is iomaí oibrí sároilte cáilithe atá caillte ón lucht oibre gach bliain agus iad ag
tógáil am saor ón obair chun aire a thabhairt dá bpáistí mar gheall ar chostas
cúraim leanaí atá i bhfad ró-ard;
- Tá a lán soláthraithe cúram leanaí ag feidhmiú ar bhonn briseadh cothrom
- Éilítear ar Rialtas na hÉireann:
- Muirear Sóisialach Uilíoch (UCS) a mhéadú go suntasach ón ráta reatha leis
an ualach a mhaolú do theaghlaigh;
- Maoiniú inbhuanaitheachta a mhéadú do sholáthraithe pobail cúram leanaí
- Infheistíocht a mhéadú agus a leathnú in earnáil na luathbhlianta bliain i
ndiaidh bliana le costais a laghdú do thuismitheoirí agus le teacht ar staid ina
bhfuil cúram leanaí inrochtana, inacmhainne d’ardchaighdeán curtha ar fáil
do chách ar mhaith leo leas a bhaint as.
Cole/Colley Cumann (An Chúlóg)
Motion 140
Nótálann an Ard-Fheis seo:
- Tá páistí agus déagóirí na hÉireann neamhghníomhach ó nádúr agus mar ábhar
donais ar an scéal is iomaí scoil nach bhfuil áiseanna spóirt faoi dhíon acu.
- Cionn is go bhfeidhmíonn scoilbhliain na hÉireann i rith an Gheimhridh, tá sé rí-
thábhachtach go bhfuil teacht acu ar áiseanna nach bhfuil ag brath ar an aimsir.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann, mar sin, maoiniú a chur ar
fáil láithreach ionas go mbeidh teacht ag scoileanna uile, idir bhunscoileanna,
mheánscoileanna agus scoileanna speisialta ar halla spóirt faoi dhíon ar an láthair
agus creideann má tá Rialtas na hÉireann i ndáiríre faoi dhul i ngleic le hotracht agus le
fadhbanna eile atá bainte léi ba cheart an maoiniú seo a chur ar fáil láithreach.
Cumann Chora Droma Rúisc
Motion 141
Molann an Ard-Fheis seo iar-Leas-Chéad Aire agus iar-Aire Oideachais Martin
McGuinness as deireadh a chur leis an scrúdú aistrithe 11 plus chun córas
aistrithe bunaithe ar rogha an tuismitheora a bhunú agus aithníonn na gnéithe
seo a leanas:
- Leanann le cuid mhór scoileanna a gcuid daltaí a roghnú bunaithe ar
scrúduithe aistrithe in ainneoin gur cuireadh deireadh leis an 11 plus.
- Leanann le scrúduithe aistrithe scoile neamhionannas oideachais a
bhrú agus is bac iad ar rogha an tuismitheora.
Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh fhoilsiú na tuairisce Investigating Links in
Achievement and Deprivation (ILiAD) a tháinig ar an gconclúid seo a leanas:
- Cuirtear le gnóthachtáil nuair a fhorbraíonn scoileanna nascanna
éifeachtacha le pobail áitiúla;
- Cuireann idirghníomhaíocht ar chaighdeán maith idir tuismitheoirí agus
daltaí go mór leis an gcumas gnóthachtála;
- Cuireann scrúduithe aistrithe cosc ar ghnóthachtáil daoine óga i
gceantair atá ar an ngannchuid;
- Is é an toradh a bhíonn ar thaithí diúltach na scrúduithe aistrithe ná
easpa muiníne agus féinmheasa;
- Bíonn scrúduithe aistrithe fabhrach leis na daoine óga sin a bhfuil sé ar
acmhainn a dtuismitheoirí íoc as teagasc.
Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a tiomantas do chóras oideachais bunaithe
ar comhionannas agus rogha an tuismitheora, agus iarrann ar scoileanna
ceannaireacht a léiriú agus deireadh a chur le húsáid scrúduithe aistrithe agus
córas oideachais atá go hiomlán uileghabhálach agus neamhroghnaitheach a
thógáil ar mhaithe le dul chun cinn ár ndaoine óga go léir.
