Sinn Féin - On Your Side

Cairt Chearta do Chách

26 January, 2004


Réamhrá

Le linn phróiseas na síochána d'ardaigh Gearóid Mac Ádhaimh, don chéad uair, ceist chairt síochána d'Éirinn -- cairt a bhainfeadh le ceartas agus síocháin agus a fheidhmeodh mar nasc idir na héilimh ar shaoirse pholaitiúil, shóisialta agus eacnamaíochta.

Dar le Sinn Féin, ní fiú an rud an tsaoirse pholaitiúil muna mbíonn cearta polaitiúla, eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha agus daonna san áireamh inti. Caithfear urra a bheith ann go mbeidh cothroime sa mheas agus cothroime sa slí ina chaitear le daoine chomh maith le hurra go mbeidh cearta iomlán daonna ann do gach duine.

Bhí súil ag Gearóid Mac Ádhaimh ar Chairt Saoirse Chomhdháil Náisiúnta na hAifrice (ANC) nuair a mhol sé cairt dá cuid féin d'Éirinn. Faoi mar a bhí lámh ghníomhach ag muintir na hAifrice Theas ina gCairt féin agus san fhís a bhí acu sochaí dhifriúil a mhúnlú, tá súil againn go spreagfar díospóireacht ag an cháipéis seo. Tá súil againn, fosta, go spreagfar moltaí daingne faoin saghas sochaí a theastaíonn ó mhuintir na hÉireann.

San áireamh tá :

• Cearta comhionannacha do gach duine

• Córas aonlathach atá ionadaíoch agus freagrach agus mothálach ar éilimh na ndaoine

• Cur i gcoinne an idirdhealaithe

• Cearta do pháistí

• A bhféinchumas á shroichint ag daoine míchumasacha

• Seirbhísí poiblí, an tithíocht, seirbhísí sláinte agus oideachas

• Ceart oibrithe -- fostaíocht agus cearta ceardchumainn

• Acmhainn nádúrtha agus an timpeallacht

• Ceartas, na cúirteanna, an phóilíníocht agus sábháilteacht phoiblí

• Ról, cearta agus dualgais idirnáisiúnta na hÉireann

Tá sé de dhualgas orainn freisin sochaí cuimsitheach a thógáil chun dul i gceann géillsiní polaitiúla na nAontachtóirí agus chun a gcearta is teidlíochtaí a ráthú, sa dóigh go bhfuil céadfa sábháilteachta acu agus suim acú san Éire Nua.

Ní cáipéis dho-athruithe ach cnámhlach prionsabal atá inti seo. Creidtear dúinn gur chóir na cearta a luaitear anseo a chumhdú mar chearta i sochaí fhorchéimnitheach. Is féidir prionsabail eile a bheith ann. Is féidir soiléirithe úsáisáideacha nó athruithe a bheith de dhíth. Ach, tá súil againn go bhfeicfear ábhar díospóireachta sa cháipéis seo.

Tá sé ar intinn ag Sinn Féin ábhar na cáipéise seo a phlé le dreamanna tré shochaí na hÉireann -- grúpaí pobail, ceardchumainn, eagraíochtaí deonacha agus páirtithe agus tuairimí polaitiúla de ghach uile shaghas.

Ba mhaith linn bhur mbarúlacha a chluinstin -- mar dhaoine aonair nó mar bhaill d'eagraíochtaí éagsúla. Ba mhaith linn díospóireacht a spreagadh agus smaointe a ghríosú. Teastaíonn Cairt Chearta do Gach Duine uainn.

Cearta Daonlathacha do Chácha

1. Tá sé de ceart ag muintir na hÉireann féin-chinntiúchán náisiúnta a bheith acu.

2. Toghtar Rialtas na hÉireann go daonlathach agus bíodh ionadaithe tofa ann a roghnaítear ag muintir fhlaithiúnta na tíre tré cheart vótála uilíoch.

3. Bíodh sé de cheart ag gach saoránach Éireannach 16 bliain d'aois vóta a chaitheamh in achan toghchán agus seasamh mar ionadaí don oifig phoiblí.

4. Déantar deimhin de go bhfuil sé de cheart ag gach dream sa tsochaí, go mórmhór mná agus mionlacha chomh maith, rannpháirtíocht cheart, iomlán, chothrom a bheith acu sa saol poiblí. Caithfear an rannpháirtíocht i bpróiseas an tsocraithe agus i teacht ar chumhacht a bheith san áireamh anseo.

