Sinn Féin - On Your Side

We will be live streaming the Sinn Féin Ard Fheis here on Friday June 15 from 5pm and Saturday June 16 from 10am.

Ard Fheis 2018 live stream

Connect with Sinn Féin

Sinn Féin Ard Fheis 2018 Clár

  • A new and agreed Ireland
    • 1

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • leibhéil ardaithe i gcaint agus i bplé maidir le hÉirinn aontaithe ar fud na sochaí a aithint;
      • fáilte a chur roimh chaint mar seo agus aitheantas a thabhairt ar an raon leathan tuairimí maidir le cén chuma a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn aontaithe;
      • forbairt cainte a spreagadh maidir le daonlathas uile-Éireann bunreachtúil, iolraíoch agus cearta-bhunaithe;
      • fáilte a chur roimh raon comhdhálacha arna n-eagrú ag Sinn Féin ar fud na hÉireann agus i Londain;
      • a aithint go bhfuil an bealach le haontacht na hÉireann a bhaint amach leagtha amach go soiléir i gComhaontú Aoine an Chéasta mar reifreann ar dhá thaobh na teorann.
      Mar sin, déanann an Ard-Fheis seo:
      • a éileamh ar na páirtithe polaitiúla úd go léir a bhfuil seasamh ráite acu tacú le hÉirinn aontaithe, a smaointe agus moltaí féin a thabhairt chun cinn maidir le conas is fearr an cuspóir seo a thabhairt chun cinn;
      • a éileamh ar rialtas na hÉireann:
      - ballraíocht Dála uathoibríoch a thabhairt isteach d’Fheisirí Parlaiminte ó thuaisceart na hÉireann agus, ag fanacht leis seo, cearta cainte agus comhairliúcháin a thabhairt isteach d’Fheisirí Parlaiminte agus Comhaltaí den
      Tionól ón Tuaisceart sa Dáil agus sa Seanad;
      - Coiste Oireachtais a chur ar bun le pleanáil le haghaidh aontacht na hÉireann;
      - fóram náisiúnta a chur ar bun leis na páirtithe go léir agus na príomh-earnálacha atá ionadaíoch ar an tsochaí shibhialta ar an oileán le dul i gcomhairle le chéile ar thodhchaí bhunreachtúil an oileáin, lena n-áirítear ceist aontacht na hÉireann agus an athmhuintearais náisiúnta;
      • a éileamh ar rialtas na hÉireann:
      - comhrá poiblí eolach, réasúnach agus measúil a spreagadh agus a threorú ar cheist aontacht na hÉireann;
      - plean réadúil a ullmhú d’athaontú na hÉireann, lena n-áirítear grúpa uilepháirtí Oireachtais le Páipéar Glas a thabhairt chun cinn le haghaidh athaontú na hÉireann;
      - tús a chur le reifreann ar chearta vótála Uachtaránachta do shaoránaigh i dtuaisceart na hÉireann agus do dhiaspóra na hÉireann le reáchtáil san 12 mhí seo chugainn;
      - Seirbhís Náisiúnta Sláinte uile-oileáin agus seirbhísí poiblí uile-Éireann a fhorbairt trí ‘Phlean Infheistíochta agus Rathúnais Éireann Aontaithe’ a fhorbairt.
      Ard-Chomhairle
      Cumann Burns/McKerr/Toman (An Lorgain)

    • 2

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • A éileamh ar na páirtithe polaitiúla agus na hionadaithe úd go léir a mhaíonn go dtacaíonn siad le hÉirinn aontaithe tacú linn inár n-éileamh ar reifreann ar aontacht na hÉireann;
      Cumann Joe McManus (an Garastún)

    • 3

      Éilíonn an Ard-Fheis seo athaontú láithreach Chomhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann mar a dhéantar foráil dó faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta.
      Comhairle Ceantair na Banna Uachtair

    • 4

      Tá fís ag an Ard-Fheis seo d’Éirinn nua agus aontaithe atá fréamhaithe go daingean sna luachanna poblachtacha comhionannas, bráithreachas agus saoirse. Táimid ag iarraidh Éire chuimsitheach a bheith ann ina nglactar leis an ilchineálacht féiniúlachtaí ar ár n-oileán, ina gcosnaítear agus a gceiliúrtar iad. Caithfear iad siúd ar mór leo a bhféiniúlacht Bhriotanach a bheith san áireamh. Caithfidh Éire nua agus aontaithe a bheith ina háit do chách, Éire aontaithe atá ina baile duit más Éireannach, Briotanach, an bheirt acu nó ceachtar acu thú.
      Tá an traidisiún Oráisteach agus an fhéiniúlacht Bhriotanach tábhachtach do chuid den phobal a chomhroinneann an t-oileán seo. Tá sé tábhachtach dúinn go léir mar sin.
      Tugann Comhaontú Aoine an Chéasta ní hamháin bealach chun cinn síochánta agus daonlathach go haontacht na hÉireann, ach cuireann sé freisin roinnt oibleagáidí maidir le cearta agus paireacht ghradaim d’fhéiniúlacht is cuma faoi dhílseacht náisiúnta do chách a mhaireann in Éirinn nua agus aontaithe.
      Aithníonn an Ard-Fheis seo an gá dóibh siúd go léir is mian leo Éire Aontaithe a fheiceáil dul i dteagmháil lenár gcomharsana aontachtacha agus éisteacht agus plé lena ndóchais agus ábhair eagla maidir le haontacht na hÉireann. Aithnímid go bhféadfaidh sé go mbeidh gníomhartha de dhíth lena dhearbhú do daoine a chuireann luach ar a bhféiniúlacht Bhriotanach nach laghdófar seo in Éirinn aontaithe, lena n-áirítear ceisteanna mar iad seo:
      • Bille Ceart uile-Éireann;
      • socruithe maidir le bratacha, siombailí agus suaitheantais;
      • caomhnú shaoránacht na Breataine agus na cearta atá bainteach leis sin;
      • na ráthaíochtaí atá i gComhaontú Aoine an Chéasta a bheith ag leanúint ar aghaidh tar éis na haontachta;
      • bearta le dul i ngleic leis an seicteachas ar fud na sochaí;
      • eagrais a choinneáil agus a fhorbairt a ceapadh leis na caidrimh idir na hoileáin a láidriú, lena n-áirítear Comhairle na Breataine-na hÉireann, Tionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann agus Comhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann.
      Cumann Chill Mhantáin Thiar

    • 5

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • a éileamh ar rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine a ngealltanais a chur i gcrích mar a leagtar amach i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, agus seasamh le hardchaighdeáin maidir le cearta sibhialta, eacnamaíocha agus sóisialta i dtuaisceart na hÉireann;
      • a aithint go dtugann forálacha maidir le cearta daonna agus comhionannas Chomhaontú Aoine an Chéasta muinín do gach pobal in institiúidí polaitiúla an Chomhaontaithe agus in údaráis phoiblí eile;
      • a aithint go dtugann dlí AE creatlach tacaíochta ceart a chuireann bonn agus taca faoi fhorálacha comhionannais Chomhaontú Aoine an Chéasta agus gur príomhábhar imní is ea éagsúlacht amach anseo idir cearta, thuaidh agus theas, de thoradh ar Brexit, a d’fhéadfadh bacainní a chruthú ar an oileán agus cur isteach ar an riachtanas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta le caighdeáin choibhéiseacha le haghaidh cosaint ceart sa dá dhlínse;
      • a athdhearbhú gur féidir le saoránaigh Éireannacha i dtuaisceart na hÉireann a saoránacht AE agus cearta bainteacha a fheidhmiú agus tairbhiú díobh agus a aithint go bhfuil feidhmiú na gceart seo ina chuid ríthábhachtach den fhoráil ar shaoránacht i gComhaontú Aoine an Chéasta.
      Go háirithe, éilímid orthu na nithe seo a leanas a thabhairt isteach:
      • Bille Ceart;
      • Cairt Cheart uile-Éireann, agus Comhchoiste um Chearta Daonna, thuaidh agus theas, a chur ar bun;
      • Fóram Sibhialta uile-Éireann;
      • athbhreithniú ar mhaoiniú do chomhlachtaí uile-Éireann;
      • Acht na Gaeilge;
      • maoiniú d’fhiosrúcháin oidhreachta;
      • tar éis don Bhreatain imeacht ón AE, ráthaíocht go leanfaidh daoine a rugadh sa tuaisceart a fheidhmíonn a dteidlíocht ar chearta saoránachta faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh ag tairbhiú do chearta mar shaoránaigh AE.
      Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

    • 6

      Molann an Ard-Fheis seo, agus tacaíonn an Ard-Fheis seo le gníomhairí Gaeilge ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin as a gcuid oibre leis an nGaeilge a chur chun cinn.
      Go háirithe, molaimid dóibh siúd go léir atá ag stocaireacht le go gcaithfear go cóir agus go cothrom le pobail Ghaeltachta, agus le go gcuirfear i bhfeidhm agus go gcosnófar cearta teanga do gach saoránach.
      Molann an Ard-Fheis thairis sin an feachtas bhríomhar ar son Acht na Gaeilge sa tuaisceart agus athdhearbhaímid ár dtiomantas d’fheidhmiú Acht na Gaeilge sna Sé Chontae.
      Tá Sinn Féin tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge, dá hathréimniú ar mhórtheanga labhartha in Éirinn agus do chur i gcrích cearta Gaeilgeoirí.
      Tarraingíonn an Ard-Fheis seo aird ar pholasaí Gaeilge Shinn Féin, Tír gan teanga, tír gan anam, agus dár bplécháipéisí a foilsíodh le deireanas, Irish Language in the Pre-School Sector agus Irish Language in the Educational System, agus molaimid na moltaí sin mar chuidiú suntasach agus cuidiúil leis an dioscúrsa reatha ar thodhchaí na Gaeilge.
      Aithníonn Sinn Féin thairis sin gur le muintir uile na hÉireann an Ghaeilge i gcomhthéacs an chóimheasa agus ár sochaí ilchultúrtha.
      Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

    • 7

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • a nótáil go bhfuil 55 milliún Eorpach a labhraíonn teanga neamhfhorleathan agus a mbíonn leithcheal laethúil rompu agus iad á dhéanamh sin;
      • a nótáil go bhfuil teangacha i mbaol ina measc siúd is mó atá faoi riosca;
      • a nótáil gur cuid ríthábhachtach iad na teangacha seo d’oidhreacht chultúrtha a réigiún, ach go séanta bunchearta ar lucht labhartha na dteangacha seo, mar oideachas, sláinte agus seirbhísí poiblí eile dá dtairbhíonn na teangacha ceannasacha gan cheist;
      • a aithint, de thoradh ar an neamh-chomhionannas seo, go bhfuil cultúir éagsúla ag cailleadh méid ollmhór eolais maidir lena bhféiniúlacht chultúrtha;
      • a éileamh go mbunófar oifig Ombudsman Eorpach um Theangacha, a ghníomhóidh chun a chinntiú go seastar le cearta teanga agus go gcosnaítear éagsúlacht teanga.
      Cumann Tom Barry/Leo Murphy (Baile an Chollaigh/Corcaigh Láir)

    • 8

      Aithníonn an Ard-Fheis seo obair na gcapall atá á déanamh ag comhairleoirí de chuid Shinn Féin, in éineacht le daoine eile, i gcur chun cinn na Gaeilge i gcomhairlí áitiúla sna Sé Chontae, i gcomhthéacs, go minic, ina bhfuil naimhdeas oscailte uathu siúd a fhéachann lena gcearta teanga a shéanadh ar dhaoine.
      Go háirithe, molann an Ard-Fheis seo ceapachán den chéad uair riamh Oifigigh Gaeilge i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste agus aithnímid gur céim fhorásach agus shiombalach chun cinn é seo don Ghaeilge do shaoránaigh Bhéal Feirste.
      Ach is oth leis an Ard-Fheis seo dearcadh roinnt Comhairlí i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh, agus an leatrom leanúnach in éadan lucht labhartha na Gaeilge. Áirítear leis seo cinntí ag Comhairle Buirge Bhaile Nua na Mainistreach polasaí Béarla amháin a chur i bhfeidhm do chomharthaí sráide, agus polasaithe i gComhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh, lena n-áirítear foluain mhíchuí Bhratach na hAontachta ar fhoirgnimh na comhairle agus áiseanna mar an t-ionad athchúrsála i gCeathrú Aodha Dhuibh, agus a foirgnimh ag Taobh na Coille agus an easpa maoinithe do chumainn CLG agus na háiseanna taobh istigh dá teorainneacha.
      Cumann Mháirtírigh Lóiste Na Móna (Lóiste na Móna)
      Cumann Martin Meehan/Dhún Mhic Airt (Gleann Ghormlaithe)
      Cumann Samuel Neilson/Bridget Hanna (An Caisleán Riabhach Theas)

    • 9

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • cearta saoránach ar shaol cruthaitheach a aithint;
      • a chomhaontú gur féidir leis na healaíona, agus na deiseanna a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha, ról tábhachtach a imirt i saol leanaí agus aosach araon agus gur féidir iad a úsáid le cuidiú le teifigh cneasú agus imeascadh i sochaí na hÉireann;
      • a chomhaontú a thuilleadh gur féidir cuid bhríomhar de léiriú cultúir a chur i gcrích tríd an gcruthaitheacht;
      • A éileamh ar an rialtas maoiniú agus tacaíochtaí breise a chur ar fáil lena chinntiú go spreagtar gníomhaíochtaí ealaíonta agus cruthaitheacha laistigh de phobail áitiúla.
      Cumann Wolfe Tone (Nás/na Solláin)

    • 10

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • a nótáil go bhfuil trí bliana istigh ó rith na 26 Chontae trí reifreann an ceart ag daoine LADTCI ar chomhionannas pósta sibhialta agus a rith reachtaíocht le cearta aitheantais inscne a chumasú don phobal trasinscne;
      • in ainneoin céimeanna suntasacha déanta in 2015, tá neamhionannais ann fós agus tá roinnt páirtithe polaitiúla tar éis ligean do luas an athraithe moilliú i gcur i gcrích comhionannas iomlán LADTCI;
      • Tá seo ceadaithe ag rialtas reatha Fhine Gael, le tacaíocht ó Fhianna Fáil. Lig siad do rátaí tras-seolta VEID ardú – ag dul i gcoinne treochtaí idirnáisiúnta, ionas go bhfuil an Stát ar an aon dlínse in iarthar na hEorpa gan reachtaíocht um choireacht fuatha agus séantar fós ar theaghlaigh LADTCI cearta comhionanna trí bliana tar éis an reifrinn ar son comhionannas pósta sibhialta;
      • leanann an streachailt ar son comhionannas pósta sibhialta sna Sé Contae ar aghaidh agus molaimid foireann Shinn Féin in Stormont agus na stocairí ar son Comhionannas Grá a oibríonn gan staonadh chuige sin;
      • foilsiú páipéar seasaimh is deireanaí Shinn Féin ar LADTCI, On Your Side Seo an tríú foilseachán de chuid an pháirtí a leagann amach na chéad chéimeanna eile i mbaint amach comhionannas iomlán LADTCI.
      Éilíonn an Ard-Fheis seo:
      • feidhmiú iomlán an togra a luaitear sa cháipéis On Your Side lena n-áirítear (ach nach bhfuil teoranta do):
      - comhionannas pósta sibhialta uile-Éireann;
      - aitheantas inscne uile-Éireann do dhaoine óga trasinscne neamh-dhénártha. Atá go léir bunaithe ar mhúnla féindearfa;
      - cúram sláinte LADTCI inrochtana, go háirithe rochtain an phobail trasinscne ar theiripe athsholáthair hormón;
      - iarrachtaí athnuaite an t-idirdhealú in éadan fir atá i gcaidreamh collaíochta le fear fuil a dheonú;
      - curaclaim chothroma agus oibiachtúla oideachais gnéis a ionchuimsíonn daoine óga LADTCI;
      - cur i bhfeidhm láithreach reachtaíocht láidir um choireacht fuatha;
      - frithghiniúint agus tástáil inrochtana VEID, i bhfianaise rátaí tras-seolta i mbéal ardaithe;
      - cosc teiripí ‘tiontaithe’ LADTCI.
      Cumann Jim Lochrie (Droim an Tí)

    • 11

      Seasann an Ard-Fheis seo i ndlúthpháirtíocht leis an bpobal Ioslamach i mBéal Feirste tar éis roinn eachtraí ciníocha agus seineafóibeacha i mBéal Feirste Theas.
      Cumann Nolan/Downey (Bruach an Lagáin)

    • 12

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • ról tábhachtach atá le himirt ag an gCoimisiúin um Chearta Daonna a aithint maidir le cearta daonna a chur chun cinn agus a chosaint i dtuaisceart na hÉireann;
      • imní a chur in iúl maidir leis an gciorrú i gcabhair dheontais ag OTÉ agus an tionchar diúltach a bheidh aige seo ar chumas an Choimisiúin a fheidhmeanna reachtúla a chur i gcrích;
      • a éileamh ar OTÉ stad a chur le haon chiorruithe eile ar bhuiséad an Choimisiúin um Chearta Daonna.
      Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas

    • 13

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • fáilte a chur roimh Chomhairliúchan an Choimisiúin um Chomhionannas ar Dhualgais Chomhionannais Reachtúil agus Dea-Chaidrimh Alt 75;
      • a nótáil le himní aitheantas an Choimisiúin nach bhfuil Dualgais Alt 75 á gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag údaráis phoiblí.
      Éilímid:
      • ar údaráis phoiblí gach beart a dhéanamh le comhlíonadh iomlán Alt 75 a chinntiú;
      • ar an gCoimisiún Comhionannais glacadh le cur chuige níos láidre i leith forfheidhmiú comhionannais agus oiliúint a chur ar fail maidir le feidhmiú ceart phrionsabal an dualgais ‘aird chuí’.
      Molaimid na hoibleagáidí reachtúla seo a leanas a phríomhshruthú go héifeachtach i bpleanáil agus i gcur i gcrích polasaí poiblí agus na seirbhísí poiblí:
      • Alt 28E d’Acht 1998;
      • The Child Poverty Act 2010; agus
      • The Rural Needs Act (2016).
      Cumann Burns/McKerr/Toman (An Lorgain)

    • 14

      Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an bhfeachtas Am don Fhírinne agus tacaíonn go hiomlán lena dtrí éileamh:
      • maoiniú do Phlean um Fhiosrúchán Oidhreachta an Tiarna Príomh-Bhreithimh a scaoileadh láithreach;
      • feidhmiú iomlán agus acmhainní iomlána a chur ar fáil do mheicníochtaí Theach Stormont;
      • acmhainní imleora a chur ar fáil d’Oifig Ombudsman na bPéas.
      Cúige na Sé Chontae

    • 15

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann Tuarascáil Crowley ar bhás Aidan McAnespie a scaoileadh.
      Cumann Dan McAnallen/Tom Clarke (An Bréantar/An Eaglais)

    • 16

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann gach comhad agus doiciméad bainteach dá bhfuil acu ar Bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin inar mharaigh an UVF 33 shibhialtach neamhurchóideacha agus leanbh lántéarma agus inar ghortaigh siad beagnach 300 le hamhras go raibh fórsaí stáit na Breataine páirteach, agus brú a chur ar rialtas na Breataine an rud céanna a dhéanamh.
      Cumann Smith/Savage (Caisleán Cnúcha)

    • Emergency Motion 1

      This Ard Fheis:

      • affirms that for over a year Sinn Féin were engaged in political Talks with the DUP, other
        parties, and both the British and Irish governments to seek agreement in an effort to re-
        establish the Executive on the basis of equality, rights and respect;
      • recognises that the leaderships of both parties reached a fair and balanced accommodation
        – a draft agreement - which we felt could address our concerns, and provide a legislative
        basis to restore the Executive without further delay in February 2018;
      • acknowledges therefore that it was with disappointment that the DUP leadership were
        unwilling to honour or deliver on this and chose to withdraw from the Talks and collapsed
        the process, resulting in a political vacuum for now 5 months;
      • reaffirms that the issues which require remedy are not going away and therefore the
        collapse of the Talks without Agreement cannot be considered a justifiable excuse for
        refusing to afford citizens civil, social and cultural rights or the implementation of
        outstanding commitments in the Good Friday Agreement and subsequent agreements in
        their totality;
      • believes that there is a clear requirement under the Good Friday Agreement on the part of
        both Governments equally, to ensure in its jurisdiction in the island of Ireland, the
        equivalent standards of protection of rights, which includes equal marriage; language;
        coroner’s inquests; women’s access to healthcare;
      • calls on both Governments to take decisive and urgent action by convening the British-Irish
        Intergovernmental Conference, and determine how the duty of both Governments to fulfil
        the equivalent standards of protection of rights and civil liberties will be achieved, and the
        obstacles to power-sharing will be explicitly removed under their joint stewardship in the
        absence of an Executive authority comprising locally elected politicians.
      • reaffirms that Sinn Féin is fully committed to the Good Friday Agreement and its institutional
        framework arrangements, power-sharing and are determined to find a sustainable way
        forward which restores the political institutions and equal partnership government.

      Ard Chomhairle

  • Securing Your Future – Secure work and decent wages
    • 17

      Creideann an Ard-Fheis seo gur chuir céad bliain de shaint, éilíteachas agus míbhainistíocht mhór amú an fhéidearthacht eacnamaíoch as cuimse a bhí ag glúin i ndiaidh glúine de shaoránaigh Éireannacha. Dhoimhnigh agus bhuanaigh an chríochdheighilt an córas seo. B’éigean do dhaoine óga gan áireamh imeacht óna mbaile lena n-uaillmhianta a leanúint.
      Tá teaghlaigh agus pobail iomlána fágtha ar an trá fholamh, chun saibhre phearsanta do líon daoine. In 2018 is beag atá athraithe. In ainneoin dea-chuma a bheith ar chúrsaí tar éis thobchliseadh an gheilleagair, tá an chríochdheighilt, géarchéim sa chostas maireachtála, easpa dídine rábach, seirbhísí poiblí ag titim as a chéile, agus neamhionannais ghéara shóisialta fós ag tachtadh thodhchaí ár náisiúin.
      Deimhníonn an Ard-Fheis seo go gcaithfidh Sinn Féin leanúint ar aghaidh ag tabhairt aghaidh ar an oidhreacht seo a chuir amú deis, tallann agus uaillmhian. Caithfimid rogha dhearfach agus indéanta a chuirfidh athrú ó bhun i gcrích a thairiscint in áit an status quo. Creideann an Ard-Fheis seo má táimid le saol slán, díniteach faoi bhláth a chinntiú mar cheart le hoidhreacht, caithfimid a chinntiú go dtairbhíonn gach saoránach, thuaidh agus theas, de sciar de rachmas ár n-oileáin a bhfuil siad ina theideal.
      Le seo a dhéanamh creideann an Ard-Fheis seo gur chóir geilleagar sóisialta a cheapadh a dhéanann infheistíocht i ngach saoránach agus i ngach pobal lena bhféidearthacht a scaoileadh amach, a dhiúltaíonn don neamhionannas agus do thús áite na leasanna dílsithe, agus a chinnteoidh seasmhacht eacnamaíoch le saol agus uaillmhian daoine a dhéanamh slán.
      Deimhníonn an Ard-Fheis seo go riarfaidh geilleagar atá fite fuaite le luachanna poblachtacha ar an tsochaí ar dtús. Dearbhóidh sé íoschaighdeán beatha, cuirfidh sé ar fáil seirbhísí poiblí ar chaighdeán domhanda, déanfaidh sé a mhór de ríthábhacht an chomhshaoil agus cuirfidh sé deireadh le hoidhreacht mhillteach eacnamaíoch na críochdheighilte.
      Ard-Chomhairle

    • 18

      Aithníonn an Ard-Fheis seo na buntáistí a bheadh ag Éirinn Aontaithe do ghnólachtaí agus don fhiontraíocht, ag tógáil ar láidreachtaí ag geilleagair áitiúla agus ag cur i gcoinne cuid dá laigí faoi seach. Creidimid go mbeadh Éire aontaithe níos fearr don ghnó, mar bheadh sí:
      • ina geilleagar níos cothromaithe ann le príomhláidreachtaí sa ghnó dúchasach agus san infheistíocht dhíreach choigríche;
      • níos seasmhaí agus éagsúlaithe le seasamh i gcoinne tuairteanna seachtracha agus atá in-oiriúnaithe do gheilleagar domhanda atá ag síorathrú.
      • rathúil mar cheannaire domhanda in earnálacha ina bhfuil féidearthacht ann le haghaidh fás ard amach anseo, lena n-áirítear cógaisíocht agus TF;
      • aitheanta go hidirnáisiúnta as cáilíocht agus caighdeáin arda;
      • inbhuanaithe agus ag cur ar fáil post ar thuarastal maith agus in ann seirbhísí poiblí den chéad scoth agus sochaí chothrom;
      • rathúil trí níos mó infheistíochta, níos mó easpórtálacha agus fás eacnamaíoch.
      Cumann Maria Curran (an tInbhear Mór)