Cúige na Sé Chontae
Motion 142
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann athbhreithniú cuimsitheach a
dhéanamh ar an CAO agus córas na hardteistiméireachta, ag díriú ar na gnéithe
seo a leanas:
- An strus a chuireann an córas reatha ar shláinte fhisiciúil mheabhrach
agus ar fholláine mac léinn;
- An gá le comhionannas rochtana ar oideachas tríú leibhéal agus, go
háirithe, ar na cúrsaí is mó éilimh agus;
- An drochthionchar a bhíonn ag barraíocht béime ar thorthaí scrúduithe
agus pointí ar thimpeallacht oideachasúil na scoileanna agus ar
spriocanna foghlama do mhic léinn.
Mick Murray Cumann Chluain Tarbh
Motion 143
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin polasaí cuimsitheach ar cheisteanna
dheireadh saoil a fhorbairt, lena n-áirítear moltaí chun cead a thabhairt do
dhuine atá i mbéal an bháis bás a fháil le cuidiú nuair is léir gur sin an rún atá
aige agus nuair atá cead tugtha go soiléir agus dá dheoin féin.
Ard Chomhairle
Coiste Náisiúnta na nÓg
Tommy Kavanagh Cumann (An Coimín)
Motion 144
Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo ár dtacaíocht leis an 8ú Leasú de Bhunreacht
na hÉireann a aisghairm.
Léiríonn an Ard-Fheis seo arís ar dtiomantas bheith i mbun feachtais leis an
aidhm seo a bhaint amach.
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an rialtas reifreann a réachtáil leis an 8ú leasú a
aisghairm gan a thuilleadh moille.
Creideann Sinn Féin gur cheart eolas iomlán agus comhairleoireacht toirchis
neamh-díritheach ina bhfuil roghanna uile cuimsithe inti a chur ar fáil go
héasca. Athdhearbhaíonn muid ár n-easaontú maidir le coiriúlú ban a dhéanann
cinneadh ginmhilleadh a bheith acu.
Glacann an páirtí leis an gá ginmhilleadh a bheith curtha ar fáil sa chás ina
bhfuil saol, sláinte nó sláinte mheabhrach bán i mbaol mór nó i gcontúirt mhór,
agus i gcásanna mínormáltacht mharfach féatais agus i gcásanna éignithe nó
mí-úsáid ghnéis.
Ard Chomhairle
Tormey/Mannion Cumann (Ros Comáin Theas)
Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Iarthar Láir
Motion 145
Aithníonn an Ard-Fheis seasamh Shinn Féin ar an 8ú Leasú a Athghairm
agus cuireann faoi chúram Sinn Féin tacú go gníomhach leis an bhfeachtas
Aisghairme atá le teacht gan mhoill.
Aithníonn an Ard-Fheis seo gur dianphróiseas cothrom a bhí i dTionól na
Saoránach ar dhaonlathas pléghrúpa as a dtáinig moltaí inoibrithe comhbhácha
dá bharr a dtabharfaidh Sinn Féin tacaíocht dóibh.
Lena chois sin cuireann an Ard-Fheis seo faoi chúram Shinn Féin Polasaí
Sláinte do Mhná atá bunaithe ar mholtaí Thionól na Saoránach.
