Sinn Féin - On Your Side

Is ag cur daonlathas ar fionraí atá sa leasú ar Bille Um Údarás na Gaeltachta – Doherty

22 June, 2010 - by Pearse Doherty TD


Tá sé ráite ag an Seanadóir Pearse Doherty nach mbeidh Sinn Féin ag tacú le leasú ar Bhille um Údarás na Gaeltachta. Leasú atá ann a chuirfeas síniú ama le treimhse Bhord an Údaráis ó 5 bliana go leith go dtí 7 mbliana go leith.

Ag tagairt don Bhille mar “fionraí daonlathais” dúirt an Seanadóir Doherty:

“Beidh Sinn Féin in éadán an Bhille seo a ghabháil fríd an Dáil agus an Seanad. Mar atá feicthe againn go dtí seo, trí dhiúltú an rialtais fothoghchán a ghairm i nDún na nGall Thiar Theas agus ann sa dá dháilcheantair eile, tá sé soiléir gur diúltú eile atá anseo cead labhartha a thabhairt do na daoine agus i ndáiríre is fionraí daonlathais atá ann.

“Tá Údarás na Gaeltachta tachta tirim. Tá ciorraithe ar mhaoiniú agus tá seo ag déanamh dochar ollmhór do fhostaíocht sa Ghaeltacht. Anois, leis an ghéarchéim eacnamaíochta atá againn, tá sé fíor-thábhachtach go dtoghfaí bord nua sa dóigh go dtiocfaí ar dhearcadh úrnua chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag ceantair Ghaeltachta.

Connect with Sinn Féin