    • 19

      Déanann an Ard-Fheis seo:
      • a nótáil, tar éis 10 bliana d’Airí Eacnamaíochta go bhfuil an ráta fáis eacnamaíoch is ísle ag an tuaisceart sna hoileáin seo;
      • a aithint go ndéanann an Straitéis Thionsclaíoch dhréachtach a d’fhoilsigh Aire Eacnamaíochta an DUP in 2017 faillí i bhféidearthacht an gheilleagair uile-Éireann, go ndéanann sí neamhaird ar an mbagairt eacnamaíoch atá ó Brexit agus nach bhfuil an cruinneas agus an aird ar shonraí is gá inti le tabhairt faoi thearcfheidhmíocht eacnamaíoch an tuaiscirt;
      • a éileamh go n-athbhreithneofar an Straitéis Eacnamaíoch nuair a chuirfear Stormont ar ais i réim, a mbeidh mar chuid de breithmheas macánta ar pholasaí agus ar fheidhmíocht eacnamaíoch san am a chuaigh thart, anailís ar na srianta ar fhás i ngach earnáil eacnamaíoch agus clár tacaíochta oiriúnaithe le tabhairt faoi na srianta seo ag díriú ar tháirgiúlacht, ar phoist a chruthú, agus ar chothromaíocht réigiúnach a chur chun cinn;
      • a aithint go n-éilíonn an leibhéal seo anailíse feabhsú i sonraí eacnamaíocha;
      • a mholadh go mbunófaí Grúpa Comhairleach le hionadaíocht ó Cheardchumainn agus ó Fhostóirí le maoirseacht a dhéanamh ar an Straitéis Thionsclaíoch
      Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

    • 20

      Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil a lán teaghlach agus daoine ar fud na tíre a oibríonn go crua agus atá ag streachailt leis an saol.
      Áirítear leo oibrithe cúraim leanaí, oibrithe miondíola, oibrithe fáilteachais, altraí agus múinteoirí óga, agus oibrithe ar fud an gheilleagair.
      Saibhríonn siad ár bpobail agus ár dtír trína n-obair chrua agus a ndúthracht, ach tá siad ag maireachtáil seachtain go seachtain, i gcónaí éigeandáil amháin ó ghéarchéim iomlán.
      Aithníonn an Ard-Fheis seo na daoine sin. Is é an Ard-Fheis seo na daoine sin. Deir an Ard- Fheis seo “choíche arís”.
      Geallann an Ard-Fheis seo an t-ualach imní agus neamhchinnteachta a thógáil ó theaghlaigh agus ó dhaoine atá ag obair go crua agus éilímid:
      • pá lae cothrom ar son lá oibre cothrom;
      • deireadh le cleachtais oibre a dhéanann dúshaothrú mar chonarthaí náid uaireanta agus ócáideacha;
      • go gcoinneofar an costas maireachtála faoi smacht;
      • soláthar seirbhísí poiblí den chéad scoth.
      Ard-Chomhairle
      Cumann Mairead Farrell (Eochaill, Co. an Chabháin)

    • 21

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • obair chrua agus dúthracht oibrithe cúraim leanaí ar fud na tíre;
      • nach léiríonn tuarastal oibrithe cúraim leanaí in aon chor an obair luachmhar agus sciliúil a dhéanann siad;
      • nach bhfeiceann a lán oibrithe sároilte aon fhéidearthachtaí gaire fadtéarmacha san earnáil;
      • gur theip go hiomlán ar rialtais Éireannacha as diaidh a chéile aon infheistíocht fhónta in earnáil an chúraim leanaí;
      • go bhfuil de thoradh air seo pá íseal d’oibrithe agus táillí ard do thuismitheoirí agus an chuid is mó soláthraithe ag feidhmiú ar bhonn meá ar mheá agus nach féidir leo go díreach tuarastal foirne a ardú;
      • nach féidir ligean dó seo leanúint ar aghaidh agus nach n-íoctar le hoibrithe atá i ról chomh tábhachtach sin ag €10.27 san uair ar an meán – go maith níos lú ná Pá Maireachtála, €11.70 – rud atá go hiomlán do-ghlactha.
      • caithfidh luach ar bhaill foirne a bheith go daingean taobh le tosaíochtaí breise ardchaighdeáin do leanaí agus inacmhainneacht do thuismitheoirí.
      Éilíonn an Ard-Fheis seo mar sin díriú dáiríre ar phá agus ar choinníollacha san earnáil, agus go mbeidh seo lárnach i ngach plean amach anseo leis an gcúram leanaí agus an soláthar luathbhlianta a leathnú agus nach féidir leis a bheith ina athsmaoineamh.
      Cumann Cole/Colley (an Chúlóg)

    • 22

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • an ról tábhachtach a imríonn earnáil an fháilteachais i ngeilleagar na hÉireann agus an obair ríluachmhar a dhéanann daoine atá fostaithe san earnáil;
      • go bhfuil daoine óga lárnach i marthain thionscal an fháilteachais ar fud an oileáin agus go ndéantar dúshaothrú follasach ar dhaoine óga gach lá i dtionscadal an fháilteachais maidir le tuarastal íseal, uaireanta fada agus easpa sosanna scíthe idir sealanna oibre;
      • gurb é atá fíor faoi thionscal an fháilteachais go bhfuil pá íseal, fostaíocht éiginnte agus droch-choinníollacha ann tríd is tríd;
      • go n-aithnímid gurbh é an meántuarastal seachtainiúil ag oibrí i dtionscal an fháilteachais in 2016 €324, atá níos lú ná leath an mheántuarastail náisiúnta, €697
      • go bhfuil oibrithe san earnáil seo ag brath cuid mhór ar na síntiúis a shaothraíonn siad ag an obair le cur lena bpá íseal;
      • go n-aithnímid suirbhé a rinn Sinn Féin in earnáil an fháilteachais i nGaillimh in 2016 a fuair amach go gcoinníonn a saoiste siar a gcuid síntiús ó 1 as 3 oibrí go rialta;
      • go gcáinimid an t-iompar seo ag fostóirí mar iompar gránna mímhorálta;
      • go molaimid an obair déanta ag an Seanadóir Paul Gavan san earnáil seo agus go dtacaímid go hiomlán leis an reachtaíocht a mholann Sinn Féin ceart reachtúil ar a gcuid síntiús a thabhairt d’oibrithe.
      Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo a n-éilimh deireadh a chur le conarthaí náid uaireanta agus go n-íocfaidh fostóirí i ngach cuid den gheilleagar, lena n-áirítear tionscal an fháilteachais, pá maireachtála a íoc lena bhfoireann, is cuma cén aois atá siad.
      Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
      Ógra Shinn Féin

    • 23

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • gur pá neamhionann is toradh do na scálaí cumaiscthe a comhaontaíodh agus a feidhmíodh faoi chomhaontú Bhóthar Haddington d’iontrálaithe iar-Eanáir 2011 san earnáil phoiblí agus breis agus 60,000 oibrí de chuid na hearnála poiblí ag fáil níos lú pá ná a gcomhghleacaithe ar obair chomhionann. Breis agus 20 faoin chéad d’oibrithe atá i gceist inár n-earnáil oideachais agus ceathrú cuid den lucht oibre inár seirbhísí sláinte, 10,000 altra san áireamh;
      • agus rún againn pá comhionann a bhaint amach ina iomláine le linn thréimhse reatha an Chomhaontaithe Cobhsaíochta Earnála Poiblí agus iontrálaithe iar-Eanáir 2011 ag fáil pá comhionann ar obair chomhionann lena gcomhghleacaithe, faoi dheireadh 2020.
      Ard-Chomhairle

    • 24

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • gur mó a chuireann na hAchtanna um Bearta Éigeandála Airgeadais le Leas an Phobail ó 2009 go 2015 as dóibh siúd atá ar ioncaim ísle nó mheánacha;
      • gurbh é an toradh a bheadh ar chúiteamh iomlán pá méadú coibhneasta níos lú pá dóibh siúd atá ar ioncaim ísle nó mheánacha ná dóibh siúd atá ar leibhéil ioncaim níos airde;
      • agus rún againn dá réir tosaíocht a thabhairt do phá a chúiteamh dóibh siúd atá ar ioncaim ísle nó mheánacha san earnáil phoiblí agus méaduithe fíora pá a iarraidh dóibh siúd atá ar ioncaim ísle nó mheánacha san earnáil phoiblí, rud a chruthóidh struchtúr pá níos cothroime san earnáil phoiblí do gach oibrí;
      • agus rún againn pá maireachtála a iarraidh san earnáil phoiblí dóibh siúd atá ar ioncam íseal, rud a chinnteoidh sábháilteacht phá do gach oibrí san earnáil phoiblí;
      • agus rún againn méaduithe fíora pá a iarraidh do na réimsí siúd san earnáil phoiblí, amhail altranas agus obair shóisialta a mbíonn géarchéimeanna earcaíochta agus coinneála acu a chuireann as dár seirbhísí poiblí.
      Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

    • 25

      Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara:
      • gur altraí agus cnáimhseacha tuairim ar 33% de lucht oibre iomlán na seirbhíse sláinte poiblí;
      • go bhfuil altraí agus cnáimhseacha sa líne thosaigh agus d’ualach orthu féachaint le leibhéal sábháilte cúraim a choinneáil ach go bhfuil seirbhísí agus líon foirne laghdaithe ach éileamh méadaithe;
      • go bhfuil altraí agus cnáimhseacha a oiltear sa stát seo i measc na ngairmithe cúram sláinte/leighis is airde oideachas agus is dea-oilte ar domhan agus clú náisiúnta agus idirnáisiúnta orthu;
      • gur slite beatha ardriosca iad altranas agus cnáimhseachas i dtéarmaí ionsaithe fisiciúla;
      • gur 7.9% ráta athrúchán 2016 i Meastachán Athrúchán Foirne na hEarnála Sláinte d’Altraí agus Cnáimhseacha Foirne;
      • gur dochreidte gur 78.1% de mhic léinn altranais agus cnáimhseachais atá ag smaoineamh ar an eisimirce ar cháiliú dóibh agus 81.49% d’iomlán na bhfreagróirí ag lua pá, leibhéil líon foirne agus dálaí oibre ar an phríomhchúis le smaoineamh ar an tseirbhís sláinte a fhágáil de réir suirbhé a d’eisigh Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann in 2017;
      • mná is mó atá i ngairmeacha an altranais agus an chnáimhseachais agus is íseal an pá atá acu i gcomparáid le gairmeacha eile ina bhfuil na riachtanais chéanna iontrála oideachais;
      • le blianta beaga anuas mar gheall ar dhálaí oibre dul in olcas, fadhbanna pá agus deacrachtaí eile, tá athrú as cuimse tagtha ar obair altraí agus cnáimhseacha. Bíonn timpeallacht oibre ardstruis acu, tearcleibhéil líon foirne a ghabhann le dálaí míshásúla oibre agus timpeallacht oibre nach rialaítear go maith;
      • mar gheall ar an mhoratóir earcaíochta agus na fadhbanna a ghabhann leis tá géarchéim earcaíochta agus coinneála i ngairmeacha an altranais agus an chnáimhseachais;
      Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann:
      • bearta earcaíochta agus coinneála a thabhairt isteach a bheidh bunaithe ar mholtaí réadúla agus ar gá cúrsaí pá a chuimsiú iontu;
      • plean oibre a chomhaontú le ceardchumainn ar conas ionannas iomlán pá a ghnóthú d’altraí agus cnáimhseacha agus plean forfheidhmiúcháin le hionannas pá a sheachadadh laistigh d’achar gearr ama;
      • coimisiún neamhspleách a bhunú ar altranas le breathnú ar gach gné den altranas lena n-áirítear pá amach anseo, dálaí oibre, uas-sciliú agus dul chun cinn gairmiúil, i measc réimsí eile;
      • obair i gcomhpháirt le ceardchumainn le meicníochtaí/tionscnaimh nuálacha, forchéimnitheacha a aithint chun baill foirne a aimsiú agus a choinneáil;
      • díriú ar chéimithe nua agus ar bhaill eile foirne altranais trí chonarthaí buana, struchtúir tharraingteacha ghairme agus deiseanna le haghaidh forbairt scileanna eile foghlama agus oideachais a thairiscint.
      Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

    • 26

      Tá an Ard-Fheis seo tiomanta dá chinntiú go mbunóidh an rialtas coiste Dála uile- pháirtí ar imircigh ag filleadh ar Éirinn agus ar eisimirce ar a mbeidh freagracht as prótacal a bhunú leis an bhrú reatha atá ar imircigh ag filleadh a laghdú agus go socrófar polasaí le heisimirce ó Éirinn a laghdú.
      Comhairle Ceantair Mhaigh Eo

    • 27

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • má táimid le sochaí níos cothroime a bheith againn go mbeidh saoránaigh atá ag obair i dteideal pá maireachtála agus dálaí fiúntacha oibre;
      • go bhfuil a lán fear agus ban fostaithe i bpoist gan aon deis acu feasta ar uas-sciliú óir bíonn deiseanna cuí oiliúna agus forbartha ceilte orthu;
      • agus éilímid ar an rialtas stad de dhaoine ar scéimeanna CE a chuimsiú nuair a bhíonn staitisticí fostaíochta a thiomsú óir tugtar leis sonraí míchruinne, bréige ar cuspóir dóibh, d’aon turas, muid a chur ar míthreo.
      (Cumann Liam Ryan Baile Átha Luain)

    • 28

      Cuireann an Ard-Fheis seo a ndlúthpháirtíocht in iúl d’oibrithe in Irish Life, an grúpa oibrithe is déanaí le caillteanais pinsin a fhulaingt agus a scéim Sochar Sainithe á tabhairt chun críche ag a bhfostóir.
      Is é an t-aon chúis amháin atá leis an tabhairt chun críche seo, dála go leor scéimeanna eile Sochar Sainithe, gur mian leis an fhostóir an riosca bainteach pinsin a bhaint díobh féin agus a bhrú ar na hoibrithe.
      Éilíonn an Ard-Fheis ar Shinn Féin reachtaíocht a thabhairt chun cinn le go mbeidh sé mídhleathach ag fostóirí sócmhainneacha scéimeanna Sochar Sainithe a thabhairt chun críche má ta an scéim faoi rath agus gan a cheadú d’fhostóirí teacht salach ar oibleagáidí pinsin a gcuid oibrithe.
      Cumann Delaney/O’Rahilly (Bré)

    • 29

      Aithníonn an Ard-Fheis seo go scriosann an bhochtaineacht ár sochaí agus táimid tiomanta do chur chuige bunaithe ar chearta bunaithe ar Airteagal 11 (1) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, maidir le conas a rachaimid ina bhun. Ní hé amháin gur dualgas morálta é dul i ngleic leis an bhochtaineacht, tá ciall leis fosta ó thaobh na heacnamaíochta de.
      Iad siúd atá thíos leis an bhochtaineacht, is mó na fadhbanna sláinte a chuireann srian ar a mbeatha a bheidh acu, fulaingeoidh siad níos mó fadhbanna sláinte meabhrach agus, mar sin de, is mó an infheistíocht a bheidh de dhíth le tabhairt faoi na fadhbanna seo amach sa saol ná mar a bheadh dá ndéanfaimis infheistíocht níos luaithe le dul i ngleic leis na fadhbanna a thagann de bharr na bochtaineachta. Sábhálann an luath-idirghabháil agus an infheistíocht airgead.
      Aithníonn an Ard-Fheis seo, má táthar le dul i ngleic le bochtaineacht, go bhfuil idirghabhálacha de dhíth a chuireann an duine aonair, an teaghlach agus díothacht bunaithe ar cheantair san áireamh. Ba chóir go dtarlódh a leithéid d’idirghabhálacha ó thús deireadh saol duine agus de chuspóir leo timthriall na bochtaineachta a shárú. An páiste a shaolaítear i gcúlra bocht, tá sé/sí i mbaol tearcghnóthachtáil oideachais agus scileanna acu gur dífhostaíocht agus fostaíocht pá íseal is toradh dóibh, rud a bhuanaíonn timthriall na bochtaineachta go dtí go mbeidh a bpáistí féin acu agus tosóidh an timthriall arís eile.
      Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Dáil agus ar Thionól amach anseo comhoibriú le reachtaíocht agus straitéisí frithbhochtaineachta a thabhairt chun cinn, ina leagfar amach spriocanna soiléire, amchlár agus gealltanais airgeadais, bunaithe ar ghá oibiachtúil, a chinnteoidh go mbeidh caighdeán cuí maireachtála ag gach duine inár sochaí dóibh féin agus dá muintir, lena n-áirítear go leor bia, éadaí agus áit chónaithe agus go bhfeabhsófar a ndálaí maireachtála ar bhonn leanúnach.
      Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl:
      • go bhfuilimid in éadan, ar bhonn leanúnach, dhéine Thóraithe na Breataine agus ionsaithe ar na córais leasa shóisialta;
      • go n-athdheimhnítear ár ngairm le fáil réidh leis an teorainn beirt pháistí ar Chreidmheas Cánach, Creidmheas Uilíoch agus tacaíocht ioncaim, go háirithe an eisceacht clásal éignithe ar cúis náire agus samhnais é;
      • go gcuirfí deireadh le cur amach ar conradh do chomhlachtaí príobháideacha measúnú sochar agus go n-athbhreithneofaí na critéir shriantacha a ghabhann le teidlíocht PIP nuair a bhítear ag éileamh faoi Rialacha Speisialta/Tinneas Doleigheasta.
      Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

    • 30

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle meitheal a bhunú le breathnú ar indéantacht bunioncam uilíoch a thabhairt isteach sna 26 Contae trína bhfaigheadh gach saoránach, nó cónaitheoir buan, sa Stát suim rialta airgid gan choinníollacha, ón rialtas mar chuid nó in ionad na n-íocaíochtaí reatha leas shóisialta agus creidmheas cánach aonair.
      Cumann Mick Murray (Cluain Tarbh)

    • 31

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • an tionchar a bhíonn ag páistí ar acmhainn duine cáin a íoc. Aithníodh é chomh fada siar le 1799 agus bá lú an cháin a d’íoc daoine a raibh páistí acu ná mar a d’íoc siad siúd gan aon pháiste go dtí 1986;
      • go bhfaigheann siad siúd a fhaigheann Leas Sóisialta méadú in aghaidh páiste/páistí incháilithe (IQC) agus bíonn cleithiúnaithe fosta acu siúd a fhaigheann FIS a chuirtear san áireamh;
      • nach bhfaigheann oibrithe ar ioncam meánach aitheantas ar bith as an chostas a bhaineann le páistí a thógáil seachas Sochar Linbh.
      Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfar isteach creidmheas cánach do pháistí cleithiúnacha le cuidiú le teaghlaigh costas cúram leanaí a mhaolú.
      Cumann Wilson/Coleman (Sord)

    • 32

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • bonn caol an chórais reatha cánach agus an gá atá lena leathnú le seirbhísí poiblí a sholáthar a fhóireann do Phoblacht chomhaimseartha;
      • an tábhacht atá le Sinn Féin a bheith sa rialtas agus ag tabhairt isteach cáin rachmais éifeachtach;
      • an gá atá le comhlachtaí ilnáisiúnta níos mó cánach a íoc agus an gá atá le ráta forásach cáin chorparáideach ar fud na hÉireann;
      • agus tiomantas a bheith ag Sinn Féin go gcuirfear athbhreithniú iomlán ar pholasaí cánachais i gcrích roimh Ard-Fheis na bliana seo chugainn lena chinntiú go mbeidh íocaíocht níos cothroime ó na comhlachtaí agus na daoine siúd a bhfuil sé d’acmhainn acu níos mó a íoc.
      Cumann Clancy/O’Callaghan (Cathair Luimnigh Thuaidh)
      Cumann Bhun Na bhFál (Bóthar na bhFál)

    • 33

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • go bhfuil neamh-chomhlíonadh dhlí cánach na hÉireann go forleathan i measc ealaíontóirí eachtracha a thaibhíonn sna 26 Contae agus nach gcuireann isteach tuairisceáin féinmheasúnaithe;
      • cé go bhfuil an creat dlíthiúil achtaithe, ní fhorfheidhmíonn Ioncam Intíre é. Fágann sé sin go bhfuil na 26 Contae ar an bheagán dlínsí san AE nach ngearrann cáin ar shiamsóirí a thagann ar cuairt;
      • de réir an IMRO tacaíonn earnáil an cheoil sna 26 Contae le 11,510 post. Tá tionchar nach beag go fóill ar an earnáil seo ag an déine agus ealaíontóirí ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
      Éilíonn an Ard-Fheis seo go bhforfheidhmeoidh an stát agus a chuid institiúidí ‘Scéim Shiarchoinneálach Ealaíontóirí Eachtracha’ agus go n-oibreoidh ár n-ionadaithe tofa ina leith sin.
      Cumann Emmett/Mallin (Inse Chór)

    • 34

      Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara go n-íoctaí sochar linbh le tuismitheoirí leanaí a bhí san oideachas lánaimseartha a fhad le haois 23 bliain. Níl sé seo ar fáil do theaghlaigh níos mó. Anois, cuireann go leor teaghlach isteach ar dheontais ó SUSI. Ach is ar pháirt-deontais amháin atá cuid mhór acu incháilithe m.sh. cuirtear san áireamh an fad a bhíonn le taisteal chuig d’áit staidéir agus b’fhéidir nach gclúdófaí sa deontas míosúil ach taisteal i gcomhair seachtain amháin den mhí sin.
      Mar sin de, creideann an Ard-Fheis seo go maolódh íocaíocht Liúntas Cothabhála Oideachais do theaghlaigh a bhfuil páiste/duine fásta cleithiúnach acu in oideachas lánaimseartha an brú atá ar theaghlaigh agus ar mhic léinn a bhíonn ag streachailt leis an chothroime idir obair agus staidéar agus iad ag iarraidh a mbeatha a thabhairt i dtír.
      Cumann Wilson/Coleman (Sord)

    • 35

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • go gcaithfidh oibrithe ar fud an oileáin glacadh leis an chastacht gan ghá go bhfuil dhá thacar dlíthe caidreamh tionsclaíoch ar oileán amháin, caighdeáin ar leith maidir le sláinte agus sábháilteacht agus dhá phá íosta ar leith a fhágann oibrithe i mbaol pá dul i laghad i rith ama agus dálaí oibre idir an dá dhlínse dul chun donais;
      • leis an chríochdheighilt, cruthaítear an iliomad deacrachtaí do gach oibrí agus do na fostóirí macánta, fiúntacha sin ar mian leo poist fhiúntacha a chur ar fáil dá bhfostaithe, trí pháipéarachas agus maorlathas breise a chruthú;
      • maidir leis na fostóirí siúd ar mian leo teacht i dtír ar a gcuid fostaithe, tugann sé deis dóibh é a dhéanamh trí oibrithe na hÉireann a dheighilt ó thaobh críche agus polaitíochta de;
      • tá ionadaíocht pholaitiúil oibrithe curtha as a riocht fosta ag an chríochdheighilt trí chosc a chur ar fhorbairt scoilt chlé/dheas sa pholaitíocht
      a fhágann gur grúpaí coimeádacha atá i réim;
      • sa deisceart, fulaingíonn oibrithe an dara céatadán is airde de phoist pá íseal san ECFE agus an dara leibhéal is airde neamhionannas pá sa AE-15. Sa tuaisceart, de réir sonraí a sholáthair an NICEP, laghdaíodh pá faoi 6.9% i ndáiríre idir 2007 agus 2013 agus bhí méadú géar ar bhochtaineacht oibre idir 2015 agus 2016 (tuarascáil de chuid Joseph Rowntree Foundation 2016). Aithníonn an Ard-Fheis seo gur le leas gach oibrí aontú na hÉireann agus go soláthrófaí leis:
      • tuilleadh post agus deiseanna agus pá níos fearr leo do gach oibrí, mná agus lucht míchumais san áireamh;
      • soghluaisteacht níos fearr a chuirfidh ar chumas oibrithe bheith ina gcónaí agus ag obair áit ar bith ar an oileán gan aon mhíchaoithiúlacht;
      • ceardchumainn agus cosaintí d’oibrithe níos láidre;
      • pá níos fearr agus níos lú maorlathais d’oibrithe agus d’fhostóirí araon;
      • ionadaíocht pholaitiúil níos fearr d’oibrithe dá gcuirfí deireadh leis an chríochdheighilt mar chonstaic i bpolaitíocht na hÉireann.
      Comhairle Ceantair Loch Garman

    • 36

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • gur oibrithe agus a dteaghlaigh dúshraith ár bpobal, ár sochaí agus ár gcóras eacnamaíochta; go bhfuil ár sochaí agus oibrithe go háirithe, thíos go mór le beagnach deich mbliana de dhéine na dTóraithe; i ndáiríre, ciallaíonn sé seo gur laghdaíodh blocdheontas an Tuaiscirt faoi 10.2%. Is airde boilsciú ná méaduithe pá a fhágann gur laghdú pá dáiríre 8.5% atá i gceist (Better Work, Better Lives, NIC-ICTU);
      • agus tacaítear le feachtas NIC-ICTU faoi choinne Obair Níos Fearr, Saol Níos Fearr. Sna moltaí seo is mian linn díriú ar conas ‘ Obair níos fearr, níos fiúntaí agus níos buaine a chur chun cinn agus dúshlán an chrá a bhaineann le pá íseal i dTuaisceart Éireann a thabhairt’;
      • gur bagairt fhíor, láithreach é Breatimeacht ar chearta oibrithe. Is ríléir go bhfuil rialtas na dTóraithe ag beartú feidhm a bhaint as Breatimeacht le cearta oibrithe a dhírialú agus a ionsaí;
      • agus creidimid gurb é an dóigh is fearr le cosc a chur air seo stádas speisialta sainithe a fháil don Tuaisceart laistigh den AE. Lena chois sin, úsáidfidh Sinn Féin an tionchar atá aige le cosaintí reatha a choinneáil agus aon Treoracha AE amach anseo a fheidhmiú maidir le cearta oibrithe a fheabhsú má théann Breatimeacht ar aghaidh mar atá beartaithe;
      • beidh tiomantas againn dréacht-reachtaíocht a thabhairt chun cinn sa Tuaisceart le cearta oibrithe a neartú inár sochaí;
      • tugtar faoi deara go bhfuil roinnt fostóirí ag caitheamh go héagothrom le oibrithe mar dhaoine féinfhostaithe le híoc cánach agus cearta fostaíochta a sheachaint; séanann sé seo cosaintí tábhachtacha ar oibrithe amhail pá breoiteachta agus saoire mháithreachais, cailltear ioncam do sheirbhísí poiblí agus tagann sé salach ar fhostóirí ionraice;
      • éilímid tabhairt isteach reachtaíochta a chuirfeadh cosc ar fhostóirí caitheamh le hoibrithe go mídhleathach mar dhaoine atá féinfhostaithe.
      I ngníomh, cuimseoidh sé seo na moltaí seo a leanas:
      • gealltanas chun an fíorphá maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile (Ríofa go neamhspleách ag an Living Wage Foundation). Go mbainfidh an Fíorphá Maireachtála le gach oibrí;
      • mar an chéad chéim, go mbeidh ar chomhlacht ar bith atá ag iarraidh conarthaí soláthar poiblí an Fíorphá Maireachtála a íoc;
      • cosc a chur ar chonarthaí náid uaireanta le cinntiú go bhfuil na cearta céanna ag oibrithe páirtaimseartha agus atá ag fostaithe lánaimseartha;
      • reachtaíocht chun soláthar reachtúil iomarcaíochta a mhéadú go trí seachtaine ar a laghad in aghaidh na bliana seirbhíse. Beidh sé seo ar fáil do gach fostaí, beag beann ar aois agus fad seirbhíse. Méadófar an tréimhse de chomhairliúchán reachtúil le fostaithe go 90 lá. Ríomhfar an pá seachtainiúil d’iomarcaíocht de réir mheánphá seachtainiúil an duine, ragobair agus aon chostas breise san áireamh;
      • is ceart bunúsach é do dhaoine éirí as obair agus dul ar stailc. Ba chóir aon shrian ar an cheart sin a bhaint. Ba chóir an srian 12 sheachtain ar fhad aon aighnis a bhaint, stailc san áireamh;
      • éascófar cearta na n-oibrithe chun iad féin a eagrú i gceardchumainn ó shrianta i reachtaíocht a bhaint. Rud a ligfidh d’fhostaíocht níos lú ná 20 oibrí aitheantas Ceardchumainn a lorg do chómhargáil. Cuimseoidh sé seo rochtain níos fearr ag an tús, do cheardchumainn go háiteanna oibre nuair a chuirtear iarratas isteach faoi choinne aitheantais ar an Chúirt Thionsclaíoch;
      • ba chóir go mbeadh cosaint ag gach oibrí a bhfuil níos mó na sé mhí de sheirbhís aige ó dhífhostú míchothrom;
      • cosaintí níos láidre a thabhairt isteach in éadan bulaíochta agus imeaglaithe d’oibrithe agus d’ionadaithe ceardchumainn. Déanfaidh muid iarracht pionóis níos láidre a thabhairt isteach in éadan fostóirí a fhaightear ciontach as bulaíocht nó as imeaglú de chineál ar bith;
      • stad a chur le gach intéirneacht bhréige gan íocaíocht;
      • saoire atharthachta ar íocaíocht a mhéadú go ceithre seachtaine;
      • an chumhacht atá ag an Ghníomhaireacht um Chaidreamh Oibreachais a threisiú chun idirghabháil a dhéanamh ar aighnis san áit oibre. Cuimseoidh sé seo leasú/athbhreithniú ar chórais chaidreamh tionsclaíoch an stáit chun iad a dhéanamh níos áisiúla d’oibrithe;
      • Fócas méadaithe straitéiseach forbartha ag gluaiseacht an cheardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí san earnáil phríobháideach le polasaithe agus tionscnaimh a chur chun cinn a théann in éadan iompar seicteach agus leithcheal san áit oibre, agus bainistíocht agus fostaithe a chur ar an eolas faoi reachtaíocht ábhartha.
      Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

    • 37

      Tugann an Ard Fheis seo treoir don pháirtí reachtaíocht chómhargála a chur san áireamh in aon Chlár Rialtais amach anseo sna 26 contae, nó in Éirinn aontaithe.
      Ní cómhargáil é an tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú) 2015.
      Tugann an Ard Fheis seo treoir don pháirtí reachtaíocht chómhargála idirnáisiúnta a phlé a chosnóidh oibrithe agus cearta na n-oibrithe, agus cearta cómhargála a chumdach i ndlí na hÉireann sa deireadh thiar thall.
      Cumann Peadar Clancy/Mairéad Farrell (Inis)

    • 38

      Aithníonn an Ard Fheis seo gur múnla deonach é, go bunúsach, an córas reatha de chaidreamh tionsclaíoch in Éirinn. Don mhúnla seo, tá ar fhostóirí agus ar cheardchumannaithe bheith i mbun plé go deonach chun idirbheartaíocht a dhéanamh agus ceisteanna tábhachtachta chaidreamh tionsclaíoch a réiteach. Ar an drochuair, mar gheall ar chuid mhór fostóirí atá in éadan ceardchumann in a lán earnálacha fostaíochta, miondíol san áireamh, tá fostóirí neamhscrupallacha ag baint den agus ag fanacht amach ón chóras deonach .
      Cáineann an Ard Fheis seo go bhfuil na 26 contae ar cheann den líon beag stát san Aontas Eorpach nach bhfuil reachtaíocht shásúil acu d’aitheantas ceardchumainn agus do chómhargáil. Mar sin de, éilíonn an Ard Fheis seo, chun comhlíonadh stáit le breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chinntiú, reachtaíocht a sholáthraíonn aitheantas éigeantach ceardchumainn a chur i bhfeidhm láithreach, agus a thugann ceart cómhargála d’fhostaithe tríd a gceardchumann ionadaíoch.
      Cumann na gCloch Liath (Na Clocha Liatha)

    • 39

      Tacaíonn an Ard Fheis seo leis an fheachtas ceardchumainn Fórsa, do chomhionannas cánach ar fhóirdheontais ceardchumainn ar aon dul le comhlachtaí eile gairme agus an t-éileamh d’ath-insealbhú faoisimh cánach ar fhóirdheontais ceardchumainn, bainte ag rialtas na hÉireann in 2011. Geallann sí go soláthrófar dó seo i mbuiséad malartach Shinn Féin 2019.
      Comhairle Ceantair Chathair Chorcaí
      Cumann Patrick Sheehy (Cathair Luimnigh Thiar)
      Cumann na gCloch Liath (Na Clocha Liatha)
      Cumann Robert Emmet (Ráth Garbh/Ráth Maonais)

    • 40

      Deimhníonn an Ard Fheis seo a gealltanas chun stadas fostaí a thabhairt do thaighdeoirí PhD in institiúidí tríú leibhéal a oibríonn níos mó na 35 uair ina aghaidh na seachtaine.
      Tá taighde lánaimseartha PhD cosúil le clár struchtúrtha oiliúna ó thaobh ualach oibre de, ach gan na bunchearta a thugtar d’oibrithe ar chlár struchtúrtha oiliúna.
      Cumann Robert Emmet (Ráth Garbh/Ráth Maonais)

    • 41

      Tacaíonn an Ard Fheis seo le feachtas na n-Oibrithe don Aos Óg faoi choinne tuilleadh infhéistíochta go fadtéarmach, línte inbhuanaithe maoinithe le cinntiú go bhfuil leanúnachas ag ár ndaoine óga maidir le caidrimh ghairme a thógáil lena n-oibrithe don aos óg, rud a chothóidh forbairt óige agus rannpháirtíocht phobail a mothaíonn daoine óga go bhfuil úinéireacht acu orthu agus treorú acu díobh.
      Comhairle Ceantair Chathair Chorcaí

    • 42

      Deimhníonn an Ard Fheis seo:
      • gur chóir go mbeadh Bearta Cathrach dírithe ar fhás uileghabhálach a chur chun cinn;
      • gur chóir plé le beart Bhéal Feirste agus le beart an Iarthuaiscirt ar an dóigh chéanna. Chuige sin, ba chóir do rialtas na Breataine a ghealltanas foirmealta do Bhéal Feirste a leathnú go dtí an t-Iarthuaisceart;
      • gur chóir go mbeadh socruithe rialachais bunaithe ar struchtúir dhaonlathacha atá ann faoi láthair.
      Comhairle Ceamtair Dhoire

    • 43

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      Aithníonn an Ard-Fheis seo: iarann an Ard Fheis seo ar gach roinn rialtais a bhfuil baint acu le turasóireacht, le hoidhreacht agus le cultúr Éire a mhargú agus a bhrandáil ar bhonn uile-oileáin agus iad ag iarraidh turasóirí ó thíortha thar lear a mhealladh;
      Aithníonn an Ard-Fheis seo: tugann sí sainordú dár FPE tréithe tírdhreacha a phlé mar acmhainn thábhachtach thurasóireachta d’Éirinn agus cosaint a chur i bhfeidhm, ag leibhéal na hEorpa, do thírdhreacha i bpobail thuaithe a mbíonn ag brath ar shaoirse ó thréithe tionsclaíocha d’achmainn thurasóireachta;
      Aithníonn an Ard-Fheis seo: tacaíonn sí le bunú nascanna níos fearr idir ár bpobail i gCúige Uladh chun brandáil láidir thrasteorann ó thaobh turasóireachta de a chruthú, bunaithe ar chéadta bliain d’oidhreacht agus de chultúr roinnte, agus go n-oibríonn muid chun an oidhreacht seo a nascadh leis na cultúir Eorpacha a spreag sí.
      Cumann Leo Casey/Matt Devlin (Baile Uí Mhatháin)

  • Challenging vested interests
    • 44

      Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil cruthúnas ann nach bhfuil bunaíocht na hÉireann go maith ag cur in éadan leasanna dílsithe. Sa rialtas, éileoidh Sinn Féin ionracas agus cuntasacht ó gach duine a bhfuil cumhacht agus freagracht aige, caomhnóidh agus cosnóidh muid leas an phobail dá bharr, agus;
      • forbróidh muid creatlach reachtúil a iarrann ar státseirbhísigh agus ar oifigigh phoiblí míniú a thabhairt ar a gcinntí agus a ngníomhartha, a chaomhnaíonn leas an phobail agus a dhaingníonn prionsabal de riarachán oscailte poiblí;
      • cuirfidh muid iniúchadh ceannródaíoch neamhspleách ar bun ar ghníomhaireachtaí maoirseachta an Stáit sna 26 contae, a chuireann in éadan choireacht an bhóna bháin a chuimsíonn ach nach bhfuil teoranta d’fhoireann tosaigh, ailtireacht, caiteachas, forfheidhmniú, agus comhoibriú idirghníomhaireachta a chuimsíonn staidéar idirnáisiúnta comparadóirí de bhealaí dlínsiúla eile agus moltaí d’fheidhmiú in ord tosaíochta;
      • tabharfaidh muid Bille um Coireacht an Bhóna Bháin isteach chun cumhachtaí imscrúdaithe, forfeidhmithe agus ionchúisimh atá ann i reachtaíocht comhlachta, fostaíochta agus riarachán poiblí a threisiú;
      • cuirfidh muid le cumhacht agus le hacmhainní an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste sna 26 contae chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais, ar leabhair agus ar thaifid aon eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí;
      • tabharfaidh muid bearta isteach chun leas an phobail a chosaint ó chaidrimh idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a bhíonn fealltach go minic;
      • tabharfaidh muid clár reachtúil de bhrústocaireacht isteach sa tuaisceart a thabharfaidh trédhearcacht agus gealltanas níos fearr go ndéantar cinntí de réir leas an phobail, chan ag grúpa brústocaireachta a bhfuil tacaíocht airgid aige chun tionchar agus vótaí a cheannach;
      • mar bheart níos láithrí, leasóidh muid Cód na nAirí sa tuaisceart go mbeidh ar airí gach cruinniú le brústocairí a fhógairt.
      Ard Chomhairle

    • 45

      Impíonn an Ard Fheis seo ar an Aire Sláinte Simon Harris ‘dualgas ionracais’ reachtúil a thabhairt isteach chun polasaí nochtadh oscailte a chur i bhfeidhm sna seirbhísí sláinte.
      Cumann O’Hanlon/McMahon/Lynagh (Baile Mhuineacháin)

    • 46

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • aithníonn an Ard Fheis seo gur tharla mí-úsáid leanaí ar fud na tíre in áiteanna agus institiúidí a raibh freagracht dhíreach ag an stát, ag eagraíochtaí deonacha nó ag institiúidí creidimh dóibh;
      • éilíonn sí admháil oscailte agus mhacanta de róil i mí-úsáid a raibh an stát, eagraíochtaí deonacha agus institiúidí creidimh freagrach astu;
      • Iarrann sí orthu siúd a raibh baint acu le mí-úsáid an t-eolas atá acu a scaoileadh sa dóigh is gur féidir an scéal iomlán faoin fhulaingt a brúdh ar pháistí agus ar dhoaine óga a rá, agus nuair is féidir, iad siúd a rinne an mhí-úsáid a thabhairt os comhair na cúirte.
      Éilíonn an Ard Fheis seo go gcuirfear moltaí an Fhiosrúcháin ar Dhroch-Íde Institiúideach san Am atá caite i bhfeidhm i ndiaidh comhairliúcháin leo siúd a d’fhulaing, agus iarrann sí ar an stát, ar eagraíochtaí deonacha agus ar na hinstitiúidí creidimh cúitimh a dhéanamh do gach duine a raibh baint aige. Aithníonn an Ard Fheis seo fosta, an fhulaingt a bhí acu siúd in árais mháithreacha agus naíonán agus éilíonn sí go bhfiosraítear go hiomlán an mhí-úsáid a tharla iontu
      Cumann Barney McFadden (Glas-stiall)

    • 47

      Nótálann an Ard Fheis seo:
      • an gá le hathrú radacach sa Gharda Síochána agus a gcomhlachtaí maoirseachta sa dóigh is go gcinnteofar go mbeidhGardaí sinsearacha freagrach as a ngníomhartha.
      • An tsaoirse ó phionós atá ann le fada i measc na ngrád is aired den Gharda Síochána
      Mar sin de, éilíonn an Ard Fheis seo:
      • go rachaidh an rialtas agus an tAire Dlí i ngleic le saincheist freagrachta ar bhealach a thugann muinín ar ais don phobal maidir leis an Gharda Síochána.
      • bunú Chigireacht Ceartais Chóiriúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chigireachtaí an Gharda Síochána, na gcúirteanna agus an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí;
      • leasú a dhéanamh ar, cumhacht iomlán, achmhainní cuí agus neamhpleáchas a thabhairt do Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (COGS), lena dhualgas maoirseachta a chomhlíonadh;
      • cumhacht an COGS a threisiú chun cinnte a dhéanamh go bhfuil Coimisinéir na nGardaí taobh istigh de chúraimí an COGS chun críocha cigireachta;
      • inniúlacht go hiomlán neamhspleách a thabhairt don Údarás Póilíneachta maidir le ceapadh Choimisinéir na nGardaí, an Leas- Choimisinéara agus Coimisinéirí Cúnta i ndiaidh iomaíocht oscailte ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí bunaithe ar dhea-chleachtas, agus cumhacht neamhspleách na hoifigigh shinsearacha seo a chur as post.
      Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

    • 48

      Creideann an Ard Fheis go bhfuil ábhair imní roimh thionscal na meán in Éirinn, ar nós:
      • aird iomarcach d’úinéireacht na meán;
      • cionníollacha neamhchinnte oibre;
      • easpa tacaíochta d’iriseoireacht iniúchach;
      • easpa ilchineálachta socheacnamaíoch, inscne, míchumais agus eitní.
      • dlíthe clúmhillte a mbíonn tionchar drochmhisneach acu ar nuacht agus fhoilseacháin ar leas an phobail.
      Ó tharla gur luadh na saincheisteanna seo i roinnt tuairiscí neamhspleácha agus go bhfuil Éire go fóill ag titim in Innéacs Domhanda ar Shaoirse an Phreasa, éilíonn an Ard Fheis seo bunú choimisiún ildisciplíneach fiosrúcháin ar na meáin in Éirinn.
      Cumann Healy/Howard (An Chabrach Thoir)

  • Party Development
    • 49

      Molann an Ard Fheis seo cáipéis pholasaí sláinte Shinn Féin - A Sinn Féin Plan for Universal Healthcare, agus creideann sí gur chóir do Shinn Féin ceannaireacht a thabhairt maidir le Meabhairshláinte, le dea-shampla, ag moladh:
      • oiliúint a chur ar fáil do gach gníomhaí páirti ar íocaíocht chun oiliúint a dhéanamh ar fheasacht i leith féinmharú;
      • An bhallraíocht ghinearálta a spreagadh leas a bhaint as aon oiliúint ar fheasacht i leith féinmharú a bheidh ar fáil ina gceantar féin
      • próiseas comhairliúcháin a dhéanamh lena ghníomhaithe páirti ar íocaíocht chun tacaíocht bhreise faoi mheabhairshláinte a bheidh de dhíth ina róil;
      • go bhfoilseoidh an páirtí, ina dhiaidh seo, treoirlínte ar dhea-chleachtas a bhaineann le meabhairshláinte.
      Cumann Colonel Leonard (Tulaigh Álainn)

    • 50

      Iarrann an Ard Fheis seo ar an Ard Chomhairle smaoineamh go dearfach ar iarrthóir Shinn Féin i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo, ag aithint go bhfuil oifig Uachtarán na hÉireann róthábhachtach gan a bheith san iomaíocht faoina coinne, agus níor cheart nach mbeadh deis ag Éireannaigh vóta a chaitheamh ar son iarrthóir Shinn Fein i dtoghchán ar bith.
      Cumann McGrath/O’Brien (Port Láirge Thoir)

    • 51

      Aithníonn an Ard Fheis seo gur fhulaing comhpháirtithe mionlaigh i rialtais na hÉireann roimhe seo caileanna ó thaobh tóra agus forbairt pholaitiúil de.
      Aithníonn an Ard Fheis seo fosta, gur tharla na caileanna seo mar gheall ar an dóigh fhealltach a thréig na comhpháirtithe mionlaigh thuasluaite a bprionsabail ar mhaithe le sochair ghearr-radharcacha.
      Mar sin de, athdhearbhaíonn an Ard Fheis seo uaillmhian Shinn Féin faoi rialtas sa deisceart atá bunaithe ar ár bprionsabail shóisialacha phoblachtacha agus athdhearbhaíonn sí go gcaithfear aon mholtaí faoi choinne comhrialtais a phlé in Ard Fheis speisialta.
      Caithfidh aon Chlár Rialtais i gcomhrialtas mar sin saincheisteanna cosúil le treochlár d’athaontú na hÉireann, gealltanas a bheith aige chun córas uilíoch cúram sláinte mar atá leagtha amach inár bpolasaí Better for Health, agus gealltanas a bheith aige infhéistíocht cheart a dhéanamh i dtithíocht shóisialta mar atá leagtha amach inár bpolasaí Better for Housing.
      Ógra Shinn Féin
      Cumann Countess Markievicz/Tadhg Barry (Bardaí an Iarthuaiscirt/Láir)

    • 52

      Nótálann an Ard Fheis seo, cé gur féidir le Sinn Féin plé a dhéanamh le páirtithe eile polaitíochta i ndiaidh toghcháin ar bith, rialtas ar an eite chlé a bhunú ina bhfuil páirtithe agus neamhspleáigh leis an idé-eolaíocht pholaitiúil chéanna is ea an t-aon chuspóir a bheidh ag an pháirtí
      Cumann Devlin/Plunkett (Teach Mealóg/Tír an Iúir)

    • 53

      Tugann an Ard Fheis seo a beannachtaí agus buíochas dár dTD is faide, Caoimhghín Ó Caoláin, TD don Chabhán/do Mhuineachán, don chinneadh s’aige éirí as ag an chéad toghchán eile, guíonn muid ádh mór air amach anseo i ndiaidh na mblianta fada d’obair chrua.
      Cumann Kieran Doherty (Baile an Chabháin)

    • 54

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • Tacaíonn an Ard Fheis seo leis an seasamh a ghlac Cliftonville Football Club agus molann sí an dóigh mhaorga a rinne sé a agóid i gCluiche Ceannais Chorn na hÉireann ar an 5ú Bealtaine 2018.
      • dearbhaíonn sí a tacaíocht d’foireann aontaithe náisiúnta péile, agus iarrann sí ar FAI agus ar IFA tús a chur le plé faoi bhealach chun é seo a bhaint amach;
      • ag aithint go bhfuil dhá shraith náisiúnta ar an oileán, éilíonn an Ard Fheis seo páipéar seasaimh ar shraith amháin náisiúnta a bhunú ina bhfuil foirne ó 32 contae. Ba chóir grúpa a bhunú de bhaill Shinn Féin a bhfuil suim acu sna sraitheanna ar an oileán agus ár n-urlabhraithe spóirt sna 6 chontae agus sna 26 chontae a bheith i gceannas air. Ba chóir go n-amharcann an páipéar seo ar dhóigheanna chun an sraith a fhás ar mhaithe le huaséifeacht.
      Cumann Charlie McGlade (Droimeanach)

    • 55

      Molann an Ard Fheis seo an páirtí ar a fhócas agus a thacaíocht leanúnach do chuimsiú comhionannais agus ilchineálachta, lena n-áirítear ach chan teoranta do:
      • comhionannas inscne d’ionadaithe tofa agus struchtúir inmheánacha;
      • cothrom na Féinne do gach ball an pháirtí, beag bean ar chine, reiligiún, inscne, ghnéaschlaonadh, eitneacht, náisiúntacht nó chreideamh;
      • neamhseicteachas i ngach caidreamh;
      • tacaíocht do chearta an lucht siúil;
      • a ndúshláin a thabhairt dóibh siúd a phléann le daoine ag leibhéil éagsúla shocheacnamaíocha go míchothrom;
      • fáilte a chur roimh inimircigh go hÉirinn;
      • tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas.
      Iarrann an Ard Fheis seo ar an pháirtí leanúint ar aghaidh lena iarrachtaí le bheith uileghabhálach agus iad a mhéadú agus Éire aontaithe á tógáil againn.
      Cúige Lár Tíre/an Iarthuaiscirt
      SATHARN 16ú MEITHEAMH
      Rialtas Áitiúil, leasú toghcháin agus iompar

  • Local Government, electoral reform and transport
    • 56

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Choimisiúnna Teorann Toghchánaí ó thuaidh a gcuid moltaí reatha a tharraing siar agus pileladh ar na bunmholtaí sealadacha ó Mheán Fómhair 2016.
      Cumann Brady/Ligget (Naomh Séamas)

    • 57

      Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht go mbunófar Coimisiún Toghcháin ó thuaidh, go leasófar an Oifig Toghcháin ón Thuaidh (EONI) agus le hagahidh leasú toghcháin de réir ‘I dTreo Poblacht Nua’ agus éilíonn freisin:
      • go dtabharfar isteach rialúchán maidir le fógraíocht ar líne ar ardán meán sóisialta. Chun trédhearcacht a sholáthar le haghaidh saoránach ní mór dúinn rialú an phróisis dhaonlathaigh a ghlacadh as lámha fhathaigh mhóra an idirlín ar fud an domhain;
      • chun clárú vótálaithe a leathadh amach láithreach, a bhí le bheith i bhfeidhm ó thuaidh faoi Eanáir 2017;
      • vótáil vótóirí neamhláithreacha ar éileamh a thabhairt isteach, thuaidh agus theas.
      Cumann Dunne/Meaney Cumann (Baile Breac)
      Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh
      Cumann Loig Mhóir
      Comhairle Ceantair Dhún na nGall
      Cúige Bhaile Átha Cliath

    • 58

      San Ard-Fheis seo:
      • moltar Tionscadal Comhairliúcháin na gComhairleoirí a tionscnaíodh ag Oifig Uachtarán Shinn Féin;
      • aithnítear gur nasc ríthábhachtach iad na comhairleoirí idir na gníomhaithe agus an cheannasaíocht náisiúnta agus gurb iad a thiomáineann cuspóirí polaitiúla an pháirtí i measc na bpobal a bhfuil Sinn Féin ionadaíoch air;
      • aithnítear go bhfuil an mionchomhairliúchán faoi lán seoil le comhairleoirí Shinn Féin ar fud an oileáin i réimsí cumarsáide, oiliúna agus struchtúr feabhsaithe eagrúcháin;
      • glactar leis gurb iad na comhairleoirí a chuirfidh in iúl na moltaí atá ag teacht chun cinn ón gcomhairliúchán;
      • tugtar tiomántas go gcuirfear i bhfeidhm moltaí na dtuarascálacha eatramhacha agus deiridh Chomhairliúcháin.
      Ard Chomhairle

    • 59

      San Ard-Fheis seo:
      • aithnítear an obair mhór atá déanta ag ár gcomhairleoirí áitiúla uile, agus tacaítear leis an gComhairliúchán le Comhairleoirí atá sheol an tUachtarán Mary Lou McDonald chun tacú leo ina gcuid oibre;
      • glaoítear ar an Ard-Chomhairle nua seo a fhorbairt agus ionadaí comhairleoirí a cheapadh atá ceangailte le hoifig urlabhraithe rialtais áitiúil sa Dáil agus sa Tionól araon. Bheadh an t-ionadaí seo mar nasc idir ár gcuid comhairleoirí agus an Dáil/Tionól agus thabharfadh sé an tacaíocht shainiúil atá ag teastáil uathu dóibh;
      • glaoítear go mbunófar Fóram Náisiúnta na gComhairleoirí, de réir ár mbunreachta, in athuair agus go dtiocfar le chéile chomh luath agus is féidir i ndiaidh na hArd-Fheise agus go dtoghfar oifigeach eatramhach boird ag an gcéad chruinniú a eagróidh Cruinniú Cinn Bliana roimh dheireadh na bliana seo.
      Cumann Charlie McGlade (Droimeanach)

    • 60

      Cáineann an Ard-Fheis seo ciorruithe ar mhaoiniú rialtais áitiúil le deich mbliana anuas chomh maith le lárú agus príobháidiú seirbhísí áitiúla ó dheas. Éilíonn sé ar an Ard-Chomhairle páipéar cuimsitheach polasaí a fhorbairt ina léirítear samhail nua le haghaidh rialtais áitiúil in Éirinn lena n-áirítear méadú suntasach i gcéatadán maoiniú rialtais láir a chuirtear ar fáil d’údaráis áitiúla, chun fostaíocht bhuan rialtais áitiúil a mhéadú in áit seachfhoinsithe agus dílárú soláthair phríomhsheirbhísí poiblí chuig údaráis áitiúla.
      Cumann Mulvoy/Campbell/McGirr Coire (Bardas Oirthear na Cathrach)

    • 61

      Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Cáin Mhaoine Áitiúil éagórach a chur ar ceal a cheanglaíonn go díreach cumas údaráis áitiúla a bheith ag feidhmiu le tithíocht phríobháideach agus éilíonn don Ard-Fheis moltaí eile a fhorbairt lena n-áirithiú go mbíonn maoiniú cuí ann le haghaidh údaráis áitiúla, agus go gcuirfear moltaí den chineál seo faoi bhráid na chéad Ard-Fheise eile.
      Comhairle Ceantair Chathair Luimnigh

    • 62

      San Ard-Fheis seo:
      • aithnítear a luacmhaire agus atá an obair a dhéanann comhairleoirí ar son na bpobal áitiúla a mbíonn siad ionadaíoch orthu;
      • aithnítear nach leor an luach saothair a fhaigheann comhairleoirí lán- aimseartha i láthair na huaire;
      • tugtar tiomántas chun athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhairle le hurlabhraithe rialtais áitiúil an pháirtí, ar reachtaíocht ábhartha agus moltaí a fhorbairt chun struchtúr pá leasaithe a thabhairt isteach le haghaidh comhaltaí tofa údaráis áitiúla roimh Cháinaisnéis 2019 nó roimh thoghchán ginearálta; cibé acu a thagann ar dtús.
      Cumann Fullerton/MacLochlainn/O’Hagan (Bun Cranncha)

    • 63

      San Ard-Fheis seo:
      • aithnítear go bhfuil beagnach 70 milliún saoránach ar dhroim an domhain a mhaíonn as fréamhacha Éireannacha;
      • tuigtear gur cuid thábhachtach de náisiún na hÉireann é an diaspóra;
      • aithnítear gur géarchéim í an eisimirce d’éigean ar theip ar an rialtas dul i ngleic léi;
      • nótáiltear gur theip ar rialtas na hÉireann go hiomlán cearta dlisteanacha vótála na nÉireannach thar lear a aithint ná ionadaíocht pholaitiúil a bheith i dTithe an Oireachtais acu;
      • gealltar buanseasmhacht go rachfar i ngleic leis seo agus sinn sa rialtas;
      • moltar obair na ngníomhaithe agus na gníomhaithe tofa sin agus an taifead fadbhunaithe atá acu maidir le ceist an diaspóra agus caidrimh láidre a thógáil i ngach earnáil nuair a bhíonn saoránaigh na hÉireann i gceist, go háirithe i SAM, i gCeanada, sa Bhriotáin, san Eoraip agus san Astráil.
      Comhairle Ceantair Fhear Manach

    • 64

      Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh cead ag saoránaigh na hÉireann, beag beann ar an stádas atá acu sa bhaile, páirt a ghlacadh i dtoghcháin na hUachtáranachta.
      Cumann O’Carolan/Kilmartin (Dún Geimhin)

    • 65

      San Ard-Fheis seo:
      • aontaítear go bhfuil sé riachtanach seirbhís iompair cuí a sholáthar chun freastal a dhéanamh ar aonrú aonrú sóisialta i bpobail faoin tuath agus go mbíonn inmharthanacht eacnamaíoch ann faoin tuath in Éirinn;
      • aontaítear nach mór don Aire Iompair, agus é fógartha ag an rialtas go ndéanfar seirbhísí LocalLink a mhéadú chun seirbhísí iompair a sholáthar in áiteanna áirithe faoin tuath, maoiniú cuí a chur ar fáil lena chinntiú go mbíonn seirbhísí iompair níos fearr ann do phobal na tuaithe.
      Cumann Wolfe Tone (An Nás/Na Solláin)

    • 66

      Tá an Ard-Fheis seo in aghaidh soláthar foirne a laghdú sna stáisiúin traenach ar fud na 26 Contae. Cuireann an bogadh seo i dtreo soláthar foirne a laghdú isteach orthu siúd atá ag breath ar iompar poiblí go háirithe na saoránaigh sin atá i mbaol. Ba chóir iompar poiblí a bheith ar fáil ina iomlán agus nach mbeadh ar shaoránach ar bith atá ag iarraidh é a úsáid fógra a thabhairt.
      Cumann Delaney/O’Rahilly (Bré)

    • 67

      Tacaíonn an Ard-Fheis seo, mar gheall ar líon méadaitheach na rothaithe atá ag fáil bháis ar na bóithre, le reachtaíocht maidir le mionachar pasála ionas go mbeidh ár mbóithre níos sábháilte do gach úsáideoir.
      Comhairle Ceantair Aontroim Thuaidh

    • 68

      Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo aonad polasaí Shinn Féin chun amharc ar fhoras árachais stáit a chur ar bun chun costais shíor-mhéadaitheacha phréimheanna árachais a láimhseáil ar fud an stáit, go háirithe le haghaidh tiománaithe óga.
      Cumann John Joe Sheehy (Trá Lí)

    • 69

      San Ard-Fheis seo:
      • moltar taisteal gníomhach le haghaidh gach aoisghrúpa agus aithnítear na buntáistí maidir le sláinte mheabhrach agus sláinte fhisiceach an phobail a leasú, agus chun cuidiú le brú tráchta, truailliú aeir agus taismí gluaisteán a laghdú;
      • éilítear ar Shinn Féin ar gach leibhéal rialtais polasaithe i leith taistil ghníomhaigh a chur chun cinn; pleananna taistil ghníomhaigh a ionchorprú i ngach mórfhorbairt bóithre, más féidir; agus infheistíocht a dhéanamh i gcosáin, i bhféarbhealaí, i lánaí rothaíochta agus i modhanna eile ionas gur féidir le daoine a bheith ag taisteal go sábháilte.
      Comhairle Ceantair Aontroim Thuaidh

    • 70

      San Ard-Fheis seo:
      • aithnítear go bhfuil leathanbhanda riachtanach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus go gcinntíonn sé ionchuimsiú sóisialta agus go gcuireann sé chun tosaigh fás eacnamaíoch;
      • éilíonn maidir le hinfheistíocht i leathanbhanda go dtugtar tús áite do cheantair a bhfuil an rochtain is laige ar leathanbhanda acu ar bhonn riachtanais chuspóirigh agus nótáiltear gur ceantair tuaithe iad seo den chuid is mó.
      Comhairle Ceantair an Iúir

  • Tackling Climate change
    • 71

      Tacaíonn an Ard-Fheis seo le cáipéis pholasaí Shinn Féin ‘Powering Ireland 2030: Proposals for accelerated transition to climate-friendly electricity generation’.
      Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil gníomhaíocht uaillmhianach, mharthanach agus chomhordaithe ag teastáil in Éirinn chun an t-aistriú ó breosla iontaise a d’fhéadfaí dochar ollmhór a dhéanamh don chomhshaol a bhrostú agus chun ár gcumas in-athnuaite a thógáil. 
      Tá neamhchinnteacht ollmhór ann maidir leis an gcur chuige a ghlacfaidh rialtas na Breataine maidir leis an athrú aeráide i ndiaidh na Breatimeachta. 
      Níl Plean Maolaithe Rialtas na hÉireann oiriúnach agus tá an togra Project Ireland 2040, lena n-áirítear Margadh Aonair Leictreachais uile-oileánda ag brath barraíocht ar ghaoth cladaigh agus breosla iontaise críochta. 
      Creideann Sinn Féin go bhfuil meascán níos éagsúla fuinnimh ag teastáil ó Shinn Féin agus úsáid níos fearr le baint as foinsí in-athnuaite lena n-áirítear:
      • béim i bhfad níos mór ar ghaoth amach ón gcósta;
      • athsholáthair inbhuanaithe, ar nós bithgháis agus ní an oiread céanna, bithmhais, le haghaidh breoslaí iontaise atá anois mar bhonn ag cur taca faoi chumhacht inseolta.
      Tá an córas cuinnimh atá beartaithe againn inbhuanaithe, daingean agus inacmhainne. Is féidir é a bhaint amach agus a sholáthar trí:
      • infheistíocht phoiblí, leath-stáit agus phríobháideach a atreorú chun meascán nua fuinnimh a fhorbairt agus a dháileadh;
      • thacú le sealbhóirí tí, le pobail, le feirmeoirí agus le gnólachtaí beaga le réimse níos leithne deontais agus tacuithe a chumsaíonn iad chun an fuinneamh atá ag teastáil uainn a laghdú agus a sholáthar.
      Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis freisin go gcaithfidh an tIdirnascaire Thuaidh-Theas a bheith faoi thalamh de réir an dea-chlachtais idirnáisiúnta.
      Ard Chomhairle

    • 72

      Tá an Ard-Fheis seo, agus dúshlán na hathraithe aeráide roimhe, tiomanta do dhífheistiú breoslaí iontaise mar bhealach chun an t-aistriú a thiomáint ó tháirgeadh fuinnimh atá ag brath ar charbón. Baineann dífheistiú breoslaí iontaise le hacmhainní airgeadais a dhíol a bhaineann hastarraingt, táirgeadh agus díol breoslaí iontaise, agus cuireann sé cosc ar infheistíocht breise i gcorparáidí a bhíonn ag plé leis.
      Aithníonn an Ard-Fheis seo orduithe eacnamaíocha agus morálta an dífheistithe i mbreoslaí iontaise:
      • tá móramh an phobail idirnáisiúnta tiomanta do leibhéil an téimh dhomhanda a choinneáil faoi 1.5/2 chéim, ionas go mbeidh timpeallacht domhanda sábháilte agus seasmhach ann;
      • chun na spriocanna seo a bhaint amach, ní féidir 80% ar a laghad de chúltaisce breoslaí iontaise a astarraingt agus a dhó. Ina ainneoin seo, tá infheistíocht ollmhór á déanamh go fóill i gcuideachtaí astarraingthe breoslaí iontaise, a mhéadaíonn luach oibriúcháin tráchtála agus is gá deireadh a chur leis seo láithreach ionas nach gclisfear ar a aeráid. Tacaíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, le hoibleagáidí dlíthiúla a bhunú le haghaidh forais phoiblí agus le haghaidh scéimeanna infheistíochta caipitiúla, ar nós Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, nó Scéim Phinsin Rialtais Áitiúil ó thuaidh, chun a gcuid infheistíochta a bhaint amach as acmhainní breoslaí iontaise.
      Tacaíonn an Ad-Fheise seo le hath-infheistíocht a dhéanamh sna hacmhainní seo mar bhannaí glasa agus mar acmhainní fuinnimh in-athnuaite chun an t-aistriú chuig inbhuanaithe ar bhonn airgeadais agus aithníonn an móiminteam domhanda taobh thiar den dífheistiú i mbreoslaí iontaise, agus tá sé tiomanta do thacú le hiarrachtaí dífheistithe an phobail idirnáisiúnta.
      Cumann Mulvey (Bré)

    • 73

      Aithníonn an Ard-Fheis seo:
      • buntáistí na micreaghiniúna agus an dóigh ar féidir leis tacú le inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht fuinnimh gnólachtaí, pobail áitiúla agus tithe aonair trí fhuinnimh in- athnuaite ar mhionscála a ghiniúint;
      • cuireann micreaghiniúint leis an bhfuinneamh in-athnuaite a chuirtear amach sa stát agus cumas ann an fuinneamh breise a sholáthar don ghreille; ag laghdú billí fuinnimh tí agus gnólachtaí beaga trí fhéin-ídiú agus a ligeann do dhaoine a bheith gníomhach in aistriú an stáit chuig fuinneamh in-athnuaite.
      Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Bille um an Scéim um Thacú le Micreaghiniúint de chuid Shinn Féin agus éilíonn sé go gcuirtear i bhfeidhm é.
      Comhairle Ceantair Chill Mhantáin
      Cumann Barney Morris Seamus Harvey Cumann (Crois Mhic Lionnáin)

    • 74

      Aithníonn an Ard-Fheis seo na hacmhainní ollmhóra amach ón gcósta atá ag ag stát agus nach bhfuil siad forbartha mar is ceart. Áirítear leis seo an poitéinseal atá i bhfuinneamh amach ón gcósta, lena n-áirítear gaoth amach ón gcósta agus teicneolaíochtaí nua rabhartha agus taoide. D’fhéadfadh an stát go leor den leictreachas atá uaidh a fháil ó ghaoth amach ón gcósta dá mbainfí úsáid mar is ceart as. Tá fairsingiú suntasach ag teastáil inár bhfuinneamh amach ón gcósta le go mbeidh todhchaí fuinnimh in- athnuaite ann. Chun é seo a bhaint amach, tá sé molta ag Sinn Féin an méid seo a leanas a dhéanamh:
      • foras amháin a chruthú chun dul i ngleic le pleanáil amach ón gcósta agus le riachtanais comhthola;
      • cuíchóiriú reachtaíochta pleanála ionas go mbeidh forbairt níos gaiste ar thograí amach ón gcósta in éineacht le breithniúcháin diana ar an timpeallacht.
      Comhairle Ceantair Chill Mhantáin

    • 75

      San Ard-Fheis seo:
      • cáintear teip an rialtais treoirlínte níos déine a thabhairt isteach chun ceantair tuaithe a chosaint ó na hiarmhairtí is measa ó fheirmeacha gaoithe tionsclaíocha;
      • aontaítear nach leor an t-achar “aon gach ceathrar” atá á mholadh i láthair na huaire i dTreoirlínte an Rialtais maidir le Feirmeacha Gaoithe toisc nach dtugann siad cosaint dóibh siúd atá ina gcónaí faoi tuath ó thuirbíní tionsclaíocha is féidir a bheith thar 180 méadar in airde;
      • athdhearbhaítear tacaíocht don Bhille um Rialáil Tuirbíní Gaoithe, 2016, ar chuir an Teachta Dála Brian Stanley síos ar chlár in 2014 agus arís in 2017 é, ina sonraítear mion-shlánachair 10 n-uaire níos airde ná rinn na lainne agus nach bhfuil cead tuirbíní atá níos airde ná 25 méadar a lonnú ach amháin i gceantair sonraithe ag comhairleoirí i bPleananna Forbartha Contae;
      • glaoítear ar an rialtas dlí a chódú maidir leis na moltaí atá i mBille Shinn Féin chun an timpeallacht agus an tírdhreach a chaomhnú agus chun cónaitheoirí tuaithe a chosaint ó iarmhairtí tromchúiseacha tuirbíní ar méid thionsclaíoch a bheith lonnaithe cóngarach do na bailte s’acu;
      • éilítear go gcuireann an rialtas i bhfeidhm moratorium láithreach ar iarratais phleanála reatha agus sa todhchaí le haghaidh tuirbíní gaoithe tionsclaíocha atá níos airde ná 120 méadar go dtí go mbíonn treoirlínte níos déine ann chun pobail tuaithe a chosaint.
      Cumann Barnes/McCormack (An Muileann Gearr)

    • 76

      Aithnítear san Ard-Fheise seo na castachtaí a bhaineann le bithbhreoslaí agus an mearbhall a bhíonn ar chustaiméirí maidir lena ainm, agus aithnítear freisin an ról tábhachtach a bhíonn ag bithbhreoslaí chun an geilleagar a ghlasú, go háirithe an earnáil iompair. Creideann an Ard-Fheis seo gur chóir tionscadal inbhuanaithe dúchasach bithbhreoslaí a fhorbairt, bunaithe ar fhoinsí céad-ghlúine agus dara-glúine, agus a chomhlíonann critéir ard-inbhuanaitheachta ionas go laghdófar astúcháin de bharr athruithe in úsáid talún agus droch-iarmhairtí mar thoradh ar bhithéagsúlacht.
      Aithníonn an Ard-Fheis seo an tionchar dearfach a bhíonn ag forbairt an tionscadail seo ar Éirinn, go háirithe i gceantair tuaithe agus a chuireann le slándáil fuinnimh, chomh maith le próitéin a dhéantar go háitiúil a tháirgeadh le haghaidh na tamhlaíochta. Creideann Sinn Féin gur cheart tacú leis an gcosc ar fud an AE ar ola phailme, mar gheall ar an tionchar dochrach a bhíonn ag an tionscadal seo ar an timpeallacht agus léiríonn sé an gá le hinbhuanaitheacht san earnáil seo.
      Boland/Harford Cumann (Baile Brigín)

    • 77

      San Ard-Fheis seo:
      • nótáiltear, le himní, moltaí chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iompórtáil fuinnimh a thagann as foinsí eamhnú núicléach agus gás fraiceáilte mar gheall ar na himpleachtaí leis seo dár n-iarrachtaí riachtanacha chun aistriú go sochaí carbóin ísil, cairdúil don timpeallacht.
      • aithnítear go ndéanann na foinsí airgeadais seo an-dochar don timpeallacht agus nach bhfuil bealach simplí ann i láthair na huaire dramhaíl núicléach a dhiúscairt go sábháilte.
      • cuirtear i gcoinne infreastruchtúr nua fuinnimh ar bith a thógail arb é an príomhchuspóir atá leis ná a bheith ag brath ar ghás fraiceáilte ná eamhnú núicléach agus ina áit sin éilítear go ndéanfar infheistíocht a atreorú go teicneolaíochtaí inbhuanaithe fuinnimh.
      Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas

    • 78

      Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbíonn díospóireacht ann ar bhonn náisiúnta agus fíricí eolaíocha taobh thiar de bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta, ar an bpoitéinseal a bhaineann le fuinneamh núicléach mar sholáthar fuinnimh náisiúnta, go háirithe agus an timpeallacht nádúrtha domhanda agus na hoighearchaidhpeanna ag ídiú chomh gasta sin agus an gá le réiteach láithreach ar an aistriú ó bhreoslaí iontaise.
      Cumann Mairtírigh Grey Abbey (Baile Chill Dara)

    • 79

      San Ard-Fheis seo:
      • cáintear go bhfuil 22% de thithe ó thuaidh agus 28% de thithe ó dheas in Éirinn thíos faoi bhochtaineacht bhreosla, agus tá ceann de na rátaí is airde bochtaineachta breosla san Aontas Eorpach ó thuaidh.
      • éilítear go dtógfar gach teach a thógtar as an nua ar na leibhéil is airde d’éifeachtúlacht fuinnimh agus go mbeidh cumais oiriúnacha micreaghiniúna ann ionas gur féidir le tithe a mbillí fuinnimh a laghdú agus gur féidir bealach ioncaim a sholáthar tríd an micreaghiniúint agus le go leathnófar an incháilitheacht do scéimeanna aisfheistithe fuinnimh dóibh siúd ar ioncam íseal saor in aisce thuaidh agus theas.
      Cumann Mhairtírigh Bhaile Andarsan

    • 80

      Aithníonn an Ard-Fheis seo an dochar a bhaineann le sochaí atá ag brath ar phlaisteach agus aithníonn an bhagairt ó thruailliú plaisteach dár dtimpeallacht, do bheatha mara, do shláinte an duine, don gheilleagar agus don tsochaí ina hiomláine. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo atá ag teacht, creideann Sinn Féin gurb é laghdú ar úsáid fhoriomlán an eochair.
      Sa rialtas, dhéanfadh an Ard-Fheis seo an méid seo a leanas:
      • chuirfí deireadh de réir a chéile le plaisteach aon-úsáide agus dhéanfaí infheistíocht i gcumas athchúrsála in Éirinn ionas go bhféadfaí úsáid ámhábhair thánaisteacha a mhéadú;
      • thacófaí le tionscadail a mbeidh an pobal i gceannas orthu, ar nós scéimeanna glantacháin agus scéimeanna chun cupáin a thabhairt ar ais, agus bhunófaí scéim náisiúunta éarlais-tabhairt ar ais le haghaidh plaisteach ionas go mbeadh leibhéal níos airde athchúrsála i dtithe;
      • chuirfí i gcoinne ualaí airgeadais ar bith curtha ar dhaoine le haghaidh athchúrsála agus creideann gur cheart go mbeadh freagracht níos mór ar tháirgeoirí trí costais an truaillithe a dhéanamh inmheánach agus trí mhodhnúchán táillí a thacú lena n-áirithiú go mbeadh dearadh níos fearr ar tháirgí le haghaidh geilleagair chiorclaigh.
      Cumann Pól Kinsella (An Fearann Thuaidh)
      Cumann Dunne/Meaney Cumann (Baile Breac)

    • 81

      San Ard-Fheis seo:
      • nótáiltear le himní go mbaintear úsáid as 600 cupán le haghaidh caife in Éirinn gach bliain ar an meán, agus go bhfuil cuid mhór acu déanta as ábhar atá doiligh a athchúrsáil, agus ní dhéantar ach ceann as gach ceathrar a athchúrsáil;
      • éilítear go dtabharfar isteach tobhach uile-Éireann Caife ar chupáin indiúscartha le haghaidh caife chun a n-úsáid a laghdú, agus ba cheart an t-ioncam a thagann as a úsáid chun scéimeanna timpeallachta a mhaoiniú.
      Cumann Ladybrook agus Riverdale

    • 82

      Aithníonn an Ard-Fheis seo an t-ábhar imní leis na measúnachtaí eolaíochta chun an tsubstaint ghníomhach gliofosáit a údarú in athuair, chomh maith leis an dlíthíocht ar fud an domhain in aghaidh Monsanto maidir le liomfóma neamh-Hodgkin agus nochtadh leis an ábhar.
      Ar a bharr sin, aithníonn an Ard-Fheis seo an nasc intreach idir an orgánach géinmhodhnaithe agus luibhicíd - an bheirt acu deartha ag na tionscadail agraiceimiceacha, a chruthaíonn spleáchas feirmeoirí, a dhíchobhsaíonn slándáil bia agus a dhéanann bagairt don bhithéagsúlacht ar fud na cruinne. Cuireann an Ard-Fheis seo míshástacht in iúl gur bhain gníomhaireachtaí de chuid an AE úsáid as páipéir eolaíochta scríofa ag scáthscríbhneoirí agus creideann gur cheart go mbeadh eolaíocht piarbhhreithnithe, neamhspleách agus fíor ar an aon chaighdeán a dheachtaíonn údarú ceimiceán san AE.
      Boland/Harford Cumann (Baile Brigín)

    • 83

      Tugan an Ard-Fheis seo tiomántas sa rialtas go mbunófaí seirbhís chúnta pleanála a thugann cuidiú agus trédhearcacht ar cheisteanna pleanála agus a dhearbhaíonn go mbíonn níos mó daoine ag dul i ngleic leis an bpróiseas pleanála chun áiteanna níos fearr cónaithe a dhéanamh dár bpobail.
      Cumann Paddy Wright (Baile Átha Í)

    • 84

      Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo gur cheart go mbeadh teacht ag gach saoránach Éireannach ar uisce agus tiomnaíonn ár n-urlabhra Oireachtais éileamh ar an rialtas a bheith cinnte de go mbíonn cothroime iomlán ann idir na scéimeanna uisce ghrúpa sin agus na cinn sin sa chóras phoiblí
      Cumann Robert Byrne (Cathair Luimnigh Thoir)

    • 85

      Aithníonn an Ard-Fheis an líon ollmhór den dumpáil mhídhleathach atá á déanamh faoin tuath in Éirinn agus go háirithe sna háiteanna is mó áilleacht. Cuireann sé seo isteach go mór ar an tírdhreach agus éilíonn bearta a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an gceist seo.
      Cumann Gleeson (Tigh Munna)

    • Additional Motion

      This Ard Fheis calls on Irish Water to ensure that the levels of trihalomethanes in the public drinking water supply comply with the European Union (Drinking Water) Regulation 2014 and in the context of the forthcoming revised Drinking Water Directive reduce the level of chlorine used in the public water system by promoting healthier approaches to treating the water supply such as exist in the Netherlands, including improved source water; treatment through sedimentation, filtration and UV disinfection; reduce contamination during distribution; production and distribution of biostable water; and improve monitoring and timely detection of system failures.

      Antoine Mac Giolla Bhrighde (Moville/Greencastle)

  • Standing with Women
    • 86

      Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara:
      • gur comóradh é 2018 ar cheart vótála na mban, cloch mhíle stairiúil i ról na mban sa streachailt ar son na saoirse náisiúnta agus na córa sóisialta;
      • le 100 bliain anuas go raibh forghabháil, saoirse agus críochdheighilt in Éirinn. Gur fhulaing idir mhná agus pháistí éagóir chórasach mar gheall ar an eaglais agus ar an stát. Tá cuid den éagóir seo, ar nós na scannal a bhaineann le huchtú mídhleathach, na tithe máithreachac agus leanaí agus Neachtlanna Magdalene, ag teacht chun solais anois;
      • cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar an mbealach chun cothroime in Éirinn, tá constaicí suntasacha ann go fóill, lena n-áirítear:
      - an teip le dul i ngleic le foréigean sa bhaile agus chun mná agus leanaí a chosaint mar is ceart;
      - pá íseal agus conarthaí uaireanta ísle a mbíonn tionchar díréireach acu ar oibrithe mná;
      - costas ard cúraim leanaí a bhrúnn go leor ban amach as an bhfórsa oibre;
      - bearta déine agus tionchar díréireach a bhíonn acu siúd ar mhná agus ar leanaí;
      - bearna de 14% i gcúrsaí pá idir inscní cé go bhfaigheann níos mó ban cáilíochtaí ardoideachais níos fearr;
      - an teip ar dhul i ngleic le fadhb easpa dídine teaghlaigh a léiríonn go bhfuil 3,689 leanbh ó dheas gan dídean;
      - seirbhís sláinte nach bhfuil go leor acmhainní ann di agus a bhí comhpháirteach sa scannal CervicalCheck a raibh tionchar mór aige ar shláinte agus ar shaol na gcéadta ban.
      Creideann an Ard-Fheis seo gur féidir linn sochaí a fhorbairt ina mbíonn mná cothrom agus éilíonn sé go mbíonn tacar de phrionsabail ann ar chóir tacaíocht a dhéanamh dóibh mar chéad chéim;
      • Téigh i ngleic le pá íseal agus tacaigh le tithe ar ioncam íseal.
      • Athmhúnlaigh agus tabhair go leor acmhainní do chúram leanaí.
      • Athraigh an córas sláinte do mhná agus dá bpáistí.
      • Tabhair tacaíocht do mhná agus dá bpáistí atá ag éalú ó fhoréigean sa bhaile.
      • Spreag bealaí eile chun oibre.
      • Cuir profáil inscne agus buiséadú cothromais ar aghaidh i ngach rannóg de chuid an rialtais.
      Ard Chomhairle

    • 87

      San Ard-Fheis seo:
      • athdhearbhaíonn tiomantas Shinn Féin do chúram uilíoch sláinte agus cúraim shóisialta, saor ag an bhfoinse, bunaithe ar riachtanas agus le dul i ngleic leis na dúshláin shuntasacha atá roimh sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta sna Sé Chontae a bhí leagtha amach ag Michelle O’Neill ina plean aistrithe agus í ina hAire Sláinte;
      • tá Sinn Féin go fóill tiomanta do sheirbhísí sláine uile-oileánda agus trasteorann a fhorbairt - ar nós Aonad Ailse Thiar-Thuaidh in Alt na nGealbhán agus an Gréasán uile-oileánda um Ghalar Croí ón mBroinn agus sin uile ag dul i dtreo Seirbhís Sláinte uile-Éireann;
      • tá Sinn Féin meáite ar dhul i ngleic leis an éagothroime sa tsochaí ina gciallaíonn gurb ionann postchód agus an leibhéal inrochtaineachta atá agat ar sheirbhísí sláinte agus ar an bhfad a mhairfeas tú;
      • éilíonn arís go mbíonn paireacht mheasa ann, ina dtugtar an tús áite céanna don mheabhairshláinte agus don tsláinte fhisiceach mar bhealach chun meabhairshláinte a fheabhsú agus chun dul i ngleic le fadhb mhór an fhéinmharaithe a bhfuil scrios déanta aici ar phobail ó thuaidh;
      • creideann go bhfuil idirghabháil luath agus bearta cosctha riachtanach lena áirithiú go mbíonn mearbhshláinte agus sláinte fhisiceach daoine go maith a oiread agus is féidir;
      • tacaíonn le hinfheistíocht níos fearr chun seirbhísí a sholáthar níos congaraí don phobal agus do thithe daoine trí phríomhchúram agus, dá bhrí sin, laghdaíonn sé an brú ar ár ngéarsheirbhísí cúraim;
      • caitheann sé i leataobh Déine na dTóraithe agus an DUP taobh thiar de, déine arb é laghdú bliain i ndiaidh bliana ar an mBlocdheontas an toradh atá air, laghdú a chuir cosc ar an infheistíocht riachtanach i gcúrsaí sláinte chun coinneáil suas chun dáta le héilimh bhreise;
      • is ábhar imní é go mbainfear an bonn den aistriú ar chúrsa sláinte i dTuaisceart na hÉireann mar gheall ar Dhéine leanúnach na dTóraithe gona thacaíocht ón DUP;
      • aithnítear gur lig ár gcórais sláinte mná síos ar chuid mhór ócáidí, thuaidh agus theas, go raibh siad thíos leis agus go ndearnadh seo níos measa mar gheall ar éagóracha ar nós tailídimíd agus simfiseatóime, scannal mhogall na faighne atá ag teacht amach agus an teip uafásach ar chlár scagtha le haghaidh ailse cheirbheacs;
      • creideann gur cheart go n-éistfear le guthanna ban inár gcóras sláinte agus gurb é an dóigh is sábháilte agus is éifeachtaí chun cúram sláinte a sholáthar do mhná na hÉireann ná trí chóras poiblí 32 contae a thuigeann agus a léiríonn éagsúlachtaí inscne;
      • tacaíonn le Cáipéis Pholasaí uile-Éireann Shinn Féin - Fís le haghaidh Shláinte na mBan.
      Ard Chomhairle
      Cumann Michael Moran (Tuaim)

    • 88

      Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh athrú sa reachtaíocht a ligfeadh do mháithreacha atá ag iompar scagthástáil a fháil ar bhonn gnáthaimh le linn toirchis; d’fhéadfadh sé seo Streb B a aimsiú, galar is féidir a sheachaint go mór i leanaí nua-bheirthe.
      Cumann Pól Kinsella (An Fearann Thuaidh)

    • 89

      San Ard-Fheis seo:
      • cuirtear fáilte roimh thuairisc An Bhreithimh O’Hara ar teideal “Inquiry into Hyponatraemia-related deaths”;
      • moltar buanseasmhacht agus seasmhacht na dtuisimtheoirí a bhfuil páiste leo caillte agus iad sa tóir ar an bhfírinne agus ar an gcóir;
      • formhuintear an chéad mholadh a bhí an ag mBreitheamh O’Hara go n-achtófaí dualgas reachtúil oscailteachta agus go dtabharfaí reachtaíocht isteach chun éifeacht a thabhairt dó seo.
      Cumann Countess Markievicz (An Chúil Mhór)

    • 90

      Tacaíonn an Ard-Fheis seo le mná a roghnaíonn ar dhul ar ais ar obair i ndiaidh páistí a bheith acu agus aithnítear:
      • go mbíonn sé costasach d’oibrithe áirithe íoc as cúram leanaí;
      • nach i cgónaí a bhíonn uaireanta oscailte creise ag teacht le sealobair agus dá bhrí sin bíonn sé doiligh ag sealoibrithe teacht ar chúram leanaí, go háirithe in earnáil na déantúsaíochta.
      Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfar isteach riachtanas go gcaithfidh gach páirce de chuid an IDA áiseanna creise a sholáthar laistigh dá sainlimistéar chun freastal ar a bhfórsa oibre ar ráta fóirdheonaithe.
      Cumann An Chláir Thuaidh

    • 91

      San Ard-Fheis seo:
      • aithnítear tothaí tuairisce le déanaí ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta a léiríonn go bhfuil an ráta is airde de dhíothacht leanúnach sna 26 Contae as an 11 Stát de chuid an Aontais Eorpaigh i measc tuismitheoirí aonair;
      • aithnítear gur léirigh taighde go bhfuil ról riachtanach ag íocaíochtaí cothabhála leanaí maidir le leanaí a shaoradh ón mbochtaineacht;
      • éilíonn go mbunófar seirbhís um chothabháil leanaí chun cuidiú agus chun tacú le tuismitheoirí aonair.
      Cumann Mulvey (Bré)

    • 92

      Aithníonn an Ard-Fheis an costas ard a bhaineann le cúram leanaí le haghaidh tuismitheoirí atá ag obair agus déantar iarracht an tairseach le haghaidh cuidithe trí fhóirdheontais nó fhaoiseamh cánach a leathnú ionas go mbainfidh níos mó teaghlach tairbhe as agus go mbeidh rogha sa bhreise acu a bhfuil bac orthu dul i mbun fostaíochta mar gheall ar chostas ollmhór cúraim leanaí.
      Cumann Phádraig Sheehy(Cathair Luimnigh Thiar)

    • 93

      Ní mór don Ard-Fheis seo, agus cinneadh mhuintir na hÉireann an 8ú leasú ar an mbunreacht a aisghairm agus an gá le reachtas a bheith ann, dul i ngleic le ceist an ghinmhillte; San Ard-Fheis seo:
      • athdhearbhaítear gur chóir go mbeadh ginmhilleadh ar fáil sa chás ina mbíonn beatha, sláinte nó meabhairshláinte mná i mbaol agus i gcásanna ina bhfuil mínormáltacht mharfach féatais ann;
      • tacaíonn le torthaí Chomhchoiste an Oireachtais nach féidir reachtú le haghaidh ginmhillte i gcás éignithe ar bhealach atruach;
      • aithnítear go bhfuil rochtain ag mná na hÉireann ar sheirbhísí ginmhillte gach lá i dtíortha eile nó trí phiollaí ginmhillte ceannaithe ar líne gan maoirseacht leighis ar bith a bheith ann;
      • glactar leis gur cheart go raibh ginmhilleadh gan léiriú faoi leith a bheith ar fáil trí sheirbhís a bhfuil Dochtúir Ginearálta i gceannas air i gcomhthéacs cliniciúil de réir an dlí agus an chleachtais cheadúnaithe ar feadh tréimhse shrianta iompair.
      Gníomhóidh baill reachtais Shinn Féin de réir thuairim na hArd-Chomhairle, tuairim a bhunófar ar an gcomhairle leighis is fearr dá bhfuil ar fáil, agus reachtaíocht á cur ar bun maidir leis an tréimhse shrianta iompair.
      Ard Chomhairle
      Ógra Shinn Féin
      Markievicz/Ryan/Farrell (Tamhlacht)
      Cumann Ruth Hackett (Maigh Nuad)
      Cumann O’Malley/Russell (Lár na Cathrach Thoir Thuaidh)
      Cumann Clarke/Smith/Doherty Cumann (Fionnghlas)
      Cumann James Connolly (Baile Formáid)
      Cumann Mhairtírigh an tSeantalaimh (An Seantalamh)
      Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Thiar Meán
      Devlin/Plunkett Cumann (Templeogue/Terenure)

    • 94

      Déanann An Ard-Fheis seo comhghairdeas le ‘Together for Yes’ as feachtas rathúil, cuimsitheach agus dearfach a reáchtáil agus moltar baill agus tacadóirí Shinn Féin a bhí gníomhach le linn an fheachtais chun an 8ú Leasú a Aisghairm.
      Cumann James Connolly (Baile Formáid)

    • 95

      San Ard-Fheis seo:
      • aithnítear gur ceist í ceist an ghinmhillte atá an-deighilteach i Sinn Féin agus sa tsochaí go ginearálta;
      • tuigtear go bhfuil tuairimí daoine bunaithe ar an eispéireas atá acu féin, eispéireas a bhí pianmhar agus tuairimí atá bunaithe ar chreideamh láidir;
      • táthar ar lorg comhtháthaithe agus go mbeidh deis ag gach poblachtánach cur leis an gcuspóir chun Éire Aontaithe a bhaint amach;
      • meastar go bhfuil an poblachtánachas láidir go leor chun freastal ar thuairimí áirithe ar an gceist seo; agus
      • aontaítear gur cheart go mbeadh cead ag baill Shinn Féin tuairimí a léiriú agus vóta a chaitheamh ar cheist an ghinmhillte de réir a gcoinsiais féin.
      Cumann Gallagher/Foy Cumann (Droim Conrach)
      Cumann McCusker/McMullan/O’Hagan (An Suaitreach)
      Cumann Tom Kealy (Cill Droichid)
      Seán English (Baile Mhic Ádaim)
      Cumann Fergal O’Hanlon (Achadh Lon)
      Cumann McGrath/ O’Brien (Port Láirge Thiar)
      Cumann Joe McManus/Dessie McNulty (Baile na Trá/Leathaigh)
      Casement/Highstead/Kelly (Machaire Rátha)
      O’Hanlon/Davey (Leamhaigh)
      Brian Keenan Cumann (Baile na Scríne)
      Cumann Thomas Allen (Baile Átha Troim)
      Cumann Martin Meehan/MacArts Fort (Gleann Ghormlaithe)
      Cumann Hughes/Connolly/McElwee (Baile Eachaidh)
      Cumann O’Reilly/McGennity/Watters (Cillín)
      Cumann Clarke/Smith/Doherty Cumann (Fionnghlas)
      Cumann Robert Emmett/McEldowney/McMullan (Sleacht Néill)
      Cumann Lawlor/Mulvihill/Mhairtírigh Chlais Mhaolchon (Baile Thaidhg/An Tóchar/Baile Dubh)
      Comhairle Ceantair Dhoire Theas
      Cumann Francis Bradley (Machaire Fíolta)
      Kelly/Arthurs Cumann (Ceanannas Mór)
      Cumann Ciarán Doherty (Baile an Chabháin)
      Cumann Vol.Ed O’Brien (Guaire)
      Cumann Logue/Marley (Cromghlinne)
      Cumann French/Doyle Baile Sheáin (an Uaimh)

    • Emergency Motion 2

      This Ard Fheis:

      • notes that the recent cervical check scandal served to highlight a number of serious failings
        in the health service in the 26 Counties, in particular the failure to share information with
        patients about their own results;
      • acknowledges the positive impact that screening programmes can have and reaffirms its
        commitment to these screening programmes;
      • acknowledges that recent events have served to undermine public confidence even further

      in the health service and this must be rebuilt.

      This Ard Fheis calls for:

      • the immediate issuing of medical cards for all the women impacted by these scandals;
      • a commitment from government that the aggressive strategy employed by the state claims
        agency will be discontinued immediately and an appropriate resourced compensation
        scheme be instituted without delay;
      • access to any available treatment for the women impacted to include access to new drugs
        and drug trials;
      • resources to be made immediately available to ensure the completion of the Scally report on
        schedule before the end of June 2018;
      • the repatriation of all screening to Irish labs and a commitment to resource these labs and
        the training necessary for the staff to work in them.

      Ard Chomhairle

  • Securing Your Future - Investing in housing and quality public services
    • 96

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an rialtas géarchéim a fhógairt i gcúrsaí tithíochta agus easpa dídine agus reachtaíocht éigeandála a thabhairt isteach chun sruth na ndaoine fásta agus leanaí atá ar tí a bheith gan dídean a stad.
      Ba cheart go n-áireofar sa reachtaíocht éigeandála:
      • Leasú Focus Ireland ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe ina gcuirtear cosc ar thiarnaí talún fógraí maidir le Fógraí Fágála a chur amach agus iad ag díol a gcuid tithe;
      • riachtanas dlíthiúil le haghaidh údaráis áitiúla plean chun easpa dídine a chosc le haghaidh teaghlaigh ar bith atá i mbaol easpa dídine 60 lá sula gcailleann siad a dteach;
      • teorainn dhlíthiúil ionas nach gcaithfidh duine ar bith fanacht in iostas éigeandála ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí agus;
      • spriocdháta chun deireadh a chur le heaspa dídine san fhadtréimhse agus an gá le codladh amuigh.
      Cúige Bhaile Átha Cliath

    • 97

      San Ard-Fheis seo:
      • cuirtear dlúthpháirtíocht in iúl leo siúd a bhfuil a morgáiste, iasacht feirme nó gnólachta le díol chuig creach-chiste;
      • cáintear polasaí na mbanc, go háirithe na bainc sin a bhfuil sciar ag an stát iontu, morgáistí, gnólachtaí agus iasachtaí feirme na ndaoine sin atá ag déanamh a ndíchill a mbealach a íoc a dhíol le creach-chistí gan trócáire.
      • nótáitear toiliú an rialtais sa straitéis seo agus an cairpéad dearg a chur amach ag Fine Gael do na creachadóirí sna blianta roimhe seo.
      Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin:
      • ar na bainc a gcuid oibre a dhéanamh agus dul fríd na hiasachtaí lagaithe tríd na roghanna ar fad a úsáid ar nós cíos in ionad morgáiste, ligint anuas agus athstruchtúrú;
      • deireadh le leabhair iasachtaí a dhíol a bhfuil baile teaghlaigh iontu atá ag déanamh iarracht mar is ceart íoc;
      • cosaint dhleathach iomlán tionóntaí i gcásanna nuair atá morgáistí ceannach le ligean ar cíos le díol;
      • rialachán iomlán gach úinéir morgáiste sa stát;
      • athbhreithniú ar na socruithe cánach curtha i bhfeidhm do na creachadóirí.
      Cumann Gallagher/Foy (Droim Conrach)
      Cumann Ed O’Brien (Guaire)

    • 98

      Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfar isteach plean fadtréimhseach le haghaidh na hearnála príobháidí cíosa le go mbeidh slándáil fhadtréimhseach tionachta ag tionóntaí, cinnteacht cíosa agus póilíniú feabhsaithe de cháilíocht agus de chaighdeáin.
      D’fhéadfaí na cuspóirí seo a bhaint amach trí thionónachtaí d’fhad neamhshonracha a thabhairt isteach, ina nasctar cíos le hinnéacs ar nós an ITB, trí imscrúdú a dhéanamh ar 25% de gach ionaid réadmhaoine cíosa sa bhliain agus tabhairt ar thiarnaí talaimh deimhniúchán ar nós TNG a sholáthar sula gcuirfí tús le tionóntacht úr de chineál ar bith. Ba cheart go mbeadh tacaíocht sa bhreis sa straitéis inar féidir le tiarnaí talaimh gairmiúlacht na hearnála a fheabhsú.
      Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae
      Comhairle Ceantair Shligigh

    • 99

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an rialtas samhail nua de thithíocht phoiblí a thabhairt isteach trí mhaoiniú a chur ar fáil d’fhorbairt eastát tithíochta d’ioncaim agus de thionóntaí measctha ar thalamh poiblí. Ba cheart go mbeadh tithe sóisialta, inacmhainne, cíos agus incheannaithe d’ardchaighdeán agus caighdeán foirgníochta Neas-Nialasach ann chomh maith le hiompar cuí, agus infreastruchtúr sóisialta agus eacnamaíoch.
      Ba cheart go mbeadh an tsamhail seo:
      • ar scála a oireann ar cóimhéid leis an riachtanas tithíochta atá ann faoi láthair;
      • maoinithe tríd an státchiste agus trí iasachtaí úis ísil don Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe agus do Ghluaiseacht an Chomhair Chreidmheasa;
      • mar dhearbhú go bhfanann tithíocht ar phraghas réasúnta ann go buan agus mar bhac ar ionaid réadmhaoine a dhíol leis an margadh príobháideach as seo amach;
      • mar aidhm chun 70,00 teach sóisialta agus 60,000 teach cíosa agus incheannaithe a sholáthar sna cúig bliana amach romhainn.
      Cumann Kevin Barry (Carn an Bhua)

    • 100

      San Ard-Fheis seo: • cáintear an stát agus comhlachtaí leathstáit as talamh a chruinniú; • tiomáintear Sinn Féin, ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach, gach is féidir leis an dhéanamh chun tithíocht tionachta measctha, phoiblí, inacmhainne agus ligean ar cíos le ceanach a sholáthar trí chinnte a dhéanamh de go mbíonn talamh, ar leis an stát agus comhlachtaí leathstáit é, ar fáil le haghaidh tithíochta nuair is gá. Cumann Bob Smith (Dún Droma)

    • 101

      San Ard-Fheis seo: • léirítear imní faoin ngéarchéim tithíochta atá ag dul in olcas i gcuid mhór ceantar ó thuaidh; • cáintear éagothroime leanúnach sholáthar tithíochta sóisialta i gceantair ar nós Bhéal Feirste Thiar agus Thuaidh agus i nDoire agus léirítear an-imní faoi chosaintí cothroime atá á bhaint ar shiúl ag an SDLP ar spriocanna nua chun tithe sóisialta a thógáil i mBéal Feirste Thiar, Thuaidh agus i nDoire - ceantair a bhfuil na liostaí feithimh is faide le haghaidh tithe ó thuaidh; • tacaítear le cosaintí a chur ar bun arís le haghaidh spriocanna tithíochta sóisialta le dul i ngleic le héagothroime tithíochta i gceantair atá thíos faoi dhian-strus tithíochta; • éilítear go mbíonn méadú ann i soláthar tithíochta sóisialta; • éilítear go dtógfar tithe sóisialta agus go ndailfear tithe ar bhonn riachtanais; • éilítear ar an Roinn Pobal comhairle a fháil maidir le sainmhíniú ar ‘tithíocht ar phraghas réasúnta’ agus go mbeidh rogha de shainmhíniú ann bunaithe ar ioncam in áit cíos margaidh; • éilítear go bhfaighidh na daoine sin atá ag teitheadh óna dtithe mar gheall ar fhoréigean sa bhaile pointí imeaglaithe agus iad ag cur isteach ar thithíocht shóisialta ó thuaidh; • éilítear rialúchán níos fearr san earnáil phríobháideach cíosa, agus an chumhacht chun rialaithe cíos a thabhairt isteach nuair is gá lena bheith cinnte go mbíonn na tithe ar phraghas réasúnta; • éilítear tuilleadh slándála le haghaidh tionóntaí; agus • éilítear méadú i líon na gcigireachtaí ionas go mbíonn comhlíonadh ann le caighdeáin oiriúnachta tithe. Cúige na Sé Chontae Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thuaidh Comhairle Ceantair na bhFál

    • 102

      San Ard-Fheis seo: • creidtear leis an toil cheart pholaitiúil agus an cheannaireacht cheart gur féidir an ghéarchéim tithíochta a réiteach. • éilítear ar an Aire Tithíochta Eoghan Murphy an plean 5 phointe seo a leanas a ghlacadh ar bord: - maoiniú - ní mór don Roinn Tithíochta maoiniú cuí a chur ar fáil ionas gur féidir le Comhairlí a bheith chun tosaigh maidir le tithíocht shóisialta ar phraghas réasúnta a fhorbairt ar thalamh poiblí; - tithíocht ar phraghas réasúnta - Samhail tithíocht ar phraghas réasúnta a thabhairt isteach go práinneach ionas gur féidir forbairt tithíocht ar phraghas réasúnta a éascú; - Cíos Réasúnta - ba cheart don Roinn Tithíochta samhail cíosa ar phraghas réasúnta a thabhairt isteach le tithíocht shlán a dhaingniú le haghaidh teaghlaigh nach bhfuil incháilithe le haghaidh tithíocht de chuid na comhairle atá gafa san earnáil phríobháideach cíos agus todhchaí s’acu in amhras; - Gearradh siar ar an maorlathas - ní mór don Aire an maorlathas atá sa phróiseas soláthair a laghdú trí thithíocht shóisialta ar phraghas réasúnta a bhogadh go mearl - céimeanna sa phróiseas soláthair phoiblí a laghdú - an teorainn ar an gCód Caiteachais Phoiblí a ardú ina mbeidh anailís costais is tairbhe ag teastáil i ngach tionscadal ar luach thar €20m. Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Lár Theas

    • 103

      San Ard-Fheis seo: • aithnítear an géarghá le tithíocht shóisialta i mBéal Feirste, go háirithe ar an Trá Ghearr, mar gheall ar dhíshealbhú stairiúil an phobail sin agus na drochimpleachtaí don tsláinte as iostas busanna a lonnú i lár ceantair chónaithe; • éilítear ar Translink suíómh eile a lorg ar an Trá Ghearr don suíomh ionas go mbeidh an talamh a bhíonn in úsáid aige faoi láthair ar fáil chun áiseanna tithíochta agus sóisialta a fhorbairt; • iarrtar ar Aire DFL ar bith a bheidh ag Sinn Féin sa todhchaí seo a chur chun cinn go gníomhach. Cumann Sean Martin/Sean Tracey (An Trá Ghearr)

    • 104

      Tacaíonn agus formhuineann an Ard-Fheis seo le hiarrachtaí pobail ionchathrach i mBéal Feirste Thuaidh, go háirithe pobal an mhargaidh, seasamh in aghaidh drochphleananna forbartha a mbeadh drochthionchar acu ar chaighdeán na beatha agus rochtain ar thithíocht; agus éilíonn ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste prionsabail a fhorbairt maidir le pleanáil forbartha a chosnaíonn stair agus déantús sóisialta na bpobal ionchathracha agus déanann sé tostaíocht do riachtanais tithíochta sóisialta. Chomh maith leis sin tacaímid go hiomlán leis an fheachtas ‘Tithe Anois’ agus é ag seasamh in aghaidh droch-fhorbróirí agus iad ag déanamh cibé rud is mian leo i bpobail an lucht oibre san ionchathair. Cumann Nolan/Downey (Bruach an Lagáin)

    • 105

      San Ard-Fheis seo: • tugtar faoi deara i ndiaidh breis agus céad caoga bliain de bhánú na tuaithe, is é an fhorbairt reatha is tromchúisí ná na rialúcháin nuair maidir le dabhaigh shéarachais i gcontaethe ar nós Liatroma mar a bhfuil sé beagnach dodhéanta cead pleanála a fháil anois le haghaidh tithe aonair faoi tuath; • éilítear ar údaráis áitiúa córas a éascú le haghaidh diúscairt chórasach séarachais ó umair stórála go córas séarachais na mbailte (de réir coinníollacha agus muirir chuí) agus dá bhrí sin ní bheidh gá le dabhaigh shéarachais i gceantair nach bhfuil an ithir oiriúnach le haghaidh síothlaithe. Cumann Seamus Wrynn (Béal an Átha Móir)

    • 106

      Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcruthófar ciste chun aire a thabhairt do bóithre agus pasáistí a bhí i seilbh phríobháideach roimh agus go ndéanfaí é seo a riar ag an Roinn Bonneagair. Cuideoidh sé seo leis an ualach atá ar chónaitheoirí, ualach nach bhfuil gá leis, nár ghlac an Roinn a gcuid sráideanna agus pasáistí chuici féin d’fhonn ghnáthchothabháil. Cumann Ladybrook agus Riverdale

    • 107

      San Ard-Fheis seo: • aithnítear an tionchar suntasach a bhí ag athfhorás, gnóthachtáil oideachais agus rochtain ar fhostaíocht ar dhul i ngleic leis an mbochtaineacht agus míbhuntáiste dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sna háiteanna is mó faoi mhíbhuntáiste; • cuirtear i gcoinne na ciorruithe leanúnacha ar bhuiséad an chláir; agus • éilítear ar an Roinn Pobal na leibhéil mhaoinithe reatha a choinneáil trí imfhálú a dhéanamh sa bhuiséad. Cumann Pat McGeown (Beechmount) Cumann McCloskey/Mooney (Lag an Aoil) Cumann Joe Cahill (Baile Andarsan Íochtar) Cumann Fennell/Rooney/Sands Cumann (An Ladhar)

    • 108

      Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le feidhmiú ar bhonn uile-Éireann i ngach earnáil, go háirithe in earnáil na sláinte. Sa deireadh thiar, ní mór córas sláinte uile-Éireann, saor in aisce ag an fhoinse, a bheith mar bhunbhloc tógála taobh thiar d’Éirinn Aontaithe bunaithe ar chothroime agus chóir. Dá bhrí sin, éilíonn an Ard-Fheis seo: • go dtabharfaí isteach córas bainistíochta comhtháthaithe sna hospidéil chun liostaí feithimh a shocrú le haghaidh mhuintir na hÉireann, córas a ligeann do dhaoine bogadh ó ospidéal amháin go ceann eile chun agaí feithimh a laghdú; • córas TF nua a thabhairt isteach ar fud an oileáín bunaithe ar an gceann atá in úsáid i Seirbhís Sláinte an Phortaingéil as a dtiocfadh uas-agaí feithimh tríd na daoine sin ar liostaí in ospidéil atá ag streachailt a aistriú chuig ospidéil atá in áit níos fearr chun an nós imeachta a dhéanamh; • rochtain leanúnach a bheith ag saoránaigh ó thuaidh ar Scéim Árachais Shláinte na hEorpa; • go leathnófar na réimsí aonair chomhoibrithe idir na dlínsí i gceantair na teorann agus i réimse an tsainchleachtais leighis; • tosaíocht a dhéanamh de Chomhlacht Forfheidhmithe a bhunú i réimsí chothú na sláinte agus sholáthar cúraim shláinte, agus Seirbhís Sláinte uile-Éireann mar thoradh air as seo amach; • go n-aithneofar cáilíochtaí agus caighdeáin sláinte ar bhonn uile-Éireann. Cumann Comerford/Adrien (Mullach Íde/ Port Mearnóg)

    • 109

      Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfear deireadh le seachfhoinsiú seirbhísí scagthástála sláinte ag an stát agus go ndéanfar gach tástáil i saotharlanna leighis i saotharlanna in Éirinn. Ach amháin i gcásanna nuair a bheadh sé le leas an othair an scágthástáil a dhéanamh thar sáile, mar shampla nuair a bheadh galar neamhchoitianta ann. Cumann Mairéad Farrell (Bardas Chathair na Gaillimhe Láir)

    • 110

      San an Ard-Fheis seo: • aithnítear an cinneadh a rinne Michelle O’Neill i Meitheamh 2016 mar Aire Sláinte an cosc saoil a thógáil a bhí ar fhir a mbíonn caidreamh collaí acu le fir eile fuil a dheonú (MSM); • tugtar faoi deara an moladh reatha ón sainghrúpa ar Shábháilteacht Fola, Fíochan agus Orgán (SABTO) an tréimhse iarchuir a laghdú ó 12 mí go 12 seachtain; agus a chur i bhfeidhm sa Bhreatain. • tugtar faoi deara go ndéanann tréimhsí iarchurtha idirdhealú ar MSM agus cuireann cosc ar a mbunús fuil a dheonú, beag beann ar a fhreagraí agus a thiománta a bhíonn a n-iompar ó thaobh caidrimh chollaí de. • éilítear ar ár n-ionadaithe tofa a bheith ag obair chun an tréimhse iarchurtha a bhaint ar shiúl ar fad, mar atá déanta ag 15 thír, chomh maith le hacmhainní éifeachtacha scágthástála fola a cheadaíonn é seo. Cumann Mháirtírigh Lóiste Na Móna (Lóiste na Móna)

    • 111

      San Ard-Fheis seo: • aithnítear ar dhul isteach go hAonad Timpistí agus Éigeandála ar bith gur riachtanach é rochtain a bheith ar thaifead leighs othair in am chun diagnóis éifeachtach a dhéanamh ar riocht an othair; • aithnítear go bhfuil an córas atá ann faoi láthair ina gcoinnítear eolas ar pháipéar mí- éifeachtach agus go gcuireann sé beatha othar i mbaol nuair a bhíonn moill ann nuair a théitear ar lorg taifead leighis nach bhfuil ar an láthair; • tacaítear le tosaíocht a dhéanamh de Chlár Náisiúnta chun Córais a leathadh amach ina gcoinnfeofar taifid go leictreonach ionas go mbeidh cúram othar ar bharr na héifeachtúlachta in ospidéil na hÉireann. Cumann an Chláir Thuaidh

    • 112

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an rialtas liosta na ndaoine atá i dteideal cárta leighis go huathoibríoch a shíneadh, le go mbeidh na daoine sin a bhfuil an tairseach íocaíochta drugaí €134 bainte amach acu 3 mhí in aon tréimhse 6 mhí, a fhad is go gcomhlíonann siad na critéir seo, gan tástáil acmhainne. Cumann Mairtírigh na Mainistreach Léithe (Baile Chill Dara)

    • 113

      Aithníonn an Ard-Fheis seo go raibh tionchar chomh láidir sin ag an bhfeachtas FAST, nuair a ritheadh é go deireanach le cuidiú le gach duine tuiscint níos fearr a fháil ar na comharthaí rabhaidh stróc , ar iompar poiblí go raibh ardú 87% i líon na n-othar a fuair a fhad leis an ospidéal in am le cóir leighis a fháil le téacht fola a scrios, rud a d’fhéadfadh beatha a shábháil, agus ardú 190% i bhfeasacht ar chomharthaí rabhaidh stróc. Ag aithint go bhfuil minicíocht strócanna le hardú faoi 59% agus ardóidh básanna ó stróc faoi 84% faoi 2035. Éilíonn an Ard-Fheis seo mar sin ar an Roinn Sláinte: • a chinntiú go bhfuil maoiniú ar fáil leis an bhFeachtas FAST a thabhairt ar ais; • a chinntiú go bhfuil aonad stróc le hacmhainní cuí ag gach ospidéal atá ag cur cóir leighis ar othair a raibh stróc géar acu; • cláir le haghaidh scaoileadh luath le tacaíocht a rolladh amach go náisiúnta d’othair stróc; • a chinntiú go bhfuil ionaid stróc ionsoithíocha a chuireann trombectóime forbartha i gcomhar le seirbhísí éigeandála le rochtain a thabhairt do gach íospartach stróc is cuma cén áit. Cumann Tony Gormley (Baile Shéamuis Dhuibh)

    • 114

      Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh thabhairt isteach na teicneolaíochta le monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar ghlúcós do leanaí agus daoine fásta a bhfuil diaibéiteas chineál 1 acu, Freestyle Libre, sa tuaisceart agus do dhaoine faoi 21 sa deisceart, agus éilímid an clár seo a shíneadh ionas go mbeidh sé ar fáil do chách a bhfuil diaibéiteas chineál 1 acu sa deisceart. Cumann Doherty/Delaney (an Uaimh) Cumann O’Carolan/Kilmartin (Dún Geimhin)

    • 115

      San Ard-Fheis seo: • nótálaimid tar éis Brexit a bheith i bhfeidhm nach mbeidh othair sna 26 Chontae in ann úsáid a bhaint as seirbhísí leighis sna Sé Chontae agus sa Bhreatain faoi Treoir Thrasteorann agus éilímid ar rialtas na hÉireann céimeanna a ghlacadh láithreach le tréimhsí feithimh do-ghlactha fada le haghaidh obráidí catarachtaí, is féidir a bheith blianta ar fad; • ag aithint gur féidir deireadh a chur le tráma agus eagla a d’fhulaing na mílte Éireannach thar roinnt blianta ag fanacht leis an obráid seo agus a saol a dhéanamh normálta arís dá mbeadh amháin an toil pholaitiúil ann; • éilímid gníomhaíocht lena chinntiú nach mbeidh saoránaigh Éireannacha nach bhfuil acmhainn acu do chóir leighis phríobháideach beagnach dall sula bhfaighidh siad an chóir leighis a theastaíonn uathu faoin tseirbhís sláinte phoiblí. Cumann Thraolaigh Mhic Suibhne (Bardaí Thiar Theas/Láir)

    • 116

      San Ard-Fheis seo: • nótálaimid go bhfuil 800,000 duine in Éirinn ag maireachtáil le riochtaí néareolaíocha mar mhígréin, titimeas, scléaróis iolrach, stróc, galar Parkinson, agus riochtaí géiniteacha tearca; • tacaímid leis an bhfeachtas ‘Infheistigh sa Néareolaíocht’, ag glao ar infheistíocht láithreach le tabhairt faoi easnaimh ghéarchéimneacha i soláthar foirne néareolaíochta, lena n-áirítear néareolaithe, altraspeisialtóirí agus gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta go leibhéil mholta. Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin: • infheistíocht dhírithe fadtéarma i seirbhísí néareolaíochta le tacú le feidhmiú na Múnlaí Cúraim Néareolaíochta & Titimis; • acmhainní tiomnaithe le tacú le forbairt conairí cliniciúla do thinneas cinn, scléaróis iolrach, galar Parkinson agus riochtaí géiniteacha tearca. Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Thiar Meán

    • 117

      Aithníonn an Ard-Fheis seo an easpa seirbhísí meabhairshláinte/riachtanais speisialta faoin tuath agus leis an míchothroime a sheach-chur idir cúram pobail tuaithe agus uirbeach, éilímid níos mó maoinithe ag leibhéal an phobail. Comhairle Ceantair an Chláir

    • 118

      San Ard-Fheis seo: • aithnímid go bhfuil seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte do dhaoine óga neamhimleor le riar ar éileamh agus go bhfuil ag teip orthu riar ar a lán daoine a bhfuil géarghá acu le cúram. Cuireadh béim air seo go brónach sa chlár faisnéis ar RTÉ le deireanas, The Big Picture; • nótálaimid an luach a bhaineann le hidirghabháil luath agus cúram príomhúil ag dul i ngleic le saincheisteanna meabhairshláinte atá i mbéal forbartha i ndaoine óga agus cúram éifeachtach agus cuí a chur ar fáil; • nótálaimid a thuilleadh an gá le cultúr folláine agus tacaíochta intinne a chothú inár scoileanna agus pobail. Geallaimid agus sinn i rialtas: • a chinntiú go bhfuil rochtain éasca ag daoine óg ar fud an stáit ar sheirbhís míreanna mearaí; • a chinntiú go gcuirfear garchabhair mheabhairshláinte do gach oibrí óige, múinteoir bunscoile agus iar-bhunscoile; • deireadh a chur le ganntanais i seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus d’ógánaigh trí pholasaí earcaíochta a athchóiriú agus coinneáil foirne a dhreasú i leith moltaí atá ag teacht aníos ón gCoiste Oireachtais ar Thodhchaí na Meabhairshláinte; • seirbhís Abhcóideachta thiomnaithe a bhunú do dhaoine óga atá ag rochtain seirbhísí meabhairshláinte; • éascaíocht rochtana a fheabhsú do dhaoine óga ag leibhéal an chúraim phríomhúil; • post Ceannasaíochta Náisiúnta do Mheabhairshláinte Óige a bhunú agus poist chomhfhreagracha do gach Eagraíocht Sláinte Pobail; • seirbhís idirthréimhseach a chruthú faoin CAMHS le bearnaí seirbhíse a sheachaint do dhaoine 18-24 bliana d’aois; • tacaíochtaí a fheabhsú do thacaíochtaí meabhairshláinte agus comhairleoireachta 3ú leibhéal; • tacaíochtaí agus eolas sláinte ar líne a fhorbairt i gcomhairle le daoine óga; • na leapacha breise a gealladh do sheirbhísí meabhairshláinte d’othair chónaitheacha a gealladh agus a moladh faoi A Vision For Change; • rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí speisialaithe le haghaidh neamhord itheacháin; • an gealltanas a rinne rialtas na hÉireann in 2009 maoiniú do sheirbhísí meabhairshláinte a imfhálú a chomhlíonadh agus é a dhéanamh anois le héifeacht láithreach. Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae Cumann Fr Murphy/Manchester Martyrs (Fearna)

    • 119

      Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Feachtas na Spásanna Sábháilte, le seirbhís um fhéinmharú a chosc a chur ar fáil do dhaoine, lena n-áirítear lasmuigh de ghnáthuaireanta, a bhfuil droch-mheabhairshláinte acu agus freisin do dhaoine atá andúilmhear i ndrugaí, alcól, le tacaíocht a lorg ó chleachtóirí sláinte agus cúraim shóisialta ina gcóir leighis agus ina dtéarnamh. Cumann O’Hanlon/McCusker (an Lóiste Úr)

    • 120

      San Ard-Fheis seo: • molaimid obair chrua agus an méid a rinne baill foirne sna hearnálacha reachtúla, pobail agus dheonacha le tabhairt faoi droch- mheabhairshláinte ar fud an oileáin; • éilímid ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach polasaí cuimsitheach uile-Éireann meabhairshláinte ag breathnú ar ghníomhartha coisctheacha, idirghabháil luath agus soláthar seirbhíse. Comhairle Ceantair Chollann

    • 121

      San Ard-Fheis seo: • aithnímid nach bhfuil a fhios againn faoi láthair ach miondealú inscne figiúirí féinmharaithe de réir contae, rud a chiallaíonn nach féidir linn, le cinnteacht ar bith, eitneacht na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin a aithint; • aithnímid thairis sin dá mbeadh miondealú eitneach figiúirí ar fáil, d’fhéadfaí soláthar cúraim meabhairshláinte a dhíriú ar phobail faoi leith seachas a bheith ag brath ar ráitis dhoiléire agus reitric neamhshonrach; • luaimid mar shampla an dara staidéar náisiúnta riamh ar thuairimí Taistealaithe a fuair amach go n-aontaíonn 90% go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte coitianta i measc an phobail, agus gur baineadh féinmharú do 82% acu; • glacaimid leis nach féidir tacú leis an staitistic a bhainfeadh geit as duine le fíoruimhreacha maidir le féinmharú sa phobal Taistealaithe agus gur féidir an rud céanna a rá faoina lán grúpaí eitneacha eile ar fud na hÉireann mar ní an t-eolas bainteach againn go díreach; • aontaímid dá mbeadh eolas mar seo ar fáil, bheadh sé ina bhuntáiste mór do ghníomhaireachtaí rialtais agus d’eagraíochta neamhrialtasacha ionas go mbeadh siad in ann, ar a seal, díriú go speisialta ar shaincheisteanna na meabhairshláinte in Éirinn ionas gurbh fhéidir an buiséad bídeach don mheabhairshláinte a chaitheamh ar réimsí agus ar ghrúpaí is mó atá ina dhíth; • éilímid miondealú eitneach níos trédhearcaí ar staitisticí féinmharuithe ar fud na hÉireann agus ar an rialtas an fhéidearthacht a fhiosrú maidir le beart mar seo a úsáid le Cróinéirí agus an Phríomh-Oifig Staidrimh. Cumann Liam Ryan (Baile Átha Luain)

    • 122

      Nótálann an Ard-Fheis seo rátaí ardaitheacha droch-mheabhairshláinte i measc daltaí scoile agus mac léinn, le himní, dúlagair agus rátaí féindochair ag leibhéil scanrúla. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais sa Tuaisceart agus ar an Roinn Oideachais agus Scileanna sa Deisceart a bheith ag obair le chéile agus athléimneacht mhothúchánach a chur chun cinn mar scil saoil atá inaistrithe go fíor, agus í a chur san áireamh mar chuid den churaclam scoile ag gach leibhéil, agus trí seo a dhéanamh an mheabhairshláinte a chur chun cinn i measc daoine óga. Cumann McCaughey/Saunders (Ard Eoin)

    • 123

      Aithníonn an Ard-Fheis seo nach bhfuil roinnt othar a dteastaíonn iontráil ainneonach uathu le haghaidh cabhair mheabhairshláinte ag fáil an chúraim a theastaíonn uathu i bhfráma ama a chinntíonn a sábháilteacht agus a bhfolláine féin chomh maith lena gcúramóirí, a soláthraithe seirbhíse agus an mhórphobail. Tarlaíonn seo go minic mar gheall ar chur chuige, nósanna imeachta agus páipéarachas as alt idir na gníomhairí agus na gníomhaireachtaí bainteacha atá páirteach sa phróiseas le hiontrálacha ainneonacha a fháil dóibh siúd atá i gcásanna meabhairshláinte géibheannacha. Is minic na próisis reatha d’iontrálacha ainneonacha ina gcúis le hothair tacaíochtaí ríthábhachtacha a chailleadh, a d’fhéadfadh a bheith faighte acu roimhe sin, leithéid cóiríocht éigeandála nó líonraí tacaíochta grúpa, rud a fhágann baill den tsochaí atá leochaileach cheana féin gan tacaíochtaí nó cabhair struchtúrtha. Éilíonn an Ard-Fheis reachtaíocht a bheith achtaithe le comhtháthú agus comhpháirtíocht a fheabhsú i gcomhdú iontrálacha ainneonacha meabhairshláinte idir gairmithe cúraim shóisialta, seirbhísí síciatrachta agus dochtúir teaghlaigh agus na Gardaí nuair is gá, le rochtain thráthúil a chinntiú ar sheirbhísí do na daoine a bhfuil cabhair agus cúraim ag teastáil uathu go géar. Cumann Brett/McLoughlin (Tiobraid Árainn Láir)

    • 124

      Admhaíonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le seirbhís mheabhairshláinte fheabhsaithe agus éilímid go mbainfí úsáid as cuir chuige teiripeacha iomlánaíocha agus nádúrtha agus go dtabharfaí suntas níos mó d’ábhar na meabhairshláinte i gcóras oideachais na hÉireann. In éineacht leis an tábhacht a bhaineann le córas sláinte foriomlán le tabhairt isteach cúram sláinte uilíoch Cumann Cull/Tymon (an Arignigh)

    • 125

      San Ard-Fheis seo: • fáiltímid roimh dhaingniú Choinbhinsiún NA um Chearta Daonna a bhfuil Míchumas orthu ag an Oireachtas; • aithnímid an obair ag a lán gníomhaithe ar fud na hearnála ag fórsáil rialtas na hÉireann faoi dheireadh glacadh leis an ngá le daingniú, agus molaimid go háirithe TD de chuid Shinn Féin, Caoimhghín Ó Caoláin, ar a obair gan staonadh thar a lán blianta le cuidiú le daingniú a bhaint amach; • aithnímid rith d’aon ghuth rún de chuid Shinn Féin sa Dáil ag tacú le glacadh leis an bPrótacal Roghnach leis an gCoinbhinsiún. Ach is oth leis an Ard-Fheis diúltú rialtas na hÉireann an rún a chur i bhfeidhm trí gan glacadh leis an bPrótacal Roghnach, a ceapadh le daingniú an Choinbhinsiúin infheidhmithe. Molann an Ard-Fheis seo an feachtas ‘Déan Cearta Fíor’ a éilíonn go nglacfaí leis an bPrótacal agus infheistíocht i seirbhísí do dhaoine a bhfuil míchumais orthu le deimhniú a gceart faoin gCoinbhinsiún. Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae Cumann Colonel Leonard (Tulaigh Álainn)

    • 126

      San Ard-Fheis seo: • aithnímid na deacrachtaí a bhíonn ag teaghlaigh a bhfuil leanaí breoite acu ar fud na hÉireann tríd an gclásal ‘loco parentis’ a bheith forfheidhmithe ag an FSS i gconarthaí altranais baile do leanaí breoite; • measaimid go bhfuil an riachtanas atá sa chlásal sin do thuismitheoirí ‘duine inniúil ainmnithe’ a chur ar fáil le fanacht ina dteach in éineacht le haltra atá ag tabhairt cúraim dá leanbh ag déanamh cimí de thuismitheoirí ina dtithe féin agus ag déanamh a saoil, atá an-deacair cheana féin, níos deacra fiú. Mar sin, éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann, de réir rún de chuid Shinn Féin a ritheadh d’aon ghuth le deireanas sa Dáil ar chearta míchumais ‘an clásal maidir le ‘loco parentis’ i gconarthaí altranais baile do pháistí breoite a chur ar ceal láithreach’. Cumann na Máighe