Mulgrew/McCracken Cumann (An Chaisleán)
Kevin Barry/Frank Stagg Cumann (Ionchathrach Iarthuaisceart)
McLaughlin/Cahill Cumann (Binn Éadair)
Devlin/Plunkett Cumann (Teach Mealóg/Tír an Iúir)
Markievicz/O'Farrell Cumann (Tamhlacht Deisceart)
Markievicz/Tadhg Barry Cumann (Iarthuaisceart/Bardaí Lárnacha)
MacDiarmada/Gilgunn Cumann (Cluainín)
Margaret Skinnider Cumann (Baile Gall/Droim Chonrach)
Gaughan/Stagg Cumann (Béal an Átha)
Cole /Colley Cumann (An Chúlóg)
Motion 146
Aithníonn an Ard-Fheis seo go n-imíonn mná gach lá ón tír seo le taisteal thar
lear chun foirceannadh toirchis a fháil. Aithníonn muid an t-anró agus an
tráma a mhéadaítear mar gheall ar an riachtanas taisteal chuig dlínse eile agus
a chruthaíonn cor eile i gcásanna áirithe ó thaobh iarchúraim de. Aithníonn
muid cé nach mór agus gur cheart do mhná i gcás toirchis géarchéime
tacaíochtaí a fháil tá siad ag roghnú deireadh a chur le toircheas ar mhaithe
le cúiseanna socheacnamaíocha agus ní féidir neamhaird a thabhairt air seo
a thuilleadh. Agus muid ar an eolas faoi mholadh Thionól na Saoránach,
aithníonn an Ard-Fheis seo an gá le reachtaíocht a rith ar son foirceannadh
toirchis i gcásanna socheacnamaíocha agus beartaíonn polasaí 32 contae a
fhorbairt leis seo a léiriú agus le tabhairt faoi fheachtas fógraíochta bunaithe ar
an bpolasaí seo.
Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Iarthar Láir
Motion 147
Aithníonn an Ard-Fheis seo go dtaistealaíonn mná na hÉireann gach lá thar lear
le foirceannadh toirchis a fháil agus ní féidir neamhaird a dhéanamh air seo a
thuilleadh.
Aithníonn an Ard-Fheis go bhfuil meas, cosaint, comhlíonadh a gcuid dualgas
cearta daonna tuillte ag mná ach rochtain a fháil ar sheirbhísí ginmhillte
dlíthiúil.
Tugann an Ard-Fheis seo sainordú do Shinn Fein tiomnú do pholasaí agus do
reachtaíocht araon a fhorbairt maidir le sláinte ban agus seirbhísí ginmhillte. .
Tugann an Ard-Fheis seo tacaíocht do reachtaíocht ginmhillte ar na
cúiseanna seo a leanas:
- Nuair nach bhfuil an toircheas níos mó ná 12 seachtain;
- Nuair a ba mhó an chontúirt a bhainfí le beatha na mná torrach a chur
i mbaol, lena sláinte fhisiciúil nó lena sláinte mheabhrach, ná mar a
bheadh dá gcuirfí deireadh lena toircheas;
- I gcás mínormáltacht mharfach féatais.
Sa chás go rithfeadh an rún seo, dhéanfadh sé rúin uile de chuid na hArd-
Fheise go dtí seo a aisghairm maidir le foirceannadh toirchis.
Coiste Náisiúnta na nÓg
Motion 148
Aontaíonn an Ard-Fheis seo go dtugtar cead do bhaill uile Shinn Féin a gcás a
chur in iúl agus vótáil ar cheist an ghinmhillte dar lena gcomhfhios.
John Joe Sheehy Cumann (Trá Lí)
French/Doyle Cumann Johnstown (An Uaimh)
Thomas Allen Cumann (Baile Átha Troim)
Ráth Cairn Cumann
Kelly/Arthurs Cumann (Na Cealla)
Matthew Kane Cumann (Tulach Mhór)
Cumann Erris
Logue/Marley Cumann (Cromghlinn)
Tom Keely Cumman (Cill Droichid)
Gallagher/Foy Cumann (Drumconrath)
Seosaimh MacDiarmada Cumann (Bóthar Mín)
Motion 149
This Ard Fheis believes that all Sinn Féin elected representatives should be
allowed to vote on the issue of abortion according to their conscience or
personal opinion and should not be bound by party policy.
Lynch/Grogan Cumann (Duleek/Kentstown)
Doherty/Delaney Cumann (An Uaimh)
Eneas McNulty Cumann (Acaill)
Comhairle Ceantair na Mí
Séamus Fox Cumann (Ráth Tó)
Jimmy Guy Cumann (Léim an Mhadaidh)
Gleann Na Rua Cumann (Aird Mhic Giollagáin /Glas-Stiall)
Markievicz/O'Farrell Cumann (Tamhlacht Theas)
Motion 151
Creideann an Ard-Fheis seo go mbaineann cearta atáirgthe na mban agus
smacht ar a corp agus ar a gnéasacht leis an mbean féin i ngach cás ar leith.
