Sinn Féin - On Your Side

Buaileann Sinn Féin le Stádas

13 February, 2004


Bhuail ceannaire Shinn Féin sa Dáil Caoimhghin Ó Caoláin TD agus urlabhrai Gaeilge agus Gaeltachta Aengus Ó Snodaigh TD le ionadaithe an fheachtais Stadas i dTeach Laighean inniú. Ag athdhearbhú tacaiocht Shinn Féin don bhfeachtas dúirt An Teachta Ó Snodaigh:

"Dúirt an tAire Ó Cuiv le feachtas Stadas go bhfuil coiste bunaithe ag an Rialtas anois chun ceist stadais na Gaeilge san Aontas Eorpach a phlé. Ni chóir don Rialtas an coiste a usáid mar cúis moille. A mhalairt ar fad - ba chóir don Rialtas aontú anois i bprionsabal le stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge a fháil agus an próiséas a chur i bhfeidhm chun go mbeidh an Ghaeilge ar chomhcéim leis na teangacha eile atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach Lá Bealtaine. Beidh an t-éileamh sin á chur go leanúnach againn chun an Rialtas." DEIREADH

Connect with Sinn Féin