    • 127

      Nótálann an Ard-Fheis seo an tuarascáil ‘Power to People’ ar chúram sóisialta d’aosaigh sa tuaisceart agus aithnímid an gá bunúsach le comhdhearadh agus comhtháirgeadh nuair atáthar ag tabhairt faoi dhúshláin atá roimh an gcúram sóisialta agus an t-ionchur is féidir a bheith aige maidir le réitigh a sholáthar. Aithníonn an Ard-Fheis seo an méid ríluachmhar a chuireann cúramóirí lenár sochaí agus éilímid cearta cúramóirí a bheith curtha ar bhonn reachtúil mar a mholtar sa tuarascáil. Cumann Dan McAnallen/Tom Clarke (An Bréantar/An Eaglais) Cumann Sean McCaughey/Aidan McAnespie (Achadh na Cloiche)

    • 128

      Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara: • na buntáistí a bhaineann le feasacht agus seirbhísí oideachais tiomnaithe a bhfuil d’aidhm acu dochar a laghdú dóibh siúd atá gan chosaint ar alcól agus drugaí ag féilte in Éirinn; • tá an méadú in úsáid drugaí i measc daoine ag féilte ceoil, an chinnteacht go mbainfidh céatadán de na daoine ag freastal ar fhéilte mar seo úsáid as drugaí, agus go bhfuil déantús drugaí mar seo déanta ag daoine nach gcloíonn le haon leibhéal caighdeán sláinte agus sábháilteachta; • go raibh de thoradh ar ‘dhrochbhaiscí’ ródháileoga, éigeandálaí sláinte agus básanna ag féilte; • rath an tionscnaimh laghdaithe dochair ‘The Loop’ ag féilte i mBreatain, a thugann seirbhísí tástála drugaí faoi rún ag féilte ceoil, a thástálann íonacht drugaí, agus a chinntíonn go bhfuil daoine a smaoiníonn ar dhrugaí a úsáid níos sábháilte ó dhochar. Éilíonn an Ard-Fheis seo: • tionscnamh laghdaithe dochair drugaí ag féilte ceoil in Éirinn; • a leithéid de thionscnamh a bheith ag tairiscint tástáil drugaí agus seirbhísí comhairleoireachta faoi rún ar an láthair ina gcuirfear in iúl do lucht freastail féilte faoi inneachair an tsampla a thugann siad, agus an sampla sin a scrios ina dhiaidh sin. Cumann Emmett/Mallin (Inse Chór)

    • 129

      Fáiltíonn an Ard-Fheis seo le foilsiú thuarascáil Phainéal Pobail Bhéal Feirste Thiar ar Dhrugaí, creidimid nach dtosóimid mar shochaí ag dul i ngleic le sciúirse drugaí inár sochaí ach trí dhialóg reachtúil agus phobail agus éilímid ar cheantair ar fud an oileáin breathnú ar an gcur chuige seo maidir le plé le saincheisteanna a bhaineann le drugaí ina gceantar. Comhairle Ceantair na bhFál Uachtair Cumman Mhic Leannain agus Mhic Bhrádaigh

    • 130

      San Ard-Fheis seo: • creidimid go bhfuil oideachas maith ina bhloc tógála tábhachtach dár leanaí más mian linn go mbeidh siad in ann a lán-fhéidearthacht a bhaint amach; • aithnímid gur lean rialtas na Breataine ar aghaidh bliain tar éis bliana ag ciorrú an bhlocdheontais agus gur imir seo tionchar diúltach ar an mbuiséad oideachais; • éilímid ar rialtas na Breataine, a bhfuil tacaíocht acu ón DUP, éirí as a pholasaí déine atá ag gearradh pionóis ar na daoine is leochailí inár sochaí, ionas go mbeimid in ann a chinntiú go bhfaigheann ár leanaí an tús oideachais is fearr agus is féidir; • thairis sin, éilímid ar an Roinn Oideachais agus ar an Údarás Oideachais a chinntiú go gcosnaítear na daoine is leochailí, ciallaíonn sé sin: - a chinntiú go gcuireann buiséad na scoile san áireamh tearcghnóthachtáil oideachais; - an buiséad a chosaint a leithdháiltear do Riachtanais Oideachais Speisialta; - a chinntiú go bhfuil ráitis le haghaidh riachtanais speisialta oideachais críochnaithe sa fhráma ama reachtúil, 26 seachtaine; - go dtugtar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu an leibhéal oideachais a theastaíonn uathu; - go gcosnaítear maoiniú do Bhéilí Saora Scoile; - go gcosnaítear maoiniú an Deontais Éide Scoile. • éilímid ar an Roinn Oideachais sa tuaisceart smacht ar bhuiséid scoile a thabhairt do Bhoird Gobharnóirí; • athdhearbhaímid ár dtiomantas do chóras oideachais bunaithe ar chomhionannas agus rogha tuismitheoirí, agus éilímid ar scoileanna ceannaireacht a léiriú trí dheireadh a chur le húsáid teisteanna aistrithe agus córas lán-ionchuimsitheach agus neamhroghnaitheach a thógáil chun leasa dár ndaoine óga. Comhairle Ceantair an Iúir

    • 131

      Aithníonn an Ard-Fheis seo: • an fhíor-imní agus anacair do thuismitheoirí, daltaí agus baill foirne ar fud scoileanna do Riachtanais Speisialta i mBéal Feirste tar éis sceitheadh ‘Strategic Area Plan for School Provision 2017-2020’ de chuid an Údaráis Oideachais; • an bealach éigríonna agus tútach inar láimhseáil an tÚdarás Oideachais an scéal agus an chailliúint iontaoibhe agus muiníne uathu siúd in earnáil na riachtanas speisialta; • obair na laoch is minic nach n-aithnítear a thugann baill foirne a phléann le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ar fud an oileáin. Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin: • ar an Údarás Oideachais muinín agus iontaoibh a atógáil le gach páirtí leasmhar bainteach sa phobal riachtanas speisialta sula rachaidh siad ar aghaidh leis an bpróiseas comhairliúcháin; • ar an Údarás Oideachais teagmháil bhríoch a éascú le scoileanna, tuismitheoirí agus daltaí a ba cheart a bheith ag croílár aon phróiseas comhairliúcháin amach anseo, gan aon mholtaí nó torthaí réamhshocraithe; • ar an Údarás Oideachais infheistíocht a dhéanamh, ní ciorrú, san earnáil riachtanas speisialta agus díriú ar thorthaí agus ar leas nuair atá soláthar amach anseo á thabhairt chun cinn do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Theas & Thoir

    • 132

      San Ard-Fheis seo: • fáiltímid roimh an leasú le deireanas a bhí ag teastáil le fada ar an Education (Admission to Schools) Bill 2016 a thugann cumhacht don Aire iallach a chur ar scoil rang nó ranganna speisialta a oscailt ina bhfuil riachtanas aitheanta ag an gComhairle Náisiúnta do Riachtanais Speisialta do sholáthar mar sin i gceantar; • aithnímid má thugtar acmhainní cuí go gcomhlánóidh seo na forálacha atá sa Bhille cheana féin a dhéanfaidh foráil le haghaidh cás nach féidir le leanbh ag a bhfuil riachtanais speisialta teacht ar áit scoile, agus ligean don Chomhairle Náisiúnta d’Oideachas Speisialta áit scoile a ainmniú don leanbh; • comhaontaímid go gcaithfear sna tosca seo acmhainní breise a chur ar fáil lena chinntiú go ndéantar freastal ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cumann Barnes/McCormack (An Muileann Gearr)

    • 133

      San Ard-Fheis seo: • tacaímid le héiteas reiligiúnach a bhaint ó bhunscoileanna agus ó iar- bhunscoileanna státmhaoinithe sna 26 Chontae; • creidimid gur chóir gur freagracht tuismitheoirí é teagasc foirmithe creidimh agus gur chóir dó tarlú taobh amuigh d’uaireanta scoile; • ar mhaithe le comhionannas creidimid gur chóir go mbeadh leanaí atá ag freastal ar scoileanna státmhaoinithe a bheith in ann páirt iomlán a ghlacadh i ngach gné de shaol na scoile agus nár chóir idirdhealú nó leithscaradh a dhéanamh orthu ag clárú dóibh nó i rith an lae scoile bunaithe ar a gcreideamh. Comhairle Ceantair Cheatharlach/Chill Chainnigh

    • 134

      Aithníonn an Ard-Fheis seo: • go bhfuil os cionn 92% de scoileanna sna 26 Chontae faoi úinéireacht agus/nó faoi bhainistíocht na hEaglaise Caitlicí; • go bhfuil os cionn 5% de scoileanna sna 26 Chontae faoi úinéireacht agus/nó faoi bhainistíocht Eaglais na hÉireann; • go bhfuil líon suntasach ospidéal sna 26 Chontae faoi úinéireacht agus/nó faoi bhainistíocht na hEaglaise Caitlicí. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar na hinstitiúidí seo na hospidéil agus scoileanna seo, agus an mhaoin faoi seach, a thabhairt ar láimh ar ais don stát. Ógra Shinn Féin

    • 135

      San Ard-Fheis seo: • cáinimid an iarracht ag Roinn Oideachais an tuaiscirt agus an Údaráis Oideachais an Deontas Éide Scoile a chiorrú in 2017, a bhí ina chúis le strus gan ghá do leanaí agus do theaghlaigh; • molaimid Sinn Féin as a chinntiú gur cosnaíodh an Deontas Éide Scoile; • geallaimid feachtas gníomhach leis an deontas éide scoile a chosaint; • éilímid ar an Roinn Oideachais agus ar an Údarás Oideachais gníomhú chun leasa do leanaí agus a chinntiú go gcosnófar an deontas éide scoile. Comhairle Ceantair na Banna Uachtair

    • 136

      San Ard-Fheis seo: • nótálaimid le himní treochtaí le deireanas san ardoideachas ina bhfuil margadú méadaithe, bogadh ar shiúl ó oideachas maoinithe go poiblí agus úsáid mhéadaithe conarthaí ócáideacha agus neamhchinnte in institiúidí; • aithnímid an gá le maoiniú inbhuanaithe d’institiúidí le teagasc agus taighde ar ardchaighdeán a chur ar fáil; • éilímid trédhearcacht níos mó i mbainistíocht agus i rialáil airgeadais institiúidí lena n-áirítear tuarastail ball sinsearach foirne a thuairisciú agus éilímid thairis sin ar institiúidí a fhaigheann maoiniú poiblí comhaontuithe misin phoiblí a dhéanamh. Cumann MhigFhinn/Mhic Rodáin/Mhic Dhonnchadha (Cill Ria)

    • 137

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an ngá leis an tríú teanga san ardteistiméireacht le fáil isteach ina lán institiúidí in Ollscoil na hÉireann. I scrúdú ceann cúrsa ina ndéantar measúnú ar scoláirí i sé ábhar go díreach, más teangacha iad trí cinn acu (Gaeilge, Béarla agus Fraincis/Spáinnis/Gearmáinis etc.), sin 50% i dteangacha agus is bac é sin ar scoláirí ag roghnú ábhair Eolaíochta agus TF. Tá a lán réimsí ann ina bhfuil bearna ollmhór scileanna ag Éirinn agus faoi láthair caithfidh gnólachtaí fógraí a chur thar sáile leis na mílte folúntas a líonadh. Tá an ganntanas scileanna seo mar gheall cuid mhór ar an bhfíric go gcaithfidh scoláirí acadúla staidéar a dhéanamh ar an tríú teanga sa mheánscoil agus, mar sin, cuireann sin teorainn ar an bhféidearthacht go mbeidh siad in ann na hábhair eolaíochta agus TF a luaitear thuas a roghnú. Is iad seo na hábhair a bhfuil ár ngeilleagar sa 21ú haois tógtha timpeall orthu. Cumann Chora Droma Rúisc

    • 138

      Éilíonn an Ard-Fheis seo aitheantas uilíoch ar gach cáilíocht acadúil, lena n-áirítear A-Leibhéil agus Ardteistiméireacht ar bhonn comhionann, ó institiúidí oideachais tríú leibhéal ar fud na hÉireann nuair atá scoláirí ag cur isteach ar áiteanna ollscoile. Ógra Shinn Féin

    • 139

      An Ard-Fheis seo an cruatan a bhí ar theaghlaigh agus ar mhic léinn ar fud an stáit mar gheall ar an scéim iompair scoile a tugadh isteach sna 26 contae; • Molann an Ard-Fheis obair urlabhraithe reatha agus roimhe seo chun an cheist seo a shoiléiriú agus moltaí a chur chun tosaigh sa cháipéis “Córas Iompair Scoile Níos Sábhailte” • Aithníonn ach go háirithe go bhfuil an scoil maidir leis an scoil is cóngaraí dolúbtha agus nach léiríonn sé an réadúlacht le haghaidh pobail tuaithe mar ar minic a bhíonn mic léinn ag freastal ar an scoil bunaithe ar cheantar traidisiúnta na scoile, lena n-áirítear teorainneacha paróiste • Creideann nár cheart go mbeadh ar mhic léinn freastal ar scoil éagsúil ó shiblíní, comharsana agus iar-pháirtithe ranga mar gheall ar an riail maidir leis an scoil is cóngaraí • Éilíonn ar an Rialtas maolú a thabhairt isteach ón riail maidir leis an scoil is cóngaraí nuair is léir go ndearna an scoil freastal traidisiúnta ar an bpobal ina bhfuil an leanbh ina chónaí Cumann Leo Casey/Matt Devlin (Baile Uí Mhatháin)

    • 140

      Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil neamhréireacht mhór i ndaoradh do choireanna dáiríre, go háirithe do choireanna gnéasacha, agus baineann seo as faoi mhuinín an phobail sa phróis bhreithiúnach, fágann sé tráma ar íospartaigh agus is féidir leis cur i gcoinne íospartaigh coiriúlachta teacht chun tosaigh. Go han-mhinic is léir nach bhfuil an daor oiriúnach don choir, le roinnt ciontóirí coiriúla ag fáil pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna gairide. Mar sin, éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaí isteach, i reachtaíocht, treoirlínte daortha a thabharfadh breac-chuntas ar conas ba chóir pianbhreith a áireamh, agus cén meáchan ba chóir a thabhairt ar son aon imthosca géaraitheacha nó maolaithe. Bheadh d’oibleagáid ar an mbreitheamh aird a bheith aige/aici ar na treoirlínte seo, ag cumhdach ag an am céanna neamhspleáchas breithiúnach – faoin mbreitheamh a bheadh an cinneadh deiridh i gcónaí. Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

    • 141

      San Ard-Fheis seo: • aithnímid an easnamh cuntasachta reatha maidir le póilíneacht sna sé chontae de thoradh ar gan aon ionadaithe páirtithe polaitiúla a bheith ar an mBord Póilíneachta; • cuirimid ar taifead ár n-imní maidir leis an neamhábaltacht reatha baill nua a cheapadh ar an mBord Póilíneachta ón bpróiseas earcaíochta le deireanas, ag laghdú, mar sin, ballraíocht an eagrais seo go dtí leibhéil do-fheidhmithe; • aithnímid go bhfuil seo ag tarlú ag am nuair atá ábhair imní dháiríre á gcur in iúl maidir le treochtaí reatha sna 6 chontae i leith ró-bhéim ar an gceann crua den phóilíneacht agus ábhair imní agus tosaíochta na bpobal áitiúil thíos leis, chomh maith le chur chuige SPTÉ i leith príomh- shaincheisteanna oidhreachta. • aithnímid go dtarraingíonn seo aird ar an ngá le Bord Póilíneachta éifeachtach agus ionadaíoch a athbhunú, in ann na péas a choinneáil go hiomlán cuntasach; • tacaímid le réadú an riachtanais seo trí bhaill pholaitiúla a cheapadh ar Bhord Póilíneachta athbhunaithe faoi rogha gach páirtí atá i gceist agus ag úsáid chóras ionadaíochta d’Hondt. Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

    • 142

      San Ard-Fheis seo: • aithnímid go bhfuil eagraíocht an Gharda Síochána, agus ag éileamh athchóiriú radacach; • cuirimid in iúl ár n-imní maidir leis an gcaidreamh idir An Roinn Dlí agus Cirt An Garda Síochána agus éilímid níos mó trédhearcachta agus gairmiúlachta a bheith ann ina leith seo sa phróiseas a bhaineann le athchóiriú ar conas a fheidhmíonn an dá struchtúr agus a idirghníomhaíonn siad le chéile; • éilímid go dtabharfaí don Gharda Síochána na hacmhainní le cur chuige níos réamhghníomhaí , feiceálach a ghlacadh i leith na póilíneachta, le fócas ar leith ar phóilíneacht sa phobal bunaithe ar dháimh agus ar dhea-chaidreamh leo siúd a chónaíonn sna pobail seo; • aithnímid an ról is féidir le Tionscadail Athstiúrtha Ógánach na nGardaí agus Gardaí Pobail thiomanta a imirt sa phóilíneacht réamhghníomhach. Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

    • 143

      Comhaontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir daoradh íosta éigeantach a thabhairt isteach ar son ionsaithe ar gach oibrí seirbhíse éigeandála sna 26 Chontae – lena n-áirítear otharcharr, an tseirbhís dóiteáin, Gardaí agus Custaim. Ba chóir daoradh a bheith bunaithe ar an reachtaíocht reatha – an tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 1997 – Alt 2 – Ionsaí – athraithe go 6 mhí ar a laghad: Alt 3 – Ionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh – athraithe go 12 mhí ar an laghad: Alt 4 – Ionsaí is cúis le díobháil thromchúiseach a dhéanamh. – athraithe go 5 mhí ar an laghad: Cumann French/Doyle Baile Sheáin (an Uaimh)

    • 144

      Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil coireacht ghnéis an-tromchúiseach go deo agus go mbíonn tionchar fadtréimhseach acu ar an íospartach, ar an teaghlach, ar chairde agus ar an mórphobal. Tá polasaithe ag teastáil uainn chun athchiontú a chosc, agus chun sábháilteacht an phobail a chinntiú, polasaithe atá éifeachtach, agus comhréireach. Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin: • Bearta méadaithe chun athchóiriú a chosc, lena n-áirítear acmhainní breise chun monatóireacht a mhéadú orthu siúd go léir a fuarthas ciontach in athchionta gnéasacha tromchúiseacha lena n-áirítear; mí-úsáid ghnéasach leanaí, péidifilia agus éigniú; • gaireas clibeála leictreonaí a úsáid ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh ar láthair ciontóirí gnéasacha tromchúiseacha agus faireachas a dhéanamh orthu nuair a bhíonn sé riachtanach, comhréireach agus dlisteanach, agus de réir Mholtaí Chomhairle na hEorpa ar an Monatóireacht Leictreonach • Bearta breise lena chinntiú go tacaíocht níos fearr ag íospartaigh roimh, le linn agus i ndiaidh trialach, lena n-áirítear bearta maidir le neamhainmníocht agus ionadaíocht sa chúirt. • Éilíonn ar an Aire Dlí agus Cirt amharc ar na ceisteanna seo agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar Chion Gnéasach Cumann Diarmuid O’Neill/Donncha de Barra (Bardas Thoir Theas)

    • 145

      Nótálann an Ard-Fheis seo tuarascáil na Cigireachta Ceartais Choiriúil ar Phríosún Maigh gCabraí agus éilímid feidhmiú iomlán mholtaí na tuarascála. Cumann Barney McFadden (Glas-stiall)

    • 146

      San Ard-Fheis seo: • nótálaimid gur bhain an tAire Dlí agus Cirt sna 26 Chontae in 2015 ar shiúl an chosaint ceartú réasúnach do thuismitheoirí a thugann pionós corpartha dá leanaí; • éilímid go mbainfí ar shiúl an chosaint seo sna Sé Chontae; • éilímid thairis sin níos mó tacaíochta agus treorach a bheith ann do thuismitheoirí maidir le bealaí difriúla agus níos dearfaí lena leanbh a smachtú. Cumann Clonard Martyrs

  • Standing up for Rural Ireland
    • 147

      San Ard-Fheis seo: • aithnímid go n-éilíonn an Rural Needs Act ar ranna rialtais sa tuaisceart “aird chuí a bheith acu ar riachtanais shóisialta agus eacnamaíocha daoine i gceantair thuaithe” i ngach cinnteoireacht; • fáiltímid roimhe gur comhtháthaíodh Prionsabail Brown i dtreoirlínte Profála Tuaithe; • éilímid go gcuirfí reachtaíocht chomhchosúil i bhfeidhm sa deisceart; • éilímid go mbeidh gach polasaí páirtí tuathphrofáilte le cothromaíocht agus cothroime a chinntiú do cheantair thuaithe le haird chuí maidir le hinfreastruchtúr agus infheistíocht. Comhairle Ceantair na hÓmaí Cúige Lár na Tíre/Iarthuaiscirt Cumann Mulrennan/Coen (Bealach an Doirín)

    • 148

      Aithníonn an Ard-Fheis seo gurb é is aidhm do Pholasaí Shinn Féin ar Thalmhaíocht agus ar Bhia an fheirm theaghlaigh a dhéanamh rathúil agus tionscal feirmeoireachta a choinneáil a thugann gairmeacha beatha agus slí mhaireachtála d’fhir agus do mhná Éireannacha, lena n-áirítear iad siúd sa chéad ghlúin eile ba chóir a bheith in ann leanúint ar aghaidh leis an traidisiún bródúil agraibhia ar an oileán seo. Éilíonn an Ard-Fheis seo: • reachtaíocht náisiúnta agus AE le cosc a chur ar tháirgí a dhíol faoin gcostas táirgthe; • díolfar an táirge ar an laghad ag an bpraghas ceannaigh móide 10%; • ní bheidh miondíoltóirí in ann lascaine a thabhairt ar tháirge níos mó ná 34% dá phraghas; • ní bheidh na praghsanna a fhaigheann feirmeoirí ar son a dtáirgí níos lú ná an costas táirgthe agus beidh siad de réir costas fritháirimh táirgthe ag céatadán íosta socraithe ráta brabúis ag cinntiú inbhuanaitheacht fhadtéarmach; • deireadh leis na difríochtaí móra sa Scéim um Íocaíocht Bhunúsach trí ghlacadh le ráta cothrom íocaíochta agus teorainn ag leibhéal AE; • rialacha a choiscfidh gnólachtaí móra nach bhfuil baint dhíreach acu leis an bhfeirmeoireacht ó thairbhe a bhaint as íocaíochtaí móra; • íocaíocht iomlán in am Íocaíochtaí Bunúsacha le feirmeoirí gach bliain i mí Deireadh Fómhair. Cumann Brett/McLoughlin (Tiobraid Árainn Láir)

    • 149

      Aithníonn an Ard-Fheis seo na deacrachtaí airgeadais atá roimh a lán daoine sa phobal feirmeoireachta agus na saincheisteanna leanúnacha a bhaineann le híocaíochtaí GLAS do Chomhshaol na Talmhaíochta, éilímid ar an Roinn Talmhaíochta: • a chinntiú go mbeidh íocaíochtaí GLAS á n-íoc amach sa bhliain ábhartha; • córas a chur i bhfeidhm a laghdaíonn maorlathas agus a cheadaíonn cigireachtaí ar bhealach a chuireann san áireamh réaltacht na feirmeoireachta. Cumann Noble Six/Fr. O’Flanagan/MacManus (Baile Shligigh)

    • 150

      San Ard-Fheis seo: • cuirimid in iúl imní le plean na Roinne Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (RGCGT) deireadh a chur le tacaíocht do Limistéir faoi Shrianta Náisiúnta (LSN); • nótálaimid go mbeadh drochthionchar aige seo ar fheirmeoirí i Limistéir faoi Mhíbhuntáiste Géar; • éilímid ar an RTCGT an cinneadh seo a athbhreithniú agus Measúnú Tionchair Comhionannais iomlán a dhéanamh. Comhairle Ceantair na hÓmaí

    • 151

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann talamh talmhaíochta a cheannach ar mhaithe le talamh ar gach méid a ligean ar cíos, ó gharraithe scóir pobail go feirmeacha oibre d’fheirmeoirí ag tosú amach. Thairis sin, éilímid ar an stát talamh a bheith ina sheilbh aige ar mhaithe le caomhnú fodair lena chinntiú go bhfuil soláthar éigeandála fodair ann má bhíonn géarchéim fodair ag Éirinn arís amach anseo. Cumann Robert Byrne (Cathair Luimnigh Thoir)

    • 152

      Aithníonn an Ard-Fheis seo an gá leis na dlíthe a bhaineann le leas madraí in Éirinn a athchóiriú, lena n-áirítear athchóiriú reachtaíocht maidir le eagraíochtaí póraithe madraí. Éilímid go gcuirfí seo san áireamh san obair leanúnach a bhaineann le polasaí leasa ainmhithe Shinn Féin a thiomsú agus ba chóir d’aon reachtaíocht athchóirithe na nithe seo a leanas a chur san áireamh: • laghdú i líon na mbitsí póraithe atá incheadaithe ar aon áitreabh póraithe; • cigireacht neamhspleách le hacmhainní cuí a bhunú a dhéanfadh cigireachtaí gan fógra; • rialúcháin nua le tabhairt faoi fhógairt coileán ar líne; • infheistíocht i bhforfheidhmiú in éineacht le pionóis níos déine agus feachtas oideachais poiblí ar leas ainmnithe a rolladh amach. Cumann Drumm/Doherty/Clarke