Pádraig Pearse Cumann (Taobh an Bhogaigh)
Towards a New and United Ireland
Motion 152
Aithníonn an Ard-Fheis seo, go leagann Breatimeacht, Tuaisceart na hÉireann
bainte ón Aontas Eorpach in éadan toil na ndaoine, teorainn chrua athchurtha
i bhfeidhm ar oileán na hÉireann agus athruithe déimeagrafacha go leagann
iad uile béim ar chás athaontú na hÉireann.
Mar sin, áirítear na gnéithe seo a leanas san Ard Fheis seo:
- Tacaíonn le doiciméad plé Shinn Féin I dTreo Éire Aontaithe, mar
spreagadh fiúntach agus samhlaíoch a chur ar fáil agus mar
chúnamh sa díospóireacht mar gheall ar Éire Aontaithe a bhaint
amach;
- Éilíonn ar na páirtithe polaitíochta go léir a mhaíonn go bhfuil siad
i bhfabhar Éire Aontaithe, a gcuid smaointe agus moltaí féin a
thabhairt chun cinn ar an tslí is fearr leis an sprioc seo a fhorbairt
- Éilíonn ar an Oireachtas:
- Uathbhallraíocht don Dáil a thabhairt isteach d’Fheisirí
Thuaisceart na hÉireann agus, idir an dá linn, cearta labhartha
agus comhairliúcháin a thabhairt isteach d’fheisirí an Tuaiscirt
agus Baill Tionóil sa Dáil agus Seanad.
- Fóram náisiúnta a bhunú le páirtithe agus earnálacha uile a
thabhairt le chéile atá ionadaíoch ar shaoránaigh na sochaí
de chuid an oileáin dul i gcomhairle lena chéile ar thodhchaí
bhunreachtúil agus polaitiúil an oileáin, lena n-áirítear ceist
athaontú na hÉireann agus athmhuintearas náisiúnta.
- Éilíonn ar Rialtas na hÉireann:
- Plé eolach, stuama agus measúil a spreagadh agus a threorú ar
cheist athaontú na hÉireann;
- Plean réadúil a ullmhú le haghaidh athaontú na hÉireann, lena
n-áirítear grúpa uile-pháirtí de chuid an Oireachtais le Páipéar
Glas a chur i láthair bunaithe ar athaontú na hÉireann;
- Tús a chur le reifreann ar chearta vótála uachtaránachta do
shaoránaigh Thuaisceart na hÉireann agus diaspóra na hÉireann;
- Seirbhís Sláinte Náisiúnta uile-oileáin agus seirbhísí poiblí uile-
oileáin a fhorbairt trí ‘Phlean Uile-oileáin Infheistíochta agus
Rathúnais’..
Ard Chomhairle
Motion 153
Aithníonn an Ard-Fheis seo an damáiste atá déanta ag páirtithe de chuid na heite
deise as a chéile i mBaile Átha Cliath agus i Londain ar an tseirbhís sláinte Thuaidh
agus Theas agus an tionchar atá aige seo ar shaolta othar, úsáideoirí seirbhíse, a
dteaghlaigh agus iad siúd a n-oibríonn sa tseirbhís sláinte.
Agus tuiscint againn ar an riachtanas ullmhú do Bhreatimeacht agus na seirbhísí
trasteorann atá forbartha go dtí seo a chosaint agus a fheabhsú, athdhearbhaíonn
muid ár dtiomantas do sheirbhís sláinte 32 contae bunaithe ar chearta atá saor ag
an bpointe seachadta agus a chuireann cúram ar fáil bunaithe ar riachtanas sláinte.
Chun é seo a dhéanamh, tugann an Ard-Fheis sainordú don pháirtí polasaí
sláinte uile-oileáin costáilte go hiomlán a chuirfidh le cúram a chur a fáil sna 32
contae agus ina mbeidh reachtaíocht do Sheirbhís Sláinte Náisiúnta uile-oileáin mar
bhunchloch aige.
Ard Chomhairle
Motion 154
Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tiomantas iomlán Shinn Féin le dul i ngleic le
seicteachas agus é a dhíothú i sochaí na hÉireann.
Is ionann seicteachas agus a mhalairt de Phoblachtachas na hÉireann agus
forbairt Éire atá ar aon intinn, aontaithe.
Is é an bac is mó chun cneasú agus athmhuintearas a bhaint amach inár sochaí.
Tá muid tiomanta do phrionsabal Chomhaontú Aoine an Chéasta a gheall
dá saoránaigh “an ceart do shaoránaigh a saol a chaitheamh saor ó chiapadh
seicteachais”.
Ní mór na gnéithe seo a chur san áireamh ó thaobh na praiticiúlachta de:
- An ceart chun fostaíochta saor ó chiapadh seicteach, imeaglú nó ionsaí;
- An ceart chun tithíochta agus le bheith i do chónaí i dteach saor ó ionsaí
seicteach, imeaglú nó leithcheal eile;
- An ceart chun saorchaidrimh, caitheamh aimsire agus saol sóisialta a
bheith agat in áit ar bith is mian leat saor ó ionsaí seicteach, imeaglú nó
leithcheal eile;
- An ceart chun creideamh agus adhradh a chleachtadh saor ó ionsaí
seicteach, imeaglú nó leithcheal eile;
- An dualgas le caint, ionsaí, imeaglú nó leithcheal eile a thuairisciú nuair a
fheictear nó nuair a chloistear é.
Aithníonn muid gurb ann don seicteachas ar fud shochaí na hÉireann. Ní mór
aghaidh a thabhairt ar dhearcthaí agus iompar seicteach go gníomhach beag beann
ar an bhfoinse.
Molann Sinn Féin gur gá beartais agus tionscnaimh frith-sheicteachais a bheith
fite fuaite laistigh d’institiúidí rialtais ag gach leibhéal agus go ndéantar seicteachas
a shainmhíniú mar choir fuatha agus é cumhdaithe i reachtaíocht.
Chuige sin, glacann an Ard-Fheis seo leis an ndoiciméad polasaithe Pobal Amháin
– Ag Dul i nGleic le Sciúirse an Seicteachais i Sochaí na hÉireann.
Ard Chomhairle
Motion 155
Nótálann an Ard-Fheis seo:
- Léiríonn imeachtaí ar na mallaibh i ndeisceart agus in oirthear Bhéal
Feirste go soiléir go bhfuil codanna áirithe de shochaí na hÉireann cráite
ag an seicteachas;
- Úsáid bratach le himeagla a chur ar dhaoine agus le hatmaisféar a
chruthú ina bhfuil imeagla dosheachanta;
- Is ionann seicteachas agus a mhalairt de Phoblachtachas na hÉireann.
Mar a bhaineann le gach cás eile fuatha nó leithcheala, cáineann go huile is
go hiomlán imeagla na dteaghlach caitliceach óna mbailte i ndeisceart agus in
oirthear Bhéal Feirste agus cuireann faoi bhráid gníomhaithe Shinn Féin cur i
gcoinne seicteachais agus dearcthaí seicteacha beag beann ar a bhfoinse agus
molann aighneachtaí chuig agus rannpháirtíocht cónaitheoirí agus gníomhaithe an
Tuaiscirt sa Choimisiúin ar Bhratacha, Féiniúlacht, Cultúr agus Traidisiún.
Comhairle Ceantair Dheisceart agus Oirthear Bhéal Feirste
Motion 156
Déanann an Ard-Fheis seo:
- Bearna suntasach a aithint mar gheall ar dhéileáil leis an am a chuaigh
thart inár sochaí agus cur chuige díomách rialtas de bharr UNSCR 1325;
- Nótálann gur iarr UNSCR 1325 (a ritheadh sa bhliain 2000) ar níos mó
rannpháirtíochta agus comhcheangail dearcthaí ar leith na mban maidir
le cosc coinbhleachta, tógáil síochána, agus atógáil. D’iarr sé freisin ar
chosaint cearta ban agus cailíní le linn coimhlintí, agus cosc agus aird a
chur ar fhoréigean inscne.
- Díomách leis an easpa freagrachta atá léirithe ag rialtas na Breataine
mar gheall ar a dhualgais a chomhlíonadh i leith na mban ar na hoileáin
seo de bharr a sainmhínithe ar thríocha bliain coimhlinte
- Aithníonn nach féidir eispéiris a aithint nó tacú le téarnamh gan cur
chuige inscne ar leith
- Tugann tacaíocht iomlán do rannpháirtíocht ban ag gach céim den
bpróiseas iar-choinbhleachta;
- Iarrtar ar chur i bhfeidhm rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún
Aontaithe láithreach.
Cumann Lann Abhaigh
Motion 157
Aithníonn an Ard-Fheis seo:
- An tábhacht a bhaineann le Bille Ceart atá mar chroílár Chomhaontú
Aoine an Chéasta, ina bhfuil cearta breise ar an gCoinbhinsiún Eorpach
um Chearta an Duine agus a léiríonn na cúinsí ar leith a bhaineann le
tuaisceart na hÉireann;
- An ról lárnach a bheadh ag Bille Ceart maidir le síocháin, comhionannas
agus cearta daonna a chosaint i gcomhthéacs Breatimeachta agus i
leith aisghairme atá molta ag rialtas Tóraithe na Breataine den Acht um
Chearta an Duine.
- An t-imní agus na moltaí sna tuairiscí is déanaí de chuid NA i leith
aisghairm den Acht um Chearta an Duine.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Bille Ceart do thuaisceart na hÉireann agus le
Cairt uile-Éireann um Chearta.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Motion 158
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar thacaíocht do theaghlaigh Loch an Oileáin agus
d’ íospartaigh go léir de chuid claonpháirteachas rialtas na Breataine. Tar
éis thuairisc an Ombudsman don Phóilíniú a fhoilsiú ina sonraítear fianaise
doshéanta iontaofa maidir le claonpháirteachas i sléacht Loch an Oileáin, éilíonn
an Ard-Fheis seo ar rialtas na Breataine a leithscéal a dhéanamh go poiblí, agus
a mbaint leis an gclaonpháirteachas agus leis na dúnmharuithe mar atá leagtha
amach sa tuairisc a adhmháil.
Betsy Gray Cumann (Baile na hInse)
Motion 159
Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh chinneadh Choiste Airí na hEorpa ar
Chomhlacht Cearta Daonna a léirigh a ‘n-ábhar mór imní’ maidir le roinnt
ceisteanna leagáid atá fós le réiteach. Bhí cás Pat Finucane curtha san áireamh
leis an gcinneadh seo, a cuireadh isteach i gcoinne Rialtas na Breataine, agus
mhol an Coiste níos mó dul chun cinn ar an gceist nuair a bheidh deireadh le
hachomharc na Cúirte Uachtaraí.
Is mian leo freisin;
- A ‘n-ábhar mór imní’ maidir leis an HIU (Aonad Thaighde na Staire)
agus meicníochtaí eile leagáid a chur in iúl, mar an ICIR ((Independent
Commission on Information Retrieval) agus an OHA (Oral History
Archive), a aontaíodh le linn cainteanna Stormont I mí na Nollag 2014,
nach bhfuil bunaithe go fóill;
- Éileamh go láidir ar Rialtas na Breataine ‘go práinneach’ tabhairt faoi
bheartais uile atá riachtanach chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil
córas na bhfiosrúchán leagáid maoinithe mar is cuí dar le moltaí an
Tiarna Príomh-Bhreitheamh agus go bhfuil comhoibriú ar fáil ón SPTÉ
agus An Aireacht Cosanta le fiosrúcháin éifeachtacha a éascú agus
deireadh á chur leo.