5. Bíodh rannpháirtíocht chothrom, iomlán, éifeachtach ag ionadaithe tofa i rialú na hÉireann.

6. Bíodh sé de cheart ag na daoine córas fíor, freagrach, daonlathach a bheith ann. Bíodh sé de cheart acu, fosta, go réiteoidh an Rialtas gearáin dhlisteanacha chomh luath agus is féidir. Bíodh sé de cheart ag gach duine, gan trácht ar stádas sóisialta nó eacnamaíochta, teacht ar lucht déanta na socruithe agus tionchar a bheith acu orthu. Bíodh sé de cheart acu, chomh maith, a bheith rannpháirteach i socruithe ar bith a bhaineann leo féin.

7. Bíodh sé de cheart ag na daoine rialú maith a bheith ann. Caithfear leas an phobail a bheith chun tosaigh agus socruithe poiblí á ndéanamh agus caithfear an costas iomlán sóisialta agus eacnamaíochta, díreach agus indíreach, a bheith san áireamh, gan socruithe poiblí a bheith faoi bhróg an bhrabaigh phríobháidigh.

8. Bíodh sé de dhualgas agus de fhreagracht ar an Rialtas cearta na ndaoine a chur i gcrích go gníomhach.

9. Bíodh an Rialtas freagrach do na daoine, bíodh sé oscailte agus trédhearcach agus bíodh reachtaíocht éifeachtach shaoráil eolais ann.

10. Bíodh na hinstitiúidí poiblí freagrach do na daoine agus ionadaíoch orthu.

11. Déantar cruthú cothroime, cruthú bochtaineachta agus cruthú cheartas daonna ar gach polasaí poiblí agus bunaítear iad ar an chleachtadh idirnáisiúnta is fearr.

Cearta Do Chách

"Dearbhaíonn an Phoblacht saoirse creidimh agus sibhialta agus cearta agus deiseanna cothrom dá saoránaithe go léir. Dearbhaíonn sí fosta an rún atá aici rath agus sonas an náisiúin uilig agus na gcodanna éagsúla de a chur chun cinn. Dearbhaíonn sí go gcaomhnófar gach páiste ar aon bhonn lena chéile gan trácht ar na difríochtaí a cothaíodh go cúramach ag rialtas iasachta, difríochtaí a scoilt an mionlach ón tromlach roimhe seo." -- Forógra na Poblachta 1916

"Fógraímid go gclúdaíonn flaitheas an náisiúin, ní hamháin fir agus mná an náisiúin, ach seilbh iomlán ábhartha an náisiúin, idir ithir agus acmhainn, idir mhaoin agus phróiseis táirgthe na maoine laistigh den náisiún agus ... dearbhaímid go gcaithfidh ceartas iomlán úinéarachta an tsealúchais phearsanta a bheith faoi réir ag ceart agus ag leas an phobail."

-- Clár Daonlathach na Chéad Dála 1919

• Is é bunphrionsabal na Poblachta a fógraíodh sa bhliain1916 ná páistí uilig an náisiúin a chaomhnú go cothrom i stát aontaithe daonlathach a bhfuil sochaí shíochánta ann agus a bhfuil mar bhunaidhmeanna aige fiúntas coitianta do-roinnte na dínite daonna, fiúntas an chomhionannais agus fiúntas an cheartais a bheith ann. Is iad muintir na hÉireann sa deireadh a rachaidh i mbannaí air.

• Geallaimid cur chun cinn iomlán agus cosaint iomlán na gceart tré phróiseas a bheidh mar aidhm aige an t-athmhuintearas náisiúnta a bhaint amach, an daonlathas polaitiúil a thacú, an daonlathas eacnamaíochta a thacú agus a fhorbairt, agus cosaint chuimsitheach, eagraithe, éifeachtach, dhomhain a sholáthar do na cearta a n-imlínítear anseo.

• Tá institiúidí polaitiúla an oileáin seo dochuimsitheach, doshroichte agus dofhreagrach do chuid mhór de shaoránaithe na tíre.

