Sinn Féin - On Your Side

Cuireann Doherty fáilte roimh an tuarascáil ar an straitéis fiche bliain don Ghaeilge

28 July, 2010 - by Pearse Doherty TD


Chuir an Seanadóir Pearse Doherty, Sinn Féin fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála ón Choiste Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ar straitéis fiche bliain don Ghaeilge.

Ghlaoigh Seanadóir Doherty, atá ina chomhalta den fhochoiste a bhain leis an straitéis seo agus a mhol go leor de na moltaí atá sa tuarascáil, ar an Rialtas chun glacadh leis an tuairisc go huile agus go hiomlán agus na moltaí a ghlacadh mar chuid dá ndréacht straitéis féin.

Ag labhairt dó inniu, dúirt sé:

"Cuirim fáilte inniu roimh an tuairisc ó Choiste an Oireachtais ar Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus glaoim ar an Rialtas chun glacadh leis an tuairisc go huile agus go hiomlán agus a moltaí a ghlacadh mar chuid dá ndréacht straitéis féin.

"Tugann an straitéis fiche bliain don Ghaeilge deis ollmhór dúinn cinntiú go mairfidh an teanga agus go mbeidh rath air do na glúnta atá le teacht. Ach tá laigí tromchúiseacha i ndréacht straitéis an Rialtais.

"Féachann tuarascáil an lae inniu chun dul i ngleic leis na laigí agus más rud é go ndéanfadh an Rialtas na moltaí sin i ndréacht-straitéis tá mé cinnte go mbeidh straitéis gur féidir le gach páirtí polaitiúil tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí pobail agus cheannach isteach ann.

"Má dhéanann an Rialtas neamhaird ar thuairimí an choiste agus ar thuairimí na ngrúpaí pobail a chabhraigh leis na tuairimí seo a dhréachtú ansin beidh an deis seo caillte.

“Ní mór dúinn gan ceadú dó sin tarlú.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin