Sinn Féin - On Your Side

Díbríodh Ó Dochartaigh amach as an Seanad as míniú a éileamh maidir le críoch an nuachtáin Gaeilge

9 June, 2009 - by Pearse Doherty TD


Iarradh ar Phiaras Ó Dochartaigh an Seanad a fhágáil inniu tar éis dó a iarraidh ar an Taoiseach a mhíniú cén fáth go bhfuil sé sásta ligeant don nuachtán Gaeilge imeacht as radharc ar an oileán seo.

Bhí an Seanadóir Ó Dochartaigh ag labhairt faoin nuachtán Foinse a bheith á thabhairt chun críche mar gheall ar easpa maoinithe in ainneoin gur thug an Taoiseach gealltanas don teanga náisiúnta ina chéad óráid mar Thaoiseach.

"Is scannal glan é go bhfuil an t-aon nuachtán Gaeilge ar an oileán seo chun imeacht as radharc ag deireadh na seachtaine seo. Chailleamar an nuachtán laethúil Lá cheana féin.

"Tá baint aige seo le todhchaí na Gaeilge. Deir An Taoiseach go bhfuil sé báúil don Ghaeilge. Tá sé in am dó anois a mhíniú cad chuige go bhfuil sé sásta ligeant don dara nuachtán Gaeilge, agus an nuachtán Gaeilge deireannach dá bhfuil againn, bás a fháil agus é i réim."

Críoch

Connect with Sinn Féin