• Creideann Sinn Féin go gcuideoidh an Chairt seo le hiarracht níos leithne a dhéanamh chun cearta mhuintir na hÉireann a chomhréiriú agus a chaomhnú, agus fiúntas na dínite daonna, fiúntas an chomhionannais, fiúntas an cheartais agus fiúntas na saoirse a dhearbhú ag léibhéal pearsanta agus go huilíoch.

• Geallaimid go leanfar ar aghaidh leis an obair go dtí go gcuirfear prionsabail an rialaithe dhaonlathaigh agus prionsabal an cheartais daonna mar a chuirtear os bhur gcomhair anseo i gcrích.

Cearta Cothrom do Chách

1. Ná bíodh sé de cheart ag grúpa ar bith nó ag duine ar bith cos ar bolg a imirt ar ghrúpa eile nó ar dhuine eile, m.sh., an ciapadh agus an t-ansmachtú.

2. Bíodh sé de cheart ag gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn an ceartas dlí chéanna agus an chosaint dlí chéanna a bheith acu gan trácht ar idirdhealú -- go mórmhór idirdhealú atá bunaithe ar cheann amháin (nó níos mó) díobh seo a leanas : cine, bunús eitneach, náisiúntacht, dath, inscne, claonadh gnéasach, míchumas, aois, stádas sóisialta nó eacnamaíochta, stádas pósta nó clainne, áit chónaithe, teanga, reiligiún nó creideamh, barúil pholaitiúil nó barúil ar bith eile, ballraíocht cheardchumainn, stádas mar íobartach.

3. Níl san áireamh sa cheartas dlí thuas, aon dlí, aon chlár nó aon ghníomh a bhfuil sé mar aidhm aige coinníollacha maireachtála lucht an mhíbhuntáiste mar a luaitear thuas a fheabhsú.

4. Bíodh sé de cheart ag gach duine agus ag gach grúpa -- náisiúnach, eitneach, reiligiúnda, teangach (bodhráin san áireamh) -- sult a bhaint as a gcultúr féin, a gcreideamh féin a dhearbhú agus a chleachtadh, agus a dteanga féin a úsáid. Is cuid shaibhir de chultúr na hÉireann iad uilig.

5. Bíodh gach seirbhís phoiblí ar fáil as Gaeilge agus as Béarla agus, mar is fóirsteanach, i dteangacha mionlacha eile.

6. Bíodh aitheantas ar leith ag an stát don Ghaeilge agus do chearta lucht na Gaeilge. Ná bíodh sé ina mhíbhuntáiste ar éinne an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga nó mar theanga roghnach acu.

7. Bíodh sé de cheart ag gach duine bheith fánach nó gan bheith fánach agus aistriú a dhéanamh ó chóras maireachtála ar leith go córas maireachtála eile.

Cearta Daonna agus Cosaint do Chách

1. Bíodh ceart na beatha ag gach duine.

2. Bíodh sé de cheart ag gach duine cosaint a bheith acu ó fhoréigean fisiciúil, tochtach agus intinneach, ó phionós mídhaonna nó maslach, ó ghortaíocht agus ó dhrochíde. San áireamh bíodh an drochíde sheicteach, fhrithhomaighnéasach agus chiníoch, an seicteachas, an ciníochas, an neamart, an t-ansmacht, an mhíúsáid nó an dúshaothrú. Bíodh cosaint an stáit ar fáil dóibh siúd a bhfuil drochíde sheicteach/ fhrithhomaighnéasach/ chiníoch /dhaonna á fulaingt acu, chomh maith le foréigean gnéasach agus teaghlaigh.

3. Bíodh sé de cheart ag gach duine saoirse agus sábháilteacht phearsanta a bheith acu. San áireamh ansin, bíodh sé de cheart ag éinne, ...

(a) Gan an tsaoirse sin a bheith bainte díobh gan chúis chóir

(b) Gan a bheith ina gcimí gan triail

(c) Bheith saor ó fhoréigean poiblí agus príobháideach

(d) Gan dul faoi chéasadh

(e) Gan pionós cruálach, mídhaonna nó maslach a fhulaingt.

4. Bíodh sé de cheart ag gach duine iomláine cholainne agus shiceolaíochta a bheith acu. San áireamh ansin, bíodh sé de cheart acu socrú a dhéanamh a bhaineann

(a) leis an síolrú

(b) le sábháilteacht agus smacht a bheith acu ar a gcolainneacha féin

(c) le dul faoi idirghabháil leighis nó eolaíochta ar bith gan aontú eolach uathu.

