Sinn Féin - On Your Side

Imeacht nuacht serbhís clóite na Gaeilge, Foinse, “scannalach”

26 June, 2009 - by Pearse Doherty TD


Dúirt an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh: “Is scannal amach is amach é nach bhfuil seirbhís nuachta i gcló ag cainteoirí Gaeilge sa chéad teanga oifigiúil.”

Bhí an Seanadóir Ó Dochartaigh ag caint tar éis d’úinéir an nuachtáin a fhógairt don fhoireann go n-éireodh an nuachtán as foilsiú agus gurb é eagrán na seachtaine seo an t-eagrán deireanach. Mhaoinigh Foras na Gaeilge Foinse agus bhuaigh sé conradh le déanaí le leanúint leis ag foilsiú go ceann ceithre bliana eile.

Dúirt an Seanadóir Ó Dochartaigh:

“Is scannal amach is amach é nach bhfuil seirbhís nuachta i gcló ag cainteoirí Gaeilge sa chéad teanga oifigiúil. Caithfidh an rialtas seasamh isteach agus cinnte a dhéanamh go mbeidh nuachtán seachtainiúil ann trí mheán na Gaeilge. Ardaíonn an teip seo ceisteanna faoi choimitmint an rialtais.

“Is tragóid phearsanta é seo d’fhostaithe Foinse a chaillfidh a bpoist ag am a bhfuil sé deacair obair a fháil. Ba mhaith liom mo mheas a léiriú ar a bhfuil tugtha acu thar na blianta do na meáin Ghaeilge.

“Ba mhaith liom mo dhíoma a léiriú fosta nár lean úinéirí Foinse leis an idirbheartaíocht le tuilleamh roghanna a fhiosrú.

“Tuigim go bhfuil sé de rún ag Foras na Gaeilge conradh nua do sholáthar nuachtáin a chur ar thairiscint poiblí a luaithe agus is féidir mar ábhar práinne.

“Beidh baill Sinn Féin d’Fhoras na Gaeilge ag tacú leis an phróiseas seo agus déanfaidh siad gach iarracht le go gcuirfear i gcrích é gan mhoill,” ar sé. CRÍOCH

Connect with Sinn Féin