- Go ndéanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ar na
ceisteanna seo ag an gcéad chruinniú eile den choiste i Meitheamh
2018, ar a mhoille.
Mar fhocal scoir, éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann a gcuid dualgas
idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus cloí le cinneadh Choiste na n-Airí. Anuas air
sin, ní mór dóibh freisin maoiniú mar is cuí a chur ar fáil d’oifig an Ombudsman
don Phóilíniú le gur féidir leo fiosrúcháin leagáid atá fós le réiteach a chríochnú.
Comhairle Ceantair Fhear Manach
Motion 160
Éilíonn an Ard Fheis seo go scaoilfear saor Tony Taylor láithreach agus
athdhearbhaíonn ár dtacaíocht do chearta daonna ár saoránach go léir.
Comhairle Ceantair Chathair Dhoire
Motion 161
Molann an Ard-Fheis seo obair Shinn Féin agus gníomhaithe Gaeilge eile atá ag
troid ar son cearta teanga ar fud an oileáin. I mbliana, molaimid ach go háirithe
iad siúd go léir a bhí bainte leis an bhfeachtas chur i bhfeidhm Acht na Gaeilge
sa Tuaisceart.
Tá Sinn Féin tiomanta do dhul chun cinn na Gaeilge, dá hathbhunú mar
cheann de na príomhtheangacha labhartha in Éirinn agus do chur i bhfeidhm
ceart do Ghaeilgeoirí.
Aithníonn an Ard-Fheis agus molann an aird agus infheistíocht shuntasach
atá luaite leis an nGaeilge i mBuiséad Malartach Shinn Féin 2018.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo mar pholasaí páirtithe Doiciméad Polasaithe
Shinn Féin ‘Tír gan Teanga, Tír gan Anam’ agus molann a mionmholtaí maidir le:
- Cearta Teanga;
- Ceantair Gaeltachta;
- Oideachas;
- Athchóiriú na hearnála poiblí;
- Cur chun cinn na Gaeilge sna meáin;
- An méid is mó deiseanna a chruthú leis an nGaeilge a fhoghlaim agus
a úsáid.
Aithníonn muid freisin gur le muintir na hÉireann go léir í an Ghaeilge agus
i gcomhthéacs comhmheasa agus ár sochaí ilchultúrtha, is féidir léi cur go
dearfach le hÉire aontaithe neamhspleách a bhaint amach.
Ard Chomhairle
Motion 162
Déanann an Ard-Fheis seo:
- Aithníonn comóradh 50 bliain ar an gcéad mhórshiúl cearta sibhialta
a tharla i mí Lúnasa 1968 ó Oileán an Ghuail go Dún Geanainn nuair a
shiúil thar 2000 duine ar son comhionannais agus ceart siabhialta ar
son Naisiúnaigh na 6 chontae;
- Nótálann gur mó an t-athrú atá tagtha sa Tuaisceart de bharr an
chéad mhórshiúl cearta sibhialta ach tá go leor le déanamh fós chun
go mbeidh comhionannas ag cách agus ní mór dúinn gan réiteach
a fhágáil nár thriail muid chun é seo a bhaint amach lena n-áirítear
gníomhaíochas, institiúidí tofa agus an córas breithiúnach.
Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Cluain Eo
Motion 163
Nótálann an Ard-Fheis seo an easpa dul chun cinn maidir le meicníochtaí
leagáid a chur i bhfeidhm mar a aontaíodh sa Chomhaontú Fresh Start agus
éilíonn ar Rialtas na Breataine maoiniú a chur ar fáil láithreach d’fhiosrúcháin
leagáid atá fós le réiteach.
Comhairle Ceantair Chúl Raithin
Motion 164
Déanann an Ard-Fheis seo:
- Nótálann go bhfuil comóradh céad bliain toghchán 1918 agus an
Chéad Dáil ag druidim linn;
- Éilíonn go gcuirtear cearta labhartha agus vótála don Dáil i bhfeidhm
gan a thuilleadh moille;
- Molann ach go háirithe go tugtar cuireadh d’ionadaithe tofa páirt a
ghlacadh i gcruinniú don Dáil ar an 21ú Eanáir 2019, le céad bliain an
chéad chruinniú don Dáil a chomóradh
- Molann gur chóir do Shinn Féin bheith ag brath ar thoghchán
siombalach na ndaoine a eagrú agus iarrthóir a sheasamh i ngach
ceann de dháilcheantair na Sé Chontae ina n-eagrófar toghcháin don
Dáil amach anseo.