5. Bíodh saoirse cainte ag gach duine. Bíodh saoirse ann sa phreas agus sna meáin eile.

6. Bíodh ceart na saoirse ag gach duine sa choinsias, sa reiligiún, sa smaoineamh, sa chreideamh agus sa bharúil.

7. Bíodh sé de cheart ag gach duine teacht le chéile ina ngrúpaí, saor ó eagla, agus corraíl a dhéanamh.

8. Is é an t-aon chosc amháin atá ar na cearta sin thuas -- saoirse cainte, creidimh agus teacht le chéile -- ná nach gcuirfear isteach ar chearta ar bith a luaitear sa Chairt seo -- cearta daoine eile a bheith saor ón imealgú, ón ansmachtú agus ón idirdhealú.

9. Bíodh saoirse gluaiseachta ag gach duine.

10. Bíodh sé de cheart ag gach duine an príobháideachas a bheith acu -- a bheith saor ón airdeall uilíoch nó míréasúnta (airdeall leictreonach san áireamh), a bheith saor ó chuardach agus ó ghabháil -- bíodh sé ag baint leis an duine é/í féin, le hearraí, le háitreabh, leis an chumarsáid nó le gné ar bith eile.

11. Bíodh an córas dlí cothrom, éifeachtach, gan claonadh, freagrach, bunaithe ar na cearta a luaitear sa Chairt seo agus sa Bhille Cearta agus bíodh bíodh tacaíocht agus muinín an phobail uilig ag dul leis.

12. Bíodh sé de cheart ag gach duine teacht ar ionadaíocht dlí den chéad scoth.

13. Bíodh se de cheart ag gach duine dul faoi thriail ag a gcomhghleacaithe féin.

14. Aisghairfear aon reachtaíocht éigeandála ina hiomlán.

15. Bunaítear an córas dlíthiúil ar athbhunú agus ar athshlánú an duine isteach sa tsochaí. Bíodh sé de cheart ag daoine faoi choimeád na cearta céanna a bheith acu -- go gcaithfear leo ar bhealach daonna, bealach a mbeidh muinín aige as dínit dhúchasach an duine dhaonna.

16. Bíodh an tseirbhís phoiblí, an phóilíníocht san áireamh, oscailte do gach duine,

ionadaíoch ar an bpobal agus freagrach don phobal.

17. Bíodh caighdeáin den chéad scoth sa phóilíníocht ar fud an oileáin, caighdeáin a bhaineann le cearta daonna, le freagracht, le cothromas, le trédhearcacht agus le héifeachtacht. Bunaítear aon úsáid a bhaintear as an bhforéigean sa phóilíníocht ar an phrionsabal a chuireann an neart is lú i bhfeidhm.

Caomhnaítear Gach Páiste ar Aon Bhonn lena Chéile

1. Bíodh sé de cheart ag gach páiste cosaint a bheith acu ó fhoréigean de gach saghas -- fisiciúil, tochtach, intinneach -- ó phionós mídhaonna nó maslach, ó ghortaíocht agus ó dhrochíde (drochíde sheicteach agus chiníoch san áireamh), ó neamhchúram, ó ansmachtú, ó dhúshaothrú (dúshaothrú gnéasach san áireamh).

2. Is saoránaigh iad gach páiste a shaolaítear ar oileán na hÉireann. Bíodh sé de cheart acu, mar sin, fanacht in Éirinn, faoi chúram agus i gcuideachta a dtuismitheora/dtuismitheoirí, gan trácht ar bith ar bhunús náisiúnach an tuismitheora/na dtuismitheoirí.

3. Bíodh sé de cheart ag gach páiste go n-éistítear leo, go ndéantar comhairle leo ar na hábhair ar fad a bhaineann leo agus bíodh sé de cheart acu teacht ar eolas ar bith a bhaineann lena bpearsana.

4. Bíodh leas an pháiste chun tosaigh i ngach uile ábhar a bhaineann leo.

5. Cuirtear ar fáil ag an stát pé tacaíocht agus cuidiú a theastaíonn ó thuismitheoirí nó ó chúramaithe príomha eile chun go dtiocfaidh le páistí, chomh fada agus is féidir, éirí aníos agus rath a bheith orthu i dtimpeallacht sheasmhach shábháilte, timpeallacht a mbeidh meas aici ar pháistí agus ina spreagtar páistí a bhféinchumas a bhaint amach.

6. Bíodh teacht ag gach páiste ar áiseanna aire agus áiseanna crèche den chéad scoth.

7. Bíodh an t-oideachas ann de cheart. Bíodh teacht ag gach páiste ar an saoroideachas.

Sroichint an Fhéinchumais do Daoine Míchumasacha

1. Bíodh sé de cheart ag lucht an mhíchumais go mbeadh aitheantas iomlán ann dá bpearsana, meas ceart agus deiseanna dul chun cinn ann dá bhféidearachtaí, agus muinín ann as a ndínit.

2. Bíodh sé de cheart ag lucht an mhíchumais rogha a dhéanamh ina saoil féin, go ndéantar comhairle leo agus go n-éistítear leo agus go gcuirtear ar fáil dóibh pé acmhainn fhóirsteanach a bhíonn de dhíth orthu.

3. Bíodh cosaint ann ag lucht an mhíchumais ó dhúshaothrú ar bith, ó rialacha ar bith agus ó úsáid ar bith a bhfuil idirdhealú nó míúsáid nó ísliú ag baint leis.

4. Bíodh sé de cheart ag lucht an mhíchumais saol a bheith acu atá saor ón bhochtaineacht, le híocaíochtaí díreacha ann dóibh chun costas an mhíchumais a laghdú. Ina theannta sin, bíodh sé de cheart acu insroichteacht chothrom a bheith acu ar an oideachas, ar an fhostaíocht agus ar an traenáil.

5. Bíodh sé de cheart ag lucht an mhíchumais teacht ar sheirbhísí fóirsteanacha comheagraithe. Bíodh sé de dhualgas ar an stát seirbhísí mar iad a chur ar fáil chomh maith le riachtanais phearsanta ar leith a mheas.

Cearta Sóisialta agus Eacnamaíochta ar Fáil do Chách

1. Ná bíodh idirdhealú ann, de réir an chórais nó de réir an eagrais, ar dhream ar bith de mhuintir na hÉireann nó ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.

2. Bíodh sé de dhualgas ar an Rialtas deimhin a dhéanamh de go mbíonn na deiseanna céanna agus an insroichteacht chéanna ag gach duine.

3. Bíodh sé de dhualgas ar an Rialtas a bheith gníomhach agus dearfach i gcúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta na cothromaíochta.

4. Bíodh sé de cheart ag gach duine caighdeán imleor maireachtála a bheith acu agus, ina theannta sin, caighdeán sláinte -- idir cholainn agus intinn -- den chéad scoth.

5. Bíodh sé de cheart ag gach duine bheith rannpháirteach in imeachtaí eacnamaíochta agus sóisialta shochaí na hÉireann agus a gcuid féinchumas a bhaint amach ina n-iomlán.

6. Bíodh córas sláinte saor ar fáil do gach duine agus an ceart cothrom céanna ann do gach duine teacht ar sheirbhísí sláinte, idir chothú agus riar na dea-shláinte agus sheachaint na drochshláinte.

7. Bíodh sé de cheart ag gach duine teacht cothrom a bheith acu ar sheirbhís sláinte a bhaineann le cúrsaí gnéis agus síolraithe agus ceart acu freisin teacht ar eolas a bhaineann le cúrsaí gnéis agus síolraithe ar gach léibhéal, saor ó ansmacht, ó idirdhealú agus ó fhoréigean.

8. Bíodh saoroideachas tuata ar fáil do gach duine agus teacht acu ar dheiseanna foghlamtha ar feadh a saoil.

9. Bíodh sé de cheart ag gach duine conradh cothrom fostaíochta a bheith acu agus tuarastal os cionn an íos-thuarastail reachtúil a bheith acu.

10. Bíodh sé de cheart ag gach duine láthair oibre shábháilte a bheith acu, láthair nach bhfuil díobhálach ó thaobh na sláinte nó ó thaobh leas an duine de.

11. Bíodh sé de cheart ag oibrithe, ceardchumainn a bheith acu agus a bheith rannpháirteach iontu, conarthaí fostaíochta a shocrú, picéid a chur ar siúl agus a saothar a tharraingt siar.