    • 153

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann stad láithreach den pholasaí dian athfhoraoisithe, mar a ghlaoitear air, atá á leanúint ina lán áiteanna in Éirinn ina chruth reatha, agus aithnímid: • go bhfuil cleachtas na plandála monashaothraithe, go príomha an Sprús Sitceach, chun dochair d’éiceolaíocht, bithéagsúlacht agus cáilíocht uisce na gceantar a plandáladh; • tá sé ríthábhachtach go gcuirfí i bhfeidhm múnlaí le haghaidh foraoisiú inbhuanaithe, foraoiseacht clúdaigh leanúnaigh agus agraifhoraoiseacht nuair is cuí, le stad a chur le bánú na tuaithe agus é a iompú thart fiú. Molann an Ard-Fheis seo an polasaí foraoisithe a athrú, ionas go mbeidh níos mó speiceas leathanduilleogach dúchasach i ngach plandáil; go gcuirfí fóirdheontais níos airde i bhfeidhm ar choillearnach dhuillsilteach agus go gcaithfí staidéir ar thionchar comhshaoil agus socheacnamaíoch a dhéanamh ar phlandálacha níos mo. Cumann Chora Droma Rúisc

    • 154

      Creideann an Ard-Fheis seo gur chóir earnáil saothraithe ceilpe inbhuanaithe, dhúchasach agus faoi cheannaireacht an phobail agus chuirimis ar bun córas ceadúnaithe láidir agus daonlathach le slí a thabhairt dó. Creideann Sinn Féin gur taisce náisiúnta iad ár bhforaoiseacha ceilpe agus ní le haghaidh brabús a dhéanamh ag comhlachtaí ilnáisiúnta. Ar an gcúis seo creideann Sinn Féin i mbainistiú agus i saothrú inbhuanaithe na bhforaoiseacha ceilpe seo, faoi réir rialáil an phobail. Cumann Healy/Howard (an Chabrach Thoir)

    • 155

      Aithníonn an Ard-Fheis seo an fhéidearthacht le haghaidh fostaíochta agus leas eacnamaíoch an dobharshaothraithe inbhuanaithe mar thionscadal dúchasach agus dá mbeimis i rialtas mhaoineoimis tacaíocht d’oiliúint agus d’fhorbairt san earnáil seo. Ag aithint tionchar suntasach comhshaoil roinnt cineálacha feirmeoireachta éis, go háirithe maidir le bradán, tacaíonn an Ard-Fheis seo le: • feirmeoireacht éisc intíre córais iata a fhorbairt, mar laghdaíonn sé an riosca éalaithe, ligeann sé níos mó smachta ar an timpeallacht, tuairisciú níos fearr agus smacht níos fearr ar cheimiceáin; • níor chóir d’fheirmeoireacht éisc san fharraige amuigh tarlú ach sna háiteanna is foscúla agus is sábháilte, ag íoslaghdú na contúirtí go n-éalóidh stoc agus le cúram mór do thimpeallacht an chósta; • mapáil íogaireachta spásúla a úsáid le deiseanna a aithint le haghaidh feirmeoireacht éisc nach dtagann salach ar chosaint comhshaoil; • comhairliúcháin phobail a chaithfidh a bheith lárnach d’fhorbairt dobharshaothraithe agus dhéanfaimis athbhreithniú ar an gcur chuige ceadúnaithe lena chinntiú nach bhfuil tionchar diúltach pobail nó comhshaoil ag aon fheisteas dobharshaothraithe. Agus comórtas neamhshiméadrach na hearnála seo leis an Áise san áireamh, agus go háirithe iasc saor atá ag dul i líonmhaire ón tSín, tacaíonn an Ard-Fheis seo le feirmeoireacht éisc ar ardchaighdeán, atá inbhuanaithe agus a bhfuil ardleibhéal leasa ag baint léi a fhorbairt in Éirinn. Tacaíonn Sinn Féin chomh maith le lipéadú éisc a ndearnadh feirmeoireacht orthu i dtáirgí éisc agus creidimid gur chóir cosc a chur ar chothú géinmhodhnaithe a úsáid. Cumann Comerford/Adrien (Mullach íde/Port Mearnóg)

    • Emergency Motion 3

      This Ard Fheis rejects any attempt to reduce the budget of the Common Agricultural Policy (CAP). It also acknowledges that at a time when Brexit and declining farming incomes are threatening the survival of many farmers, and in turn the future of rural communities, it is deplorable for a proposal for a 5% cut to be made while the budget towards an intensive militarisation policy is being increased. We note with disappointment that the proposals for the CAP post 2020 published by Commissioner Phil Hogan on 1st June fail to adequately address the inherent inequalities that sees 80% of farm payments go to the wealthiest 20% of farm enterprises.
      Through the reform of the CAP, this Ard Fheis calls for:

      • a payment cap of €50,000 to be applied to direct payments;
      • the front loading of payments to assist small farmers;
      • a flat rate payment per hectare to be introduced on remaining hectares to eradicate the discriminatory system of historic entitlements;
      • mandatory and measurable environmental schemes to be put in place;
      • an overhaul of the tax relief scheme covering the transfer of farms to incentivise generational renewal;
      • transitional CAP payments to facilitate and support exit of older farmers after the age of 70, dependent on the older farmer completing a farm succession plan;
      • the incorporation of a Market Responsibility Programme which would monitor prices, trends and production costs. In the end of an imbalance a voluntary reduction in production scheme would be triggered financed through a mixture of EU Crisis Aid Funds, sanctions on over-producers during periods of reduction, and temporary levies;
      • an Income equalisation/averaging scheme which would involve farmers paying reduced levels of tax in a year where their income drops significantly, to be carried forward and paid in full over a three year period when their income rises.

      Ard Chomhairle

  • Brexit and International solidarity
    • 156

      San Ard-Fheis seo: • aithnímid na gealltanais déanta ag rialtas na Breataine agus an AE in Alt 49 den Chomhthuarascáil agus a rinneadh arís sa Phrótacal sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; • nótálaimid go gcuireann seo chun tosaigh rogha ‘cúlstop’ a choinníonn tuaisceart na hÉireann san Aontas Custaim agus i gcodanna suntasacha den Mhargadh Aonair; • tá imní orainn nach gclúdaíonn seo an Margadh Aonair go léir, ag fágáil amach seirbhíse, rud a bheidh ina chúis le deacrachtaí suntasacha do ghnólachtaí agus do dhaoine atá ag maireachtáil ar an teorainn agus níos faide i gcéin; • nótálaimid go bhfuil rialtas na Breataine agus an DUP ag loiceadh ar an gcomhaontú comhréitigh seo i mí na Nollag fiú; • ag aithint nach dtéann an rogha ‘cúlstop’ fada go leor éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaí do mhuintir an tuaiscirt an ceart rogha a dhéanamh cé acu Aontas a roghnódh siad a bheith mar chuid de trí Reifreann ar Aontas na hÉireann; • éilímid ar rialtas na hÉireann tacú leis an seasamh gur chóir Reifreann ar Aontas na hÉireann a thabhairt chun cinn de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ard-Chomhairle

    • 157

      Aithníonn an Ard-Fheis seo na gealltanais déanta sna caibidlí ar Brexit (an Comhthuarascáil agus an Dréacht-Chomhaontú) go dtairbheoidh saoránaigh Éireannacha sa tuaisceart fós de chearta, deiseanna agus buntáistí mar shaoránaigh AE, go bhfeidhmeoidh siad iad agus go mbeidh rochtain acu orthu fós: • aithnímid a n-áirítear ar an gcorpas ceart seo cearta daonlathacha i.e. an ceart vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin AE; • nótálaimid gurb é an chéad teist ar cé acu a sheasfar nó nach seasfar leis na gealltanais seo toghcháin AE i Meitheamh 2019; • tá imní orainn má theipeann ar an teist seo go dtabharfaidh sé fasach neamh- inmhianaithe maidir le conas a fheidhmítear gach ceart eile do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart. Agus sinn ag tacú le cearta shaoránach Éireannach sa tuaisceart, éilíonn an Ard-Fheis: • a ceart vóta a chaitheamh i dtoghcháin AE do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart; • a ceart seasamh i dtoghcháin AE do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart; • a ceart ar ionadaíocht in institiúidí AE. Ard-Chomhairle Comhairle Ceantair an Dúin Theas Comhairle Ceantair Dhoire

    • 158

      San Ard-Fheis seo: • cuirimid i gcoinne liostaí trasnáisiúnta a chruthú nach ndéanfaidh ach cumhacht a bhogadh ar shiúl a thuilleadh ó shaoránaigh isteach i lámha na mballstát níos mó agus a bheith ina chúis le laghdú cuntasachta; • ceapaimid gur mór an náire aidhmeanna an Choimisiúin buiséad Frontex a mhéadú de 30% agus taighde ar chosaint a mhéadú go níos mó ná €2bn a fhad is go bhfuil ciorruithe á ndéanamh ar chláir shóisialta agus ar fhóirdheontais talmhaíochta; • diúltaímid a thuilleadh go láidir gluaiseacht i dtreo aontas míleata, aon chinneadh smacht ar theorainneacha inmheánacha a thabhairt do Frontex agus daingniú na hEorpa thar chur chun cinn clár sóisialta agus straitéisí ionchuimsitheacha; • éilímid stad ar phlé faoi, agus do rialtas na hÉireann a thacaíocht a tharraingt siar do, Chúirt Infheistíochta Iltaobhach a bhunú. Tá an fhéidearthacht ag Cúirt mar seo Bunreacht na hÉireann a shárú, agus tionchar míchuí a thabhairt do chorparáidigh ar reachtaíocht chun leasa don phobal; • cuirimid béim ar an ngá le díospóireacht náisiúnta ar Chlár Oibre Saorthrádála Choimisiún na hEorpa, atá ag bailiú luais, athdhearbhaímid go bhfuil an fhéidearthacht ag luas, doimhne agus tionchar carnach caibidlí leanúnacha agus a cuireadh i gcrích le deireanas le dochar tromchúiseach a dhéanamh ar thionscail intíre, caighdeáin chomhshaoil a ísliú, a bheith ina chúis le níos mó comhchruinnithe agus, mar sin, éagobhsaíocht san earnáil airgeadais, agus tionchair dhíobhálacha a bheith aige ar fhostaíocht faoin tuath; • éilímid tionscnaimh atá san áireamh sa Chairt Shóisialta Eorpach a bheith léirithe i reachtaíocht agus pleanáil bhuiséadach seachas a bheith ionsaithe de shíor agus coinníollacha a bheith leagtha síos dóibh i gcoinne an tSeimeastair Eorpaigh agus srianta eile maidir le hairgeadas agus léirscaoileadh; • diúltaímid d’aon chiorruithe ar bhuiséad an Chomhbheartais Talmhaíochta; • cáinimid caime Choimisiún na hEorpa ag tabhairt chun cinn Comhaontaithe Gaolmhara, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le comhroinnt sonraí, le réimis a dhéanann leatrom córasach ar a saoránaigh féin agus a ghearrann foréigean; éilímid thairis sin deireadh le comhpháirteachas AE i sárú cearta daonna imirceach agus teifeach; • nótálaimid tar éis Brexit gur chóir béim níos mó a bheith ar riachtanais tíortha agus réigiún atá ar imeall an AE; is gá go mbaineann seo le naisc iompair croí-líonra agus tionscadail chomhleasa a ath-shainmhíniú, na critéir le hiarratas a dhéanamh ar réimsí eile maoinithe, agus sainphribhléid rialtas na hÉireann díolúine a bheith acu nó éirí as reachtaíocht ag a mbeadh tionchar neamhchothrom ar thíortha imeallacha seachas ilchríochacha; • creidimid nach bhfuil todhchaí ag an AE gan aghaidh a thabhairt ar an díomá atá tar éis fás tar éis blianta de pholasaithe déine faoi cheannas na Bruiséile agus bearna rachmais dingthe níos leithne ag polasaithe nualiobrálacha seirbhísí poiblí a phríobháidiú agus an earnáil phríobháideach a dhírialáil. Cumann Kevin Barry (Carn an Bhua)

    • 159

      Cuireann an Ard-Fheis seo beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig muintir na Palaistíne atá ag maireachtáil faoi fhorghabháil nó ar deoraíocht agus cáinimid: • forghabháil leanúnach, mhailíseach agus shíoraí thalamh Palaistíneach; • cinneadh Riarachán SAM an Iarúsailéim Thoir a aithint mar phríomhchathair Iosrael; • na maruithe agus na gortuithe a rinne saighdiúirí Iosraelacha le deireanas ar shaoránaigh Phalaistíneacha ar ‘Mhórshiúl an Fhillte’; • úsáid gach birt leatromaigh ag Iosrael in éadan mhuintir na Palaistíne. Éilímid ar Iosrael: • gach rún NA atá le feidhmiú ag fheidhmiú agus an dlí idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú; • caibidlí ionchuimsitheacha a thosú le gach ionadaí de mhuintir na Palaistíne bunaithe ar cheart mhuintir na Palaistíne a bheith ina stát. Agus éilímid thairis sin • ambasadóir Iosrael go hÉirinn a dhíbirt mar agóid i gcoinne ionsaitheacht leanúnach Iosrael; • aitheantas foirmiúil ag rialtas na hÉireann ar stát na Palaistíne ar bhunús theorainneacha 1967 leis an Iarúsailéim Thoir mar phríomhchathair aige. Tacaíonn an Ard-Fheis seo, ag comóradh 70 bliain ón Nakba, le comhaontú idir gach ionadaí Palaistíneach, ag cur deireadh le scoilteanna polaitiúla agus ag forbairt straitéis le haghaidh cur chun cinn chúis na Palaistíne, ag cruthú coinníollacha le haghaidh dialóg athnuaite agus comhthionscnamh nua idirnáisiúnta le próiseas síochána díbheo an Mheánoirthir a athbheochan. Ard-Chomhairle Comhairle Ceantair Chúil Raithin Cumann Liam Dignam (Clóirtheach)

    • 160

      Creideann an Ard-Fheis seo gur chóir do Shinn Féin, a fhad is atá rialtas Iosrael ag úsáid polasaithe apartheid, leatrom agus coilíniú ina fhorghabháil ar an bPalaistín, aird a thabhairt ar an nglao ó shochaí shibhialta na Palaistíne tacaíocht iomlán a thabhairt d’fheachtas BDS. Áirítear leis seo gan bualadh le haon ghrúpa ó rialtas Iosrael go dtí go n-iarrfaidh ionadaithe na Palaistíne go ndéanfar é, nó go dtacóidh siad leis. Cumann Martin McGuinness (Taobh an Bhogaigh) Cumann Ruth Hackett (Maigh Nuad) Cúige Bhaile Átha Cliath

    • 161

      San Ard-Fheis seo: • cuirimid beannachtaí dlúthpháirtíochta go muintir Náisiún na Palaistíne; • athdhearbhaímid ár bpolasaí tacú leis an ngluaiseacht um Baghcat, Dífheistiú agus Smachtbhannaí; • tacaímid leis an nGluaiseacht BDS agus, amach anseo, ní bheidh cruinnithe nó comhdhálacha ag Sinn Féin a thairgeann táirgí atá ar an liosta BDS gan rudaí eile a thairiscint. Cumann Joe McManus (an Garastún)

    • 162

      Éilíonn an Ard-Fheis seo ar RTÉ, (agus, más gá, rialtas na hÉireann), agus ar chraoltóirí Eorpacha eile, baghcat a dhéanamh ar Chomórtas Amhrán na hEoraifíse atá le bheith san Iosrael nó in Iarúsailéim Thoir atá forghafa an bhliain seo chugainn, i bhfianaise sáruithe leanúnacha géara Iosrael ar an dlí idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta daonnúil; marú d’aon turas ag fórsaí armtha Iosraelacha agóideoirí agus iriseoirí neamharmtha; críocha Palaistíneacha a ghabh Iosrael i gcoimhlint mhíleata a shealbhú go mídhleathach agus a ionchorprú isteach san Iosrael; glanadh eitneach leanúnach chónaitheoirí na gcríocha seo ag Iosrael; polasaithe apartheid atá á gcur i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar chónaitheoirí chríocha forghafa na Palaistíne ag Iosrael; leatrom ar chónaitheoirí Palaistíneacha in Iosrael; agus an léigear atá á fhorfheidhmiú ag Iosrael ar an gcríoch Palaistíneach, Gaza. Cumann Mick Murray (Cluain Tarbh) Cumann John Joe Sheehy (Trá Lí)

    • 163

      Nótálann an Ard-Fheis seo: • ar an 17 Deireadh Fómhair 2011 bhí comhdháil idirnáisiúnta le haghaidh réiteach na coimhlinte i dTír na mBascach in Donostia/San Sebastian, ina raibh iar-Ard- Rúnaí NA, Kofi Annan, agus iar-Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, TD; • ó shin tá fógartha ag ETA stad deifnídeach gníomhaíochtaí, chuir siad i gcrích a ndí-armáil, ghabh siad leithscéal as an ngortú a rinne siad, agus d’fhógair gur chuir siad deireadh deifnídeach lena n-eagraíocht. Déanann an Ard-Fheis seo mar sin: • a éileamh ar rialtas na Spáinne agus na Fraince aitheantas a thabhairt don deis gan réamhshampla atá anois ann don réigiún Bascach bogadh chun cinn ón gcoimhlint, i dtreo próiseas síochána buan daonlathach a fhorbairt; • áitímid ar rialtas na Spáinne agus na Fraince freagairt go fial, a bheith go hiomlán páirteach sa phróiseas síochána, agus bearta substainteacha tógála muiníne a thabhairt chun cinn lena n-áirítear maidir le cimí polaitiúla Bascacha a aistriú agus an chaoi a gcaitear leo. Ard-Chomhairle

    • 164

      San Ard-Fheis seo: • cáinimid ionchúiseamh Stát na Spáinne ar ghníomhaithe ón tsochaí shibhialta, gníomhaithe polaitiúla, Comhaltaí Parlaiminte, Ceann Comhairle na Parlaiminte, agus Airí Catalónacha sa Chatalóin; • cuirimid dlúthpháirtíocht chuig na gníomhaithe ón tsochaí sibhialta agus na hionadaithe polaitiúla seo go léir a bhfuil ionchúiseamh á dhéanamh orthu de bhrí go dtacaíonn siad le neamhspleáchas agus féintreorú na Catalóine. Éilímid go scaoilfear saor na cimí polaitiúla, go ligfear dóibh ata ar deoraíocht filleadh abhaile, agus éilímid go ligfear titim do na cúisimh ghéara atá ina n-éadan; • éilímid ar rialtas na Spáinne iompú óna chur chuige achrannach agus ghríosaitheach agus, seachas sin, a bheith páirteach i gcaibidlí ina bhfuil eadráin idirnáisiúnta le rialtas na Catalóine le teacht ar bhealach chun tosaigh atá inghlactha trí dhialóg ionchuimsitheach. • athdhearbhaímid aitheantas Shinn Féin ar chearta mhuintir na Catalóine ar an bhféintreorú agus don Chatalóine a todhchaí féin a shocrú. Cumann Smith/Farrell/Griffith (an Rinn/Sráid an Phiarsaigh)

    • 165

      San Ard-Fheis seo: • nótálaimid go bhfuil Raúl Castro i ndiaidh éirí as mar Uachtarán Chúba agus go bhfuil Miguel Díaz-Canel tofa ag Cúba le bheith ar an 19ú Uachtarán ar Chúba; • molaimid Raúl Castro ar a Uachtaránacht rathúil agus a thiomantas ar feadh a shaoil do réabhlóid Chúba; • cuirimid ár gcomhghairdeas in iúl do Miguel Díaz-Canel agus guímid gach rath air; • athdhearbhaímid dlúthpháirtíocht Shinn Féin le Cúba agus lena muintir; • athdhearbhaímid ár n-éileamh ar SAM a imshuí mídhleathach ar Chúba a thógáil go haontaobhach agus go hiomlán, agus lena chaidreamh le Cúba a normalú. Cumann Smith/Farrell/Griffith (an Rinn/Sráid an Phiarsaigh)

    • 166

      Nótálann an Ard-Fheis seo, ó síníodh Comhaontú Síochána na Colóime i Samhain 2016 go bhfuil méadú i líon na gcosantóirí ceart daonna, ceannairí pobail, gníomhaithe polaitiúla, iarbhaill FARC agus a dteaghlaigh atá á marú. Is bagairt mhór iad na hionsaithe agus na maruithe seo ar phróiseas síochána na Colóime. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na Colóime a chinntiú go léirítear meas ar chearta daonna agus ar an bpróiseas daonlathach, agus go gcuirfidh siad i gcrích go hiomlán a dtaobhsan den chomhaontú síochána, agus marfóirí na ngníomhaithe seo a thabhairt os comhair na cúirte. Cumann Elizabeth O’Farrell (Portobello/Sráid Chaoimhín)

    • 167

      Creideann an Ard-Fheis seo gur céim ar gcúl a bhí sna hionsaithe aeir le deireanas ag SAM, an Bhreatain agus an Fhrainc sa tSiria agus cuirimid in aghaidh aon idirghabhálachas míleata eile sa tír. Éilíonn an Ard-Fheis ar an gcomhphobal idirnáisiúnta brú a chur le haghaidh réiteach síochánta polaitiúil ar an gcoimhlint sa tSiria, éilímid fíor-dhialóg agus athmhuintearas faoi cheannas mhuintir na Siria a ligeann dóibh a chomhaontú cé a bheidh i gceannas ar a dtír feasta, saor ó idirghabháil dhiúltach choimhthíoch agus aistarraingt láithreach fhórsaí armtha na Tuirce ó limistéir ina bhfuil tromlach Coirdíneach i Siria Thuaidh. Cuireann an Ard-Fheis seo dlúthpháirtíocht in iúl do ghrúpaí Coirdíneacha agus do ghrúpaí polaitiúla gaolmhar leo sa Chordastáin Thiar (an tSiria Thuaidh) atá ag troid leis an daonlathas agus an comhionannas a chosaint in Rojava agus i gceantair eile. Cumann Markievicz/Tadhg Barry (Bardaí Thiar Thuaidh/Láir) Cumann Eamonn Lafferty (an Creagán)

    • 168

      Cáineann an Ard-Fheis seo mí-úsáid cearta daonna ag údaráis Éigipteacha, mar ar fhulaing oibrithe agus ceardchumannaithe trialacha míleata míchothroma, gabháil threallach, agus dífhostú agus bearta smachta eile díreach as a gceart a úsáid stailc a dhéanamh agus ceardchumainn neamhspleácha a bhunú. Cumann Dunne/Kelly/Whitty (Baile Loch Garman)

    • 169

      Leanann an Ard-Fheis seo ar aghaidh ag tacú leis an gcime polaitiúil Meiriceánach Dúchasach Leonard Peltier atá sa 43ú bliain dó i bpríosún, atá 73 bliana d’aois agus a bhfuil a shláinte go dona. Éilímid ar na Stáit Aontaithe comhbhá a léiriú agus Leonard Peltier a scaoileadh saor. Cumann Carroll/Ashe (an Chabrach)

    • 170

      Tá an-imní ar an Ard-Fheis seo faoi staid na gceart daonna i Hondúras, atá ag dul in olcas, go háirithe ó bhí an toghchán uachtaránachta conspóideach i Samhain 2016, ina raibh a lán mírialtachtaí. Cáinimid taicticí foréigneacha a úsáideann fórsaí an stáit i gcoinne a saoránach féin a bhí ag déanamh agóide in éadan na mírialtachtaí seo agus sáruithe córasacha ceart daonna ag fórsaí stáit. Éilímid go scaoilfí saor gach cime polaitiúil atá á gcoinneáil as an fód a sheasamh ar son ceart daonna agus ar son an daonlathais, agus in éadan na héillitheachta agus an éagothroime eacnamaíoch. Cumann Martin Meehan (Ros Láir)

    • 171

      Cáineann an Ard-Fheis seo leatrom leanúnach ar ghníomhaithe ceart daonna ag réimeas seicteach Bhairéin. Cáinimid úsáid cúirteanna míleata le gníomhaithe a thriail, pionós an bháis a thabhairt isteach arís, céasadh córasach i bpríosúin, agus leatrom ar aon duine a chuireann i gcoinne riail uathlathach mhonarcacht Bhairéin. Éilímid go scaoilfí saor gach cime polaitiúil i mBairéin, athchóiriú polaitiúil bríoch agus críochnúil, toghcháin dhaonlathacha, agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta maidir le cearta daonna. Cumann Maria Curran (an tInbhear Mór)