Comhairle Ceantair Dheisceart an Dúin
Seamus Wrynn Cumann (Béal an Átha Móir)
Motion 165
Tacaíonn an Ard-Fheis seo, mar aitheantas ar an 21ú Eanáir 1919, nuair a
tháinig Dáil Éireann le chéile don chéad uair, gur trí mheán na Gaeilge a
rinneadh an gnó, gur cheart lá a roghnú chomh gar agus is féidir leis an dáta
seo, 100 bliain níos déanaí, ina mbeidh gnó don Dáil déanta go hiomlán trí
mheán na Gaeilge.
Seamus Wrynn Cumann (Béal an Átha Móir)
Motion 166
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le leabharlann staire Phoblacht na hÉireann a bhunú
áit ar féidir le stair le blianta beaga anuas agus le heispéiris áitiúla a chur i dtoll
a chéile agus a chroiniciú chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil cosaint dár
scéal sna blianta amach romhainn.
Mairéad Farrell Cumann (Barda Lárnach na Cathrach)
Motion 167
Déanann an Ard-Fheis seo:
- Nótálann fógra an Taoisigh ar na mallaibh maidir le reifreann a eagrú
ar an mbunreacht a leasú chun cead a thabhairt do shaoránaigh
Éireannacha sa Tuaisceart agus diaspóra na hÉireann vóta a
chaitheamh i dtoghcháin uachtaránachta;
- Éilíonn ar Shinn Féin borradh a chur faoin bhfeachtas seo don
reifreann atá le tarlú an bhliain seo chugainn agus éilíonn ar mhuintir
an Deiscirt tacú leis an athrú riachtanach seo sa bhunreacht trí vóta a
chaitheamh dá gcomhshaoránaigh;
- Molann ceannaireacht Gerry Adams TD agus an Seanadóir Niall
Ó Donnghaile as an scéal seo a chur i lár an aonaigh i dtithe an
Oireachtais agus an tSeanaid araon.
Comhairle Ceantair Dheisceart agus Oirthear Bhéal Feirste
Motion 168
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann gach iarracht a dhéanamh
cáipéisí pearsanta Ruairí Mhic Easmainn lena n-áirítear a chuid dialann agus
cuimhneacháin phearsanta eile dá chuid a fhilleadh go hÉirinn.
John Joe Sheehy Cumann Thrá Lí
Motion 169
Éilíonn an Ard-Fheis ar theacht isteach vótála éigeantach chun rannpháirtíocht
pholaitiúil a mhéadú agus chun níos mó dlisteanachta a thabhairt d’institiúidí
polaitiúla.
Hurson-Quirke cumann, Galway City West.
Motion 170
Creideann an Ard-Fheis seo nach bhfuil oifig an Uachtaráin ábhartha in Éirinn
an lae inniu.
Cumann Mháirtín Uí Chadhain (Connamara Theas)
Motion 171
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann laghdú a dhéanamh ar chostas
saoránacht Éireannach a fháil ó €1,125 go €60 leis na costais riaracháin mar is
cuí atá bainte leis an bpróiseas a léiriú. Is dúshaothraithe an rud é amach is
amach táille €1,125 a ghearradh ar dhuine a bhfuil teideal aige air. Má tá cónaí
ar dhuine in Éirinn ar feadh 7 mbliana (nó cibé am nó fad ar leith atá i gceist)
agus a bhfuil teideal aige ar shaoránacht Éireannach, ba cheart mar sin go
dtabharfaí an saoránacht don duine sin agus a laghad maorlathais agus costas
agus is féidir.
Coen/Vaughan Cumann (Droim Seanbhó)