12. Bíodh sé de cheart acu siúd a n-oibríonn sa bhaile nó mar airí príomha aitheantas ceart a bheith ann don ghnó eacnamaíochta atá ar siúl acu i dtithe aonair agus sa gheilleagar náisiúnta.

13. Bíodh ceart tithíochta ag gach duine. Bíodh sé de dhualgas ar an stát titíocht imleor fhóirsteanach a chur ar fáil don daonra.

14. Bíodh sé de dhualgas ar an stát acmhainn náisiúnta na tíre a chosaint agus a chaomhnú ó dhramhaíl agus ó chreach ar mhaithe le pobal an lae inniu agus ar mhaithe leo siúd atá fós le teacht. Ina theannta sin, bíodh sé de dhualgas ar an stát timpeallacht shláintiúil a bheith ann a mbeidh leas an phobail slán sábháilte inti.

15. Bíodh seirbhísí riachtanacha bunúsacha poiblí mar cheart ag gach duine -- gan trácht ar ioncam ná ar áit chónaithe. San áireamh sna seirbhísí riachtanacha bunúsacha sin (ach ní iomlán é seo) tá fuinneamh imleor teaghlaigh, soláthar uisce, córas séarachais agus dramhaíola agus córas taistil poiblí.

16. Bíodh sé de dhualgas ar an stát seirbhísí riachtanacha bunúsacha mar iad thuas a fhorbairt ar shlí cothrom, ar shlí atá inchothaithe ó thaobh na heacnamaíochta agus ó thaobh na timpeallachta agus ar shlí a bhunaítear ar an taithí idirnáisiúnta is fearr.

17. Ná ceadaítear d'iomaíocht an mhargaidh í féin a fhorbairt ar shlí is go gcomhchruinneofar úinéaracht earraí riachtanacha éagsúla (tailte, foirgnimh agus acmhainn san áireamh) i lámha dream beag ar bith, slí nach n-oibrítear ar mhaithe leis an phobal i gcoitinne.

18. Cuirtear seirbhísí uilíocha poiblí ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu, seirbhísí a bhunaítear ar an taithí idirnáisiúnta is fearr. Íoctar as na seirbhísí sin tré chóras cánach forchéimnitheach. Bunaítear an córas cánach ar phrionsabail na cothroime agus na trédhearcachta.

Síocháin agus Athmhuintearas

1. Cuirtear deiseanna nithiúla ar fáil ag an stát chun díriú ar oidhreacht na coimhlinte in Éirinn agus chun deileáil léi.

2. Bíodh síocháin chóir ann chomh maith le caidreamh agus comhoibriú sa phobal agus idir an pobal agus institiúidí an stáit, síocháin a bhunaítear ar an athmhuintearas agus ar chomhmheas na ndaoine agus na n-institiúidí ar a chéile. Seastar leis an tsíocháin sin trí chearta cothrom a chur i bhfeidhm chomh maith le deiseanna agus stádas cothrom do gach duine.

Éire agus an Domhan

1. Bíodh Éire ina stát neamhspleách flaithiúnta, stát a mbeidh muinín aici as ceartas agus agus as flaithiúnacht gach náisiún eile, de réir (agus faoi iallach) an dlí idirnáisiúnta.

2. Dearbhaíonn Éire a dílseacht do choincheap na síochána agus do choincheap an chomhoibrithe chairdiúil idir na náisiúin éagsúla, dílseacht a bhunaítear ar cheartas idirnáisiúnta. Geallann an stát go n-oibreoidh sí ar mhaithe leis an chomhionannas domhanda polaitiúil agus eacnamaíoch a fheabhsú, caidreamh trádála ar mhaithe le leas gach náisiún san áireamh.

3. Dearbhaíonn Éire go gcloíonn sí leis an phrionsabal go réiteofar conspóidí idirnáisiúnta go síochánta, tré eadráin idirnáisiúnta nó tré shrocrú dlíthiúil.

4. Ag cuimhniú ar thaithí s'againn i dtaca le eisimircheas, cuirimid fáilte roimh duine ar bith a bhíos ag cuardú cúl dín ó céasú nó a bhfuil súil acú saol níos fearr a thógáil agus a chion éifeactach féin a dhéanamh ar an oileán seo.

Connect with Sinn Féin